Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Telefón
Title
An Telefón
Author(s)
Ó Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Telefón. Ag comhrádh idir Eabhrach Nua agus Sicágó. Dá ndéirtí leat doiséine bliadhanta ó shoin go dtiucfadh an lá nuair a bheadh sé ar do chumas caint agus comhrádh a bheith agat le fear míle míle as láthair (1,000) ní chreidfeá é, agus ní hé amháin nach gcreidfeá é acht budh dóighide duit a rádh gur as a chéill a bhí an té dúbhairt é. Acht is iomdha sin rud a cheapamar a bhí dodhéanta anuraidh atá indéanta i mbliadhna agus atá le feiceál go coitcheannta os comhair ár gcuid súl gach lá san mbliadhain. Níl sé acht sgaith gearr bliadhanta ó smaoineadh i dtosach go mbféidir comhrádh a dhéanamh chomh fada sin ó láthair, agus dúbhairt gach n-aon go raibh an té thrácht ar ar báinidhe. Bliadhanta gearr na dhiaidh sin arís thrácht sgrungadóir aibhléise agus ealadhantóirí eile ar an sgéal, agus níor bhfada gur cuireadh cumann ar bun leis an obair do chur chun cinn, agus nuair a bhí an cumann ar bun níor chreid acht fíor- bheagán go raibh an obair indéanta. Acht anois nuair atá na scóra daoine ag ainnt agus ag comhrádh le chéile gach uile lá idir Eabhrach Nua agus Sicágó, ní maith lé duine ar bith admháil go rabhadar féin ar dhuine do na daoine a cheap nár bhféidir an gníomh íongantach éifeachtach sin a dhéanamh go deó na ndeór. Agus na dhiaidh sin agus eile níor bh'iontas ar bith go mbeadh sé doichreidte go mb'fhéidir le Aodh Ó Néill i Sicágó, abair, i láimh a shíneadh amach ina leabharlainn agus greim a bhreith ar Ghlacadóir an Ghuthadáin, innseacht d'oibridhe an ghuthadáin go mba mhaith leis labhairt le Seán Ó Cuinn, in Eabrach Nua, agus i gceann móimint nó dhó a bheith ag caint leis bhéal ar bhéal, nó is cirte a rádh, guth ar ghuth. Tá sé cinn de shranga in úsáid idir Sigágó agus Eabhrach Nua. Bhí sé chéad déag dreasa cómhráidh gach mí tré na guthadáin seo ar feadh na blaidhna seo caithte. Seo mar thárluigheas nuair a innistear do'n oibridhe a thabharfas freagra ar do shaodhach gur mían leat dul a chómhrádh lé duine in Eabhrach Nua. Le caocha do shúl cuirfear chun cainte le Inneallóir Ríomhach an Achair Fhada thú agus abróichaidh tú leis go mba mhaith leat labhairt le Seághan Ó Cuinn, an dligheadóir, ag a leithide seo do sheóladh in Eabhrach Nua, agus tabharfaidh tú t'ainm féin dó san am chéadna. Déarfar leat annsain go nglaodhfadh an Gníomhadóir Cánach ort nuair a bhéas gach nidh réidh, agus crochfaidh tú suas ar an gcrúicín an glacadóir. Nuair a bhí an Gníomhadóir Ríomhach ag cainnt leatsa bhí toicéad os a chomhair amach ar an gcruinlín agus sgríobh sé síos an an toicéad seo gach rud a bhí uait chun a chur chuig Ineall- óir an Leabhar-Eolais. Tá Leabhar-Eolais Guthadáin ag gach cathair san tír, agus tá na leabhara sin os comhair an fhir seo ar a chruinlín, agus cuireann sé uimhir Guthadáin Aodh Uí Néill síos san toicéad seo. Cuirtear an toicéad anis siteach i bhFeadán Gaothach, agus as sin téidheann sé caol díreach chuig an Ineallóir Srangach atá in a shuighe os comhair Buird an Achair Fhada, agus is amach ó'n mbórd seo is eadh imthigheas na sranga go dtí Eabhrach Nua. Réidhtigheann an gníomhadóir seo le gníomhadóir an téadagáin fhada tusa a sgaoil- eadh isteach ar an téadagán, acht ní baintear an clog. Sé an fáth atá leis seo ná go gcoinneófar aon nduine eile ó ghlaodhach ort-sa ná a cur isteach ort ar aon chaoi nó go mbéidh tú réidh lé do chomhrádh. Ghloadhann an gníomhadóir Cánach annsain ar Eabhrach Nua, agus orduigheann sé do'n Ghníomhadóir Freagraidheach thú cheangal lé líne Sheághain Uí Chuinn. Baintear an cloigín agus innistear do Sheán gur mian le Sicágó dul chun cainte leis. Nuair a fhághtar freagra ó Mhac Uí Chuinn baineann an gníomhadóir cánach ag bórd an téadagáin fhada i Sicágó do chloigín-sa agus tosuigheann an comhrádh annsain idir Aodh Ual Néill i Sicágó agus Seághan Ó Cuinn atá i nEabhrach Nuadh; agus cé go bhfuil siad deich gcéad míle ó'n a chéile sé sin lé rádh chomh fada céadna ó'n a chéile is tá Eóin Mac Néill i mBaile Átha Cliath agus Cúnó Maidhear i mBerlin sa nGearmáin. Cuirtear Toicéad Fiosrach annsin isteach san nGrafáirmeóir agus marcáltar go beacht an t-am a thosuigheas an comhrádh nó go mbeidh sé críochnuighthe. Nuair atá críoch leis an gcomhrádh crochtar an glacadóir ar an gcrúicín, nó an lubóg, agus tasbáineann an sméideóir aibhléis go ndeárnadh tú sin. Acht chun go mbeidh sé cinnte go bhfuil deireadh leis an gcomhrádh, marcáileann sé an toicéad in aithuair i riocht is go mbeadh fios aca ar an am a cuireadh deireadh leis an gcaint. Tá deis aca ar dtugtar an Féin-sméideóir agus ní'l aca acht a méar a chur ar sin agus dúnann sé téadagán Mhic Uí Néill agus téadagán Mhic Uí Cuinn ar a chéile. Is fuide a thóg sé mise an sgéal innseacht ná mar thógann sé fear Sicágó agus fear Eabhrach Nua a chur ag comhrádh le'n a chéile. Is minic a déantar é taobh istigh do dhá nóiméad ó'n am a thugtar an t-ordughadh go dtí an t-am a curtar tús leis an gcaint. Ar ndóigh ní féidir a bheith chomh sgioptha seo ar feadh an am is práinnighe san lá nuair atá glaodhach i ndiaidh glaodhaigh ag teach i mullach a chéile. Níl an oiread sin ar fad tráchta idir Sicágó agus Eabhrach Nua fós is go n-íocfaidh as tuilleadh sranga a leagann eatortha. Fá láthair tá dhá shraingchainteach díreach idir an dá chathair, agus ceithre cinn eile is féidir a ghreamughadh dóibh trí Pittsburg. Coinnightear iad seo go gnothach i gcomhnuidhe ar feadh an ama a bhíos an “t-ualach trom.” Deirtear gurab' é Boston ceap na cruinne, agus b'fhéidir gurab é, acht sé Sicágó croidhe an ceap oibreacha an ghuthadáin. Is an- deacair do dhuine a mheas ná a thabhairt chun cruinnis gur tig leat suidhe síos ar do chathaoir in do sheomra nó i t-oifig, agus nach bhfuil le déanamh agat acht do lámh a shíneadh amach, breith ar an nGlacadóir agus labhairt le aon nduine de fhiche millún daoine; nach bhfuil ceó na frighide agat le déanamh acht ainm agus sloinne an té atá tasdáil uait a thabhairt do Ghníomhadóir an Achair Fhada. Cuirimid i gcás go bhfuil Sicágó ar nós ceap rotha-cartach agus go bhfuil láirlíne an rotha 2,000 míle ar fad agus gurab iad na poinnte is fuide ó'n gcairt-cheap Boston, nó Eabhrach Nua, san Oirthear, agus Denbhir i Státa Cholaradó san Iarthar, Duluth i Státa Mhisesóta san Tuaisceart, agus Orléan Nua san Deisceart. Insa na cathaireachaibh agus ins na bailtibh beaga agus móra idir na poinntí seo de'n tír mhóir fhairsing sin, tá Seasanna Gughadáin curtha ar bun agus tá Sranga Cánach ag dul amach uatha sin arís agus ag greamughadh le téadagáin an achair fhada; agus sé tuairim na ndaoine is eólasaighe san ngnótha seo go bhfuil suas le sé mhilliún guthadán i n-úsáid san limistéar tíre sin. Agus is beag nach féidir a rádh go bhfuil úsáid an ghuthadáin go fóir- leathanach imeasg muinntir na n-áiteann sin go léir. Níl sé fós chúig bliadhna is tríocha ó thasbáin Mac Giolla an Chloig an chéad ghuthadáin ag Aonach Mór Phildephia. Dá neósfaidhe stair an ghuthadáin a rugadh san mbliadhain 1876, agus an fás agus an bor-adh a rinne sé ó shoin nuas go dtí lá an lae indiu, b'fhéidir a rádh le fírinne gurab é an brion- sgéal budh iongantaighe a chualadh aon duine fós ariamh é. Is beag rud ar bith a cuirtear ar an margadh a dtosach agus a n-eirigheann leis ar deireadh shiar, nach bhfághann cruadh go leór é a dtús aimsire. Fuair an guthadán níos mó ná a chionóireacht féin do dhroch-mhisneach. Acht is cuma cé na buillí ná na tuairgeanna a tugadh do'n ghuthadán níor chaill Mac Giolla an Chloig nó a chuid cairde a muinighin ná a ndóchas san nguthadán. Bhí a fhios aige go dtiucfadh an lá fós nuair a bheadh an guthadán i n-úsáid go fóirleathanach, agus go mbeadh gach duine san domhan i n-ann labhairt le aon nduine eile is cuma cá mbeadh an duine sin nuair a bheadh an chaint dá déanamh. Níor bhrionglóid ar bith é seo do na fir úd, bhí fios aca go mbeadh sin amhlaidh. Nuair a d'fhoillsigh Mac Giolla an Chloig an roimhfeisceach a dtosach dubhairt sé ann: “Tá sealbhadóirí paitean Mhic Ghiolla an Chloig réid allmhuighthe chun guthadáin a dhíol a chuirfeas Glé-chaint tré innill fiche míle ó'n a chéile.” Mheas cuid de na daoine go ndéanfadh an guthadán ceart go leór ar feadh achair ghairid - abair idir dhá cheann na cathrach - acht do ghnídís sgairte gáire agus flichmhagadh faoi Mhac Giolla an Chloig nuair a deireadh sé go mbeadh an guthadán i ngnáth-úsáid leis an aimsir. Agus nuair a leag Theodore A. Vail sranga ó Bhostan go Proghidents, i Státa Rhode Island, tuairim is trí fichid míle bealaigh, baisteadh “Vail's Folly” ar an líne. Marach an “Vail's Folly” ní bheadh an toirmcheal miotalach againn indiú, agus is cinnte nach mbeadh guthadáin na n-achair fhada againn. Badh gairid in a dhiaidh sin gur fritheamh amach go gcaithfídhe na sranga iarainn a chaitheamh ar leath-taobh ar na hachair fhada, agus copar a chur ina a n-áit, mar siúd is go bhfuil bantáisde mhór san iarann - tá an chéad chostas níos saoire - acht tá an copar a bhfad níos fearr ar gach chaoi eile, acht amháin i gcumacht sínteach. Mar is gnáthach nuair a bhíos cruadh-cheist ealadhanta le fuas- gailt, fritheamh an fear a léigheas an lucht sin. Beirt fhear darab ainm Doolittle agus Mason a d'fhuasgail an chruadhcheist. Taréis go leór fiosdhearbhughadh a dhéanamh fuaireadar amach taréis na sranga a theacht bog te ó'n múnla dá ndéanfaidh iad a aththarraingt ar a bheith fuar dóibh tré mhúnlaí, go bhfanfadh an croidhe bog, agus go dtiucfadh gearbhog cruadh ar an taobh amuigh a choinneóchadh an tsrang ó shíneadh, sé sin le rádh ó aon teacht aiste ar bhfiú áireamh. Cothrom an ama seo chuir Vail Cumann Mheirio- cánach an Téadagáin agus an Ghuthadáin ar bun. Sé an chéad rud a rinneadar seo ná líne fios- dhearbhach a leagan ó Bhoston go Eabhrach Nua, agus san mbliadhain 1885 déanamh an chéad ghuthadán tráchtála idir Eabhrach Nua agus Philadephia. Sranga cruadh-tharaingthe copair a cuireadh san líne seo, agus mheádhuigh gach srang aca 172 phunta in aghaidh an mhíle. I dtús ama, ní raibh in úsáid acht aon srang amháin mar cuirtí an sruth aibhléise thar ais thríd an talamh. Fríthéamh go leór leór triob- lóide ó'n módh seo, agus sé an rud badh mheasa ar fad agus badh mhó a chuir imnidhe ortha ná an gleórán agus an torann aisteach dothuigsheach a cloistí insa na Hinnill Ghlacach. Is iomdha sin rud badh ciontach leis an torann aisteach dothuigseach sin. Srang luasgach cuir i gcás, néallta san spéir, sranga eile a bheith in a ngaobhar, cuaifeacha feóin líonta le aibhléis a chuireadh srutháin aibhléise go dtí an talamh, agus as sin arís suas ins na sranga. Cloistí ar an nguthadán, ar feadh achair ghairid, na cómharthaí téadagach a bhíodh dá gcur ar théadagán a bhí sínte cóimhthreórmhar leis an nguthadán. Nuair a bhíodh dhá ghuthadán sínte taobh le taobh b'fhéidir an comhrádh a bhí dá dhéanamh ar cheann aca a chloisteáil san gceann eile. Tugtaí go tráthamhail “caint threasnach” ar an neóna- chas seo. Badh mhór an cosg ortha an “chaint threasnach” agus má badh leó bualadh chun cinn bhí sé do réir aca an bhuaidh fhaghail uirthe. Táréis an chuid is mó de bhliadhain a chaitheamh ag fios- dhearbhughadh chinneadar ar an “gcaint threasnach” agus ar Threóiristeachta. Seo mar rinneadar é. Tá cheithre shrang agus fiche leagtha idir Eabhrach Nua agus Philadephia. Sé sin lé rádh tá doiséine cuplaí sranga ar na cuaillíbh idir an dá chathair. Tá ó nádúr gaol gar agus gaol a bhfad amach ag na sranga seo le chéile, agus hathruigheadh an gaol a bhí idir srang agus an tsrang eile badh goire di, agus sé an chaoi a déanadh é sin, ná, taréis an dá shrang a chur cóimhthreármhar le chéile ar feadh míle bealaigh, cuireadh treasna ar a chéile iad, annsain leagadh go cóimhthreórmhar arís iad ar feadh míle eile agus cuireadh treasna ar a chéile arís iad agus mar sin de ar feadh fad an bhóthair. In áiteachaibh eile curtar thar a chéile iad gach ceathramhadh míle. Go dlúth taréis líne Philadephia a chríoch- nughadh cuireadh tús le ceann eile go Boston: ceann eile chomh fada le Álbanai, príomh chathair Státa Eabhrach Nua, ceann eile arís go Bufaló, agus cuireadh fad ar ghuthadán Philadephia go Pittsburg. Céad dhá phunt déag agus trí fíchid (172) meádhchain a bhí na sranga seo i n-aghaidh gach míle. Frítheamh amach tar éis go leór fiosdhearbhughadh a dhéanamh nach ngeóbhfaidh sásamh ceart ó na sranga seo níos fuide ná 500 míle as láthair, agus tar éis an méid sin feasa fhághail amach dóibh chuireadar sranga níos truime ó Sicágó go nEabhrach Nua. Tá siad sin 435 púnta meádhchain gach míle, sé sin le rádh faoi dhó go leith níos tuime ná na sranga atá idir Bhoston agus Eabhrach Nua. Críochnuigheadh an chéad ghuthadán ó Eabrach Nua go Sicágó san mbliadhain 1892 agus ar an t-ochtmhadh lá déag de mhí Dheireadh an Fhoghmhair na bliadhna sin, labhair Mac Giolla an Chloig ó Eabhrach Nua le Moar Sicágó agus daoine eile a bhí i láthair ag Oifig Cumann an Ghuthadáin, i sráid Quincy, Sicágó. Gníomh éifeachtach, gníomh iongantach. Cuireadh sinn ar bhealach eile é i riocht is go dtabharfadh muid chun tuisgint agus chun cruinnis níos fearr é. Tá sé suas agus anuas leis an achar céadna ó Bhaile Átha Cliath go Berliín is tá sé ó Eabhrach Nua go Sicágó. Cuirimid i gcás go raibh Eóin Mac Néill le léigheacht a thabhairt uaidh ar Ghramadach na Sean- Ghaedhilge san oidhche amáireach, nó ar Shean- Stair na hÉireann, agus nuair a bhí sé ag cur an léigheacht lé chéile go raibh aon phonc beag amháin nár shásaigh go baileach é, nó ar chuma ar bith nach raibhe cinnte amach is amach in a thaobh agus gur mhian leis baramhail Chúnó Maidhear a bheith aige ar an bponc beag. Bhí ar an léigheacht a bheith réidh aige i gcomhair na hoidhche amáirigh; badh mhaith leis gach uile nidh a bheith ar a mhian aige agus gan lúibín ar bith dá laighead a fhágaint ar lár in a chuid stáiridheacht, acht ní'l aon am aige chun sgríobh, mar tógann sé ar a laighead dhá lá le litir a thabhairt go Berlin, agus dhá lá eile chun teacht ar ais; abraimis ná'r mhór dhó cúig lá glan a bheith aige chun freagra fhághail ó Cúnó Maidhear, acht bheadh sé ró-mhall - freagra fhagháil ceithre lá taréis an lae atá ceaptha i gcóir na léigheachta. Acht i n-áit litir a chur chuige, ná Téadagán a chur chuige, beireann an Niallach ar ghlacadóir an ghuthad- áin atá ar a mbóird aige in a leabharlánn agus abrann sé le gníomhadóír an ghuthadáin i mBaile Átha Cliath gur mian leis labhairt le Cúnó Maidhear in Iolsgoil Bherlin, agus i gceann cúpla nóiméad tá an bheirt ollamhain mhóra ag cainnt le n-a chéile guth ar ghuth. Agus i gceann deich móimint tá an ponc beag stárdha nó an pnc beag gramadach fuasgailte aca; tá réidh- teach déanta aca de'n aimhréidh, agus díreach déanta aca de'n cham. Sin mar is féidir a dhéanamh leis an nguthadán, agus sin agus obair eile nach hé atá dá dhéanamh leis gach lá san Oiléan Úr. Tomás Ó Concheanainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services