Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Anois.
Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Anois.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Anois. Ó sgríobhas chugat cheana thárla cuid mhaith rud fá dtaoibh de'n Bhille úd. 'San chéad áit clódh-bhualadh agus craobhsgaoladh an Bille féin líne ar líne agus focal ar fhocal agus is fusa agus is so-thuigsinte a bhrigh ná ó'n mhíniughadh thug Príomh-reachtaire Shasana roimhe- ré air. San darna háit cuireadh an Bille ós comhair mórdháil de na daoinibh is úghdarásaighe 'sa tír le n-a dtuairim do thabhairt air. San tríomhadh áit rinneadh tagairt do'n Bhille ag a lán daoine ins na páipéaraibh agus ar na hárdánaibh. Is dóigh liom go dtuig- imíd go léir níos fearr anois goidé'n seort riaghaltais atá ceapaighthe ag Seaghán dúinn fá'n am seo. Agus má's amhlaidh go dtuigimíd níos fearr é, an fearr linne é, nó an fearr dúinn é. I gcorr-áit ann seo agus annsiúd taitneann an Bille níos fearr liom na do thaitin an chéad-tuairisg liom. Tá seirbhísí éigin cosamhail leis na Sean-phinsíní agus Acht an Árachais a mheas mé nach mbeadh baint ag Parlamaid na nGaedheal leobhtha agus 'tchím anois go mbéidh, má's mian leis an Pharlamaid é. Tá sin maith go leor acht is iomdha rud cosgtha ar Ghaedhealaibh go fóill, agus béidh go deo má's féidir le Seaghán é. Agus ní thigim ar chor ar bith leis na leithsgéalaibh atáthar dhá dhéanamh ar son na locht atá 'sa Bhille. Deirtear nach gabhadh dhúinn imnidhe bheith orainn fá go mbéidh smacht ag feis Shasana orainn i gcomh- nuidhe óir nach gcuirfear an chumhacht sin i bhfeidhm i n-ar gcoinne. Goidé mar tá fhios ag aonduine? An amhlaidh a bhí muintir Shasana comh macánta sin linn 'san am atá caithte nó an amhlaidh atá athrughadh comh mór sin ortha-san nó orainne go mbéidhmid ar aon sgéal amháin ó seo amach? Agus má chuireann feis Shasana a dlighthe féin nó a tuairim fein i bhfeidhm i n-ar gcoinne cá bhfuil ar n-arm cosainte go bhféadfamaoid an cás a phléidhe. Deirtear go dearbhtha gur cuma linn fá arm cosainte nó fá loingeas nó fá thráchtáil eadar-náisiúnta, nó fá cheisteannaibh móra mar seo; gur cuma linn agus gur cuma dhúinn. Ní dóigh liom gur fíor é. Níl cineadh ar domhan gur chuma leobhtha na neidhthe seo. Is suarach an tsaoirse bhí riamh ag aon chineadh nach raibh slighe a gcosainte aca féin. Ghlac an chomhdháil mhór leis an Bhille d'aon ghuth agus nach gcuireann sin athrughadh ar an sgéal? Bhí cúig míle fear ar an chomhdháil sin agus mar dubhras cheana bhí siad ar na daoinibh is úghdarásaighe sa' tír agus nár ceart go mbíodh gach duine 'na thost agus glacadh leis an Bhille 'na dhéidh sin? Ní shaoilim go gceang- lann an glacadh sin duine ar bith a mheasas gur saor-chineadh Gaedhil. Glacadh leis an Bhille agus do réir mo thuairme bhí an ceart ag an chomhdhail glacadh leis; agus go mbudh ceart do mhuintir na hÉireann glacadh leis. Ní ionnann sin agus a rádh go bhfuil an Bille seo gan locht nó nach féidir a fheabhsughadh. Acht chá raibh an ceart ag na taoiseachaibh do mhol do'n chomhdháil glacadh leis an Bhille mar shásamh agus cúitiughadh iomlán do mhuntir na nÉireann. Dá mbeadh an Bille seo 'na Acht i mbárach agus gach uile rud i gceart faoi ní dhéanfadh sé acht cúige d'Impíreacht Mhóir na Breataine d'Éirinn agus chár thuigeas ariamh go dtí anois féin gurbh é sin an rud do theasduigh ó Ghaedhealaibh. Agus dubhairt Seaghán Diolúin ag labhairt dó i n-áit éigin thar éis na comhdhála nach mbeadh sé cneasta ag Gaedhealaibh cuir i gcás go gcuirtear an Bille seo i bhféidhm gabhail taobh thiar dé agus tuilleadh saoirse d'iarraidh. Dá mb'fhíor dó sin b'fhearr do Ghaedhealaibh gan glacadh leis an Bhille ar chor ar bith acht ní mheasaim gur fíor dó. Nuair snaidhmfidh Gaedhil caradas le Sasanaibh le n-a saor-thoil féin agus gan d'fhiachaibh ortha an tsnaidhm do cheangal béidh siad díleas dá ngealladh agus dá ngeall. Acht nuair tá siad faoi chuibhreach agus faoi ghlas ní hé sin an t-am no an tráth le hiarraidh ortha buan-cheangal caradais do chur ortha féin. Sgaoileadh Seaghan a ghréim dínn ar dtús; tugadh sé cead dúinn ar ndlighthe féin do dhéanamh gan smacht ag a fheis féin orainn; tógadh sé a lámha as ar bpócaibh agus leigeadh sé dúinn ar gcuid airgid féin tho láimhseáil agus do chaitheadh i n-ar ndóigh féin; leigead sé dúinn airm do lámhsáil agus do chleachtadh; druideadh sé amach uainn agus leigeadh sé dúinn ar n-anáil do tharraingt go nádúrdha; agus ann sin iarradh sé cáirdeas agus caradradh agus bheirfimid freagar macánta dó. Acht anois — tá sé i bhfad ró- luath le trácht ar a leithéid. Acht deirtear liom nach bhfuil aon mhaith dúinn bheith a cainnt ar na rudaibh seo, mar nach dtiubhradh Seaghán dúinn iad a choidhche ná go bráthach. B'fhéidir go bhfuil an ceart san méid sin agus b'fhéidir nach bhfuil. Fiche bliadhain ó shoin chá dtiubhradh Seaghán an Bille seo féin dúinn. Deich mbliadhna fichead ó shoin bhí mé féin i Sasanaibh agus ní raibh Sasanach sa deich míle aca bhéaradh luach snige tobaca de shaoirse d'Éirinn. D'athruigheadar go mór ó shoin agus ní cuimhneach liom gur mar gheall ar stríocadh Gaedheal d'athrughadar acht mar gheall ar fhearamhlacht agus ar neamhthuilleamacht. Ar chuma ar bith ní saoirse Gaedheal an Bille seo. Acht is fiú glacadh leis mar bheagán de'n tsaoirse. Cuirimís feabhas ar an Bhille má's féidir é; agus cuirimís leis nuair is féidir é; agus rachamaois taobh thiar dé nuair is féidir é. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services