Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Coláisde Chorcaighe agus an Ghaedhilg

Title
Coláisde Chorcaighe agus an Ghaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Coláisde Chorcaighe agus an Ghaedhilg.



Do'n bhfear Eagair.

Coláisde Corgaigh,
24:11:1912i.



Tamall ó shoin chonnacas sa Chlaidheamh alt
beag i dtaobh cruinnuighthe i gColáisde na
Gaillimhe, chun Cumann Gaedhealach do chur ar
bun annsan. San alt d'fhiafruighis cad a bhí
againn dá dhéanamh chun cúise na Gaedhilge do
chur ar aghaidh i nIolsgoil Chorgaighe; agus táim
ag scríobhadh anois chun innsint duit agus do
sgoláiribh na Coláisde eile ná fuilimíd díomhaoin
annso, acht go bhfuil cúis ár dteangadh da cur
chun cinn againn ar ár ndícheall.



Dia Máirt, an dara lá déag de mhí na Samhna
bhí cruinniughadh mór de mhacaibh léighinn i Seomra
na Gaedhilge chun Cuallacht Gaedhealach do chur
ar bun sa gColáiste. Bhí an tOllamh Mac Giolla
Meidhre, an tOllamh Ó Smidí, agus an tOllamh
Stocaí ann leis. Do chuireadh an tAthair de
hIndeberg sa chathair agus do mhínigh sé ciall
na Cuallachta do'n tionól. Do chuir sé na
riaghalta as comhair an chruinnighthe agus d'aon-
tuigheadh leo. Annson toghadh na daoine seo
a leanas mar lucht stiúrtha na Chuallachta.
Easlamh: An Ridire B.C.A Bhindle. Uachtarán:
An tAthair De hIndeberg. Leas-uachtarán:
Eilís Ní Chaisil; Éamonn Ó Donnchadha,
An tOllamh Mac Giolla Meidre, An tAthair
Mac Bhrighde, An tOllamh Ó Smidí, agus an
tOllamh Stocí. Rúdhaidhthe : Laoise Ní Dhéaga,
Liam Mac Eoghain. Cisteoir: Pádraig Ó
Domhnaill, Coisde; Máire Ní Luasa, Conchubhar
Ó Laoghaire, Tadhg Ó Donnachadha, Domhnall
Mac Ionnrachtaigh, Seaghán Conlón, Seaghán
Sandés.



Tá spiorad na Sean-Ghaedheal fós againn
“san áit do mhúin Fionnbharr,” agus táimíd
réidh anois, mar a bhí ár sinndear romhainn
riamh, troid do dhéanamh ar son teangadh ár
dtíre. Ní gábhadh do hainne a fhuil do dhortadh
indiu, ámhthach, acht mar sin féin is cóir do gach
aoinne againn bheith san chomhrac le seann, muna
bhfuil claidheamh 'na láimh aige.



Agus ar an ádhbhar san adeirimíd le n-ár
gcomh-Ghaedhealaibh i mBaile Átha Cliath agus i
nGaillimh “bímid guala ar ghualain, a Chlanna
Gaedheal, san comhrac, agus beidh an rath
orainn sar i bhfad.”



Beidh cruinniughadh againn annso Dia Céadaoin
seo chughainn agus cuirfead cunntas chughat.



le meas ort,



Mac Léighinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services