Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá an Aonaigh sa Spidéal

Title
Lá an Aonaigh sa Spidéal
Author(s)
Nic Ghabhann, Caitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Lá an Aonaigh sa Spidéal.



An cúigeadh lá déag de'n ráithe lá an
Aonaigh sa Spidéal - acht amháin sa bhFoghmhar.
Bíonn an cúigeadh lá déag de'n Fhoghmhar i n-a
shaoire agus cuirtear an tAonach ar cáirde go
dtí an ficheadh lá.



An t-oilithreacht a bhíos ar siubhal an cúigeadh
lá déag de'n Fhoghmhar — téigheann muinntir an
Choláiste ar turas go huaigh Mhichíl Bhreathnaigh
théis Aifreann a chur le n-a anam — rud nach
ndéanfaidhe an lá sin, dhá mbíodh an tAonach
ann agus gan é i n-a shaoire.



Tá an Spidéal ar theorainn Chonmaicne Mara
i gCois-Fharraige — ní hé Cois-Fhairrige an baile
beag i n-ar rugadh Mícheál Breathnach, mar
cheapas a lán Gaedheal atá ar bheagán eolais
faoi'n áit seo. Taobh tíre 'seadh Cois-Fhairrge
atá sínte ó'n mBearnain (ó Bhaile Mór na
Gaillimhe deir daoine áithridhe) chomh fada siar
le Casla. Tá go leor bailte beaga sa limstéar
sin — agus an Lochán Beag, áit ar rugadh Mícheál,
agus an Spidéal ortha.



Siar ó'n Spidéal an ball is Gaedhealaighe
nós agus béas agus teanga, déarfainn, i
nÉirinn. (Sgríobhfad faoi na nósaibh sin lá
eile, ó's é seo lá an Aonaigh ní bhacfad leo.)
Fíor-bheagán Béarla atá ag na daoinibh ann.
Tá corr-fhocal, ar ndóigh, ag a bhfurmhór -
ráidhte coitcheannta bhíos ag Béarlóiríbh acht ní
chuimhnigheann a gcroidhe ar a labhairt acht amháin
le strainséaraibh gan Ghaedhilge.



Tá Gaedhilge agus Béarla ag a bhfurmhór
mór, de réir Cúnntais Áirimh na nDaoine
acht tá fhios agam go leor nach bhfuil thar
“Fine Day” aca, agus cuireadh síos ar an
bPáipéar Áirimh go raibh Béarla agus Gaedhilge
aca. Ar ndóigh, ní féidir a rádh gur breág é,
ó tá cúpla focal Béarla aca! Na daoine
seo agus a léithide a feicthear ar an tsráid lá
an Aonaigh.



Is mór an lá é ag an muinntir sin. Ó
mhoch ar maidin d'fheicfeá iad i n-a mbeirt nó
i n-a dtriúir nó i n-a bplódaibh ar an mbóthar
ag déanamh ar an Spidéal — nó chluinfeá iad
sul a mbéitheá i do shuidhe, agus bhéadh sé
fánach agat aon iarracht a thabhairt faoi dhul
a chodladh arís. Agus dhá mbítheá ag éisteacht ó
n-a chúig ar maidin go ngabhfadh an plód
deireannach thart, focal Béarla ní chluinfeá asta.
Ní theigheann sé i n-a n-intinn Béarla a labhairt
eatortha féin — cé is moite do chailínibh beaga
an Spidéil a tháinig isteach ar nós na
Béarlóireachta le tamaillín anuas.



Bhoil, ó bhí an domhan Éireannach ag déanamh
ar an Spidéal, b'fhacthas dom nár b'fhearr rud
dhá ndéanfainn ná a lorga-sin a leanamhaint
agus chuireas an bóthar díom chomh maith a's
d'fhéadfainn, agus é breachtha le capallaibh
feadh leath-mhíle aniar ó'n mbaile beag.
Capaill bheaga agus capaill mhóra, capaill de
ghach uile dhath, agus searraigh — go leor Éireann
aca. Tasbánadh cúpla ceann deas déagh-chumtha
dhom, agus dubhradh gur d'fhíor-shean-stoc
Chonnamara iad. Ní breitheamh ar chapallaibh mé,
agus ní raibh fhios agam ar bh'eadh ná nár bh'eadh.
Tairgeadh ceann dom le ceannacht. Mh'anam
gur shíleas gur b'fheileamhnaighe mar “ghléas
iomchair” é ná rothar ar na bóithribh seo — go
háithrid ó nach ndearnadh tada do na bóithribh
céadna ó tosuigheadh le gléas brisde cloch agus
rollán mór gaile ag cur caoi ar an gceann
thoir de bhóthar na Gaillimhe.



Acht na capaill! Badh cheart nach ndéanfainn
dearmad ortha agus a dheacracht is bhí sé ag
iarraidh bealach a dheánamh tríobhtha agus gan
fhios agam cé'n nóimeád a gheobhfainn buille
coise ó cheann aca. Bhí na searraigh go han-mhí-
riaghalta ar fad. Théigheadh sé nó seacht gcinn
aca chun comhráidh le n-a chéile, shíltheá, ag
ceapadh cleas d'imirt ar a lucht faire. Ghabhaidís
thar teorainn soir an bóthar annsin i n-a gcos-
i n-áiride, i n-aindeoin buachaillí beaga na háite
agus na bhfear ar leo iad. Acht méadhuigheadh
ar an bhfonn reatha bhí ar na searraigh de
bhárr a ndichill siúd! Ní mé cé'n caoi a
n-aithneochadh duine de na fearaibh a shearrach
féin thar ceann a chomhursan — ní raibh aon
chomhartha le feiceál ortha — agus iad ar fad
ar an méad agus an deánamh céadna, nach mór.



Ar an tsráid a bhí na beithidhigh — ba agus
laoghanna agus buláin, agus muca freisin.
Idir daoinibh is ainmhidhthibh ba righ-dheacair
bealach a dhéanamh thríd an mbaile. Agus an
gleo agus an siosgadh cainnte a bhí ann! Agus
gan focal Béarla ar aon taobh, acht amháin ag
póilí nó puncán nó ag duine uasal eicínt d'á
sórt, anois is arís — nó ag ceannuidhe mór
ramhar beathuighthe eicínt.



“How much are y'axing for 'em?” rud a
chuirfeadh déisdean ar chluais an t-é ar cheolmhar
leis cainnt na ndaoine eile.



Chaitheas tamall ar an tsráid ag cainnt
agus ag comhrádh le mo lucht aitheantais. Thugas
Sgoil na Lásaí orm le breathnughadh ar an
obair atá d'á dhéanamh aca. Chonnaiceas thríd
an bhfuinneoig go raibh sgéal eicínt ag dul
thart a chorruigh na ndaoine - bhíodar ag gearradh
comhartha na Croise ortha féin agus cosamhlacht
uathbháis ortha. Cailíní na lásaí a tháinig isteach
l'éis aimsire lóin a thug na sgéala isteach leo
go raibh Antoine Ó Domhnaill as Baile an
tSagairt thar-éis an-bhás a thabhairt dó féin -
Dia idir sinn agus an anchain! — agus go raibh
an sagart agus na póilí imthighthe soir chuig
an teach. Ní gábhadh a rádh gur tháinig “lionndubh
mór as cionn an gháire” ag lucht an Aonaigh —
mar ba fhear é bhí so-aithnid ar Aonach an Spidéil
agus ba ghníomh é nár thárla a léithid sa
gceanntar le cuimhne na ndaoine.



Níor fhanas ach tamaillín eile ar an Aonach.
Soir liom bóthar na gcapall arís. Buileadh
bleid orm ag dul soir dom — ceannuidhe capall
do labhair liom.



“Is it over there th'Irish College is
Miss?” adeir se.



“Céard é?” adeirm-se.



“The Irish College, I say,” i n-árd a ghotha.
“Ó, an Coláisde, an eadh?” adeirim-se.
(Shíleas, ar ndóigh, go bhfuair sé fios gur
bhaineas-sa leis an gColáisde agus gur labhair
sé liom i n-aon turas, agus ní shásóchainn é
freagra a thabhairt air i mBéarla).



“I haven't any Irish,” deir sé, agus shíleas
ó'n gcosamhlacht a bhí air go mbadh mhaith leis
mo thumadh sa bhfairrge!



“Maise, mo chuach ainnsin thú!” arsa duine
de na sean-fhearaibh as Connamara, bhí n-a
seasamh thart orainn ag éisteacht leis an gcomhradh.



Tá grádh doimhin dílis do'n Gaedhilge i
gcroidhthibh na sean-daoine, acht ó's cosamhail
nach dtig leo gnaithe ar bith a dhéanamh gan
Béarla, ní hiongnadh go gcuireann cuid aca
rómpa gan Gaedhilge a labhairt le n-a gclainn.



Is iomdha rud atá ag bagairt an an
nGaedhilge — ag marbhughadh na Gaedhilge orainn.
Buird agus cigirí agus oifigeacha de gach
cineál — puncáin, lucht siopaí, ceannaidhthe
beitheadhach, oidí taisdealacha — ní féadfaidhe
a gcomhaireamh. Ní haon iongnadh a laighead
Gaedhilgeóirí a's tá fágtha sa tír. Sé an
t-iongnadh é go bhfuil Gaedhilgeoir ar bith ann
agus an Béarla ag brughadh agus ag sleamhnughadh
agus ag sgiorradh isteach orainn thríd gach poll is
póirse. Má bhreathnuigheann duine ar an sgéal
ar an gcaoi sin nach mór an misneach atá i lucht
na Gaedhilge agus bualadh faoi'n sgéal a
leigheasughadh! Acht níor chaill fear an mhisnigh
ariamh é, mar deir an sean-fhocal.



Cailín Nic Ghabhann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services