Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tiúscal na mBeach

Title
Tiúscal na mBeach
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tiúscal na mBeach.



“Obair na mbeach
Intleacht na mban
Teacht is imtheacht na taoide,”



Trí nidhthe do theip ar Horastatle a thuisgint.



Ní mór damh-sa mo leath-sgéal a ghabháil dom,
léightheóirí ar a shon gur dheineas an bheach a
tharrac chugam mar adhbhar cainte. 'Sé cúis go
ndeinim, de bhárr a fheabhas a oireann an
tiúscal áirithe seo don Ghaedhealtacht. Oireann
sé do mhuintir na gceanntar sin toisc
a laighead airgid a chosnuigheann sé agus a
shaoradaidhe a thagann le duine roinnt airgid
a dhéanamh thar a gcionn.



Admhuightear ins gach aon bhall fé láthair
a ghábhtaraidhe tá gnóthaí tiúscail éigint i
n-easnamh ar lucht comhnuidhthe na Gaedhealtachta.
Ins na ceanntaraibh iargúlda sin mar a bhfuil
an Ghaedhilg na beathaidh ní féidir muilinn mhóra
do thógaint, mar na hoireann na baill sin dóibh.
Tá a bhfurmhór díobh ró-chian ós na margaidh
móra. 'Sé budh mhian liom suidheamh gnothaí
tiúsail a leagadh amach do gach ceanntar fé
leith mar a n-oireann dá réir. D'fhóirfeadh
na beacha go mór ar mhnaoi an tighe. Bheadh
an mhil fé leith aici le haghaidh chouighthe an tighe.
Ní móide gur féidir buadhachaint ar an mil
Ghaedhealaigh. Tá árd-ghlaodhach uirthi thar sáile
fiú ar fuaid na hEórpa féin.



Taobh amuigh de'n tairbhthe a gheibhtear ar na
beachaidh, gaibhtear leo mar caitheamh aimsire.
Ceacht thar ceachtaibh dhúinne 'seadh módh-shaoghail
is saothar na mbeach do thabhairt fé ndeara.
Ní'l aon nidh ar an gCoróinn Ríoghdha is feárr
a d'fhéadfadh sinn a mhúineadh i gcúrsaibh
saoghail ná iad. Ó thúis deire a mbeathadh bíonn
siad ag saothar. Ainmhidhe beag fuirtheach 'seadh
an bheach. Ainmhidhe ciúin macánta acht ná cuirfí
fearg uirthi. I dtráth na soininne bíonn sí
ag saothar go dithcheallach le haghaidh an dubh-
luachair. I dtosach an tsamhraidh tráth mbíonn
ré ba mbláth istigh againn saothruigheann sí
i gcomhgar don bhaile, acht le teacht an fhoghmhair
bíonn a cuaird ar na sléibhtibh agus um eadtartha
cídhtear ag casadh í agus í ualaighthe go trom le
mil bhreágh úir chraoraigh. Bíonn aithne aici
ar a maighistir seachas éinne eile, agus do b'olc
léi an dochar ba lugha a dh'imtheacht air. Ní
féidir í mheas gan dlúth-mhachnamh ar mhíor-
bhiultaibh Dé do theacht i gcuimhne dhuit.



An té gur mian leis saithe beach d'fhághail is
gnáth leis é dhéanamh ar theacht na Samhna. Má
tá sé i n-ainbhfios ar a cúrsaibh curieadh sé
sgéal ar éinne dá chomharsannaibh go bhfuil a
n-eolas aige. Níor mhiste dho eolas a chur ar
leabhar n-a bhfuil trácht bunuadhasach fuinte
ar shaoghal na mbeach. Ní mholaim do, ámh,
leanamhaint do chomharlaibh na leabhar. As an
dtathaighe a gheibhtear an fhoghlaim. Tá a lán
mhór de thuairiscí dá shaghas i leabharthaibh
d'fhoilsigh an Department, acht is mó go mór
a gheibhtear dá eolas san Irish Homestead.



Truagh liom gan tuairisc na mbeach dá fhaghail
i nGaedhilg i dtreo is go dtiocfadh le na daoine
atá i dtaobh leis an dteangain sin amháin aithne
cheart a chur ortha. Ní déarfainn ná go mbéadh
adhbhar leabhair mhaith ann. Tá aithne agam
ar dhuine sa Ghaedhealtacht a d'fhéadfadh leabhar
dá shaghas a fhoillsiughadh dhúinn. Ní hé amháin
go bhfuil an Ghaedhilg aige acht tá uachtar
eolais ar shaoghal na mbeach aige.



Tá dhá shaghas cruiceóg ann le haghaidh na
mbeach: Cruigeóg tuighe, an seana-ghléas díon
do cheapadh na gcóir; agus an chruiceóg adhmuid
do tháinig chun baile chugainn le déadhnaighe.
Níor mhiste an dá shaghas a thriail. Níor mhór
dóibh a bheith ar scáth ó'n ngaoith adtuaidh agus
a bheith cosanta i dtreó nár bhaoghal dóibh an
fhearthainn ná doineann an gheimhridh.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services