Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala ó Americá
Title
Sgéala ó Americá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala Ó Americá. Do throis an sagart sámh .i. Micheál Ó Flannagáin, Nua Eabhrach atá coicthigheas ó shoin taréis do a lán aisdir agus siubhail agus cainte do dheunamh ar son na Gaedhilge, agus ní rún idir triúr anois annso é gur áluinn an sás chuige é. Dá raghfá ghá lorg anois is é áit i gheabhfá é, .i. i n-oifig na Cuallachta atá i dtigh a 624 Madison Avenue agus é leath- fholuighthe imeasg ualch páipéar agus leitreach. Ní bhíonn le feiscint de uaireanta acht a cheann agus a chosa agus do réir mar a chítear dom is ar éigin a théigheann sos air. Fuadar árd fé agus fuinneamh ar meoin ann agus feidhm dheichneabhair ghá dheunamh aige do Chuallacht Chosanta na Gaedhilge i nEirinn, ní ná leigfidh i ndearmad do má thugaid a cheart do. Ní measaide a shláinte a ndearna d'aisdear agus ní lughaide a mheanma méid an duaidh ata faighthe aige i ngach áit dár thriall. Iomthúsa Fhionáin, atá sé i mbun an Teas- bánaidh i mBoston agus do réir gach tuairisg dár dtáinig uaidh atá sé go gnóthach; agus rud níos fearr ná soin, baineann sé le deall- radh go mbeidh go cionn dhá mhí eile. Is iongantach mar d'eirigh leis an Teasbánaidh seo ó thionns- gain Micheál Ó Flannagáin é, agus ba dheacair a chreideamhaint a gcuirid na daoine annso de spéis ann. Creidim gur i mBoston atá Domhnall Ó Conchubhair leis agus é ar a dhícheall ad'iarraidh feiseanna do dheunamh. Is cruaidh o léir an obair do sheoladh annso chum a dheunta é óir n fhaca furmhór na ndaoine Feis riamh agus ní mó n thuigid cad is brigh léi agus rachaidh i gcreideamhaint do Dhomhnall a fheabhas atá ag eirghe leis. Tabharfaidh sé roinnt múineadh do Ghaedhealaibh an oileáin bhig seo, agus eadrainn féin gur cruaidh sin atá sé i n-uireasbhaidh ortha. Atá Seaghán Leslie ar aoidheacht ag Burke Cochran .i. aon de n-a cainteoirí is ninne annso go bhfuil a cháil agus a chlú taréis dul go hÉirinn. Dorighneadh oireacht mhór do Sheagán i dtigh dá ngairntear Carnegie Hall atá mí ó shoin. Dob'áluinn agus dob' uasal an dream do tháinig ann ionnus gurab é adúbhairt lucht pháipéar na Cathrach so, gur fada an lá ná feacadh aon oireacht ar a raibh an oiread daoine oidhearc, agus mar bhárr ar an méid sin uile, do bhí Árd-Easbog na Cathrach .i. Seumus Ó Fearghallaigh, mar uachtarán ann. Is oth liom nach bhfuil sé de slighe agam annso cuid do chaint léigheanta Sheagháin do chur síos acht b'fhéidir nach fada go mbeadh caoi agam ar a dheunamh agus ar ndóigh ba ghreann liom é. An uair do thosnuigh chum labhartha d'éirigh an sluagh uile 'na seasamh agus dorighneadar “gártha maoidhim agus lúthgháir.” Ní beag san de chomhartha ar a mhéid do thaithnigh Seaghán leo. Mar deireadh ar an sgeul, do bailigheadh trí míle dollar an oidhche sin agus ní fear dom cé mhéid a cuireadh i litreacha chum an chisteóra a haithle an oireachta. Atá a dó nó a trí d sheachtmhainíbh ann anois ó chuaidh cinn gach cuallachta le Gaedhilg do chosaint i gcomhairle feuchaint caidé an tslighe dob' fhearr chum cabhrughadh le Seaghán, agus dob'í comhairle do críoch nuigheadh aca .i. Micheál Ó Flannagáin dá thionnlach agus dá threórughadh ó ba rud é go raibh eolas na slighe aige agus ná tabharfadh é acht an chonair ba chumhaire. agus do cinneadh ar iarradh ar an Easbog Oirbhidneach Ua Flánchadha i Sligeach teurma eile do thabhairt do Mhicheál Ó Flannagáin annso ó thárla gur cruaidh atáthar i ngádh a chabhartha; agus fós do ceapadh ar bhainisteoir d'fháil do'n mbeirt agus a sheoladh sómpa do réitiughadh na slighe agus do dheunamh na n-oireacht dóibh. Is deimhin ná feudfar aon oireacht do dheunamh dóibh anois de chionn a ghiorrachta atá an Nodlaig dúinn agus is deallrach nach gcloisfear mórán sgeula uatha go dtí mí Eanair. Acht cheana, is clos dom nach bhfanfaidh Micheál Ó Clannagáin balbh go dtí sin mar go ndeunfaidh óráid do mhuinntir an Irish Gaelic Society (pé ciall atá leis na foclaibh sin) an tseachtmhain seo chugainn. Is beag ceana an mhairg a chuireann sé ar Mhicheál caint do dheunamh; ba dóigh leat ná faghann sé pioc dá duadh agus is binn ceolmhar an ghuth atá aige. Is ait an dream iad na Ponncánaigh agus an tslighe a chaithid an Nodlaig. Gabhann stáir éigin uathbhasach iad agus is ar éigin a fhanas leus céille aca. Ní bhíonn uatha acht sult agus greann agus sgléip agus rí-rá. Bíonn Seachadaidhe Nodlaig ag imtheacht timcheall uatha féin ba dhóigh leat. Beidh sgeul greannmhar le hinnsint agam an tseachtmhain seo chugainn i dtaoibh an Playboy of the Western World a thug cuairt orainn le déidheanaidhe agus mar d'fháiltigheamar roimhe; agus fós tabharfad cunntas daoibh ar cionnus d'eirigh leis an Peace Meeting do bhí ag Andy seo againne 'na halla féin an tseachtmhain seo. Giolla na Luaithe. Nua Eabhrach, 15: 12: '11.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services