Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéala ó Americá

Title
Sgéala ó Americá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéala Ó Americá.



Do throis an sagart sámh .i. Micheál Ó
Flannagáin, Nua Eabhrach atá coicthigheas ó
shoin taréis do a lán aisdir agus siubhail agus
cainte do dheunamh ar son na Gaedhilge, agus ní
rún idir triúr anois annso é gur áluinn an
sás chuige é. Dá raghfá ghá lorg anois is é áit
i gheabhfá é, .i. i n-oifig na Cuallachta atá i
dtigh a 624 Madison Avenue agus é leath-
fholuighthe imeasg ualch páipéar agus leitreach.
Ní bhíonn le feiscint de uaireanta acht a cheann
agus a chosa agus do réir mar a chítear dom
is ar éigin a théigheann sos air. Fuadar árd
fé agus fuinneamh ar meoin ann agus feidhm
dheichneabhair ghá dheunamh aige do Chuallacht
Chosanta na Gaedhilge i nEirinn, ní ná leigfidh
i ndearmad do má thugaid a cheart do. Ní
measaide a shláinte a ndearna d'aisdear agus
ní lughaide a mheanma méid an duaidh ata faighthe
aige i ngach áit dár thriall.



Iomthúsa Fhionáin, atá sé i mbun an Teas-
bánaidh i mBoston agus do réir gach tuairisg
dár dtáinig uaidh atá sé go gnóthach; agus
rud níos fearr ná soin, baineann sé le deall-
radh go mbeidh go cionn dhá mhí eile. Is iongantach
mar d'eirigh leis an Teasbánaidh seo ó thionns-
gain Micheál Ó Flannagáin é, agus ba dheacair
a chreideamhaint a gcuirid na daoine annso
de spéis ann.



Creidim gur i mBoston atá Domhnall Ó
Conchubhair leis agus é ar a dhícheall ad'iarraidh
feiseanna do dheunamh. Is cruaidh o léir
an obair do sheoladh annso chum a dheunta é
óir n fhaca furmhór na ndaoine Feis riamh
agus ní mó n thuigid cad is brigh léi agus
rachaidh i gcreideamhaint do Dhomhnall a fheabhas
atá ag eirghe leis. Tabharfaidh sé roinnt
múineadh do Ghaedhealaibh an oileáin bhig seo,
agus eadrainn féin gur cruaidh sin atá sé i
n-uireasbhaidh ortha.



Atá Seaghán Leslie ar aoidheacht ag Burke
Cochran .i. aon de n-a cainteoirí is ninne
annso go bhfuil a cháil agus a chlú taréis dul
go hÉirinn.



Dorighneadh oireacht mhór do Sheagán i dtigh
dá ngairntear Carnegie Hall atá mí ó shoin.
Dob'áluinn agus dob' uasal an dream do
tháinig ann ionnus gurab é adúbhairt lucht
pháipéar na Cathrach so, gur fada an lá ná
feacadh aon oireacht ar a raibh an oiread daoine
oidhearc, agus mar bhárr ar an méid sin uile,
do bhí Árd-Easbog na Cathrach .i. Seumus Ó
Fearghallaigh, mar uachtarán ann. Is oth liom
nach bhfuil sé de slighe agam annso cuid do
chaint léigheanta Sheagháin do chur síos acht
b'fhéidir nach fada go mbeadh caoi agam ar a
dheunamh agus ar ndóigh ba ghreann liom é. An
uair do thosnuigh chum labhartha d'éirigh an sluagh
uile 'na seasamh agus dorighneadar “gártha
maoidhim agus lúthgháir.” Ní beag san de
chomhartha ar a mhéid do thaithnigh Seaghán leo.
Mar deireadh ar an sgeul, do bailigheadh trí
míle dollar an oidhche sin agus ní fear dom
cé mhéid a cuireadh i litreacha chum an chisteóra
a haithle an oireachta.



Atá a dó nó a trí d sheachtmhainíbh ann anois
ó chuaidh cinn gach cuallachta le Gaedhilg do
chosaint i gcomhairle feuchaint caidé an tslighe
dob' fhearr chum cabhrughadh le Seaghán, agus
dob'í comhairle do críoch nuigheadh aca .i. Micheál
Ó Flannagáin dá thionnlach agus dá threórughadh
ó ba rud é go raibh eolas na slighe aige agus
ná tabharfadh é acht an chonair ba chumhaire.
agus do cinneadh ar iarradh ar an Easbog
Oirbhidneach Ua Flánchadha i Sligeach teurma
eile do thabhairt do Mhicheál Ó Flannagáin
annso ó thárla gur cruaidh atáthar i ngádh a
chabhartha; agus fós do ceapadh ar bhainisteoir
d'fháil do'n mbeirt agus a sheoladh sómpa
do réitiughadh na slighe agus do dheunamh na
n-oireacht dóibh.



Is deimhin ná feudfar aon oireacht do
dheunamh dóibh anois de chionn a ghiorrachta atá
an Nodlaig dúinn agus is deallrach nach
gcloisfear mórán sgeula uatha go dtí mí
Eanair. Acht cheana, is clos dom nach bhfanfaidh
Micheál Ó Clannagáin balbh go dtí sin mar
go ndeunfaidh óráid do mhuinntir an Irish
Gaelic Society (pé ciall atá leis na foclaibh
sin) an tseachtmhain seo chugainn. Is beag
ceana an mhairg a chuireann sé ar Mhicheál caint
do dheunamh; ba dóigh leat ná faghann sé pioc
dá duadh agus is binn ceolmhar an ghuth atá aige.



Is ait an dream iad na Ponncánaigh agus an
tslighe a chaithid an Nodlaig. Gabhann stáir
éigin uathbhasach iad agus is ar éigin a fhanas
leus céille aca. Ní bhíonn uatha acht sult
agus greann agus sgléip agus rí-rá. Bíonn
Seachadaidhe Nodlaig ag imtheacht timcheall
uatha féin ba dhóigh leat.



Beidh sgeul greannmhar le hinnsint agam
an tseachtmhain seo chugainn i dtaoibh an
Playboy of the Western World a thug cuairt
orainn le déidheanaidhe agus mar d'fháiltigheamar
roimhe; agus fós tabharfad cunntas daoibh
ar cionnus d'eirigh leis an Peace Meeting
do bhí ag Andy seo againne 'na halla féin an
tseachtmhain seo.



Giolla na Luaithe.



Nua Eabhrach, 15: 12: '11.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services