Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Canamhna Arís!
Title
Na Canamhna Arís!
Author(s)
Mac Maoláin, Seaghan,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Canamhna Arís! Peataí trioblóideacha iad na canamhna seo. Ní thig liom féin shamhail níos fearr a tabhairt daobhtha ná mar bhéadh páisdí beaga ann. Bíonn siad seal ag cur aoibhnis orainn le n-a ndóigh- eannaí beag deasa, agus seal eile ag cur corruighe orainn le n-a gcrostacht. 'Siad canamhna chúigidh Uladh atá ag cur trioblóide orm-sa an iarraidh seo, agus ní h-í an chéad iarraidh í. Ní'l iongantas ar bith domh bheith fá bhuaidhreadh acú ach oiread. Tá cúigear na sheisear ann a bhfuil an bharamhail cheannainn chéadna acú de na canamha seo, agus tá mise beag bocht neamhshuimeamhail liom féin agus ó áthrach ar fad de bharamhail agam. Tá ceathair no cúig de bhliadhantaí ann ó dubhairt fear éigintach 'sa Chlaidheamh “that the Gaelic of Donegal was the same as that of North Connaught, only ‘more so’.” Chualaidh mé an sgéal céadna go minic ó shoin, agus chonaic me go minic ar pháipéar é. Badh é an port a bhí ag na sgríbhneóirí seo uilig nach bhfuil Gaedhilg Thír Chonaill cosmhail leis an Ghaedhilg a labhairtear i n-áiteacha eile fríd an chúigeadh ach gur beag nach ionann í fhéin agus Gaedhilg Chonnachta. Anois shílfeá nar bh'fhiú bheith ag cainnt ar rud mar seo, ach ní'l an cheist chomh beag-dhe-shuim sin, má dhearcthar go géar uirthi. Má támuid dá ríribh fá'n obair seo na Gaedhilge glacfamuid an dóigh is fusa agus is aith- ghiorraighe leis an Ghaedhilg a chur dhá labhairt i ngach áit i nÉirinn, ach ní bhéamuis dhá dheanadh sin dá bhféachamuis le canamhaint a bhrúghadh ar dhaoiní nár dhual daobhtha an chanamhaint sin. Féachadh le Gaedhilg na Mumhan a chur i mbéal mhuinntir Bhéal Feirsde agus — bhal, tá go leor ráidhte fá “thoradh” na hoibre sin. Ach cogar mé, a Ghaedheala an tuaiscirt, má tá an rud udaigh a dubhradh fá thaedhilg Thír Chonaill fíor, nár cheart daoibh cur i n-éadan na ndaoine a théid síos go Cloich Cheannfhaolaidh dh'fhoghluim canamhna atá comh héagcosamhail leis an chanamhaint a labhairtear i ngach áit eile fríd an Chúigeadh. Anois, “sin fáth mo ghearáin libh,” mar adubhairt an tsean-bhean: Ar son na fírinne atá mé ag sgríobhadh, agus chan le holc ar dhuine ar bith nó ar chanamhaint ar bith; agus 'sa dóigh go gcuiridh muid uilig eolas ar fhírinne an sgéil seo, beirim dubhshlán duine ar bith a chruthughadh nach bhfuil mé ceart nuair adeirim go bhfuil Gaedhilg Thír Chonaill dhá uair níos cosamhla le canamhaint ar bith eile a labhairtear i gCúigeadh Uladh, amach ó chanamhaint Rachlann, ná mar tá sí cosmhail leis an chanamhaint Chonnachtaigh is comhgaraighe thig duithe. Seaghan Mac Maoláin. 62 Sráid Madrid, Béal Feirsde.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services