Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Muna dTigidh Dligheadh an Bhaile
Title
Muna dTigidh Dligheadh an Bhaile
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Muna dTigidh Dligheadh an Bhaile. Tá gach uile dhuine 'sa tír seo anois ag feitheamh le Dligheadh an Bhaile nó Riaghaltas Dúthchasach agus dar leobhtha nach bhfuil againn le déanamh acht fanacht go socair nó go dtigidh sé. Trí bliadhna an cáirde, is mó tugtar le go mbéidh Riaghaltas 'sa bhaile againn fá n-ar réir féin agus gach uile rud ar ar dtoil agus ar ar suaimhneas againn ó'n lá sin amach. Is dóigh liom féin go bhfuilimid ag ar mealladh féin agus go bhfuil páisdí óga ar sgoil fá láthair a bhéas ag éileamh Dlighidh an Bhaile nó nidh éighinteach dá sheort agus iad críon liath le haois. Chár mheas mé riamh go dtiubhradh Seaghán Buidhe saoirse d'Éirinn mura gcaithfeadh sé a dhéanamh, agus is éigin tubaiste mhór a theacht air sul má gcaithidh sé saoirse thabhairt dúinn. Déanamaois breathnughadh ar an chás tamall. Tá sluagh mór daoine i nÉirinn féin adeir nach ngéillfidh siad choidhche do Riaghaltas dhúthchais i n-Éirinn. Sin leithsgéal maith do Shasanaibh gan dadadh a dhéanamh. Tá leath muintir Shasana go feargach i n-aghaidh saoirse na hÉireann agus an leath eile i n-a bhfuil ar muinighin le saoirse na hÉireann do chur chun tosaigh, ní thuigeann a leath an cás agus an leath eile thuigeas é, ní bheadh siad sásta saoirse, ná leath-shaoirse thabhairt dúinn sa tír seo. Nuair chuirfear i n-umhail dóbhtha siud nach mbéidh glacadh againn i nÉirinn le leath-shaoirse is dóigh liom go n-éireochaidh siad as an obair, agus go mbéidh seal fada eile againn ag dréim leis an bhunadh i Sasanaibh nach dtiubhradh saoirse ar bith dúinn. Na daoine is fábharaighe dúinn i Sasanaibh is ar mhaithe leobhtha féin agus le n-a dtír féin agus le n-a gcumhacht féin atá siad i bhfábhar Dlighidh an Bhaile acht ní rachadh Dligheadh an Bhaile i dtairbhe do Shasanaibh. Ní'l sé fíor mar adeir fir phoiblidhe i Sasanaibh agus i nÉirinn go n-éireochadh Eireannaigh díleas do Shasanaibh acht giota beag saoirse thabhairt dúinn. Goidé an fáth go n-éireochadh? Tá sé do cheart againn saoirse iomlán fhágháil agus go dtí go bhfuigh- thear sin ní bhéidh adhbhar cáirdeasa againn do Shasanaibh, agus b'amaideach an rud dúinn cumhacht Shasana do láidriughadh. Dá mbeadh saoirse iomlán againn i nEirinn b'éidir go bhfóirfeadh sé dúinn comh-chairdeas do snaidhmeadh le Sasanaibh agus b'éidir nach bhfóirfeadh. Ní bhfuighmíd sin go fóill agus is dóigh liom nach bhfuighmíd an beagán saoirse féin, mura rabh muid sásta glacadh le socrughadh bheag shuarach gan phioc de mhaith ann. Ar an adhbhar sin is mithid dúinn amharc romhainn amach feuchaint goidé is fearr dúinn a dhéanamh nuair ghlanfas an ceo draoidheachta atá i n-ar dtimchioll fá láthair, agus nuair a shocróchas an gleo agus an racán atá bocadáin agus bacadáin na poilitidheachta a thógbháil orainn ins na haimsiribh seo. San chéad áit, béidh an teanga le saothrughadh againn níos déine ná riamh. 'Sí an t-aon sgiath chosanta a bhéas againn i n-aghaidh ar námhad. Má fhásann an teanga mar is ceart, ní baoghal go sluigfear siar sinn i nImpireacht na Breataine agus béidh síol na saoirse againn i dtólaimh. San darna háit, leanamaois do dhéantúsaibh na tíre do chothughadh. Béidh sé níos deacra orainn, saidhbhreas agus seun do chur 'un tosaigh i nÉirinn ná dá mbeadh saoirse againn, acht is minic tír nach bhfuil saoirse phoilitidheach aici go saidhbhir agus go láidir ar dhóigheannaibh eile. Tá sealbh na talmhan ag Gaedhealaibh anois, rud nach rabh go dtí anois féin, agus is mór an bun- chisde do chineadh sealbh na talmhan do bheith aca. San tríomhadh áit, luigheamaois isteach le hoideachas agus ealadhan a thabhairt do na páisdíbh. Baineann an cheist seo le saidhbhreas na tíre agus le saoirse na tíre. Is iomdha iolmhaoin agus iolmhaitheas atá le fághail i nÉirinn, dá mbeadh ionnain iad d'fhághail amach agus do shaothrughadh; agus is deacar aicme oilte eolgasach do choinneáilt faoi smacht na daoirse. Is fíor go bhfuil na búird mhalaighthe seo againne ag bacadh agus ag buaidhreadh muintire na tíre ó mhúinteachas fóirstineach fhagháil, acht is dóigh liom má tá fearamhlacht ionnainn féin go dtig linn iad a do chaitheamh i leath taoibh agus oideachas maith agus oideachas dúthchais a thabhairt do'n aos óg. Níl obair níos tábhachtaighe le déanamh. Chan fhuil an streachailt eadar Shasanaibh agus Éireannachaibh thart fós agus chá bhíonn go sgiobtha, agus mar sin ní mór dúinn na páisdí d'ullmhughadh i gcomhair na troda atá rómpa. Tá na Sasanaigh ag éirghe mí-shuaimhneach fá dtaoibh de Éirinn. Is maith an comhartha sin, acht tá siad ag glacadh saothair san am ceudna le n-a ngreim do dhaingniughadh uirthi, chan ar an tsean-nós do bhíodh ag Oilbhéar Cromaill nó ag Righ Uilliam é .i. le faobhar Claidhimh agus le dlighthibh borba, acht le gleacaidheacht agus le bríbireacht. Gach Acht cuirtear i ngníomh le deireannaighe, mar dhlighthibh talmhan, dligheadh na sean-pheinsiún agus dligheadh nuadh an arachais, tugann siad tuilleadh bainte do Shasanaibh i n-obair na hÉireann. Ní abraim nach dtigeann buntáiste éigin do mhuintir na hÉireann as na hAchtaibh seo agus gur feairrde dúinn iad bheith ann ná gan iad; acht cuirtear i bhfeidhm iad i bhfuirm go neartuigheann siad cumhacht na nGall i n-ar measg agus luigheann sé orainne aire do thabhairt nach gcuirtear deireadh linn mar shaor-chineadh. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services