Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cogadh na Leithinse Balcanaighe
Title
Cogadh na Leithinse Balcanaighe
Author(s)
Mac Tíre na Páirce,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cogadh na Leithinse Balcanaighe. Tháinig mórán rudaí chum baile don leithinse Bhalcanaigh ó thráchtamar ar chogadh an Duibh- shléibhe leis an Tuirc. Tá sé 'na chogadh dhearg anois i Sliabh Balcain agus mór-thimcheall air. Tá ceithre státa ar aon taobh amháin .i. an Duibhshliabh, an Bhulagáir, an tSeir agus an Ghréag, agus iad go léir i gcumann le n-a chéile (Cumann Shléibhe Balcain, is dócha, a bheas air sin ins an stair feasta) chum troda i n-aghaidh na Tuirce mar gheall ar gan saoirse éigin do thabhairt don Mhaigheadóin .i. críoch nó réagún atá idir an Albáin agus Traigia - tíortha den Tuirc iad sain uile. Bhí an Bhulgáir, An tSeirb agus an Ghréag ag ceapadh a suaimhnis go fóilín bheag no go mbeadh arm gach éinne aca i gcóir chum troda agus triallta ar an námhaid agus iad ag cur dalla-phúicín, dar leó féin, ar an Tuirc le n-a linn sin, acht ba mhaith an mhaise ag an Tuirc é, thuig sí cad do bhí ar siubhal aca agus do rinne sí féin cogadh d'fhógairt ar an mBulgáir agus ar an Seirb. Do leig sí don Ghréig — níor fhógair sí cath ná cogadh uirthi sin. Bhí gliocas éigin ag an Tuirc dá imirt ins an sgéal so. Do shaoil sí, gan amhras, dá leigeadh sí don Ghréig, go mb'fhéidir go ndeighilfidhe an stát sain ó na trí státaibh eile, agus go deimhin féin is beag dá mhearbhal ar éinne gurab é buac na Ghréige gan a bheith ins an chumann adubhramar, mar is í an Bhulgáir amháin a bheas thuas leis, má éirigheann leó, agus is í féin do chuir an cumann ar bun le n-a aghaidh sin. Dar linn féin, ní hé buac na gceithre stát troid do chur ar an Tuirc, acht leigean leis an sgéal fá mar atá sé chum go gcuirid Árd-státa na hEorpa an tsíbhialtacht agus an t-oideachas coitcheann ar bun daingean ins an Mhaigheadóin agus ins an Traigia, rud a dhéanfaidís gan dearmad i ndeireadh na treimhse. An pobal atá foghlamtha oilte síbhialta ní fada d'fhanfadh sé fá mhursantacht na Tuirce, mar d'éirigheadh dhó go díreach mar thárla ins an Rúmília Thoir .i. deireadh do chur le riaghaltas na Tuirce gan oiread le broan fola do dhortadh. Ní hí an Tuirc an námha is boaghlaighe do na ceithre státaibh. Cia heile, maiseadh? Tá Austria go n-Úngáir. Tá formad mór aici sin le gach aon dul ar aghaidh do ní státa Shléibhe Balcain agus go háirithe leis na státaibh Slabhónacha .i. leis an Duibhshliabh, leis an Seirb agus leis an mBulgáir. Bíonn sí ag luighe isteach ar an Seirb agus ar an Duibhsliabh gach aon ré sholuis. Nach ceart do ghoid sí an Bhocca di Cattáró ón Duibhshliabh, rud go raibh seilbh ag an stát sain ann trí huaire, agus muna mbeadh an dallaphúicín do bhuail an Rúise air bheadh sé ag an Duibhsliabh indiu “Bocca” .i. béal nó cuan a ghabhas leis an Duibhshliabh do réir nádúire, mar is í is baile puirt gnáthach tráchtála dhó indiu, d'aindeoin go bhfuil Antibhárí agus Dulcigno (Dultrínneó?) aici féin — — tháinig meath agus meathlughadh ortha sain ó fuair an Duibhshliabh an taobh tíre i n-a bhfuilid, mar ní fhanfadh na hAlbánaigh do chomhnuidheadh ionnta fá mhursantacht an Duibhshléibhe. Acht chum filleadh ar cheist Austria go n-Úngáir, do bhuail sí cleas eile ar an Tuirc agus ar an Seirb araon .i. Bosnia agus Herzegouína d'fhagháil ar dtúis ó na Árd-státaibh eile ar chomhthaibh Bherlín, agus annsain nuair a tháinig an t-am chuige, mar shaoil sí, iad do cheangal di féin mar chuid dá críochaibh. Do bhuail sí an dubh 'na gheal ar státaibh Shléibhe Balcain, agus cad chuige? Atá, go dtuigeann sí go mbeidh deireadh le réimheas na Tuirce san Eoraip lá dá dtiocfaidh, agus í ag éad go háirithe leis na trí státaibh Slabhónacha agus leis an Albáin (nach sprionnlaithe an cleas do imir sí uirthi sin — ní leigfeadh sí dhi úsáid do bhaint as a haibghitir féin — aibhghitir a bhí ró-chomhgarach di i gcóir an oideachais choitchinn — tuigthear 'na leith seo go bhfuil smacht éigin ag Austria go n-Úngáir ar na Malissórí, toisg iad a bheith 'nna gCaitliocaighibh Rómhánacha). Tuigfear go soilléir as sain gurab í Austria go nÚngáir is mó baoghal do státaibh Slabhónacha Shléibhe Balcain. Tá an Banat, an tSlabháin, an Chrobháit, Dalmatia, Bosnia agus Herze- gouína fá mhursantacht aici nach féidir fhulaing, í ag iarraidh na Slabhónaigh atá isna tíorthaibh sin do chur fá chois ar gach aon tslighe. Ní'l cead a gcos ag Slabhónachaibh an orthear- dheiscirt ó Austria go n-Úngáir. Acht fillimís ar cheist an chogaidh feasta. Níl ag éirghe anois leis an Duibhliabh fá mar do bhíodh. Gach sluagh atá ag an tírín sin, tá sé i gcontabhairt, toisg na saighdiúrí bheith cortha d'éis a ndearnadar, agus saighdiúirí nár húsáideadh fós a bheith ag teacht ó na Turcachaibh. Is breagh go deimhin an gníomh do rinne Peadar, prionnsa óg an Duibhshléibhe, do bhain sé Berana amach agus do rinne príosún- aigh de chúig mhíle saighdiuir singil agus de bheirt is seasga d'oifigeachaibh .i. sluagh Turcach ba bhárda ar an mbaile. Fuair an Generál Uucotits ón rígh an bonn Oblits ar son calmachta dá bhárr. Deirtear gur gabhadh an daingean déidheanach ar bhealach Scodra (Scutari), acht tá sluagh an Duibhshléibhe i gcontabhairt gan amhras, agus iad 'na seasamh ar an seisceann ar bhruach Locha Scodra ar an dtaobh thoir don loch, agus Loch Houm ar a gcúlaibh, agus má cuirtear an ruaig ortha ní bheidh aon dul as aca. Is dócha go bhfuil cath mór dá bhualadh anois féin. Ní mór ann méid troda bhí idir na Turcaigh de thaobh agus na Bulgáraigh agus na Seibhigh den taobh eile. Deirtear gur bhain na Bulgáraigh Mustapha Pasea amach .i. daingean idir teora na Bulgáire agus Adrianóible, agus gur buaileadh tachar éigin ar theorainn na Seirbe toisg gur luigh sluagh na dTurcach isteach ar an Seirb. Is dócha nach raibh ionnta so acht blas ar thús an chomhraic, acht go mbeidh cath mór dá bhualadh sulab fada. Ba chuma leis an Tuirc an Ghréag. Níor fhógair sí fein cogadh uirthi. Dob' éigin don Ghréig tús do chur ar an ngnó sain. Deir- tear féin, an sluagh bhí ag an Tuirc ar theorainn na Gréige, gur órduigh sí dhóibh an áit fhágáil agus dul ó thuaidh. Tuigeann sí gurab í an Bhulgáir is mó is baoghal di, agus tá corp-lár an chirt aici gan amhras. Tá arm na Gréige ag dul thar teorainn anois, is má tá féin, is beag an chabhair don Ghréig é. Dá madh mhaith leis an Tuirc, do sgaipfeadh sí ó chéile é ar an toirt, agus a usacht di sain a dhéanamh sa chogadh dhéidheanach. Rud eile, is í an Ghréag a bheas thíos leis, nuair a bheas críoch ar an gcogadh. D'fhógair an Rúmáin í bheith neachtarach, cé go bhfuil sí ag éad go mór leis an mBulgáir. Mac Tíre na Páirce.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services