Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tiúscal na mBeach
Title
Tiúscal na mBeach
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tiúscal na mBeach. “Obair na mbeach Intleacht na mban Teacht is imtheacht na taoide,” Trí nidhthe do theip ar Horastatle a thuisgint. Ní mór damh-sa mo leath-sgéal a ghabháil dom, léightheóirí ar a shon gur dheineas an bheach a tharrac chugam mar adhbhar cainte. 'Sé cúis go ndeinim, de bhárr a fheabhas a oireann an tiúscal áirithe seo don Ghaedhealtacht. Oireann sé do mhuintir na gceanntar sin toisc a laighead airgid a chosnuigheann sé agus a shaoradaidhe a thagann le duine roinnt airgid a dhéanamh thar a gcionn. Admhuightear ins gach aon bhall fé láthair a ghábhtaraidhe tá gnóthaí tiúscail éigint i n-easnamh ar lucht comhnuidhthe na Gaedhealtachta. Ins na ceanntaraibh iargúlda sin mar a bhfuil an Ghaedhilg na beathaidh ní féidir muilinn mhóra do thógaint, mar na hoireann na baill sin dóibh. Tá a bhfurmhór díobh ró-chian ós na margaidh móra. 'Sé budh mhian liom suidheamh gnothaí tiúsail a leagadh amach do gach ceanntar fé leith mar a n-oireann dá réir. D'fhóirfeadh na beacha go mór ar mhnaoi an tighe. Bheadh an mhil fé leith aici le haghaidh chouighthe an tighe. Ní móide gur féidir buadhachaint ar an mil Ghaedhealaigh. Tá árd-ghlaodhach uirthi thar sáile fiú ar fuaid na hEórpa féin. Taobh amuigh de'n tairbhthe a gheibhtear ar na beachaidh, gaibhtear leo mar caitheamh aimsire. Ceacht thar ceachtaibh dhúinne 'seadh módh-shaoghail is saothar na mbeach do thabhairt fé ndeara. Ní'l aon nidh ar an gCoróinn Ríoghdha is feárr a d'fhéadfadh sinn a mhúineadh i gcúrsaibh saoghail ná iad. Ó thúis deire a mbeathadh bíonn siad ag saothar. Ainmhidhe beag fuirtheach 'seadh an bheach. Ainmhidhe ciúin macánta acht ná cuirfí fearg uirthi. I dtráth na soininne bíonn sí ag saothar go dithcheallach le haghaidh an dubh- luachair. I dtosach an tsamhraidh tráth mbíonn ré ba mbláth istigh againn saothruigheann sí i gcomhgar don bhaile, acht le teacht an fhoghmhair bíonn a cuaird ar na sléibhtibh agus um eadtartha cídhtear ag casadh í agus í ualaighthe go trom le mil bhreágh úir chraoraigh. Bíonn aithne aici ar a maighistir seachas éinne eile, agus do b'olc léi an dochar ba lugha a dh'imtheacht air. Ní féidir í mheas gan dlúth-mhachnamh ar mhíor- bhiultaibh Dé do theacht i gcuimhne dhuit. An té gur mian leis saithe beach d'fhághail is gnáth leis é dhéanamh ar theacht na Samhna. Má tá sé i n-ainbhfios ar a cúrsaibh curieadh sé sgéal ar éinne dá chomharsannaibh go bhfuil a n-eolas aige. Níor mhiste dho eolas a chur ar leabhar n-a bhfuil trácht bunuadhasach fuinte ar shaoghal na mbeach. Ní mholaim do, ámh, leanamhaint do chomharlaibh na leabhar. As an dtathaighe a gheibhtear an fhoghlaim. Tá a lán mhór de thuairiscí dá shaghas i leabharthaibh d'fhoilsigh an Department, acht is mó go mór a gheibhtear dá eolas san Irish Homestead. Truagh liom gan tuairisc na mbeach dá fhaghail i nGaedhilg i dtreo is go dtiocfadh le na daoine atá i dtaobh leis an dteangain sin amháin aithne cheart a chur ortha. Ní déarfainn ná go mbéadh adhbhar leabhair mhaith ann. Tá aithne agam ar dhuine sa Ghaedhealtacht a d'fhéadfadh leabhar dá shaghas a fhoillsiughadh dhúinn. Ní hé amháin go bhfuil an Ghaedhilg aige acht tá uachtar eolais ar shaoghal na mbeach aige. Tá dhá shaghas cruiceóg ann le haghaidh na mbeach: Cruigeóg tuighe, an seana-ghléas díon do cheapadh na gcóir; agus an chruiceóg adhmuid do tháinig chun baile chugainn le déadhnaighe. Níor mhiste an dá shaghas a thriail. Níor mhór dóibh a bheith ar scáth ó'n ngaoith adtuaidh agus a bheith cosanta i dtreó nár bhaoghal dóibh an fhearthainn ná doineann an gheimhridh. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services