Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Muna dTigidh Dligheadh an Bhaile

Title
Muna dTigidh Dligheadh an Bhaile
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Muna dTigidh Dligheadh an Bhaile.



Tá gach uile dhuine 'sa tír seo anois ag
feitheamh le Dligheadh an Bhaile nó Riaghaltas
Dúthchasach agus dar leobhtha nach bhfuil againn
le déanamh acht fanacht go socair nó go dtigidh
sé. Trí bliadhna an cáirde, is mó tugtar le
go mbéidh Riaghaltas 'sa bhaile againn fá n-ar
réir féin agus gach uile rud ar ar dtoil agus
ar ar suaimhneas againn ó'n lá sin amach. Is
dóigh liom féin go bhfuilimid ag ar mealladh féin
agus go bhfuil páisdí óga ar sgoil fá láthair
a bhéas ag éileamh Dlighidh an Bhaile nó nidh
éighinteach dá sheort agus iad críon liath le
haois. Chár mheas mé riamh go dtiubhradh Seaghán
Buidhe saoirse d'Éirinn mura gcaithfeadh sé
a dhéanamh, agus is éigin tubaiste mhór a theacht
air sul má gcaithidh sé saoirse thabhairt dúinn.



Déanamaois breathnughadh ar an chás tamall.
Tá sluagh mór daoine i nÉirinn féin adeir nach
ngéillfidh siad choidhche do Riaghaltas dhúthchais
i n-Éirinn. Sin leithsgéal maith do Shasanaibh
gan dadadh a dhéanamh. Tá leath muintir Shasana
go feargach i n-aghaidh saoirse na hÉireann agus
an leath eile i n-a bhfuil ar muinighin le saoirse
na hÉireann do chur chun tosaigh, ní thuigeann a
leath an cás agus an leath eile thuigeas é, ní
bheadh siad sásta saoirse, ná leath-shaoirse
thabhairt dúinn sa tír seo. Nuair chuirfear i
n-umhail dóbhtha siud nach mbéidh glacadh againn
i nÉirinn le leath-shaoirse is dóigh liom go
n-éireochaidh siad as an obair, agus go mbéidh
seal fada eile againn ag dréim leis an bhunadh
i Sasanaibh nach dtiubhradh saoirse ar bith dúinn.
Na daoine is fábharaighe dúinn i Sasanaibh is
ar mhaithe leobhtha féin agus le n-a dtír féin
agus le n-a gcumhacht féin atá siad i bhfábhar
Dlighidh an Bhaile acht ní rachadh Dligheadh an
Bhaile i dtairbhe do Shasanaibh. Ní'l sé fíor mar
adeir fir phoiblidhe i Sasanaibh agus i nÉirinn
go n-éireochadh Eireannaigh díleas do Shasanaibh
acht giota beag saoirse thabhairt dúinn. Goidé
an fáth go n-éireochadh? Tá sé do cheart againn
saoirse iomlán fhágháil agus go dtí go bhfuigh-
thear sin ní bhéidh adhbhar cáirdeasa againn do
Shasanaibh, agus b'amaideach an rud dúinn
cumhacht Shasana do láidriughadh. Dá mbeadh
saoirse iomlán againn i nEirinn b'éidir go
bhfóirfeadh sé dúinn comh-chairdeas do snaidhmeadh
le Sasanaibh agus b'éidir nach bhfóirfeadh. Ní
bhfuighmíd sin go fóill agus is dóigh liom nach
bhfuighmíd an beagán saoirse féin, mura rabh muid
sásta glacadh le socrughadh bheag shuarach gan
phioc de mhaith ann.



Ar an adhbhar sin is mithid dúinn amharc
romhainn amach feuchaint goidé is fearr dúinn
a dhéanamh nuair ghlanfas an ceo draoidheachta
atá i n-ar dtimchioll fá láthair, agus nuair
a shocróchas an gleo agus an racán atá bocadáin
agus bacadáin na poilitidheachta a thógbháil
orainn ins na haimsiribh seo. San chéad áit,
béidh an teanga le saothrughadh againn níos
déine ná riamh. 'Sí an t-aon sgiath chosanta
a bhéas againn i n-aghaidh ar námhad. Má
fhásann an teanga mar is ceart, ní baoghal go
sluigfear siar sinn i nImpireacht na Breataine
agus béidh síol na saoirse againn i dtólaimh.
San darna háit, leanamaois do dhéantúsaibh
na tíre do chothughadh. Béidh sé níos deacra
orainn, saidhbhreas agus seun do chur 'un tosaigh
i nÉirinn ná dá mbeadh saoirse againn, acht
is minic tír nach bhfuil saoirse phoilitidheach aici
go saidhbhir agus go láidir ar dhóigheannaibh eile.
Tá sealbh na talmhan ag Gaedhealaibh anois, rud
nach rabh go dtí anois féin, agus is mór an bun-
chisde do chineadh sealbh na talmhan do bheith aca.



San tríomhadh áit, luigheamaois isteach le
hoideachas agus ealadhan a thabhairt do na
páisdíbh. Baineann an cheist seo le saidhbhreas
na tíre agus le saoirse na tíre. Is iomdha
iolmhaoin agus iolmhaitheas atá le fághail i
nÉirinn, dá mbeadh ionnain iad d'fhághail
amach agus do shaothrughadh; agus is deacar
aicme oilte eolgasach do choinneáilt faoi smacht
na daoirse. Is fíor go bhfuil na búird
mhalaighthe seo againne ag bacadh agus ag
buaidhreadh muintire na tíre ó mhúinteachas
fóirstineach fhagháil, acht is dóigh liom má tá
fearamhlacht ionnainn féin go dtig linn iad a
do chaitheamh i leath taoibh agus oideachas maith
agus oideachas dúthchais a thabhairt do'n aos óg.
Níl obair níos tábhachtaighe le déanamh. Chan
fhuil an streachailt eadar Shasanaibh agus
Éireannachaibh thart fós agus chá bhíonn go
sgiobtha, agus mar sin ní mór dúinn na páisdí
d'ullmhughadh i gcomhair na troda atá rómpa.



Tá na Sasanaigh ag éirghe mí-shuaimhneach fá
dtaoibh de Éirinn. Is maith an comhartha sin,
acht tá siad ag glacadh saothair san am ceudna
le n-a ngreim do dhaingniughadh uirthi, chan
ar an tsean-nós do bhíodh ag Oilbhéar Cromaill
nó ag Righ Uilliam é .i. le faobhar Claidhimh
agus le dlighthibh borba, acht le gleacaidheacht
agus le bríbireacht. Gach Acht cuirtear i ngníomh
le deireannaighe, mar dhlighthibh talmhan, dligheadh na
sean-pheinsiún agus dligheadh nuadh an arachais,
tugann siad tuilleadh bainte do Shasanaibh i
n-obair na hÉireann. Ní abraim nach dtigeann
buntáiste éigin do mhuintir na hÉireann as
na hAchtaibh seo agus gur feairrde dúinn iad
bheith ann ná gan iad; acht cuirtear i bhfeidhm
iad i bhfuirm go neartuigheann siad cumhacht
na nGall i n-ar measg agus luigheann sé
orainne aire do thabhairt nach gcuirtear deireadh
linn mar shaor-chineadh.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services