Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Anois.

Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Anois.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



An Bille Anois.



Ó sgríobhas chugat cheana thárla cuid mhaith
rud fá dtaoibh de'n Bhille úd. 'San chéad áit
clódh-bhualadh agus craobhsgaoladh an Bille
féin líne ar líne agus focal ar fhocal agus is
fusa agus is so-thuigsinte a bhrigh ná ó'n
mhíniughadh thug Príomh-reachtaire Shasana roimhe-
ré air. San darna háit cuireadh an Bille
ós comhair mórdháil de na daoinibh is
úghdarásaighe 'sa tír le n-a dtuairim do
thabhairt air. San tríomhadh áit rinneadh tagairt
do'n Bhille ag a lán daoine ins na páipéaraibh
agus ar na hárdánaibh. Is dóigh liom go dtuig-
imíd go léir níos fearr anois goidé'n seort
riaghaltais atá ceapaighthe ag Seaghán dúinn
fá'n am seo.



Agus má's amhlaidh go dtuigimíd níos fearr
é, an fearr linne é, nó an fearr dúinn é. I
gcorr-áit ann seo agus annsiúd taitneann
an Bille níos fearr liom na do thaitin an
chéad-tuairisg liom. Tá seirbhísí éigin cosamhail
leis na Sean-phinsíní agus Acht an Árachais
a mheas mé nach mbeadh baint ag Parlamaid
na nGaedheal leobhtha agus 'tchím anois go
mbéidh, má's mian leis an Pharlamaid é. Tá
sin maith go leor acht is iomdha rud cosgtha
ar Ghaedhealaibh go fóill, agus béidh go deo
má's féidir le Seaghán é. Agus ní thigim ar
chor ar bith leis na leithsgéalaibh atáthar dhá
dhéanamh ar son na locht atá 'sa Bhille. Deirtear
nach gabhadh dhúinn imnidhe bheith orainn fá go
mbéidh smacht ag feis Shasana orainn i gcomh-
nuidhe óir nach gcuirfear an chumhacht sin i
bhfeidhm i n-ar gcoinne. Goidé mar tá fhios ag
aonduine? An amhlaidh a bhí muintir Shasana
comh macánta sin linn 'san am atá caithte nó
an amhlaidh atá athrughadh comh mór sin ortha-san
nó orainne go mbéidhmid ar aon sgéal amháin
ó seo amach? Agus má chuireann feis Shasana
a dlighthe féin nó a tuairim fein i bhfeidhm i
n-ar gcoinne cá bhfuil ar n-arm cosainte go
bhféadfamaoid an cás a phléidhe. Deirtear go
dearbhtha gur cuma linn fá arm cosainte nó
fá loingeas nó fá thráchtáil eadar-náisiúnta,
nó fá cheisteannaibh móra mar seo; gur cuma
linn agus gur cuma dhúinn. Ní dóigh liom gur
fíor é. Níl cineadh ar domhan gur chuma leobhtha
na neidhthe seo. Is suarach an tsaoirse bhí riamh
ag aon chineadh nach raibh slighe a gcosainte aca
féin.



Ghlac an chomhdháil mhór leis an Bhille d'aon
ghuth agus nach gcuireann sin athrughadh ar an
sgéal? Bhí cúig míle fear ar an chomhdháil sin
agus mar dubhras cheana bhí siad ar na daoinibh
is úghdarásaighe sa' tír agus nár ceart go
mbíodh gach duine 'na thost agus glacadh leis
an Bhille 'na dhéidh sin? Ní shaoilim go gceang-
lann an glacadh sin duine ar bith a mheasas
gur saor-chineadh Gaedhil. Glacadh leis an
Bhille agus do réir mo thuairme bhí an ceart
ag an chomhdhail glacadh leis; agus go mbudh
ceart do mhuintir na hÉireann glacadh leis.
Ní ionnann sin agus a rádh go bhfuil an Bille
seo gan locht nó nach féidir a fheabhsughadh. Acht
chá raibh an ceart ag na taoiseachaibh do mhol do'n
chomhdháil glacadh leis an Bhille mar shásamh agus
cúitiughadh iomlán do mhuntir na nÉireann.
Dá mbeadh an Bille seo 'na Acht i mbárach
agus gach uile rud i gceart faoi ní dhéanfadh
sé acht cúige d'Impíreacht Mhóir na Breataine
d'Éirinn agus chár thuigeas ariamh go dtí anois
féin gurbh é sin an rud do theasduigh ó
Ghaedhealaibh. Agus dubhairt Seaghán Diolúin
ag labhairt dó i n-áit éigin thar éis na comhdhála
nach mbeadh sé cneasta ag Gaedhealaibh cuir i
gcás go gcuirtear an Bille seo i bhféidhm gabhail
taobh thiar dé agus tuilleadh saoirse d'iarraidh.
Dá mb'fhíor dó sin b'fhearr do Ghaedhealaibh gan
glacadh leis an Bhille ar chor ar bith acht ní
mheasaim gur fíor dó. Nuair snaidhmfidh
Gaedhil caradas le Sasanaibh le n-a saor-thoil
féin agus gan d'fhiachaibh ortha an tsnaidhm do
cheangal béidh siad díleas dá ngealladh agus
dá ngeall. Acht nuair tá siad faoi chuibhreach
agus faoi ghlas ní hé sin an t-am no an tráth
le hiarraidh ortha buan-cheangal caradais do
chur ortha féin. Sgaoileadh Seaghan a ghréim
dínn ar dtús; tugadh sé cead dúinn ar ndlighthe
féin do dhéanamh gan smacht ag a fheis féin
orainn; tógadh sé a lámha as ar bpócaibh agus
leigeadh sé dúinn ar gcuid airgid féin tho
láimhseáil agus do chaitheadh i n-ar ndóigh féin;
leigead sé dúinn airm do lámhsáil agus do
chleachtadh; druideadh sé amach uainn agus
leigeadh sé dúinn ar n-anáil do tharraingt go
nádúrdha; agus ann sin iarradh sé cáirdeas
agus caradradh agus bheirfimid freagar
macánta dó. Acht anois — tá sé i bhfad ró-
luath le trácht ar a leithéid.



Acht deirtear liom nach bhfuil aon mhaith dúinn
bheith a cainnt ar na rudaibh seo, mar nach
dtiubhradh Seaghán dúinn iad a choidhche ná go
bráthach. B'fhéidir go bhfuil an ceart san méid
sin agus b'fhéidir nach bhfuil. Fiche bliadhain
ó shoin chá dtiubhradh Seaghán an Bille seo féin
dúinn. Deich mbliadhna fichead ó shoin bhí mé
féin i Sasanaibh agus ní raibh Sasanach sa deich
míle aca bhéaradh luach snige tobaca de shaoirse
d'Éirinn. D'athruigheadar go mór ó shoin agus
ní cuimhneach liom gur mar gheall ar stríocadh
Gaedheal d'athrughadar acht mar gheall ar
fhearamhlacht agus ar neamhthuilleamacht.



Ar chuma ar bith ní saoirse Gaedheal an Bille
seo. Acht is fiú glacadh leis mar bheagán de'n
tsaoirse. Cuirimís feabhas ar an Bhille má's
féidir é; agus cuirimís leis nuair is féidir
é; agus rachamaois taobh thiar dé nuair is
féidir é.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services