Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bord agus a Leanbhaidhe
Title
An Bord agus a Leanbhaidhe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Bord agus a Leanbhaidhe. Is dóigh linn nár eirigh fós ariamh linn cur i gcéill do'n Bhord Náisiúnta an rud atá uainn. Ní thuigeann an Bord ar sgéal, nó má thuigeann is cuma leo é. B'fhearr go mór féachaint chun an sgéil a réidhteach leis an bhfear thall le deaghchaint agus le lághacht 'ná dul ag troid leis. Má theipeann ar an deaghchaint is ceart annsin slighe eile a fhéachaint. Dá mba Gaedhil dhílse na coimisinéaraidhe d'fhéadfadaois cúis na Gaedhilge do réidhteach i n-achar ghearr. Taisbeáinfidh an dílse ins na hoidíbh agus ins na cigiríbh agus ins na leabhraibh. Dá mothuigheadh na coimisinéaraidhe aon ghrádh aca féin do'n teangain bheadh a fhios sin ag an saoghal Fódhlach. Acht tá a mhalairt de sgéal ar fad ag muintir Fhódhla i dtaobh lucht an Bhuird. Níl, de réir mar is clos dúinnn, acht beirt árdchigirí sa nGaedhealtacht a bhfuil Gaedhilg aca. Agus tá óigchigirí ann agus masladh dá thabhairt do'n teangain aca gach lá san aer. Tá riaghail ag an mBord a chuireas fá gheasaibh iad fhéachaint go mbéidh Gaedhilg ag leath de na cigiríbh nua. Baineann na coimisinéaraidhe ciall dóibh féin as an riaghail sin — féachfaidh siad nach mbeidh eolus ar an nGaedhilg ag níos mó ná a leath. Cuireann na cigirí agus an tslighe a dtoghtar iad i gcéill do'n phobal neamhshuim an Bhuird san nGaedhilg. Tá peataí eile ag an mBord, leis, peataí a thógadar agus a d'oileadar féin — le grádh do'n tír agus do'n Ghaedhilg. Tá timcheall 10,000 oide sgoile gan eolus ar an nGaedhilg aca. Fuaireadar so a chéadsgoilidheacht i sgoltachaibh an Bhuird agus chaitheadar an chuid is mó aca, dhá bhliadhain an duine ar choláiste fá sgáth an Bhuird. Ghléasadar agus d'ullmhuigh- eadar iad féin le haghaidh obair an Bhuird, agus na 10,000 sin d'oidibh na tíre, níor dubhradh leo ariamh go mba chóir dóibh eolus do chur ar an nGaedhilg. Bhíodar fá sgiathán an Bhuird ó'n am ar fhágadar an cliabhán go dtí gur cuireadh i mbun na sgoltacha iad, agus tá a shliocht ortha. Dá mba toil leis an mBord an Ghaedhilg do neartughadh agus do bhuanadh ní aga maslughadh a bheadh cigirí an Bhuird. Dá mbeadh smaoineadh ar bith aca leas a dhéanamh do'n teangain ni bheadh 10,000 oide gan Gaedhilg i sgoltachaibh na tíre. Cuirimís i gcás go raibh na coimisinéar- aidhe ar aon aigne i dtaobh na teangan le Connradh na Gaedhilge: bheadh gach aon chigire agus timthire agus cléireach dá bhfuil ag an mBord ag cuidiughadh le gluaiseacht na teangan; bheadh na hárdchigirí ag brostughadh na n-oidí agus ag tabhairt misnigh dóibh. Nuair a d'fheic- feadh tuismí na ndaltaí sgoile na cigirí agus meas aca ar an nGaedhilg mhéadóchaidhe ar a meas féin uirthi agus thréigfidis an béarlóireacht láireach. Seolann an Bord os cionn 500 nua- oide gan Gaedhilg chugainn gach bliadhain. Dá mbeadh na coimisinéaraidhe ar an aigne cheart bheadh an Ghaedhilg ag gach uile oide nua. Agus bheadh cothrom cóir le fagháil ag an nGaedhilg ar chlár na sgol. Ní san tráthnóna a bheadh an cheacht Gaedhilge ar siubhal. Agus ní bheadh an Béarla i n-áirde ar fud na Gaedhealtachta mar atá. Cuimhnightear ar na neithibh seo atá áirimhthe againn agus annsin cuimhnightear ar an draoidheacht atá dar ndaoradh fá smacht an Bhuird. Dubhramar ar ball gur fearr féachaint le deaghchainnt agus laghacht sul má féachtar le neart, acht is soiléir go bhfuil ré na cainnte thart. Caithfear an troid do chur ar na sgoltachaibh feasta. Tá oidí agus bainis- teoirí agus coimisinéaraidhe ann agus tá siad i n-aghaidh na Gaedhilge. Cuirfidh troid ialach ortha malairt inntinne do dhéanamh. Tá na mílte Gaedhilgeoir nár airigh fós gleo na gcath — gleo na troda so. Cuirfidh troid misneach ionnta agus meallfaidh an gleo chugainn iad. Tá furmhór na mbainisteoirí linn cheana féin acht tá draoidheacht mhalluighthe orainn nach leigeann dúinn du ag cainnt leo i dtaobh na cúise. Céard é an draoidheacht so nach leigeann do Ghaedhealaibh dul ag cainnt le na sagartaibh fein chun cúis a dteangan do réidh- teach? Tá cumhacht ag na sagartaibh ar na hoidí agus tá cumhacht ag an bpobul ar na sagartaibh dá leigeadh an draoidheacht díbh dul chun cainnte leo. Támuid fá mhórchumaoin ag na bainisteoiríbh cheana. Rinne siad mórán ar son na teangan san am atá caithte. San troid atá ghá moladh againn ní mór dúinn féachaint go mbeidh siad ar ar dtaobh-na, agus ní mór dúinn gan rud a dhéanamh a chuirfeadh ar thaobh an fhir thall bainisteoir nó easbog nach bhfuil ar a thaobh cheana. Molmuid an troid seo do chur ar Ghalldachas go tapaidh agus go dian. Tá an Connradh ann anois le naoi mbliadhna déag. I gceann naoi mbliadhna déag ó indiu béidh cuid againn agus ní bheidh sé ar ar gcumas aon troid do dhéanamh. Beidh ciúineas againn sa gcill. An faid agus is beo dúinn bíodh gleo na gcath 'nar gcluasaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services