Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Na Longa ar Eilteoig. (ó n-ár nuaidheachtaidhe féin).
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Na Longa ar Eilteoig. (ó n-ár nuaidheachtaidhe féin).
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Na Longa ar Eilteoig. (ó n-ár nuaidheachtaidhe féin). Do chuadhamar go Baile na Lobhar um thráthnóna Dia Sathairn go bhfeicimis eiteallach an cheathrair eiteallóirí a tháinig ann chum bheith ag iomaidh le n-a chéile. Bhíomar sa láthair ar a haon a chlog, acht b'éigean dúinn foighid do dhéanamh, mar bhí sé d'éis a dó a chlog sul a ndearnadh aon rud. Bhí an áit breac ballach plúchta le daoinibh de gach aon tsórt a tháinig ann chum bheith ag dearcaint ar na longaibh ar eilteoig ar feadh nóimintín. Bhí gluaisteánaidhthe agus rothaidhthe; traenaidhthe agus fiú coisidhthe ann — a shár-fhios againn an dream déidheanach a bheith i láthair agus sinn féin ortha! Dob' iongantach a raibh de ghluaisteánaibh ar an mbóthar féin i n-éagmuis a raibh istigh sa Pháirc. Bhí gearrchaile óg ar an mball agus ó thárla nach raibh a atharrach le déanamh aici um an dtaca sain do chomhairimh sí an méid gluais- teán do bhí ar amharc aici agus b'é deireadh a comhairimh céad agus octmhógha ceann díobh do bheith ar an mbóthar a threoruigheas go Baile na Lobhar ó Charraig na Sionnach! Nach follus as sain caidé an mhéid de shluaighthtibh daoine bhí i mBaile na Lobhar agus iongantas dá dhéanamh ag a bhfurmhór de na longaibh ar eilteóig comh luath is do chonncadar ar eiteoig iad? Ní hiongnadh sain, ámh, agus gurab annamh sin amharc aca ar a leithéidíbh. Bhí sé fiche nóimiot d'éis a dó sul a bhfacamar an chéad long ar eilteoig. Ní túisg do chonn- camar ná mar d'fhéachamar go géar grinn air agus do léigheamar na focail “Daily Mail” fá n-a bhun. B'é M.Salmet bhí ar eiteoig agus seacht nóimiot do chaith sé leis. Do eitill sé leis go dtáinig sé os cionn Cairrge na Sionnach nó b'fhéidir ní ba shia ar siubhal uainn agus do chas sé annsain go raibh sé i n-aice bairr Shléibhe Ruaidh. Bhí ceó ar an gcnoc sain acht do sheachain sé é féin air le barr a chlis- teachta agus do thuirling go haicillidhe agus go hathchomhair ins an pháirc i ngar do fhód a ghluais- eachta. Thuit sé i dtreó na talmhan cuairt nó dhó agus é ar eiteoig ar chuma go raibh sé ag bogadh agus ag bogadaigh ar nós do chuir critheagla ar mhórán dá raibh ann, acht thuigeadar i ndeireadh na dála go raibh smacht agus acmhuinn ag M.Salmet ar a ghléas eiteallaighe, agus do mholadar go mór é le greadadh bas. Is dócha gur diomdhach a bhí na heiteallóirí eile den eiteallaigh sin ag M.Salmet. D'aith- nigheadar ar an mbogadaigh agus ar an luasgadh úd aige go raibh an t-aer mágcuairt Bhaile na Lobhar cleasach lúbach fán tráth sin. Bhíodar i gcás idir dhá chomhairle ciaca rachaidís ag eiteallaigh nó nach rachaidís. 'Siad so ainmneacha na n-iomadhthóirí, Astley agus Uleantine, Sasanaigh, agus Arthur agus Porte a thug Éireannaigh ortha féin. Níor thaitin an ghaoth- mhaireacht agus an ceothbhrán leó i n-éan chor, agus b'é deireadh an sgéil nach ndeachaidh acht beirt aca i dtreó Béil Feirste ar eiteoig, agus b'iad sain an bheirt Shasanach. Acht maidir linn féin, nuair a bhí sé ag druidim le n-a ceathair, do shaoileamair-ne, mar do shaoil cách, nach beadh aon eiteallach eile ann i ndiaidh eiteallaighe M.Salmet, agus thugamar aghaidh ar an mbaile. D'fhainiceamar sinn féin ar na táintibh gluaisteán agus cárr (Bhí carranna de gach aon tsórt ann) comh maith agus d'fhéadamar agus d'ionntuigheamar ar ár láimh ndeis agus do bhuaileamar an bóthar trasna go dtángamar go Baile an Tiobrad, áit a bhfuil stáisiún an bhóthair iarainn agus as sain go righin réidh ar ár suaimhneas gur bhaineamar amach an baile arís. Do casadh duine aithnidhe orainn — fear a tháinig ón mbóthar iarainn mar a bhfuil an Charraig Dhubh — agus do bhíomar comh deimhnightheach sain go raibh deireadh le spórt an lae go ndubhramar leis, má b'ag triall ar Bhaile na Lobhar a bhí sé, go mbeadh a chuaird i n-aistear aige agus an eiteallach dhéidheanach déanta ann; thárla, ámh, nach raibh uaidh acht siubhal ón gCarraig go Baile an Tiobrad .i. ó bhóthar iarainn Dhúin Laoghaire go dtí bóthar iarainn Thighe Lorgán agus an traen a bhaint amach thar n-áis i dtreó na cathrach. Seadh, is ar éigin a bhíomar sa bhaile thar n-ais agus sinn i n-ár suidhe i n-éadan béile bhig bídh (bhí an ocras orainn ó aer úr Bhaile na Lobhar) nuair seo chugainn “an siot 's an fuaim 's an fothram” ag an luing ar eilteoig i n-áirde agus í ag teacht faoi n-ár dtuairim-ne go díreach. Do bhuaileamar uile go léir amach agus cad do bhí ann acht éanphlánán ar an spéir, é go díreach ós ár gcionn ceithre chéad troigh i n-áirde nó isteach is amach leis, a aghaidh ar Bheinn Éadair, mar do shaoileamar, agus a thriall ar Bhéal Feirste do réir dheallraidh. Dob' álainn iongantach an t-amharc é ag duine mar mise nach bhfaca a leithéid d'aorphlánán ariamh roimhe sin, acht mé go dtí sain i dtaoibh le n-a mhacas- samhail ar na páipéarthaibh piocthúrdha. Do dhearc- amar ár sáith air an fhaid a bhí sé ar amharc agus do bhuaileamar isteach arís i gcionn ár mbéile bídh, acht is beag má bhíomar réidh leis sin nuair seo chugainn an ath-long ar eilteoig agus “an siot 's an fuaim 's an fothram” aici fá mar do bhí ag an gcéad cheann. Tháinig sí, mar do tháinig an chéad cheann, go díreach ós ár gcionn acht amháin í bheith beagán ní ba ghoire do thaoibh ár láimhe deise agus ár n-aghaidh againn ar Bheinn Éadair, do réir ár dtuairime agus sinn a hamharc na beinne móire sin ar fad. Ba le hÁstley an chéad aorphlánán do chonncamar agus an t-ath-éanphlánán ba le Ualentine é. Ba bhreagh cródha an bheirt iad, dul go Béal Feirste a leithéid do lá agus chleasaighe agus lúbaidhe a bhí an t-aer faoi n-a gcomhair. Chímíd ar na páipéarthaibh gur fhág Ualentine Baile na Lobhar ar 4.27 iarnóin agus go raibh sé i n-áirde i dtreó Bheinne Éadair agus é os cionn Suthúin ar 4.36 iarnóin. Buaileann sain naoi nóimití ó Bhaile na Lobhar go Beinn Éadair agus naoi míle atá eatorra go díreach, mar théid an t-éan. Is ionann an siubhal a bhí fá Ualentine dá bhrígh sin agus míle i n-aghaidh an nóimit, agus má lean sé dhe ar an gcuma sain bhí sé i mBéal Feirste ar 6.37 nó fán tuairim sin. An siubhal fós a bhí fá Ualentine deiridh muintir Shuthúin gur sgiobtha go mór é ná mar a bhí fá Astley, agus dá bhárr sain is dócha gurab é an chéad duine is túisge do bhain Baile Mórdhála .i. Baile Muighe Luan amach. Cúpla nóimiot i ndiaidh na beirte sin agus gan súil againn le n-a thuilleadh, do chonncamar an long ar eilteoig eile acht ní ar fad faoi n-ár dtuairim-ne é. Tháinig sí os cionn Páirce againne comh fada le cúrsa an ghoilbh agus ní dheachaidh sí thar a theorainn sin. B'in é, is dócha, Deasmhumhnach Mac Arthúir nó Lieutenant Porte munab é M.Salmet féin a bhí ann arís ar eiteoig. Pé duine bhí ann, do chas sé thar a ais at túisge go ráinig sé an cúrsa agus a aghaidh ar Chnoc Chille hInghine Léinín mar do shaoileamar, acht ní cosmhail go ndeacha sé comh fada sain, acht filleadh, do réir dheallr- raidh, ar Bhaile na Lobhar. Ní fhacamar a thuilleadh acht támaoid ag tuar go bhfacamar deireadh na tallainne ar dhóigh ar bith. D'árduigheamar ár seólta agus ar a cúig a chlog iarnóin do bhuaileamar bóthar na Cairrge, áit a raibh “cathaoir gan chapall” ar an uair chinnte le sinne thabhairt chum na cathrach, agus ba ghearr go rabhamar i Sreith na nIartharaighe. Thugamar sgiúird agus rúide annsain fán gcathair go tric tapaidh sgioptha sgafánta agus do bhíomar ar ais i Sreith na nIartharaighe fiche nóimiot d'éis a seacht agus do thuit an trioll ar an treall againn nuair do nocht ossaróir éigin dúinn sa stáisiún nach beadh traen ann go dtí ceathramha dhá hocht! Agus sinn i n-ár dtrosgadh, dínnéir le bheith againn ar a seaht mar ba ghnáthach, agus an uair sin thiar orainn cheana! Acht is gairid gur tógbhadh an brón sain d'ár gcroidhe, má bhí sé riamh orainn. Do bhuail duine uasal linn — duine iasachta — ar phort na traenach agus do chuir sé furán orainn, agus d'fhiafuigh sgéala na n-aorphlánán dínn, faisnéis ar bith dhó fútha. Thugamar ar nuaidheacht dó, ar chuma gur chuireamar árd-iongantas air, go ndubhairt sé “Go deimhin féin, tá an nuaidheacht is déidheanaighe ar bith agat-sa!” Do shaoil sé san uair sin fein, is dócha, gur bh'fhearr nuaidheacht sinn ná “An Teachtaire Teintreacht” nó “an Mála Tráthnóna” nó “An Bollsgaire Tráthnóna.” Nuair do innseamar dó go bhfacthas an dá luing ar eilteoig os cionn Beinne nEadair fá dheoidh, dob' éigean dúinn a nochtadh dhó cia hí an bhean uasal do innis an sgéal sain dúinn — bhí sise i mullach an tighe bairr, 'mo bharamhail, ar chúlaibh na Cairrge, nuair a chonnaic sí iad. Acht an focal sain adubhairt sé, i dtaobh déidheanaighe mo nuaidh- eachta, d'fhág sé sásamh éigin aigne orm do bhain an t-ocras díom gur bhaineas an baile amach arís. Bhíomar ag dul i gcarthannas le n-a chéile go mór. Do nocht sé dhamh go raibh sé féin i mBaile na Lobhar an lá sain agus do bhfaca sé M. Salmet ag eiteallaigh, acht gur bh'in é an méid do channaic sé. Bhí sé ag dul ó Bhaile Átha Cliath go Brí Chualainn, acht do chuir gnó na heiteallaidhge cathughadh air agus, ar gclos dó go bhfuigheadh sé traen eile go Brí gan tiobadh, 'sé rud do rinne sé ná tuirling ag Carraig na Sionnach agus a aghaidh do thabhairt ar Bhaile na Lobhar. D'fhág sé an áit sin ar a trí a chlog agus do shaoil sé an bóthar iarainn do bhualadh arís go Brí acht do bhí an smaoineadh sain i n-a fhásach air, mar ní raibh urmhór na dtraentacha an lá sain, is cosmhail, acht idir an chathair agus Baile na Lobhar. B'éigean dó filleadh ar an gcathair agus teacht go Sreith na nIartharaighe i ndeireadh na dála. Nuair a leag sé a shúil orainne, is cosmhail go ndubhairt sé leis féin: “Seo duine go bhfuil a dheallradh air é bheith 'na chomhnaidhe i gcomhur- fanacht Bhaile na Lobhar agus beidh gach aon nuaidheacht aige dá bhárr.” Ní meallta bhí sé i n-a thuairim mhaith riamh, dom' dhóigh, nuair a bhi deireadh aige liom. Bhíomar ag dul i gcarthannas, mar adubhart cheana, acht faraor dóighte! tháinig “críochnuightheoir na spalaidheacht” .i. an traen, agus bhíos im chaonaidhe aonair uirthi gur shroicheas an Carraig ar ais. Iar-chomharthughadh. Fuaramar fios ó shoin nach deachaidh Astley ná Ualentine chomh fada le Béal Feirste. Thuirling an chéad fhear i n-aice Rinne Dhúin Ána agus an t-ath-fhear do thuirling sé i bpáirc bhig i gClochóigh, baile beag i ngar do Iubhar Chinn Trágha. D'fhóbair go maireobhfaidhe Ualentine ag cuafach gaoithe a tháinig air agus é idir Droichead Átha agus an Sráidbhaile. Do tionntuigheadh timcheall é ar nós gur bh'éigean dó tuirling. Léighmíd gurab é Porte do eitill comh fada le Páirc againne, d'éis gluaiseachta na beirte eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services