Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhar do'n Ghaedhealtacht. Reachtaireacht Chearc.
Title
Comhar do'n Ghaedhealtacht. Reachtaireacht Chearc.
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhar do'n Ghaedhealtacht. Reachtaireacht Chearc. B'olc an mhaise dhúinn aon dul siar a dh'imtheacht ar an dtiúscal so na gcearc de dheascaibh gan cabhair gach éinne i nÉirinn do thabhairt do. Níor bh'fhonn le héinne baint de thairbhthe an tsaothair atá dá dhéanamh ag an Dipearment mar dá nglacfaidhe níosa coitchianta le na teagasg is mór go léir an bhreis a thiocfadh ar theacht isteach na tíre. Mar dheimhniughadh ar an maitheas atá ag dul dá shaothar ní beag a luadh annso go bhfuil a thrí oiread airgid dá dhéanamh a reachtaireacht éanlaithe i nÉirinn seachas mar a bhíodh. Acht dá fheabhas atá ag dul do'n ghnó go dtí so is féidir breis mhór do chur leis i n-aghaidh an lae. Tá rudaí ag cur i gcoinnibh an ghnótha fós agus ní fuláir féachaint chucha soin i ndáiríribh. Ceann des na rudaibh sin a dhaoire atá iompar na n-earraí chun an mhargaidh. Ní mór le rádh an daoire atá ar an iompar ar fairrge. Ni'l de thagairt annso acht do'n árd- chostas a ghabhann le hiompar earraí ar bhóithribh iarrainn na hÉireann. Tá brath agam go mbainfear ó'n gcostas so an túisce a gheibheann an Gaedheal riaradh na tíre chuige féin. 'N-a fhochair sin tá a lán eolais le cur ag na daoinibh a ghabhann le reachtaireacht éanlaithe — eolas agus tuiscint an ghnótha mar ní mór le rádh an dá nidh soin do dhul i gcabhair a chéile — sara mbeireann crích le feabhas an obair. Is minic gur truagh liom an tseana-chomhar do bhí ar siubhal idir chomharsanaibh a bheith ag imtheacht ar ceal uainn. Tá tréithe neamh- spleadhchais, mar dh'eadh, dá marbhughadh agus tá aimhleas na tíre dá dhéanamh dá dheascaibh. Doimhneacht agus tairbhtheach do ghaibh leis an bhfocal soin comhar agus dá bhféadfaidhe ciall an fhocail do chur i dtathaighe indiu fé'n nua-riar- shaoghail atá ag eirighe chugainn do b'fhearrde an tír agus lucht a comhnuighthe é. Mar sholaíd ar sin, dá dtagadh le muintir aon bhaile i nÉirinn teacht le chéile agus margadh do chur ar bun i gcóir éanlaithe nach iomdha slighe do thiocfadh sochar chucha dá bhárr. Bheadh díol agus ceannach na n-éanlaithe ar a dtoil féin agus do b'éidir i n-ann a gcuid earraí do chur uatha ar an bpingin is aoirde. An túisce a chuirfidhe an margadh ar bun do bheadh breis ag dul do shaothar éanlaithe mar bheadh ár mbantracht ag teacht isteach sa ghnó nuair do chifidís an tairbhthe ag teacht as. Tráth dá raibh ann agus do chimeádtaí an chearc chun dul ag piocadh agus ag píordáil mór thímcheall. Do dhéanfadh sé ana-thairbhthe mar sin maille le huibhe do sholáthar don tigh, acht le teacht na haimsire táthar ag cur leis an dtairbhthe sin. Cimeádtar anois le haighaidh bídh chomh maith le breith agus is minic daoine dá cimeád le haghaidh a cur i dtaisbeánt. Is breágh leó an deiseacht a ghabann le cineálaibh áirithe díobh. An bantam, cur i gcás. Ní mór le rádh na héanlaithe fiadhaigh acht na dhiaidh soin is áluinn go léir a fhéachann siad. Bíonn clúmh ar áilneacht ortha, agus ní lugha ná soin a gcruth agus a ndéanamh. Is mór ag an bhfiadhaighe ceann aca do lámhach. Ba ró-chumhang liom agus ba ró-ghairid damh an tslighe atá agam annso chun tiúscal na gcearc do réidhteach. Is mór leathan an gnó é ó do'n té a gheobhadh len ais a shaothrughadh. Tá cimeáduidhthe tighe na tíre seo dall ar an suidheamh riaghail a ghabhann le reachtaireacht foghanta na gcearc díreach fé mar atá na daoine i gcoitchianta dall i gcúrsaí tiúscalacha do cuirfeadh slacht agus treó ar fheabhas ar an dtír dá gcuirfidhe eolas le bunuadhas ar gach tiúscal díobh agus an t-eolas soin do chur i bhfeidhm gnótha. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services