Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Crúb an tSasanaigh.
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Crúb an tSasanaigh.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Crúb an tSasanaigh. Is dóigh liom go bhfuil daoine ann a mheasann go bog soineannta gur cuma le Seaghán Buidhe an Ghaedhilg do bheith ann nó as. Acht tá mear- bhall ortha, agus ní'l ortha acht cúrsaí Sheagháin 'sa ' tír seo do thabhairt fá deara go géar- chúiseach ar feadh sgaithimh ghirr go dtuigidh siad féin go bhfuil mearbhall ortha. Tchidhtear damhsa ar cuma ar bith go bhfuil sé comh sóiléir le gréin an mheadhon-lae gurab é an rud atá ó Sheaghán indiú an rud céadna do bhí ó'n Diúc Clárence nuair chuir sé dligheadh pionasach Chill Coinnigh i bhféidhm, an rud do bhí ó Shíbéal, bain- rioghan, agus a cuid comhairleach ó Chromuil agus ó Uilliam agus Pitt agus ó gach Sasanach a raibh baint aige le cúrsaí poibidheachta ó shoin i leith. Is é an rud sin Gaedheala do Ghallughadh nó do chur faoi chois. Gach uile rud a bhaineann le Ghaedhealaibh do chur ar neimh-ní agus do ghlanadh as amharc agus as cuimhniughadh, agus mar do sháruigh ortha an cineadh Gaedheal do dhith-láithriughadh nó do thiomáint as Éirinn, an Ghaedhealtacht do mhaolughadh ionnainn agus Gaill do dhéanamh asainn a bhéas díleas do'n Impireacht Ghallda agus a dhéanfas dearmad gur Gaedheala sin a bhfuil stair agus sean- chuimhniughadh ar leith againn. Féach cúrsaí an lae indiú féin. Tá ar n-oideachas i lámhaibh Sheagháin mar tá gréim aige ar ar sparán, agus goidé an úsáid a ghní sé de'n chumhacht atá aige? Cuireann sé Búird ós cionn an oideachais s'againne atá díleaás dó féin agus a chuireann gach cosg is féidir leo ar oideachas Ghaedhealach agus a ghlacann anchuid saothair ionnas nach bhfuighbhe ar bpáisde aon eolas ar stair a sinnsir. Agus má eirigheann bord aca seo beagán neamh- thuilleamach dó ní bheidh lá suaimhnis aige go gcuifidh sé srian ina bhéal. Chuir sé Iolsgoil ar bun dúinn roinnt bliadhan ó shoin agus cheap Bórd dí é féin a mheas sé do bheith umhall do féin go cionn seacht mbliadhan ar a laghad. Agus gan amhrus bheadh siad umhal dó go broinn na Brátha b'fhéidir acht gur thuit tubaiste amach dóibhsean agus dó san. Mar is béas dó, chá dtug sé go leor airgid do'n Iolsgoil acht thug sé cead do chomhairlighthibh pubhlidhe na hÉireann tuilleadh airgid do chur leis an méid a thug sé féin as chánachaibh áiteamhla na tíre. B'fhéidir gur mheas sé nac dtiubhradh na comhairlighthe aon chongamh uatha, go mbainfeadh an stiocaracht leobhtha, nach mbeadh mórán bríghe san Iolsgoil dá bharr agus go bhféadfadh sé ann sin an cáineadh agus an milleán do chur orainn féin mura, n-éireochaidh leis an Iolsgaoil. Acht ní amhlaidh do thárlaigh. Bhí na comhairlighthe toilteanach go leor an t-airgead do bhailiughadh agus do thabhairt do'n Iolsgoil — ar choingioll. Agus sé an choingioll do theastuigh uatha go mbeadh oideachas Gheadhealach le fághail ar sgoláiribh na hIolsgoile. Rinne Seanaid na hIolsgoile iarraidh ar a bheith díleas do'n fhear a chuir ann iad agus gan glacadh leis an choinghioll. Acht theastuigh an t-airgead agus na sgoláirí uatha agus b'éigin dóbhtha géilleadh. An raibh Seaghán sásta leis an margadh rinne an tSeanaid? Éist is cluinfidh tú. Chár leig sé mórán air go dearbhtha acht thoisigh sé ag machtnadh ar an dóigh is feárr leis an margadh a bhriseadh agus cosg do chur leis an oideachs Gaedhealach san Iolsgoil. Anois féin tá toradh a shaothair agus a bheartuigheachta againn. Agus seo é an cleas atá ceaptha aige. Tá cuid mhaith airgid ar láimh aige le fada ar sgiob sé ó am go ham ó'n méid do bhíodh ag gabhail do oideachas i nÉirinn i gceart agus tuigeadh go maith go raibh an t-airgead seo aige. Is amhlaidh do bhíodh daoine ag éileamh an airgid uaidh. Dubhairt sé sa deireadh go dtiubhradh sé arais £10,000 dé i bhfuirm sgoláireacht do pháistibh le hiad a sheoladh ó na bun-sgoltaibh go dtí na sgoltaibh meadhonacha. Agus do mhaoidhimh sé a fhéile féin amhail is dá mbudh pronntanas as a phóca féin é. Acht do chuir sé coingioll leis an fhéile agus ins an choingioll sin tá an chleasaidheacht ar ar mhachtnaidh sé le tamall. Ní mór de choigioll é dár leis .i. go dtiubhradh na comhairlighthe puiblidhe a sgolaireachta féin do na páisdibh céadna do bhuadhfadh sgoláireachta Sheagháin. Coingioll beag bídeach soineannta sin nach eadh? Gan urchóid gan caime. Acht féach air arís a léightheoir agus machtnaigh goidé an toradh thiocfadh as do oideachas na tíre. Is iad an Bórd Náisiunta do mholfadh na duais- eanna, an Bórd is dílse do Sheaghán atá i nÉirinn againn agus ní baoghal go dtiubhradh siad duais do pháisdibh mar gheall ar Ghaedhilg do bheith aca nó mar gheall ar eolas do bheith aca ar stair na tíre nó ar dinnseanchus na tíre nó ar dadaidh a bhaineann leis an tsaoghal Ghaedhealach. Na páisdí is Gallda eolais sa tír a gheabhfadh na duaiseanna. Agus bheadh cead ag na páisdibh ghabhail d'aon Iolsgoil ar mhian leo: d'iolsgoil na tríonóidí sean-námha na nGaedheal, d'Iolsgoil Bhéilfeirsde nach leaigfeadh an Ghaedhilg isteach ar a doras féin, nó b'fhéidir d'Iolsgoil i Sasana nó in Albain, áit nach gcluinfeadh siad focal ar Éireinn ar feadh a dtéarma. Agus chaithfeadh na comhairlighthe puiblidhe i nÉirinn as cánachaibh Ghaedheal na páisdí gall-inntinneacha seo do chothughadh comh fhad is bhéidí ar an Iolsgoil Gallda. Agus bheadh an Iolsgoil Náisiúnta briste agus na hollamhain Ghaedhealacha a bhfuil aicillidheacht aca i n-oideachas Ghaedhealach b'éidir gan sgoláirí gan cliú gan onóir. Ó is soineannta an coigioll agus an cleas é go dearbhtha! Má eirigheann le Seaghán ann tá deireadh le hoideachas Gaedhealach le n-ar linne! Agus sé ar mbriseadh croidhe é agus ar mearbhall aigeanta gur baoghalach go bhfuil daoine céimeamhla de phór na nGaedheal ag tabhairt chonganta agus misnigh do Sheaghán sa chleasaidheacht i n-aghaidh na nGaedheal. Ní chreidim féin go lámhfadh an Birrellach(.i. fear dhéanta na hoibre do Sheaghán i nÉirinn) a leithéid dé chleasaidheacht do thairgsint i ngain- fhios do fheisiribh na hÉireann nó do dhaoinibh úghdarásacha eile i nÉirinn. Is cuimhneach le Gaedhealaibh na daoine nár thaiteann leo Gadhilg san Iolsgoil Náisiúnta. An dtaithneann leo cleasaidheacht Sheagháin leis an Ghaedhilg do chur san áit íochtaraigh arís? Tá ar seasamh ar na comhairlighthibh Conndae nach leifgidh siad do'n Bhirrellach nó dá chomhlucht feall do dhéanamh ar an Ghaedhilg nó a saothar féin ar son na Gaedhilge do chur ar ceal. Tá muinighin againn asta mar sheasaimh siad go láidir agus go tréan san bhearna baoghail cheana féin. Sé sin má thuigeann siad go beacht an chleasaidheacht atá ar cois ag náimhdibh na teangan. Bíodh sé ar ghach Gaedheal de mhuintir an Chonnartha an t-eolas úd do thabhairt dóbhtha agus a thabhairt gan mhaoill. Tá an contabhairt ag bagairt ar an Ghaedhilg. A chairde na nGaedheal, ná coigligidh sibh féin go gcuirfimid ruaig ar an námhaid mar is minic rinneamar go nuige seo. Tá feill eile i n-aigneadh Sheagháin mar is furas thuigbheáil ó'n méid adubhairt Asguit le daoinibh as Béilfeirsde le goirid. Tá sé ar tí choingiollacha éigin i n-aghaidh na Gaedhilge do chur san Bille atá ar an tseol aige le riaghaltas nua thabhairt d'Éirinn. Ní'l áit agam ann seó an méid atá ina aigneadh aige do nochtadh acht tá súil agam go mbéidh focal agam ar an cheist seo ar ball. Ní dóigh liom gur ró-phráidhneach an cheist í, óir tá tuairim láidir agam nach gcuirfear an Bille seo i bhfeidhm a choidhche nó go bráthach. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services