Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhar do'n Ghaedhealtacht. Reachtaireacht Chearc.

Title
Comhar do'n Ghaedhealtacht. Reachtaireacht Chearc.
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comhar do'n Ghaedhealtacht.



Reachtaireacht Chearc.



B'olc an mhaise dhúinn aon dul siar a dh'imtheacht
ar an dtiúscal so na gcearc de dheascaibh gan
cabhair gach éinne i nÉirinn do thabhairt do.
Níor bh'fhonn le héinne baint de thairbhthe an
tsaothair atá dá dhéanamh ag an Dipearment
mar dá nglacfaidhe níosa coitchianta le na
teagasg is mór go léir an bhreis a thiocfadh
ar theacht isteach na tíre. Mar dheimhniughadh
ar an maitheas atá ag dul dá shaothar ní beag a
luadh annso go bhfuil a thrí oiread airgid dá
dhéanamh a reachtaireacht éanlaithe i nÉirinn
seachas mar a bhíodh.



Acht dá fheabhas atá ag dul do'n ghnó go dtí
so is féidir breis mhór do chur leis i n-aghaidh
an lae. Tá rudaí ag cur i gcoinnibh an ghnótha
fós agus ní fuláir féachaint chucha soin
i ndáiríribh. Ceann des na rudaibh sin a dhaoire
atá iompar na n-earraí chun an mhargaidh. Ní
mór le rádh an daoire atá ar an iompar ar
fairrge. Ni'l de thagairt annso acht do'n árd-
chostas a ghabhann le hiompar earraí ar bhóithribh
iarrainn na hÉireann. Tá brath agam go
mbainfear ó'n gcostas so an túisce a gheibheann
an Gaedheal riaradh na tíre chuige féin. 'N-a
fhochair sin tá a lán eolais le cur ag na daoinibh
a ghabhann le reachtaireacht éanlaithe — eolas
agus tuiscint an ghnótha mar ní mór le rádh
an dá nidh soin do dhul i gcabhair a chéile — sara
mbeireann crích le feabhas an obair.



Is minic gur truagh liom an tseana-chomhar
do bhí ar siubhal idir chomharsanaibh a bheith ag
imtheacht ar ceal uainn. Tá tréithe neamh-
spleadhchais, mar dh'eadh, dá marbhughadh agus
tá aimhleas na tíre dá dhéanamh dá dheascaibh.
Doimhneacht agus tairbhtheach do ghaibh leis an
bhfocal soin comhar agus dá bhféadfaidhe ciall an
fhocail do chur i dtathaighe indiu fé'n nua-riar-
shaoghail atá ag eirighe chugainn do b'fhearrde an
tír agus lucht a comhnuighthe é. Mar sholaíd ar
sin, dá dtagadh le muintir aon bhaile i nÉirinn
teacht le chéile agus margadh do chur ar bun i
gcóir éanlaithe nach iomdha slighe do thiocfadh
sochar chucha dá bhárr. Bheadh díol agus ceannach
na n-éanlaithe ar a dtoil féin agus do b'éidir
i n-ann a gcuid earraí do chur uatha ar an bpingin
is aoirde. An túisce a chuirfidhe an margadh
ar bun do bheadh breis ag dul do shaothar
éanlaithe mar bheadh ár mbantracht ag teacht
isteach sa ghnó nuair do chifidís an tairbhthe
ag teacht as.



Tráth dá raibh ann agus do chimeádtaí an
chearc chun dul ag piocadh agus ag píordáil
mór thímcheall. Do dhéanfadh sé ana-thairbhthe mar
sin maille le huibhe do sholáthar don tigh, acht
le teacht na haimsire táthar ag cur leis an
dtairbhthe sin. Cimeádtar anois le haighaidh
bídh chomh maith le breith agus is minic daoine dá
cimeád le haghaidh a cur i dtaisbeánt. Is
breágh leó an deiseacht a ghabann le cineálaibh
áirithe díobh. An bantam, cur i gcás. Ní
mór le rádh na héanlaithe fiadhaigh acht na dhiaidh
soin is áluinn go léir a fhéachann siad. Bíonn
clúmh ar áilneacht ortha, agus ní lugha ná soin
a gcruth agus a ndéanamh. Is mór ag an
bhfiadhaighe ceann aca do lámhach. Ba ró-chumhang
liom agus ba ró-ghairid damh an tslighe atá
agam annso chun tiúscal na gcearc do réidhteach.
Is mór leathan an gnó é ó do'n té a gheobhadh len
ais a shaothrughadh. Tá cimeáduidhthe tighe na
tíre seo dall ar an suidheamh riaghail a ghabhann
le reachtaireacht foghanta na gcearc díreach fé
mar atá na daoine i gcoitchianta dall i gcúrsaí
tiúscalacha do cuirfeadh slacht agus treó ar
fheabhas ar an dtír dá gcuirfidhe eolas le
bunuadhas ar gach tiúscal díobh agus an t-eolas
soin do chur i bhfeidhm gnótha.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services