Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bord agus a Leanbhaidhe

Title
An Bord agus a Leanbhaidhe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Bord agus a Leanbhaidhe.



Is dóigh linn nár eirigh fós ariamh linn cur i
gcéill do'n Bhord Náisiúnta an rud atá uainn.
Ní thuigeann an Bord ar sgéal, nó má thuigeann
is cuma leo é. B'fhearr go mór féachaint chun
an sgéil a réidhteach leis an bhfear thall le
deaghchaint agus le lághacht 'ná dul ag troid
leis. Má theipeann ar an deaghchaint is ceart
annsin slighe eile a fhéachaint. Dá mba Gaedhil
dhílse na coimisinéaraidhe d'fhéadfadaois cúis
na Gaedhilge do réidhteach i n-achar ghearr.
Taisbeáinfidh an dílse ins na hoidíbh agus ins
na cigiríbh agus ins na leabhraibh. Dá mothuigheadh
na coimisinéaraidhe aon ghrádh aca féin do'n
teangain bheadh a fhios sin ag an saoghal Fódhlach.
Acht tá a mhalairt de sgéal ar fad ag muintir
Fhódhla i dtaobh lucht an Bhuird. Níl, de réir
mar is clos dúinnn, acht beirt árdchigirí sa
nGaedhealtacht a bhfuil Gaedhilg aca. Agus
tá óigchigirí ann agus masladh dá thabhairt do'n
teangain aca gach lá san aer. Tá riaghail ag an
mBord a chuireas fá gheasaibh iad fhéachaint
go mbéidh Gaedhilg ag leath de na cigiríbh nua.
Baineann na coimisinéaraidhe ciall dóibh féin
as an riaghail sin — féachfaidh siad nach mbeidh
eolus ar an nGaedhilg ag níos mó ná a leath.
Cuireann na cigirí agus an tslighe a dtoghtar
iad i gcéill do'n phobal neamhshuim an Bhuird
san nGaedhilg. Tá peataí eile ag an mBord,
leis, peataí a thógadar agus a d'oileadar féin —
le grádh do'n tír agus do'n Ghaedhilg. Tá timcheall
10,000 oide sgoile gan eolus ar an nGaedhilg
aca. Fuaireadar so a chéadsgoilidheacht i
sgoltachaibh an Bhuird agus chaitheadar an chuid
is mó aca, dhá bhliadhain an duine ar choláiste
fá sgáth an Bhuird. Ghléasadar agus d'ullmhuigh-
eadar iad féin le haghaidh obair an Bhuird, agus
na 10,000 sin d'oidibh na tíre, níor dubhradh
leo ariamh go mba chóir dóibh eolus do chur ar an
nGaedhilg. Bhíodar fá sgiathán an Bhuird ó'n
am ar fhágadar an cliabhán go dtí gur cuireadh
i mbun na sgoltacha iad, agus tá a shliocht
ortha. Dá mba toil leis an mBord an Ghaedhilg
do neartughadh agus do bhuanadh ní aga maslughadh
a bheadh cigirí an Bhuird. Dá mbeadh smaoineadh
ar bith aca leas a dhéanamh do'n teangain ni
bheadh 10,000 oide gan Gaedhilg i sgoltachaibh
na tíre. Cuirimís i gcás go raibh na coimisinéar-
aidhe ar aon aigne i dtaobh na teangan le
Connradh na Gaedhilge: bheadh gach aon chigire
agus timthire agus cléireach dá bhfuil ag an
mBord ag cuidiughadh le gluaiseacht na teangan;
bheadh na hárdchigirí ag brostughadh na n-oidí
agus ag tabhairt misnigh dóibh. Nuair a d'fheic-
feadh tuismí na ndaltaí sgoile na cigirí agus
meas aca ar an nGaedhilg mhéadóchaidhe ar a meas
féin uirthi agus thréigfidis an béarlóireacht
láireach. Seolann an Bord os cionn 500 nua-
oide gan Gaedhilg chugainn gach bliadhain. Dá
mbeadh na coimisinéaraidhe ar an aigne cheart
bheadh an Ghaedhilg ag gach uile oide nua. Agus
bheadh cothrom cóir le fagháil ag an nGaedhilg
ar chlár na sgol. Ní san tráthnóna a bheadh
an cheacht Gaedhilge ar siubhal. Agus ní bheadh
an Béarla i n-áirde ar fud na Gaedhealtachta
mar atá. Cuimhnightear ar na neithibh seo atá
áirimhthe againn agus annsin cuimhnightear ar an
draoidheacht atá dar ndaoradh fá smacht an
Bhuird. Dubhramar ar ball gur fearr féachaint
le deaghchainnt agus laghacht sul má féachtar
le neart, acht is soiléir go bhfuil ré na cainnte
thart. Caithfear an troid do chur ar na
sgoltachaibh feasta. Tá oidí agus bainis-
teoirí agus coimisinéaraidhe ann agus
tá siad i n-aghaidh na Gaedhilge. Cuirfidh troid
ialach ortha malairt inntinne do dhéanamh. Tá
na mílte Gaedhilgeoir nár airigh fós gleo na
gcath — gleo na troda so. Cuirfidh troid misneach
ionnta agus meallfaidh an gleo chugainn iad.
Tá furmhór na mbainisteoirí linn cheana féin
acht tá draoidheacht mhalluighthe orainn nach
leigeann dúinn du ag cainnt leo i dtaobh na
cúise. Céard é an draoidheacht so nach
leigeann do Ghaedhealaibh dul ag cainnt le na
sagartaibh fein chun cúis a dteangan do réidh-
teach? Tá cumhacht ag na sagartaibh ar na
hoidí agus tá cumhacht ag an bpobul ar na
sagartaibh dá leigeadh an draoidheacht díbh
dul chun cainnte leo. Támuid fá mhórchumaoin
ag na bainisteoiríbh cheana. Rinne siad mórán
ar son na teangan san am atá caithte. San
troid atá ghá moladh againn ní mór dúinn
féachaint go mbeidh siad ar ar dtaobh-na, agus
ní mór dúinn gan rud a dhéanamh a chuirfeadh
ar thaobh an fhir thall bainisteoir nó easbog
nach bhfuil ar a thaobh cheana. Molmuid an troid
seo do chur ar Ghalldachas go tapaidh agus go
dian. Tá an Connradh ann anois le naoi
mbliadhna déag. I gceann naoi mbliadhna
déag ó indiu béidh cuid againn agus ní bheidh
sé ar ar gcumas aon troid do dhéanamh. Beidh
ciúineas againn sa gcill. An faid agus is beo
dúinn bíodh gleo na gcath 'nar gcluasaibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services