Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Faobhar na Troda

Title
Faobhar na Troda
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Faobhar na Troda.



Bhí na Gaedhil ag súil le comhairle misneamhail
ó'n gCraoibhín Aoibhinn an tseachtain seo
caithte agus níor chlis sé ortha. Níor chlis an
Craoibhín ar lucht na Gaedhilge ná ar Éirinn aon
lá ariamh ó'n gcéad lá ar ghabh sé de láimh an
teanga dhúthchais do chur faoi mheas ag an phobul.
Thaisbeáin an fháilte do cuireadh roimhe i gCill
Choinnigh go bhfuil urraim ag muintir na cathrach
sin do'n Ghaedhilg agus do náisiúntacht Ghaedheal,
agus thaisbeáin sí freisin gur mór aca
Uachtarán Connradhtha na Gaedhilge. Bhí maithe
na cathrach ar an lucht éisteachta san oidhche nuair
a labhair an Craoibhín agus Pádraig Ó Dálaigh.
Is é an rud atá uainn, ars an Craoibhín, an gléas
oideachais do gheadhealughadh agus ní staonfamuid
go dtí go mbéidh sé chomh maith ar aghaidh i n-obair
na teangan is a bhí sé siar roimhe seo.



Ag sin againn comhairle an Chraoibhín. Tuigeann
fear léighinn leath-fhocal, agus tuigeadh lucht na
Gaedhilge feasta go gcaithfidh siad an cath do
dhíriú ar an mBord Oideachais, dá gcailltí iad
sa gcasadh. Tá mearbhall ar a lán daoine a
cheapas gur leor dóibh Connradh na Gaedhilge
do choinneáil ar a chosaibh. Saoileann siad go
dtig le craobhachaibh an Chonnradhtha an Ghaedhilg
do thárrthái. Is dóigh leo gur féidir linn
gluaiseacht an tsaoghail Éireannaigh do smachtadh
agus do stiúradh. Níl an mearbhall sin ar an
Chraoibhín Aoibinn. Chídhtear dó go soiléir go
bhfuil aos óg na tíre faoi chúmhacht na n-oidí
sgoile. Chídheann sé go bhfuil bás nó beatha
na Gaedhilge ar a dtoil féin ag lucht oideachais
agus is léir dó nach hionann iad-san
agus lucht an Chonnradhtha. Níl aon mhearbhall
ar an gCraoibhín i dtaobh na cúise agus ná
bíodh a leithéid orainn-ne feasta.



Tá Connradh na Gaedhilge ann leis an gcath
do dhíriú ar an mBord Oideachais agus ar
ghalldachas in gach áir eile a bhfuil sé. Tá na
sgoltacha i gcomhnaidhe ag síolrú galldachais;
go dtí go mbéidh siad ag síolrú gaedhealachais
ní bheidh cúis na Gaedhilge as contabhairt. Dá
dtuigeadh na Gaedhil an méad sin ní bheadh aon
gábhadh le comhairle an Chraoibhín. Dá dtuigtí
dóibh go beacht go bhfuil seasamh na teangan ar
na sgoltachaibh bheadh faobhar ortha in gach ball
sa tír ag cur catha ar an mBord agus ar
sgoltacha 'na bhfuil tréise ag an ngalldachas ar
an ngaedhealachas. Mo chreach, níl aon
fhaobhar ortha. Creideann siad — ó thárla an
fóidín mearbhaill a bheith ortha — go bhfuighfidh
leath-chéad múinteoir taisdil buaidh ar 10,000
oide sgoile. Acht an tslaitín draoidheachta
tá ag an gCraoibhín tógfaidh sé an draoidheacht
díobh.



Rinneadh dlighe i n-aghaidh na Gaedhilge ag na
Gaill i gCill Chainnigh fadó. Is iomdha iarracht
do tugadh leis an dlighe sin do chur i bhfeidhm.
Daoradh agus crochadh mórchuid Gaeheal faoi na
comairce, acht níor bánuigheadh an Ghaedhilg.
Bhí an tóir go dian uirthe, acht níor féadadh a
marbhughadh. An rud nach ndearna diantóir
Gall is baoghalach go ndéanfaidh neamhshuim
Gaedheal. Acht níl ann acht baoghal agus is
tuar maith do chúis na teangan é gurbh i gCill
Choinnigh do thug an Craoibhín a chomhairle chogaidh
do Ghaedhealaibh. Ná bíodh na Ghaedhil siléigeach
i dtaobh na comhairle san do ghlacadh. Nuair a
thugann ceann treibhe nó cine comhairle a leasa
dá muintir agus mara nglacann an mhuintir an
chomhairle 'ní fada uatha an mí-ádh.



Is dual do Ghaedhealaibh an dílse agus is dual
dóibh an troid i n-aghaidh Gall. An mearbhall so
atá ortha le goirid ag an ngalldachas bhain sé
an faobhar díobh; mhaolaigh sé iad, agus chuir
sé bun-eolas cogaidh i n-aimhréidh ortha. Ba
chóir go mbéidh a fhios aca gurb é an t-arm a
thugas cath. Ní cóir dóibh bheith ag fanamhaint
go mbuailidh an ceann an buille in gach áit.
Is leor do'n cheann treóir do thabhairt do'n
arm. Is le n-a aghaidh sin atá sé ann. Ní
féidir leis bheith i dtús an chatha, agus a bheith i
lár báire agus ar deireadh thiar san am céadna.
Is cinnte go mba chóir do gach aon chraoibh de'n
Chonnradh cabhrughadh leis an gcath, agus is cóir
go mbeadh glór Ghaedheal i n-aghaidh galldachais
le cloisteáil feasta ó Ghaillimh aniar agus in
gach áit idir Oileán Cléire agus Doire Choluim-
cille. Níor ghéill na Gaill ariamh acht nuair a
cuireadh cath ortha; níor buaidheadh ortha ariamh
le plámás. Ní sheasfaidh aon rud dúinn sa
troid seo acht gaois aigne agus diantóir ar an
ngalldachas.



Dubhairt an Craoibhín go dteastuigheann uainn
go mbeadh an Bord Oideachais chomh maith ar
aghaidh i n-obair na Gaedhilge is do bhí se
siar roimhe seo. Teastuigheann uainn go mbéidh
sé de dhualgas ar oidíbh sgoile a ndícheall a
dhéanamh ar son na Gaedhilge. Tá an teanga i
gcontabhairt a báis agus ní mór ar seacht
ndícheall chun í a chosaint. Ní shásóchaidh aon
tsocrú sinn acht an Ghaedhilg do dhéanamh
éigeantach d'oidíbh sgoile, agus cead do thabhairt
dóibh í a mhúineadh sa sgoil san am is fearr do'n
teangain. Caithfear obair na sgoile uile do
dhéanamh as Ghaedhilg sa Ghaedhealtacht.
Caithfear an Ghaedhilg do mhúineadh gach uile lá
sa nGalltacht. Ná bíodh aon dul siar ar an
méad sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services