Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cogadh na Leithinse Balcanaighe

Title
Cogadh na Leithinse Balcanaighe
Author(s)
Mac Tíre na Páirce,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cogadh na Leithinse Balcanaighe.



Tháinig mórán rudaí chum baile don leithinse
Bhalcanaigh ó thráchtamar ar chogadh an Duibh-
shléibhe leis an Tuirc. Tá sé 'na chogadh dhearg
anois i Sliabh Balcain agus mór-thimcheall
air. Tá ceithre státa ar aon taobh amháin .i.
an Duibhshliabh, an Bhulagáir, an tSeir agus an
Ghréag, agus iad go léir i gcumann le n-a chéile
(Cumann Shléibhe Balcain, is dócha, a bheas air sin
ins an stair feasta) chum troda i n-aghaidh na
Tuirce mar gheall ar gan saoirse éigin do
thabhairt don Mhaigheadóin .i. críoch nó réagún
atá idir an Albáin agus Traigia - tíortha den
Tuirc iad sain uile. Bhí an Bhulgáir, An tSeirb
agus an Ghréag ag ceapadh a suaimhnis go fóilín
bheag no go mbeadh arm gach éinne aca i gcóir
chum troda agus triallta ar an námhaid agus
iad ag cur dalla-phúicín, dar leó féin, ar an
Tuirc le n-a linn sin, acht ba mhaith an mhaise
ag an Tuirc é, thuig sí cad do bhí ar siubhal
aca agus do rinne sí féin cogadh d'fhógairt ar
an mBulgáir agus ar an Seirb. Do leig sí
don Ghréig — níor fhógair sí cath ná cogadh
uirthi sin. Bhí gliocas éigin ag an Tuirc dá
imirt ins an sgéal so. Do shaoil sí, gan amhras,
dá leigeadh sí don Ghréig, go mb'fhéidir go
ndeighilfidhe an stát sain ó na trí státaibh
eile, agus go deimhin féin is beag dá mhearbhal
ar éinne gurab é buac na Ghréige gan a bheith
ins an chumann adubhramar, mar is í an
Bhulgáir amháin a bheas thuas leis, má éirigheann
leó, agus is í féin do chuir an cumann ar bun
le n-a aghaidh sin. Dar linn féin, ní hé buac
na gceithre stát troid do chur ar an Tuirc, acht
leigean leis an sgéal fá mar atá sé chum go
gcuirid Árd-státa na hEorpa an tsíbhialtacht
agus an t-oideachas coitcheann ar bun daingean
ins an Mhaigheadóin agus ins an Traigia, rud
a dhéanfaidís gan dearmad i ndeireadh na
treimhse. An pobal atá foghlamtha oilte
síbhialta ní fada d'fhanfadh sé fá mhursantacht
na Tuirce, mar d'éirigheadh dhó go díreach mar
thárla ins an Rúmília Thoir .i. deireadh do
chur le riaghaltas na Tuirce gan oiread le
broan fola do dhortadh. Ní hí an Tuirc an
námha is boaghlaighe do na ceithre státaibh.
Cia heile, maiseadh? Tá Austria go n-Úngáir.
Tá formad mór aici sin le gach aon dul ar
aghaidh do ní státa Shléibhe Balcain agus go
háirithe leis na státaibh Slabhónacha .i. leis an
Duibhshliabh, leis an Seirb agus leis an
mBulgáir. Bíonn sí ag luighe isteach ar an
Seirb agus ar an Duibhsliabh gach aon ré sholuis.
Nach ceart do ghoid sí an Bhocca di Cattáró ón
Duibhshliabh, rud go raibh seilbh ag an stát
sain ann trí huaire, agus muna mbeadh an
dallaphúicín do bhuail an Rúise air bheadh sé
ag an Duibhsliabh indiu “Bocca” .i. béal nó
cuan a ghabhas leis an Duibhshliabh do réir
nádúire, mar is í is baile puirt gnáthach
tráchtála dhó indiu, d'aindeoin go bhfuil Antibhárí
agus Dulcigno (Dultrínneó?) aici féin —
— tháinig meath agus meathlughadh ortha sain ó
fuair an Duibhshliabh an taobh tíre i n-a bhfuilid,
mar ní fhanfadh na hAlbánaigh do chomhnuidheadh
ionnta fá mhursantacht an Duibhshléibhe. Acht
chum filleadh ar cheist Austria go n-Úngáir,
do bhuail sí cleas eile ar an Tuirc agus ar
an Seirb araon .i. Bosnia agus Herzegouína
d'fhagháil ar dtúis ó na Árd-státaibh eile
ar chomhthaibh Bherlín, agus annsain nuair a
tháinig an t-am chuige, mar shaoil sí, iad do
cheangal di féin mar chuid dá críochaibh. Do
bhuail sí an dubh 'na gheal ar státaibh Shléibhe
Balcain, agus cad chuige? Atá, go dtuigeann
sí go mbeidh deireadh le réimheas na Tuirce san
Eoraip lá dá dtiocfaidh, agus í ag éad go
háirithe leis na trí státaibh Slabhónacha agus leis
an Albáin (nach sprionnlaithe an cleas do imir
sí uirthi sin — ní leigfeadh sí dhi úsáid do bhaint
as a haibghitir féin — aibhghitir a bhí ró-chomhgarach
di i gcóir an oideachais choitchinn — tuigthear
'na leith seo go bhfuil smacht éigin ag Austria
go n-Úngáir ar na Malissórí, toisg iad a bheith
'nna gCaitliocaighibh Rómhánacha). Tuigfear go
soilléir as sain gurab í Austria go
nÚngáir is mó baoghal do státaibh Slabhónacha
Shléibhe Balcain. Tá an Banat, an tSlabháin,
an Chrobháit, Dalmatia, Bosnia agus Herze-
gouína fá mhursantacht aici nach féidir fhulaing,
í ag iarraidh na Slabhónaigh atá isna tíorthaibh
sin do chur fá chois ar gach aon tslighe. Ní'l
cead a gcos ag Slabhónachaibh an orthear-
dheiscirt ó Austria go n-Úngáir.



Acht fillimís ar cheist an chogaidh feasta.
Níl ag éirghe anois leis an Duibhliabh fá mar
do bhíodh. Gach sluagh atá ag an tírín sin,
tá sé i gcontabhairt, toisg na saighdiúrí
bheith cortha d'éis a ndearnadar, agus saighdiúirí
nár húsáideadh fós a bheith ag teacht ó na
Turcachaibh. Is breagh go deimhin an gníomh do
rinne Peadar, prionnsa óg an Duibhshléibhe,
do bhain sé Berana amach agus do rinne príosún-
aigh de chúig mhíle saighdiuir singil agus de
bheirt is seasga d'oifigeachaibh .i. sluagh Turcach
ba bhárda ar an mbaile. Fuair an Generál
Uucotits ón rígh an bonn Oblits ar son
calmachta dá bhárr. Deirtear gur gabhadh an
daingean déidheanach ar bhealach Scodra
(Scutari), acht tá sluagh an Duibhshléibhe i
gcontabhairt gan amhras, agus iad 'na seasamh
ar an seisceann ar bhruach Locha Scodra ar an
dtaobh thoir don loch, agus Loch Houm ar a gcúlaibh,
agus má cuirtear an ruaig ortha ní bheidh aon dul
as aca. Is dócha go bhfuil cath mór dá bhualadh
anois féin.



Ní mór ann méid troda bhí idir na Turcaigh de
thaobh agus na Bulgáraigh agus na Seibhigh den
taobh eile. Deirtear gur bhain na Bulgáraigh
Mustapha Pasea amach .i. daingean idir teora
na Bulgáire agus Adrianóible, agus gur
buaileadh tachar éigin ar theorainn na Seirbe
toisg gur luigh sluagh na dTurcach isteach ar
an Seirb. Is dócha nach raibh ionnta so acht
blas ar thús an chomhraic, acht go mbeidh cath
mór dá bhualadh sulab fada.



Ba chuma leis an Tuirc an Ghréag. Níor
fhógair sí fein cogadh uirthi. Dob' éigin
don Ghréig tús do chur ar an ngnó sain. Deir-
tear féin, an sluagh bhí ag an Tuirc ar theorainn
na Gréige, gur órduigh sí dhóibh an áit fhágáil
agus dul ó thuaidh. Tuigeann sí gurab í an
Bhulgáir is mó is baoghal di, agus tá corp-lár
an chirt aici gan amhras. Tá arm na Gréige ag
dul thar teorainn anois, is má tá féin, is beag
an chabhair don Ghréig é. Dá madh mhaith leis an
Tuirc, do sgaipfeadh sí ó chéile é ar an toirt, agus
a usacht di sain a dhéanamh sa chogadh dhéidheanach.
Rud eile, is í an Ghréag a bheas thíos leis, nuair
a bheas críoch ar an gcogadh. D'fhógair an
Rúmáin í bheith neachtarach, cé go bhfuil sí ag
éad go mór leis an mBulgáir.



Mac Tíre na Páirce.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services