Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeula Ó Ameriocá
Title
Sgeula Ó Ameriocá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgeula Ó Ameriocá. Is fada a bheidh cuimhne ag muinntir Buffalo ar an gcuaird do thug tosgairí na Gaedhilge ortha atá breis is coithcigheas ó shoin. Do bhí sgéala a dturais i ngach páipéar dá gcuirtear i gcló ann. Do tháinig páipéar chugham i dteanga na bPólach agus do bhí breis is dhá leathanach de líonta de chaint an tsagairt, .i. Michéal Ó Flannagáin. Do bhí a phictiúir ann leis maraon le pictiuiríbh cailíní an Teasbúnaidh. An oidhce roimh an oireacht mór dorighne Micheál Ó Flannagáin léigheacht do mhuinntir an Guild of Allied Arts i mBuffala; agus do réir gach tuairisg dá dtáinig chugham is fearrde an dream sin a ndubhairt sé leó. Dorighne Seaghán Leslí léigheacht san Holy Angels Academy tráthnóna Dia Luain. Ar litridheacht na hÉireann do thrácht sé agus dar ndóigh is é is maith chuige. D'fhágadar an tAgadamh timcheall a seacht a chlog agus do chuadar go dtí hAlla an Knights of Columbus mar a raibh fleadh mór ullamh na gcóir. Do labhair an sagart le macaibh léighinn Niagra University Dia Luain agus is roimhe do cuireadh an fháilte. Atá meidhear agus magadh ar Fionán de chionn a ndearna sé d'airgead as an Teasbánadh i mBuffalo. Is iongantach go léir mar d'eirigh leis ann. Do cheannuigh muinntir an tsiopa 'nar righneadh an Teasbánadh luach deich mhíle dollar de lásaíbh Gaedhealacha (luach dá mhíle púnt) agus do chuireadar ins na fuinneógaibh iad ionnus go bhfeicfeadh cách iad. An tríomhadh lá de'n mhí d'árduigh Fionán an Teasbánadh leis go dtí Indianapolis i Stát Indiana — b'fhada an t-aistear é acht atá Fionán roinnt righin anois agus ní clos dam gur bhuail tinnis na tuirse é san tslighe. Do chuaidh an sagart go dtí Philadephia agus do labhair le muinntir an United Counties Association agus lá ar na bhárach do chas sé go dtí an chathair seo, chum friothálamh ar a lán rudaí san oifig. Níorbh fhada an stad dorighne annso mar do chuaidh go dtí Philadephia arís an séamhadh lá chum comhairle do dhéanamh leis an dream atá chum an oireacht mór do dhéanamh dóibh i ndeireadh an Abráin. Isé do tóghadh mar cheann ar an gComhaltas .i. Pádraig Conmhacáin agus is é do toghadh mar an dara ceann .i. Seosamh McGarrity. Atá aithne ag na Irish Players ar Sheosamh agus adeirid nach aithne mhacánta é! Sin é an fear ba chionnta le n-a gcur i bpríosún fá ghlas go daingean i bhPhiladelphia. Dá fhuaire agus dá fhiadhaine do bhí an aimsear annso againn ní bhainfeadh Domhnall Ó Conchubhar an fileadh beag de acht do chuaidh timcheall na cathrach dá mba is gurab é lár an tsamhraidh do bhí aige nuair a bheadh an ghrian ag sgoladh na gcrann. Do b'iongnadh leis na Ponncánachaibh cionnus nár leathadh é acht dár ndóigh siocáin fuara iseadh iad san. Atá Domhnall chun Feis mhór do dhéanamh ins an machaire spóirt is mó dá bhfuil annso againn .i. Celtic Park an naomhadh lá déag de mhí na Bealtaine agus do réir gach comhartha dá ngéilid na daoine, ní raibh a leithéid de lá ann le fada d'aimsir is bheas ann an lá san. Atá sé ceapuighthe aige trí nó ceathair d'fheis- eannaibh eile do dhéanamh i mbailtíbh móra atá comhgarach do'n chathair an samhradh so chughainn. Atá muinntir Chicago chum árd-oireacht as meoin do dhéanamh do Mhicheál Ó Flannagáin agus do Sheaghán Leslí i dtigh dá ngoirthear Orchestra Hall an cúigmhadh lá déag de mhí an Abráin. Seaghán Mac an Gharrdha atá mar cheann ar an gComhaltas atá 'na bhun. Atá La'l Pádraig taréis teacht agus taréis imtheacht agus dorighne na Gaedhil annso sluagh agus socraid d'onórughadh na Féile fá már is gnáth leó. An té do chífidhe gan an tseamróg 'na hata, dá mba Gaedheal é, ba lag an meas do bheadh air. Seo im'dhiaidh leitir i nGaedhilg do tháinig go dtí dligheadóir annso .i. Hannraoi Ó Floinn, Uachtarán Lucht Cosanta na Gaedhilge ins an Stát so. Ó Iúdach do tháinig sí agus an tseamróg fillte innti. Sam Marx ainm an Iúdaigh sin. Cailín Gaedhealach atá san oifig mar Rúnaidhe aige do sgríobh í. Márta 16, 1912. Grádh mo chroidhe Heinrieh, Seo chugat Seamróg ó Éirinn fá chomhair La Fhéile Pádraig. Rath agus sonas ort. Beannacht leat. Siobhán Ní Flannghaile. le hughdarás Alderman Sam Marx atáim ghá sgríobhadh seo. Giolla na Luaithe. Márta 20, 1912.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services