An Telefón.
Ag comhrádh idir Eabhrach Nua agus
Sicágó.
Dá ndéirtí leat doiséine bliadhanta ó shoin
go dtiucfadh an lá nuair a bheadh sé ar do chumas
caint agus comhrádh a bheith agat le fear míle
míle as láthair (1,000) ní chreidfeá é, agus
ní hé amháin nach gcreidfeá é acht budh dóighide
duit a rádh gur as a chéill a bhí an té dúbhairt é.
Acht is iomdha sin rud a cheapamar a bhí dodhéanta
anuraidh atá indéanta i mbliadhna agus atá le
feiceál go coitcheannta os comhair ár gcuid súl
gach lá san mbliadhain.
Níl sé acht sgaith gearr bliadhanta ó smaoineadh
i dtosach go mbféidir comhrádh a dhéanamh chomh
fada sin ó láthair, agus dúbhairt gach n-aon
go raibh an té thrácht ar ar báinidhe. Bliadhanta
gearr na dhiaidh sin arís thrácht sgrungadóir
aibhléise agus ealadhantóirí eile ar an sgéal,
agus níor bhfada gur cuireadh cumann ar bun
leis an obair do chur chun cinn, agus nuair
a bhí an cumann ar bun níor chreid acht fíor-
bheagán go raibh an obair indéanta. Acht anois
nuair atá na scóra daoine ag ainnt agus ag
comhrádh le chéile gach uile lá idir Eabhrach Nua
agus Sicágó, ní maith lé duine ar bith admháil
go rabhadar féin ar dhuine do na daoine a cheap
nár bhféidir an gníomh íongantach éifeachtach sin a
dhéanamh go deó na ndeór.
Agus na dhiaidh sin agus eile níor bh'iontas
ar bith go mbeadh sé doichreidte go mb'fhéidir le
Aodh Ó Néill i Sicágó, abair, i láimh a shíneadh
amach ina leabharlainn agus greim a bhreith ar
Ghlacadóir an Ghuthadáin, innseacht d'oibridhe
an ghuthadáin go mba mhaith leis labhairt le
Seán Ó Cuinn, in Eabrach Nua, agus i gceann
móimint nó dhó a bheith ag caint leis bhéal ar
bhéal, nó is cirte a rádh, guth ar ghuth.
Tá sé cinn de shranga in úsáid idir Sigágó
agus Eabhrach Nua. Bhí sé chéad déag
dreasa cómhráidh gach mí tré na guthadáin seo ar
feadh na blaidhna seo caithte. Seo mar thárluigheas
nuair a innistear do'n oibridhe a thabharfas
freagra ar do shaodhach gur mían leat dul a
chómhrádh lé duine in Eabhrach Nua. Le caocha
do shúl cuirfear chun cainte le Inneallóir
Ríomhach an Achair Fhada thú agus abróichaidh
tú leis go mba mhaith leat labhairt le Seághan
Ó Cuinn, an dligheadóir, ag a leithide seo do
sheóladh in Eabhrach Nua, agus tabharfaidh tú
t'ainm féin dó san am chéadna. Déarfar
leat annsain go nglaodhfadh an Gníomhadóir
Cánach ort nuair a bhéas gach nidh réidh, agus
crochfaidh tú suas ar an gcrúicín an glacadóir.
Nuair a bhí an Gníomhadóir Ríomhach ag cainnt
leatsa bhí toicéad os a chomhair amach ar an
gcruinlín agus sgríobh sé síos an an toicéad
seo gach rud a bhí uait chun a chur chuig Ineall-
óir an Leabhar-Eolais. Tá Leabhar-Eolais
Guthadáin ag gach cathair san tír, agus tá
na leabhara sin os comhair an fhir seo ar a
chruinlín, agus cuireann sé uimhir Guthadáin
Aodh Uí Néill síos san toicéad seo. Cuirtear
an toicéad anis siteach i bhFeadán Gaothach,
agus as sin téidheann sé caol díreach chuig an
Ineallóir Srangach atá in a shuighe os comhair
Buird an Achair Fhada, agus is amach ó'n mbórd
seo is eadh imthigheas na sranga go dtí Eabhrach
Nua. Réidhtigheann an gníomhadóir seo le
gníomhadóir an téadagáin fhada tusa a sgaoil-
eadh isteach ar an téadagán, acht ní baintear an
clog. Sé an fáth atá leis seo ná go gcoinneófar
aon nduine eile ó ghlaodhach ort-sa ná a cur isteach
ort ar aon chaoi nó go mbéidh tú réidh lé do
chomhrádh. Ghloadhann an gníomhadóir Cánach
annsain ar Eabhrach Nua, agus orduigheann
sé do'n Ghníomhadóir Freagraidheach thú
cheangal lé líne Sheághain Uí Chuinn. Baintear
an cloigín agus innistear do Sheán gur mian
le Sicágó dul chun cainte leis. Nuair a fhághtar
freagra ó Mhac Uí Chuinn baineann an
gníomhadóir cánach ag bórd an téadagáin
fhada i Sicágó do chloigín-sa agus tosuigheann
an comhrádh annsain idir Aodh Ual Néill i Sicágó
agus Seághan Ó Cuinn atá i nEabhrach Nuadh; agus
cé go bhfuil siad deich gcéad míle ó'n a chéile
sé sin lé rádh chomh fada céadna ó'n a chéile
is tá Eóin Mac Néill i mBaile Átha Cliath
agus Cúnó Maidhear i mBerlin sa nGearmáin.
Cuirtear Toicéad Fiosrach annsin isteach
san nGrafáirmeóir agus marcáltar go
beacht an t-am a thosuigheas an comhrádh nó go
mbeidh sé críochnuighthe. Nuair atá críoch leis
an gcomhrádh crochtar an glacadóir ar an
gcrúicín, nó an lubóg, agus tasbáineann an
sméideóir aibhléis go ndeárnadh tú sin. Acht
chun go mbeidh sé cinnte go bhfuil deireadh leis
an gcomhrádh, marcáileann sé an toicéad in
aithuair i riocht is go mbeadh fios aca ar an am
a cuireadh deireadh leis an gcaint. Tá deis
aca ar dtugtar an Féin-sméideóir agus
ní'l aca acht a méar a chur ar sin agus dúnann
sé téadagán Mhic Uí Néill agus téadagán
Mhic Uí Cuinn ar a chéile.
Is fuide a thóg sé mise an sgéal innseacht
ná mar thógann sé fear Sicágó agus fear
Eabhrach Nua a chur ag comhrádh le'n a chéile.
Is minic a déantar é taobh istigh do dhá nóiméad
ó'n am a thugtar an t-ordughadh go dtí an t-am
a curtar tús leis an gcaint. Ar ndóigh ní
féidir a bheith chomh sgioptha seo ar feadh an
am is práinnighe san lá nuair atá glaodhach i
ndiaidh glaodhaigh ag teach i mullach a chéile.
Níl an oiread sin ar fad tráchta idir Sicágó
agus Eabhrach Nua fós is go n-íocfaidh as
tuilleadh sranga a leagann eatortha. Fá
láthair tá dhá shraingchainteach díreach idir
an dá chathair, agus ceithre cinn eile is féidir a
ghreamughadh dóibh trí Pittsburg. Coinnightear
iad seo go gnothach i gcomhnuidhe ar feadh
an ama a bhíos an “t-ualach trom.”
Deirtear gurab' é Boston ceap na cruinne,
agus b'fhéidir gurab é, acht sé Sicágó croidhe
an ceap oibreacha an ghuthadáin. Is an-
deacair do dhuine a mheas ná a thabhairt chun
cruinnis gur tig leat suidhe síos ar do chathaoir
in do sheomra nó i t-oifig, agus nach bhfuil le
déanamh agat acht do lámh a shíneadh amach,
breith ar an nGlacadóir agus labhairt le
aon nduine de fhiche millún daoine; nach bhfuil
ceó na frighide agat le déanamh acht ainm agus
sloinne an té atá tasdáil uait a thabhairt
do Ghníomhadóir an Achair Fhada.
Cuirimid i gcás go bhfuil Sicágó ar nós ceap
rotha-cartach agus go bhfuil láirlíne an
rotha 2,000 míle ar fad agus gurab iad na
poinnte is fuide ó'n gcairt-cheap Boston, nó
Eabhrach Nua, san Oirthear, agus Denbhir i Státa
Cholaradó san Iarthar, Duluth i Státa Mhisesóta
san Tuaisceart, agus Orléan Nua san
Deisceart.
Insa na cathaireachaibh agus ins na bailtibh
beaga agus móra idir na poinntí seo de'n
tír mhóir fhairsing sin, tá Seasanna Gughadáin
curtha ar bun agus tá Sranga Cánach ag dul
amach uatha sin arís agus ag greamughadh le
téadagáin an achair fhada; agus sé tuairim na
ndaoine is eólasaighe san ngnótha seo go bhfuil
suas le sé mhilliún guthadán i n-úsáid san
limistéar tíre sin. Agus is beag nach féidir
a rádh go bhfuil úsáid an ghuthadáin go fóir-
leathanach imeasg muinntir na n-áiteann
sin go léir.
Níl sé fós chúig bliadhna is tríocha
ó thasbáin Mac Giolla an Chloig an chéad
ghuthadáin ag Aonach Mór Phildephia. Dá
neósfaidhe stair an ghuthadáin a rugadh san
mbliadhain 1876, agus an fás agus an bor-adh
a rinne sé ó shoin nuas go dtí lá an lae indiu,
b'fhéidir a rádh le fírinne gurab é an brion-
sgéal budh iongantaighe a chualadh aon duine
fós ariamh é.
Is beag rud ar bith a cuirtear ar an margadh
a dtosach agus a n-eirigheann leis ar deireadh
shiar, nach bhfághann cruadh go leór é a dtús
aimsire. Fuair an guthadán níos mó ná a
chionóireacht féin do dhroch-mhisneach. Acht is cuma
cé na buillí ná na tuairgeanna a tugadh do'n
ghuthadán níor chaill Mac Giolla an Chloig nó a
chuid cairde a muinighin ná a ndóchas san
nguthadán. Bhí a fhios aige go dtiucfadh an lá
fós nuair a bheadh an guthadán i n-úsáid go
fóirleathanach, agus go mbeadh gach duine san
domhan i n-ann labhairt le aon nduine eile is
cuma cá mbeadh an duine sin nuair a bheadh
an chaint dá déanamh. Níor bhrionglóid ar
bith é seo do na fir úd, bhí fios aca go mbeadh
sin amhlaidh.
Nuair a d'fhoillsigh Mac Giolla an Chloig
an roimhfeisceach a dtosach dubhairt sé ann:
“Tá sealbhadóirí paitean Mhic Ghiolla an Chloig
réid allmhuighthe chun guthadáin a dhíol a chuirfeas
Glé-chaint tré innill fiche míle ó'n a chéile.”
Mheas cuid de na daoine go ndéanfadh an
guthadán ceart go leór ar feadh achair ghairid
- abair idir dhá cheann na cathrach - acht do
ghnídís sgairte gáire agus flichmhagadh faoi Mhac
Giolla an Chloig nuair a deireadh sé go mbeadh
an guthadán i ngnáth-úsáid leis an aimsir. Agus
nuair a leag Theodore A. Vail sranga ó
Bhostan go Proghidents, i Státa Rhode Island,
tuairim is trí fichid míle bealaigh, baisteadh
“Vail's Folly” ar an líne. Marach an “Vail's
Folly” ní bheadh an toirmcheal miotalach
againn indiú, agus is cinnte nach mbeadh
guthadáin na n-achair fhada againn.
Badh gairid in a dhiaidh sin gur fritheamh amach
go gcaithfídhe na sranga iarainn a chaitheamh ar
leath-taobh ar na hachair fhada, agus copar a chur
ina a n-áit, mar siúd is go bhfuil bantáisde mhór
san iarann - tá an chéad chostas níos saoire -
acht tá an copar a bhfad níos fearr ar gach chaoi
eile, acht amháin i gcumacht sínteach. Mar is gnáthach
nuair a bhíos cruadh-cheist ealadhanta le fuas-
gailt, fritheamh an fear a léigheas an lucht sin.
Beirt fhear darab ainm Doolittle agus Mason
a d'fhuasgail an chruadhcheist. Taréis go leór
fiosdhearbhughadh a dhéanamh fuaireadar amach
taréis na sranga a theacht bog te ó'n múnla
dá ndéanfaidh iad a aththarraingt ar a bheith
fuar dóibh tré mhúnlaí, go bhfanfadh an croidhe
bog, agus go dtiucfadh gearbhog cruadh ar
an taobh amuigh a choinneóchadh an tsrang ó shíneadh,
sé sin le rádh ó aon teacht aiste ar bhfiú áireamh.
Cothrom an ama seo chuir Vail Cumann Mheirio-
cánach an Téadagáin agus an Ghuthadáin ar bun.
Sé an chéad rud a rinneadar seo ná líne fios-
dhearbhach a leagan ó Bhoston go Eabhrach Nua,
agus san mbliadhain 1885 déanamh an chéad
ghuthadán tráchtála idir Eabhrach Nua agus
Philadephia. Sranga cruadh-tharaingthe
copair a cuireadh san líne seo, agus mheádhuigh
gach srang aca 172 phunta in aghaidh an mhíle.
I dtús ama, ní raibh in úsáid acht aon srang
amháin mar cuirtí an sruth aibhléise thar ais thríd
an talamh. Fríthéamh go leór leór triob-
lóide ó'n módh seo, agus sé an rud badh mheasa
ar fad agus badh mhó a chuir imnidhe ortha ná
an gleórán agus an torann aisteach dothuigsheach
a cloistí insa na Hinnill Ghlacach. Is iomdha
sin rud badh ciontach leis an torann aisteach
dothuigseach sin. Srang luasgach cuir i
gcás, néallta san spéir, sranga eile a bheith
in a ngaobhar, cuaifeacha feóin líonta le
aibhléis a chuireadh srutháin aibhléise go dtí an
talamh, agus as sin arís suas ins na sranga.
Cloistí ar an nguthadán, ar feadh achair ghairid,
na cómharthaí téadagach a bhíodh dá gcur ar
théadagán a bhí sínte cóimhthreórmhar leis an
nguthadán.
Nuair a bhíodh dhá ghuthadán sínte taobh le
taobh b'fhéidir an comhrádh a bhí dá dhéanamh ar
cheann aca a chloisteáil san gceann eile. Tugtaí
go tráthamhail “caint threasnach” ar an neóna-
chas seo. Badh mhór an cosg ortha an “chaint
threasnach” agus má badh leó bualadh chun cinn
bhí sé do réir aca an bhuaidh fhaghail uirthe. Táréis
an chuid is mó de bhliadhain a chaitheamh ag fios-
dhearbhughadh chinneadar ar an “gcaint threasnach”
agus ar Threóiristeachta.
Seo mar rinneadar é. Tá cheithre shrang agus
fiche leagtha idir Eabhrach Nua agus Philadephia.
Sé sin lé rádh tá doiséine cuplaí sranga ar na
cuaillíbh idir an dá chathair. Tá ó nádúr gaol
gar agus gaol a bhfad amach ag na sranga
seo le chéile, agus hathruigheadh an gaol a bhí
idir srang agus an tsrang eile badh goire
di, agus sé an chaoi a déanadh é sin, ná, taréis
an dá shrang a chur cóimhthreármhar le chéile ar
feadh míle bealaigh, cuireadh treasna ar a
chéile iad, annsain leagadh go cóimhthreórmhar
arís iad ar feadh míle eile agus cuireadh treasna
ar a chéile arís iad agus mar sin de ar feadh
fad an bhóthair.
In áiteachaibh eile curtar thar a chéile iad
gach ceathramhadh míle.
Go dlúth taréis líne Philadephia a chríoch-
nughadh cuireadh tús le ceann eile go Boston:
ceann eile chomh fada le Álbanai, príomh chathair
Státa Eabhrach Nua, ceann eile arís go Bufaló,
agus cuireadh fad ar ghuthadán Philadephia go
Pittsburg. Céad dhá phunt déag agus trí fíchid
(172) meádhchain a bhí na sranga seo i n-aghaidh
gach míle. Frítheamh amach tar éis go leór
fiosdhearbhughadh a dhéanamh nach ngeóbhfaidh sásamh
ceart ó na sranga seo níos fuide ná 500 míle
as láthair, agus tar éis an méid sin feasa
fhághail amach dóibh chuireadar sranga níos
truime ó Sicágó go nEabhrach Nua. Tá siad
sin 435 púnta meádhchain gach míle, sé sin le
rádh faoi dhó go leith níos tuime ná na sranga
atá idir Bhoston agus Eabhrach Nua.
Críochnuigheadh an chéad ghuthadán ó Eabrach
Nua go Sicágó san mbliadhain 1892 agus ar
an t-ochtmhadh lá déag de mhí Dheireadh an
Fhoghmhair na bliadhna sin, labhair Mac Giolla
an Chloig ó Eabhrach Nua le Moar Sicágó agus
daoine eile a bhí i láthair ag Oifig Cumann an
Ghuthadáin, i sráid Quincy, Sicágó. Gníomh
éifeachtach, gníomh iongantach.
Cuireadh sinn ar bhealach eile é i riocht is go
dtabharfadh muid chun tuisgint agus chun
cruinnis níos fearr é. Tá sé suas agus anuas
leis an achar céadna ó Bhaile Átha Cliath go
Berliín is tá sé ó Eabhrach Nua go Sicágó.
Cuirimid i gcás go raibh Eóin Mac Néill le
léigheacht a thabhairt uaidh ar Ghramadach na Sean-
Ghaedhilge san oidhche amáireach, nó ar Shean-
Stair na hÉireann, agus nuair a bhí sé ag cur
an léigheacht lé chéile go raibh aon phonc beag
amháin nár shásaigh go baileach é, nó ar chuma ar
bith nach raibhe cinnte amach is amach in a thaobh
agus gur mhian leis baramhail Chúnó Maidhear a
bheith aige ar an bponc beag. Bhí ar an léigheacht
a bheith réidh aige i gcomhair na hoidhche amáirigh;
badh mhaith leis gach uile nidh a bheith ar a mhian aige
agus gan lúibín ar bith dá laighead a fhágaint ar
lár in a chuid stáiridheacht, acht ní'l aon am
aige chun sgríobh, mar tógann sé ar a laighead
dhá lá le litir a thabhairt go Berlin, agus dhá
lá eile chun teacht ar ais; abraimis ná'r mhór
dhó cúig lá glan a bheith aige chun freagra
fhághail ó Cúnó Maidhear, acht bheadh sé ró-mhall -
freagra fhagháil ceithre lá taréis an lae atá
ceaptha i gcóir na léigheachta. Acht i n-áit
litir a chur chuige, ná Téadagán a chur chuige,
beireann an Niallach ar ghlacadóir an ghuthad-
áin atá ar a mbóird aige in a leabharlánn agus
abrann sé le gníomhadóír an ghuthadáin i mBaile
Átha Cliath gur mian leis labhairt le Cúnó
Maidhear in Iolsgoil Bherlin, agus i gceann
cúpla nóiméad tá an bheirt ollamhain mhóra ag
cainnt le n-a chéile guth ar ghuth. Agus i gceann
deich móimint tá an ponc beag stárdha nó an
pnc beag gramadach fuasgailte aca; tá réidh-
teach déanta aca de'n aimhréidh, agus díreach
déanta aca de'n cham.
Sin mar is féidir a dhéanamh leis an nguthadán,
agus sin agus obair eile nach hé atá dá
dhéanamh leis gach lá san Oiléan Úr.
Tomás Ó Concheanainn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11