Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Coláisde Chorcaighe agus an Ghaedhilg
Title
Coláisde Chorcaighe agus an Ghaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Coláisde Chorcaighe agus an Ghaedhilg. Do'n bhfear Eagair. Coláisde Corgaigh, 24:11:1912i. Tamall ó shoin chonnacas sa Chlaidheamh alt beag i dtaobh cruinnuighthe i gColáisde na Gaillimhe, chun Cumann Gaedhealach do chur ar bun annsan. San alt d'fhiafruighis cad a bhí againn dá dhéanamh chun cúise na Gaedhilge do chur ar aghaidh i nIolsgoil Chorgaighe; agus táim ag scríobhadh anois chun innsint duit agus do sgoláiribh na Coláisde eile ná fuilimíd díomhaoin annso, acht go bhfuil cúis ár dteangadh da cur chun cinn againn ar ár ndícheall. Dia Máirt, an dara lá déag de mhí na Samhna bhí cruinniughadh mór de mhacaibh léighinn i Seomra na Gaedhilge chun Cuallacht Gaedhealach do chur ar bun sa gColáiste. Bhí an tOllamh Mac Giolla Meidhre, an tOllamh Ó Smidí, agus an tOllamh Stocaí ann leis. Do chuireadh an tAthair de hIndeberg sa chathair agus do mhínigh sé ciall na Cuallachta do'n tionól. Do chuir sé na riaghalta as comhair an chruinnighthe agus d'aon- tuigheadh leo. Annson toghadh na daoine seo a leanas mar lucht stiúrtha na Chuallachta. Easlamh: An Ridire B.C.A Bhindle. Uachtarán: An tAthair De hIndeberg. Leas-uachtarán: Eilís Ní Chaisil; Éamonn Ó Donnchadha, An tOllamh Mac Giolla Meidre, An tAthair Mac Bhrighde, An tOllamh Ó Smidí, agus an tOllamh Stocí. Rúdhaidhthe : Laoise Ní Dhéaga, Liam Mac Eoghain. Cisteoir: Pádraig Ó Domhnaill, Coisde; Máire Ní Luasa, Conchubhar Ó Laoghaire, Tadhg Ó Donnachadha, Domhnall Mac Ionnrachtaigh, Seaghán Conlón, Seaghán Sandés. Tá spiorad na Sean-Ghaedheal fós againn “san áit do mhúin Fionnbharr,” agus táimíd réidh anois, mar a bhí ár sinndear romhainn riamh, troid do dhéanamh ar son teangadh ár dtíre. Ní gábhadh do hainne a fhuil do dhortadh indiu, ámhthach, acht mar sin féin is cóir do gach aoinne againn bheith san chomhrac le seann, muna bhfuil claidheamh 'na láimh aige. Agus ar an ádhbhar san adeirimíd le n-ár gcomh-Ghaedhealaibh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh “bímid guala ar ghualain, a Chlanna Gaedheal, san comhrac, agus beidh an rath orainn sar i bhfad.” Beidh cruinniughadh againn annso Dia Céadaoin seo chughainn agus cuirfead cunntas chughat. le meas ort, Mac Léighinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services