Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Crúb an tSasanaigh.

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Crúb an tSasanaigh.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Crúb an tSasanaigh.



Is dóigh liom go bhfuil daoine ann a mheasann
go bog soineannta gur cuma le Seaghán Buidhe
an Ghaedhilg do bheith ann nó as. Acht tá mear-
bhall ortha, agus ní'l ortha acht cúrsaí Sheagháin
'sa ' tír seo do thabhairt fá deara go géar-
chúiseach ar feadh sgaithimh ghirr go dtuigidh
siad féin go bhfuil mearbhall ortha. Tchidhtear
damhsa ar cuma ar bith go bhfuil sé comh sóiléir
le gréin an mheadhon-lae gurab é an rud atá
ó Sheaghán indiú an rud céadna do bhí ó'n Diúc
Clárence nuair chuir sé dligheadh pionasach Chill
Coinnigh i bhféidhm, an rud do bhí ó Shíbéal, bain-
rioghan, agus a cuid comhairleach ó Chromuil
agus ó Uilliam agus Pitt agus ó gach Sasanach
a raibh baint aige le cúrsaí poibidheachta
ó shoin i leith. Is é an rud sin Gaedheala do
Ghallughadh nó do chur faoi chois. Gach uile rud
a bhaineann le Ghaedhealaibh do chur ar neimh-ní
agus do ghlanadh as amharc agus as cuimhniughadh,
agus mar do sháruigh ortha an cineadh Gaedheal
do dhith-láithriughadh nó do thiomáint as Éirinn,
an Ghaedhealtacht do mhaolughadh ionnainn agus
Gaill do dhéanamh asainn a bhéas díleas do'n
Impireacht Ghallda agus a dhéanfas dearmad
gur Gaedheala sin a bhfuil stair agus sean-
chuimhniughadh ar leith againn.



Féach cúrsaí an lae indiú féin. Tá ar
n-oideachas i lámhaibh Sheagháin mar tá gréim aige
ar ar sparán, agus goidé an úsáid a ghní sé de'n
chumhacht atá aige? Cuireann sé Búird ós
cionn an oideachais s'againne atá díleaás
dó féin agus a chuireann gach cosg is féidir
leo ar oideachas Ghaedhealach agus a ghlacann
anchuid saothair ionnas nach bhfuighbhe ar
bpáisde aon eolas ar stair a sinnsir. Agus
má eirigheann bord aca seo beagán neamh-
thuilleamach dó ní bheidh lá suaimhnis aige go
gcuifidh sé srian ina bhéal. Chuir sé Iolsgoil
ar bun dúinn roinnt bliadhan ó shoin agus cheap
Bórd dí é féin a mheas sé do bheith umhall do féin
go cionn seacht mbliadhan ar a laghad. Agus gan
amhrus bheadh siad umhal dó go broinn na Brátha
b'fhéidir acht gur thuit tubaiste amach dóibhsean
agus dó san. Mar is béas dó, chá dtug sé
go leor airgid do'n Iolsgoil acht thug sé cead
do chomhairlighthibh pubhlidhe na hÉireann tuilleadh
airgid do chur leis an méid a thug sé féin as
chánachaibh áiteamhla na tíre. B'fhéidir gur mheas
sé nac dtiubhradh na comhairlighthe aon chongamh
uatha, go mbainfeadh an stiocaracht leobhtha,
nach mbeadh mórán bríghe san Iolsgoil dá bharr
agus go bhféadfadh sé ann sin an cáineadh
agus an milleán do chur orainn féin mura,
n-éireochaidh leis an Iolsgaoil. Acht ní amhlaidh
do thárlaigh. Bhí na comhairlighthe toilteanach
go leor an t-airgead do bhailiughadh agus do
thabhairt do'n Iolsgoil — ar choingioll. Agus
sé an choingioll do theastuigh uatha go mbeadh
oideachas Gheadhealach le fághail ar sgoláiribh na
hIolsgoile. Rinne Seanaid na hIolsgoile
iarraidh ar a bheith díleas do'n fhear a chuir ann
iad agus gan glacadh leis an choinghioll. Acht
theastuigh an t-airgead agus na sgoláirí uatha
agus b'éigin dóbhtha géilleadh. An raibh
Seaghán sásta leis an margadh rinne an
tSeanaid? Éist is cluinfidh tú. Chár leig
sé mórán air go dearbhtha acht thoisigh sé ag
machtnadh ar an dóigh is feárr leis an margadh
a bhriseadh agus cosg do chur leis an oideachs
Gaedhealach san Iolsgoil. Anois féin tá
toradh a shaothair agus a bheartuigheachta againn.
Agus seo é an cleas atá ceaptha aige.



Tá cuid mhaith airgid ar láimh aige le fada ar
sgiob sé ó am go ham ó'n méid do bhíodh ag
gabhail do oideachas i nÉirinn i gceart agus
tuigeadh go maith go raibh an t-airgead seo
aige. Is amhlaidh do bhíodh daoine ag éileamh
an airgid uaidh. Dubhairt sé sa deireadh go
dtiubhradh sé arais £10,000 dé i bhfuirm
sgoláireacht do pháistibh le hiad a sheoladh ó
na bun-sgoltaibh go dtí na sgoltaibh meadhonacha.
Agus do mhaoidhimh sé a fhéile féin amhail is
dá mbudh pronntanas as a phóca féin é. Acht
do chuir sé coingioll leis an fhéile agus ins
an choingioll sin tá an chleasaidheacht ar ar
mhachtnaidh sé le tamall. Ní mór de choigioll
é dár leis .i. go dtiubhradh na comhairlighthe
puiblidhe a sgolaireachta féin do na páisdibh
céadna do bhuadhfadh sgoláireachta Sheagháin.
Coingioll beag bídeach soineannta sin nach
eadh? Gan urchóid gan caime. Acht féach
air arís a léightheoir agus machtnaigh goidé an
toradh thiocfadh as do oideachas na tíre. Is
iad an Bórd Náisiunta do mholfadh na duais-
eanna, an Bórd is dílse do Sheaghán atá i
nÉirinn againn agus ní baoghal go dtiubhradh
siad duais do pháisdibh mar gheall ar Ghaedhilg
do bheith aca nó mar gheall ar eolas do bheith aca
ar stair na tíre nó ar dinnseanchus na tíre nó
ar dadaidh a bhaineann leis an tsaoghal
Ghaedhealach. Na páisdí is Gallda eolais sa
tír a gheabhfadh na duaiseanna. Agus bheadh
cead ag na páisdibh ghabhail d'aon Iolsgoil ar
mhian leo: d'iolsgoil na tríonóidí sean-námha
na nGaedheal, d'Iolsgoil Bhéilfeirsde nach
leaigfeadh an Ghaedhilg isteach ar a doras féin, nó
b'fhéidir d'Iolsgoil i Sasana nó in Albain, áit
nach gcluinfeadh siad focal ar Éireinn ar feadh
a dtéarma. Agus chaithfeadh na comhairlighthe
puiblidhe i nÉirinn as cánachaibh Ghaedheal na
páisdí gall-inntinneacha seo do chothughadh comh
fhad is bhéidí ar an Iolsgoil Gallda. Agus
bheadh an Iolsgoil Náisiúnta briste agus
na hollamhain Ghaedhealacha a bhfuil aicillidheacht
aca i n-oideachas Ghaedhealach b'éidir gan sgoláirí
gan cliú gan onóir.



Ó is soineannta an coigioll agus an cleas é
go dearbhtha! Má eirigheann le Seaghán ann
tá deireadh le hoideachas Gaedhealach le n-ar
linne!



Agus sé ar mbriseadh croidhe é agus ar
mearbhall aigeanta gur baoghalach go bhfuil
daoine céimeamhla de phór na nGaedheal ag
tabhairt chonganta agus misnigh do Sheaghán
sa chleasaidheacht i n-aghaidh na nGaedheal.
Ní chreidim féin go lámhfadh an Birrellach(.i.
fear dhéanta na hoibre do Sheaghán i nÉirinn)
a leithéid dé chleasaidheacht do thairgsint i ngain-
fhios do fheisiribh na hÉireann nó do dhaoinibh
úghdarásacha eile i nÉirinn. Is cuimhneach
le Gaedhealaibh na daoine nár thaiteann leo
Gadhilg san Iolsgoil Náisiúnta. An dtaithneann
leo cleasaidheacht Sheagháin leis an Ghaedhilg do
chur san áit íochtaraigh arís?



Tá ar seasamh ar na comhairlighthibh Conndae
nach leifgidh siad do'n Bhirrellach nó dá chomhlucht
feall do dhéanamh ar an Ghaedhilg nó a saothar
féin ar son na Gaedhilge do chur ar ceal. Tá
muinighin againn asta mar sheasaimh siad go
láidir agus go tréan san bhearna baoghail
cheana féin. Sé sin má thuigeann siad go beacht
an chleasaidheacht atá ar cois ag náimhdibh na
teangan. Bíodh sé ar ghach Gaedheal de mhuintir
an Chonnartha an t-eolas úd do thabhairt dóbhtha
agus a thabhairt gan mhaoill. Tá an contabhairt
ag bagairt ar an Ghaedhilg. A chairde na
nGaedheal, ná coigligidh sibh féin go gcuirfimid
ruaig ar an námhaid mar is minic rinneamar go
nuige seo.



Tá feill eile i n-aigneadh Sheagháin mar is
furas thuigbheáil ó'n méid adubhairt Asguit
le daoinibh as Béilfeirsde le goirid. Tá sé
ar tí choingiollacha éigin i n-aghaidh na Gaedhilge
do chur san Bille atá ar an tseol aige le
riaghaltas nua thabhairt d'Éirinn. Ní'l áit
agam ann seó an méid atá ina aigneadh aige
do nochtadh acht tá súil agam go mbéidh focal
agam ar an cheist seo ar ball. Ní dóigh liom
gur ró-phráidhneach an cheist í, óir tá tuairim
láidir agam nach gcuirfear an Bille seo i
bhfeidhm a choidhche nó go bráthach.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services