Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Canamhna Arís!

Title
Na Canamhna Arís!
Author(s)
Mac Maoláin, Seaghan,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Canamhna Arís!



Peataí trioblóideacha iad na canamhna seo.
Ní thig liom féin shamhail níos fearr a tabhairt
daobhtha ná mar bhéadh páisdí beaga ann. Bíonn
siad seal ag cur aoibhnis orainn le n-a ndóigh-
eannaí beag deasa, agus seal eile ag cur
corruighe orainn le n-a gcrostacht. 'Siad
canamhna chúigidh Uladh atá ag cur trioblóide
orm-sa an iarraidh seo, agus ní h-í an chéad
iarraidh í. Ní'l iongantas ar bith domh bheith fá
bhuaidhreadh acú ach oiread. Tá cúigear na
sheisear ann a bhfuil an bharamhail cheannainn
chéadna acú de na canamha seo, agus tá mise
beag bocht neamhshuimeamhail liom féin agus ó
áthrach ar fad de bharamhail agam.



Tá ceathair no cúig de bhliadhantaí ann ó
dubhairt fear éigintach 'sa Chlaidheamh “that
the Gaelic of Donegal was the same as that
of North Connaught, only ‘more so’.” Chualaidh
mé an sgéal céadna go minic ó shoin, agus
chonaic me go minic ar pháipéar é. Badh é an
port a bhí ag na sgríbhneóirí seo uilig nach bhfuil
Gaedhilg Thír Chonaill cosmhail leis an Ghaedhilg
a labhairtear i n-áiteacha eile fríd an chúigeadh
ach gur beag nach ionann í fhéin agus Gaedhilg
Chonnachta.



Anois shílfeá nar bh'fhiú bheith ag cainnt ar
rud mar seo, ach ní'l an cheist chomh beag-dhe-shuim
sin, má dhearcthar go géar uirthi.



Má támuid dá ríribh fá'n obair seo na Gaedhilge
glacfamuid an dóigh is fusa agus is aith-
ghiorraighe leis an Ghaedhilg a chur dhá labhairt i
ngach áit i nÉirinn, ach ní bhéamuis dhá dheanadh
sin dá bhféachamuis le canamhaint a bhrúghadh
ar dhaoiní nár dhual daobhtha an chanamhaint sin.
Féachadh le Gaedhilg na Mumhan a chur i mbéal
mhuinntir Bhéal Feirsde agus — bhal, tá go leor
ráidhte fá “thoradh” na hoibre sin.



Ach cogar mé, a Ghaedheala an tuaiscirt, má
tá an rud udaigh a dubhradh fá thaedhilg Thír
Chonaill fíor, nár cheart daoibh cur i n-éadan na
ndaoine a théid síos go Cloich Cheannfhaolaidh
dh'fhoghluim canamhna atá comh héagcosamhail leis
an chanamhaint a labhairtear i ngach áit eile fríd
an Chúigeadh.



Anois, “sin fáth mo ghearáin libh,” mar adubhairt
an tsean-bhean: Ar son na fírinne atá mé ag
sgríobhadh, agus chan le holc ar dhuine ar bith
nó ar chanamhaint ar bith; agus 'sa dóigh go
gcuiridh muid uilig eolas ar fhírinne an sgéil seo,
beirim dubhshlán duine ar bith a chruthughadh nach
bhfuil mé ceart nuair adeirim go bhfuil Gaedhilg
Thír Chonaill dhá uair níos cosamhla le canamhaint
ar bith eile a labhairtear i gCúigeadh Uladh, amach
ó chanamhaint Rachlann, ná mar tá sí cosmhail leis
an chanamhaint Chonnachtaigh is comhgaraighe thig
duithe.



Seaghan Mac Maoláin.



62 Sráid Madrid,
Béal Feirsde.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services