Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Faobhar na Troda
Title
Faobhar na Troda
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Faobhar na Troda. Bhí na Gaedhil ag súil le comhairle misneamhail ó'n gCraoibhín Aoibhinn an tseachtain seo caithte agus níor chlis sé ortha. Níor chlis an Craoibhín ar lucht na Gaedhilge ná ar Éirinn aon lá ariamh ó'n gcéad lá ar ghabh sé de láimh an teanga dhúthchais do chur faoi mheas ag an phobul. Thaisbeáin an fháilte do cuireadh roimhe i gCill Choinnigh go bhfuil urraim ag muintir na cathrach sin do'n Ghaedhilg agus do náisiúntacht Ghaedheal, agus thaisbeáin sí freisin gur mór aca Uachtarán Connradhtha na Gaedhilge. Bhí maithe na cathrach ar an lucht éisteachta san oidhche nuair a labhair an Craoibhín agus Pádraig Ó Dálaigh. Is é an rud atá uainn, ars an Craoibhín, an gléas oideachais do gheadhealughadh agus ní staonfamuid go dtí go mbéidh sé chomh maith ar aghaidh i n-obair na teangan is a bhí sé siar roimhe seo. Ag sin againn comhairle an Chraoibhín. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal, agus tuigeadh lucht na Gaedhilge feasta go gcaithfidh siad an cath do dhíriú ar an mBord Oideachais, dá gcailltí iad sa gcasadh. Tá mearbhall ar a lán daoine a cheapas gur leor dóibh Connradh na Gaedhilge do choinneáil ar a chosaibh. Saoileann siad go dtig le craobhachaibh an Chonnradhtha an Ghaedhilg do thárrthái. Is dóigh leo gur féidir linn gluaiseacht an tsaoghail Éireannaigh do smachtadh agus do stiúradh. Níl an mearbhall sin ar an Chraoibhín Aoibinn. Chídhtear dó go soiléir go bhfuil aos óg na tíre faoi chúmhacht na n-oidí sgoile. Chídheann sé go bhfuil bás nó beatha na Gaedhilge ar a dtoil féin ag lucht oideachais agus is léir dó nach hionann iad-san agus lucht an Chonnradhtha. Níl aon mhearbhall ar an gCraoibhín i dtaobh na cúise agus ná bíodh a leithéid orainn-ne feasta. Tá Connradh na Gaedhilge ann leis an gcath do dhíriú ar an mBord Oideachais agus ar ghalldachas in gach áir eile a bhfuil sé. Tá na sgoltacha i gcomhnaidhe ag síolrú galldachais; go dtí go mbéidh siad ag síolrú gaedhealachais ní bheidh cúis na Gaedhilge as contabhairt. Dá dtuigeadh na Gaedhil an méad sin ní bheadh aon gábhadh le comhairle an Chraoibhín. Dá dtuigtí dóibh go beacht go bhfuil seasamh na teangan ar na sgoltachaibh bheadh faobhar ortha in gach ball sa tír ag cur catha ar an mBord agus ar sgoltacha 'na bhfuil tréise ag an ngalldachas ar an ngaedhealachas. Mo chreach, níl aon fhaobhar ortha. Creideann siad — ó thárla an fóidín mearbhaill a bheith ortha — go bhfuighfidh leath-chéad múinteoir taisdil buaidh ar 10,000 oide sgoile. Acht an tslaitín draoidheachta tá ag an gCraoibhín tógfaidh sé an draoidheacht díobh. Rinneadh dlighe i n-aghaidh na Gaedhilge ag na Gaill i gCill Chainnigh fadó. Is iomdha iarracht do tugadh leis an dlighe sin do chur i bhfeidhm. Daoradh agus crochadh mórchuid Gaeheal faoi na comairce, acht níor bánuigheadh an Ghaedhilg. Bhí an tóir go dian uirthe, acht níor féadadh a marbhughadh. An rud nach ndearna diantóir Gall is baoghalach go ndéanfaidh neamhshuim Gaedheal. Acht níl ann acht baoghal agus is tuar maith do chúis na teangan é gurbh i gCill Choinnigh do thug an Craoibhín a chomhairle chogaidh do Ghaedhealaibh. Ná bíodh na Ghaedhil siléigeach i dtaobh na comhairle san do ghlacadh. Nuair a thugann ceann treibhe nó cine comhairle a leasa dá muintir agus mara nglacann an mhuintir an chomhairle 'ní fada uatha an mí-ádh. Is dual do Ghaedhealaibh an dílse agus is dual dóibh an troid i n-aghaidh Gall. An mearbhall so atá ortha le goirid ag an ngalldachas bhain sé an faobhar díobh; mhaolaigh sé iad, agus chuir sé bun-eolas cogaidh i n-aimhréidh ortha. Ba chóir go mbéidh a fhios aca gurb é an t-arm a thugas cath. Ní cóir dóibh bheith ag fanamhaint go mbuailidh an ceann an buille in gach áit. Is leor do'n cheann treóir do thabhairt do'n arm. Is le n-a aghaidh sin atá sé ann. Ní féidir leis bheith i dtús an chatha, agus a bheith i lár báire agus ar deireadh thiar san am céadna. Is cinnte go mba chóir do gach aon chraoibh de'n Chonnradh cabhrughadh leis an gcath, agus is cóir go mbeadh glór Ghaedheal i n-aghaidh galldachais le cloisteáil feasta ó Ghaillimh aniar agus in gach áit idir Oileán Cléire agus Doire Choluim- cille. Níor ghéill na Gaill ariamh acht nuair a cuireadh cath ortha; níor buaidheadh ortha ariamh le plámás. Ní sheasfaidh aon rud dúinn sa troid seo acht gaois aigne agus diantóir ar an ngalldachas. Dubhairt an Craoibhín go dteastuigheann uainn go mbeadh an Bord Oideachais chomh maith ar aghaidh i n-obair na Gaedhilge is do bhí se siar roimhe seo. Teastuigheann uainn go mbéidh sé de dhualgas ar oidíbh sgoile a ndícheall a dhéanamh ar son na Gaedhilge. Tá an teanga i gcontabhairt a báis agus ní mór ar seacht ndícheall chun í a chosaint. Ní shásóchaidh aon tsocrú sinn acht an Ghaedhilg do dhéanamh éigeantach d'oidíbh sgoile, agus cead do thabhairt dóibh í a mhúineadh sa sgoil san am is fearr do'n teangain. Caithfear obair na sgoile uile do dhéanamh as Ghaedhilg sa Ghaedhealtacht. Caithfear an Ghaedhilg do mhúineadh gach uile lá sa nGalltacht. Ná bíodh aon dul siar ar an méad sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services