Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá an Aonaigh sa Spidéal
Title
Lá an Aonaigh sa Spidéal
Author(s)
Nic Ghabhann, Caitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lá an Aonaigh sa Spidéal. An cúigeadh lá déag de'n ráithe lá an Aonaigh sa Spidéal - acht amháin sa bhFoghmhar. Bíonn an cúigeadh lá déag de'n Fhoghmhar i n-a shaoire agus cuirtear an tAonach ar cáirde go dtí an ficheadh lá. An t-oilithreacht a bhíos ar siubhal an cúigeadh lá déag de'n Fhoghmhar — téigheann muinntir an Choláiste ar turas go huaigh Mhichíl Bhreathnaigh théis Aifreann a chur le n-a anam — rud nach ndéanfaidhe an lá sin, dhá mbíodh an tAonach ann agus gan é i n-a shaoire. Tá an Spidéal ar theorainn Chonmaicne Mara i gCois-Fharraige — ní hé Cois-Fhairrige an baile beag i n-ar rugadh Mícheál Breathnach, mar cheapas a lán Gaedheal atá ar bheagán eolais faoi'n áit seo. Taobh tíre 'seadh Cois-Fhairrge atá sínte ó'n mBearnain (ó Bhaile Mór na Gaillimhe deir daoine áithridhe) chomh fada siar le Casla. Tá go leor bailte beaga sa limstéar sin — agus an Lochán Beag, áit ar rugadh Mícheál, agus an Spidéal ortha. Siar ó'n Spidéal an ball is Gaedhealaighe nós agus béas agus teanga, déarfainn, i nÉirinn. (Sgríobhfad faoi na nósaibh sin lá eile, ó's é seo lá an Aonaigh ní bhacfad leo.) Fíor-bheagán Béarla atá ag na daoinibh ann. Tá corr-fhocal, ar ndóigh, ag a bhfurmhór - ráidhte coitcheannta bhíos ag Béarlóiríbh acht ní chuimhnigheann a gcroidhe ar a labhairt acht amháin le strainséaraibh gan Ghaedhilge. Tá Gaedhilge agus Béarla ag a bhfurmhór mór, de réir Cúnntais Áirimh na nDaoine acht tá fhios agam go leor nach bhfuil thar “Fine Day” aca, agus cuireadh síos ar an bPáipéar Áirimh go raibh Béarla agus Gaedhilge aca. Ar ndóigh, ní féidir a rádh gur breág é, ó tá cúpla focal Béarla aca! Na daoine seo agus a léithide a feicthear ar an tsráid lá an Aonaigh. Is mór an lá é ag an muinntir sin. Ó mhoch ar maidin d'fheicfeá iad i n-a mbeirt nó i n-a dtriúir nó i n-a bplódaibh ar an mbóthar ag déanamh ar an Spidéal — nó chluinfeá iad sul a mbéitheá i do shuidhe, agus bhéadh sé fánach agat aon iarracht a thabhairt faoi dhul a chodladh arís. Agus dhá mbítheá ag éisteacht ó n-a chúig ar maidin go ngabhfadh an plód deireannach thart, focal Béarla ní chluinfeá asta. Ní theigheann sé i n-a n-intinn Béarla a labhairt eatortha féin — cé is moite do chailínibh beaga an Spidéil a tháinig isteach ar nós na Béarlóireachta le tamaillín anuas. Bhoil, ó bhí an domhan Éireannach ag déanamh ar an Spidéal, b'fhacthas dom nár b'fhearr rud dhá ndéanfainn ná a lorga-sin a leanamhaint agus chuireas an bóthar díom chomh maith a's d'fhéadfainn, agus é breachtha le capallaibh feadh leath-mhíle aniar ó'n mbaile beag. Capaill bheaga agus capaill mhóra, capaill de ghach uile dhath, agus searraigh — go leor Éireann aca. Tasbánadh cúpla ceann deas déagh-chumtha dhom, agus dubhradh gur d'fhíor-shean-stoc Chonnamara iad. Ní breitheamh ar chapallaibh mé, agus ní raibh fhios agam ar bh'eadh ná nár bh'eadh. Tairgeadh ceann dom le ceannacht. Mh'anam gur shíleas gur b'fheileamhnaighe mar “ghléas iomchair” é ná rothar ar na bóithribh seo — go háithrid ó nach ndearnadh tada do na bóithribh céadna ó tosuigheadh le gléas brisde cloch agus rollán mór gaile ag cur caoi ar an gceann thoir de bhóthar na Gaillimhe. Acht na capaill! Badh cheart nach ndéanfainn dearmad ortha agus a dheacracht is bhí sé ag iarraidh bealach a dheánamh tríobhtha agus gan fhios agam cé'n nóimeád a gheobhfainn buille coise ó cheann aca. Bhí na searraigh go han-mhí- riaghalta ar fad. Théigheadh sé nó seacht gcinn aca chun comhráidh le n-a chéile, shíltheá, ag ceapadh cleas d'imirt ar a lucht faire. Ghabhaidís thar teorainn soir an bóthar annsin i n-a gcos- i n-áiride, i n-aindeoin buachaillí beaga na háite agus na bhfear ar leo iad. Acht méadhuigheadh ar an bhfonn reatha bhí ar na searraigh de bhárr a ndichill siúd! Ní mé cé'n caoi a n-aithneochadh duine de na fearaibh a shearrach féin thar ceann a chomhursan — ní raibh aon chomhartha le feiceál ortha — agus iad ar fad ar an méad agus an deánamh céadna, nach mór. Ar an tsráid a bhí na beithidhigh — ba agus laoghanna agus buláin, agus muca freisin. Idir daoinibh is ainmhidhthibh ba righ-dheacair bealach a dhéanamh thríd an mbaile. Agus an gleo agus an siosgadh cainnte a bhí ann! Agus gan focal Béarla ar aon taobh, acht amháin ag póilí nó puncán nó ag duine uasal eicínt d'á sórt, anois is arís — nó ag ceannuidhe mór ramhar beathuighthe eicínt. “How much are y'axing for 'em?” rud a chuirfeadh déisdean ar chluais an t-é ar cheolmhar leis cainnt na ndaoine eile. Chaitheas tamall ar an tsráid ag cainnt agus ag comhrádh le mo lucht aitheantais. Thugas Sgoil na Lásaí orm le breathnughadh ar an obair atá d'á dhéanamh aca. Chonnaiceas thríd an bhfuinneoig go raibh sgéal eicínt ag dul thart a chorruigh na ndaoine - bhíodar ag gearradh comhartha na Croise ortha féin agus cosamhlacht uathbháis ortha. Cailíní na lásaí a tháinig isteach l'éis aimsire lóin a thug na sgéala isteach leo go raibh Antoine Ó Domhnaill as Baile an tSagairt thar-éis an-bhás a thabhairt dó féin - Dia idir sinn agus an anchain! — agus go raibh an sagart agus na póilí imthighthe soir chuig an teach. Ní gábhadh a rádh gur tháinig “lionndubh mór as cionn an gháire” ag lucht an Aonaigh — mar ba fhear é bhí so-aithnid ar Aonach an Spidéil agus ba ghníomh é nár thárla a léithid sa gceanntar le cuimhne na ndaoine. Níor fhanas ach tamaillín eile ar an Aonach. Soir liom bóthar na gcapall arís. Buileadh bleid orm ag dul soir dom — ceannuidhe capall do labhair liom. “Is it over there th'Irish College is Miss?” adeir se. “Céard é?” adeirm-se. “The Irish College, I say,” i n-árd a ghotha. “Ó, an Coláisde, an eadh?” adeirim-se. (Shíleas, ar ndóigh, go bhfuair sé fios gur bhaineas-sa leis an gColáisde agus gur labhair sé liom i n-aon turas, agus ní shásóchainn é freagra a thabhairt air i mBéarla). “I haven't any Irish,” deir sé, agus shíleas ó'n gcosamhlacht a bhí air go mbadh mhaith leis mo thumadh sa bhfairrge! “Maise, mo chuach ainnsin thú!” arsa duine de na sean-fhearaibh as Connamara, bhí n-a seasamh thart orainn ag éisteacht leis an gcomhradh. Tá grádh doimhin dílis do'n Gaedhilge i gcroidhthibh na sean-daoine, acht ó's cosamhail nach dtig leo gnaithe ar bith a dhéanamh gan Béarla, ní hiongnadh go gcuireann cuid aca rómpa gan Gaedhilge a labhairt le n-a gclainn. Is iomdha rud atá ag bagairt an an nGaedhilge — ag marbhughadh na Gaedhilge orainn. Buird agus cigirí agus oifigeacha de gach cineál — puncáin, lucht siopaí, ceannaidhthe beitheadhach, oidí taisdealacha — ní féadfaidhe a gcomhaireamh. Ní haon iongnadh a laighead Gaedhilgeóirí a's tá fágtha sa tír. Sé an t-iongnadh é go bhfuil Gaedhilgeoir ar bith ann agus an Béarla ag brughadh agus ag sleamhnughadh agus ag sgiorradh isteach orainn thríd gach poll is póirse. Má bhreathnuigheann duine ar an sgéal ar an gcaoi sin nach mór an misneach atá i lucht na Gaedhilge agus bualadh faoi'n sgéal a leigheasughadh! Acht níor chaill fear an mhisnigh ariamh é, mar deir an sean-fhocal. Cailín Nic Ghabhann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services