Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeula Ó Ameriocá

Title
Sgeula Ó Ameriocá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgeula Ó Ameriocá.



Is fada a bheidh cuimhne ag muinntir Buffalo
ar an gcuaird do thug tosgairí na Gaedhilge
ortha atá breis is coithcigheas ó shoin. Do bhí
sgéala a dturais i ngach páipéar dá gcuirtear
i gcló ann. Do tháinig páipéar chugham i
dteanga na bPólach agus do bhí breis is dhá
leathanach de líonta de chaint an tsagairt, .i.
Michéal Ó Flannagáin. Do bhí a phictiúir ann
leis maraon le pictiuiríbh cailíní an Teasbúnaidh.



An oidhce roimh an oireacht mór dorighne
Micheál Ó Flannagáin léigheacht do mhuinntir an
Guild of Allied Arts i mBuffala; agus do
réir gach tuairisg dá dtáinig chugham is fearrde
an dream sin a ndubhairt sé leó. Dorighne
Seaghán Leslí léigheacht san Holy Angels
Academy tráthnóna Dia Luain. Ar litridheacht
na hÉireann do thrácht sé agus dar ndóigh is é
is maith chuige. D'fhágadar an tAgadamh
timcheall a seacht a chlog agus do chuadar go
dtí hAlla an Knights of Columbus mar a
raibh fleadh mór ullamh na gcóir.



Do labhair an sagart le macaibh léighinn
Niagra University Dia Luain agus is roimhe
do cuireadh an fháilte.



Atá meidhear agus magadh ar Fionán de chionn
a ndearna sé d'airgead as an Teasbánadh
i mBuffalo. Is iongantach go léir mar d'eirigh
leis ann. Do cheannuigh muinntir an tsiopa
'nar righneadh an Teasbánadh luach deich mhíle
dollar de lásaíbh Gaedhealacha (luach dá mhíle
púnt) agus do chuireadar ins na fuinneógaibh
iad ionnus go bhfeicfeadh cách iad.



An tríomhadh lá de'n mhí d'árduigh Fionán
an Teasbánadh leis go dtí Indianapolis i
Stát Indiana — b'fhada an t-aistear é acht atá
Fionán roinnt righin anois agus ní clos dam
gur bhuail tinnis na tuirse é san tslighe.



Do chuaidh an sagart go dtí Philadephia
agus do labhair le muinntir an United
Counties Association agus lá ar na bhárach
do chas sé go dtí an chathair seo, chum friothálamh
ar a lán rudaí san oifig.



Níorbh fhada an stad dorighne annso mar
do chuaidh go dtí Philadephia arís an séamhadh
lá chum comhairle do dhéanamh leis an dream
atá chum an oireacht mór do dhéanamh dóibh i
ndeireadh an Abráin. Isé do tóghadh mar cheann
ar an gComhaltas .i. Pádraig Conmhacáin agus
is é do toghadh mar an dara ceann .i. Seosamh
McGarrity. Atá aithne ag na Irish Players
ar Sheosamh agus adeirid nach aithne mhacánta
é! Sin é an fear ba chionnta le n-a gcur
i bpríosún fá ghlas go daingean i bhPhiladelphia.



Dá fhuaire agus dá fhiadhaine do bhí an aimsear
annso againn ní bhainfeadh Domhnall Ó Conchubhar
an fileadh beag de acht do chuaidh timcheall na
cathrach dá mba is gurab é lár an tsamhraidh
do bhí aige nuair a bheadh an ghrian ag sgoladh
na gcrann. Do b'iongnadh leis na Ponncánachaibh
cionnus nár leathadh é acht dár ndóigh siocáin
fuara iseadh iad san.



Atá Domhnall chun Feis mhór do dhéanamh ins an
machaire spóirt is mó dá bhfuil annso againn .i.
Celtic Park an naomhadh lá déag de mhí na
Bealtaine agus do réir gach comhartha dá
ngéilid na daoine, ní raibh a leithéid de lá
ann le fada d'aimsir is bheas ann an lá san.
Atá sé ceapuighthe aige trí nó ceathair d'fheis-
eannaibh eile do dhéanamh i mbailtíbh móra atá
comhgarach do'n chathair an samhradh so chughainn.



Atá muinntir Chicago chum árd-oireacht as
meoin do dhéanamh do Mhicheál Ó Flannagáin
agus do Sheaghán Leslí i dtigh dá ngoirthear
Orchestra Hall an cúigmhadh lá déag de mhí
an Abráin. Seaghán Mac an Gharrdha atá mar
cheann ar an gComhaltas atá 'na bhun.



Atá La'l Pádraig taréis teacht agus taréis
imtheacht agus dorighne na Gaedhil annso sluagh
agus socraid d'onórughadh na Féile fá már
is gnáth leó. An té do chífidhe gan an tseamróg
'na hata, dá mba Gaedheal é, ba lag an meas
do bheadh air.



Seo im'dhiaidh leitir i nGaedhilg do tháinig go
dtí dligheadóir annso .i. Hannraoi Ó Floinn,
Uachtarán Lucht Cosanta na Gaedhilge ins an
Stát so. Ó Iúdach do tháinig sí agus an tseamróg
fillte innti. Sam Marx ainm an Iúdaigh sin.
Cailín Gaedhealach atá san oifig mar Rúnaidhe
aige do sgríobh í.



Márta 16, 1912.
Grádh mo chroidhe Heinrieh,



Seo chugat Seamróg ó Éirinn fá chomhair La
Fhéile Pádraig.



Rath agus sonas ort.



Beannacht leat.



Siobhán Ní Flannghaile.



le hughdarás Alderman Sam Marx atáim ghá
sgríobhadh seo.



Giolla na Luaithe.



Márta 20, 1912.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services