Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Na Longa ar Eilteoig. (ó n-ár nuaidheachtaidhe féin).

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Na Longa ar Eilteoig. (ó n-ár nuaidheachtaidhe féin).
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Na Longa ar Eilteoig.
(ó n-ár nuaidheachtaidhe féin).



Do chuadhamar go Baile na Lobhar um thráthnóna
Dia Sathairn go bhfeicimis eiteallach an cheathrair
eiteallóirí a tháinig ann chum bheith ag iomaidh le
n-a chéile. Bhíomar sa láthair ar a haon a chlog,
acht b'éigean dúinn foighid do dhéanamh, mar
bhí sé d'éis a dó a chlog sul a ndearnadh aon rud.
Bhí an áit breac ballach plúchta le daoinibh de gach
aon tsórt a tháinig ann chum bheith ag dearcaint
ar na longaibh ar eilteoig ar feadh nóimintín. Bhí
gluaisteánaidhthe agus rothaidhthe; traenaidhthe
agus fiú coisidhthe ann — a shár-fhios againn an
dream déidheanach a bheith i láthair agus sinn féin
ortha! Dob' iongantach a raibh de ghluaisteánaibh
ar an mbóthar féin i n-éagmuis a raibh istigh sa
Pháirc. Bhí gearrchaile óg ar an mball agus ó
thárla nach raibh a atharrach le déanamh aici um
an dtaca sain do chomhairimh sí an méid gluais-
teán do bhí ar amharc aici agus b'é deireadh a
comhairimh céad agus octmhógha ceann díobh do
bheith ar an mbóthar a threoruigheas go Baile na
Lobhar ó Charraig na Sionnach! Nach follus
as sain caidé an mhéid de shluaighthtibh daoine bhí i
mBaile na Lobhar agus iongantas dá dhéanamh
ag a bhfurmhór de na longaibh ar eilteóig comh
luath is do chonncadar ar eiteoig iad? Ní
hiongnadh sain, ámh, agus gurab annamh sin
amharc aca ar a leithéidíbh.



Bhí sé fiche nóimiot d'éis a dó sul a bhfacamar
an chéad long ar eilteoig. Ní túisg do chonn-
camar ná mar d'fhéachamar go géar grinn air
agus do léigheamar na focail “Daily Mail”
fá n-a bhun. B'é M.Salmet bhí ar eiteoig agus
seacht nóimiot do chaith sé leis. Do eitill
sé leis go dtáinig sé os cionn Cairrge na
Sionnach nó b'fhéidir ní ba shia ar siubhal uainn
agus do chas sé annsain go raibh sé i n-aice
bairr Shléibhe Ruaidh. Bhí ceó ar an gcnoc sain
acht do sheachain sé é féin air le barr a chlis-
teachta agus do thuirling go haicillidhe agus go
hathchomhair ins an pháirc i ngar do fhód a ghluais-
eachta. Thuit sé i dtreó na talmhan cuairt
nó dhó agus é ar eiteoig ar chuma go raibh sé
ag bogadh agus ag bogadaigh ar nós do chuir
critheagla ar mhórán dá raibh ann, acht thuigeadar
i ndeireadh na dála go raibh smacht agus acmhuinn
ag M.Salmet ar a ghléas eiteallaighe, agus do
mholadar go mór é le greadadh bas.



Is dócha gur diomdhach a bhí na heiteallóirí
eile den eiteallaigh sin ag M.Salmet. D'aith-
nigheadar ar an mbogadaigh agus ar an luasgadh
úd aige go raibh an t-aer mágcuairt Bhaile na
Lobhar cleasach lúbach fán tráth sin. Bhíodar
i gcás idir dhá chomhairle ciaca rachaidís ag
eiteallaigh nó nach rachaidís. 'Siad so ainmneacha
na n-iomadhthóirí, Astley agus Uleantine,
Sasanaigh, agus Arthur agus Porte a thug
Éireannaigh ortha féin. Níor thaitin an ghaoth-
mhaireacht agus an ceothbhrán leó i n-éan chor,
agus b'é deireadh an sgéil nach ndeachaidh acht
beirt aca i dtreó Béil Feirste ar eiteoig, agus
b'iad sain an bheirt Shasanach.



Acht maidir linn féin, nuair a bhí sé ag druidim
le n-a ceathair, do shaoileamair-ne, mar do shaoil
cách, nach beadh aon eiteallach eile ann i ndiaidh
eiteallaighe M.Salmet, agus thugamar aghaidh
ar an mbaile. D'fhainiceamar sinn féin ar na
táintibh gluaisteán agus cárr (Bhí carranna
de gach aon tsórt ann) comh maith agus
d'fhéadamar agus d'ionntuigheamar ar ár láimh
ndeis agus do bhuaileamar an bóthar trasna go
dtángamar go Baile an Tiobrad, áit a bhfuil
stáisiún an bhóthair iarainn agus as sain go
righin réidh ar ár suaimhneas gur bhaineamar amach
an baile arís. Do casadh duine aithnidhe
orainn — fear a tháinig ón mbóthar iarainn mar
a bhfuil an Charraig Dhubh — agus do bhíomar
comh deimhnightheach sain go raibh deireadh le spórt
an lae go ndubhramar leis, má b'ag triall
ar Bhaile na Lobhar a bhí sé, go mbeadh a chuaird
i n-aistear aige agus an eiteallach dhéidheanach
déanta ann; thárla, ámh, nach raibh uaidh acht
siubhal ón gCarraig go Baile an Tiobrad .i.
ó bhóthar iarainn Dhúin Laoghaire go dtí bóthar
iarainn Thighe Lorgán agus an traen a bhaint
amach thar n-áis i dtreó na cathrach.



Seadh, is ar éigin a bhíomar sa bhaile thar n-ais
agus sinn i n-ár suidhe i n-éadan béile bhig bídh
(bhí an ocras orainn ó aer úr Bhaile na Lobhar)
nuair seo chugainn “an siot 's an fuaim 's an
fothram” ag an luing ar eilteoig i n-áirde agus
í ag teacht faoi n-ár dtuairim-ne go díreach. Do
bhuaileamar uile go léir amach agus cad do
bhí ann acht éanphlánán ar an spéir, é go díreach
ós ár gcionn ceithre chéad troigh i n-áirde nó
isteach is amach leis, a aghaidh ar Bheinn Éadair,
mar do shaoileamar, agus a thriall ar Bhéal
Feirste do réir dheallraidh. Dob' álainn
iongantach an t-amharc é ag duine mar mise nach
bhfaca a leithéid d'aorphlánán ariamh roimhe
sin, acht mé go dtí sain i dtaoibh le n-a mhacas-
samhail ar na páipéarthaibh piocthúrdha. Do dhearc-
amar ár sáith air an fhaid a bhí sé ar amharc agus
do bhuaileamar isteach arís i gcionn ár mbéile
bídh, acht is beag má bhíomar réidh leis sin nuair
seo chugainn an ath-long ar eilteoig agus “an
siot 's an fuaim 's an fothram” aici fá mar
do bhí ag an gcéad cheann. Tháinig sí, mar do
tháinig an chéad cheann, go díreach ós ár gcionn
acht amháin í bheith beagán ní ba ghoire do thaoibh
ár láimhe deise agus ár n-aghaidh againn ar
Bheinn Éadair, do réir ár dtuairime agus sinn
a hamharc na beinne móire sin ar fad. Ba
le hÁstley an chéad aorphlánán do chonncamar
agus an t-ath-éanphlánán ba le Ualentine é.
Ba bhreagh cródha an bheirt iad, dul go Béal
Feirste a leithéid do lá agus chleasaighe agus
lúbaidhe a bhí an t-aer faoi n-a gcomhair.
Chímíd ar na páipéarthaibh gur fhág Ualentine
Baile na Lobhar ar 4.27 iarnóin agus go raibh
sé i n-áirde i dtreó Bheinne Éadair agus é os
cionn Suthúin ar 4.36 iarnóin. Buaileann
sain naoi nóimití ó Bhaile na Lobhar go Beinn
Éadair agus naoi míle atá eatorra go díreach,
mar théid an t-éan. Is ionann an siubhal
a bhí fá Ualentine dá bhrígh sin agus míle i
n-aghaidh an nóimit, agus má lean sé dhe ar an
gcuma sain bhí sé i mBéal Feirste ar 6.37
nó fán tuairim sin. An siubhal fós a bhí fá
Ualentine deiridh muintir Shuthúin gur sgiobtha
go mór é ná mar a bhí fá Astley, agus
dá bhárr sain is dócha gurab é an chéad duine is
túisge do bhain Baile Mórdhála .i. Baile Muighe
Luan amach.



Cúpla nóimiot i ndiaidh na beirte sin agus
gan súil againn le n-a thuilleadh, do chonncamar
an long ar eilteoig eile acht ní ar fad faoi
n-ár dtuairim-ne é. Tháinig sí os cionn
Páirce againne comh fada le cúrsa an ghoilbh
agus ní dheachaidh sí thar a theorainn sin. B'in
é, is dócha, Deasmhumhnach Mac Arthúir nó
Lieutenant Porte munab é M.Salmet féin
a bhí ann arís ar eiteoig. Pé duine bhí ann, do
chas sé thar a ais at túisge go ráinig sé an cúrsa
agus a aghaidh ar Chnoc Chille hInghine Léinín mar
do shaoileamar, acht ní cosmhail go ndeacha
sé comh fada sain, acht filleadh, do réir dheallr-
raidh, ar Bhaile na Lobhar.



Ní fhacamar a thuilleadh acht támaoid ag tuar
go bhfacamar deireadh na tallainne ar dhóigh ar
bith. D'árduigheamar ár seólta agus ar a
cúig a chlog iarnóin do bhuaileamar bóthar na
Cairrge, áit a raibh “cathaoir gan chapall”
ar an uair chinnte le sinne thabhairt chum na
cathrach, agus ba ghearr go rabhamar i Sreith na
nIartharaighe. Thugamar sgiúird agus rúide
annsain fán gcathair go tric tapaidh sgioptha
sgafánta agus do bhíomar ar ais i Sreith na
nIartharaighe fiche nóimiot d'éis a seacht agus do
thuit an trioll ar an treall againn nuair do
nocht ossaróir éigin dúinn sa stáisiún nach
beadh traen ann go dtí ceathramha dhá hocht!
Agus sinn i n-ár dtrosgadh, dínnéir le bheith
againn ar a seaht mar ba ghnáthach, agus an uair
sin thiar orainn cheana! Acht is gairid gur
tógbhadh an brón sain d'ár gcroidhe, má bhí sé
riamh orainn. Do bhuail duine uasal linn —
duine iasachta — ar phort na traenach agus do
chuir sé furán orainn, agus d'fhiafuigh sgéala
na n-aorphlánán dínn, faisnéis ar bith dhó
fútha. Thugamar ar nuaidheacht dó, ar chuma
gur chuireamar árd-iongantas air, go
ndubhairt sé “Go deimhin féin, tá an nuaidheacht
is déidheanaighe ar bith agat-sa!” Do shaoil
sé san uair sin fein, is dócha, gur bh'fhearr
nuaidheacht sinn ná “An Teachtaire Teintreacht”
nó “an Mála Tráthnóna” nó “An Bollsgaire
Tráthnóna.” Nuair do innseamar dó go
bhfacthas an dá luing ar eilteoig os cionn
Beinne nEadair fá dheoidh, dob' éigean dúinn a
nochtadh dhó cia hí an bhean uasal do innis an
sgéal sain dúinn — bhí sise i mullach an tighe
bairr, 'mo bharamhail, ar chúlaibh na Cairrge,
nuair a chonnaic sí iad. Acht an focal sain
adubhairt sé, i dtaobh déidheanaighe mo nuaidh-
eachta, d'fhág sé sásamh éigin aigne orm do bhain
an t-ocras díom gur bhaineas an baile amach
arís. Bhíomar ag dul i gcarthannas le n-a chéile
go mór. Do nocht sé dhamh go raibh sé féin i
mBaile na Lobhar an lá sain agus do bhfaca sé
M. Salmet ag eiteallaigh, acht gur bh'in é an
méid do channaic sé. Bhí sé ag dul ó Bhaile
Átha Cliath go Brí Chualainn, acht do chuir gnó
na heiteallaidhge cathughadh air agus, ar gclos
dó go bhfuigheadh sé traen eile go Brí gan
tiobadh, 'sé rud do rinne sé ná tuirling ag
Carraig na Sionnach agus a aghaidh do thabhairt
ar Bhaile na Lobhar. D'fhág sé an áit sin ar a
trí a chlog agus do shaoil sé an bóthar iarainn do
bhualadh arís go Brí acht do bhí an smaoineadh
sain i n-a fhásach air, mar ní raibh urmhór na
dtraentacha an lá sain, is cosmhail, acht idir an
chathair agus Baile na Lobhar. B'éigean dó
filleadh ar an gcathair agus teacht go Sreith
na nIartharaighe i ndeireadh na dála. Nuair
a leag sé a shúil orainne, is cosmhail go
ndubhairt sé leis féin: “Seo duine go bhfuil
a dheallradh air é bheith 'na chomhnaidhe i gcomhur-
fanacht Bhaile na Lobhar agus beidh gach aon
nuaidheacht aige dá bhárr.” Ní meallta bhí sé
i n-a thuairim mhaith riamh, dom' dhóigh, nuair a bhi
deireadh aige liom. Bhíomar ag dul i gcarthannas,
mar adubhart cheana, acht faraor dóighte!
tháinig “críochnuightheoir na spalaidheacht” .i.
an traen, agus bhíos im chaonaidhe aonair uirthi
gur shroicheas an Carraig ar ais.



Iar-chomharthughadh.



Fuaramar fios ó shoin nach deachaidh Astley ná
Ualentine chomh fada le Béal Feirste. Thuirling
an chéad fhear i n-aice Rinne Dhúin Ána agus an
t-ath-fhear do thuirling sé i bpáirc bhig i gClochóigh,
baile beag i ngar do Iubhar Chinn Trágha.
D'fhóbair go maireobhfaidhe Ualentine ag cuafach
gaoithe a tháinig air agus é idir Droichead Átha
agus an Sráidbhaile. Do tionntuigheadh
timcheall é ar nós gur bh'éigean dó tuirling.
Léighmíd gurab é Porte do eitill comh fada le
Páirc againne, d'éis gluaiseachta na beirte
eile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services