Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reachtaireacht Chearc
Title
Reachtaireacht Chearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Reachtaireacht Chearc Ó tharla an fóghmhar do bheith istigh againn agus a dheallramh agus a ghile ar an uile nidh tagann an saoghal ré'n dtuaith chun ár gcuimhne. Tá a dheallramh air nach mbeidh pas suaimhnis at an bhfeirmtheóir is ag a lín tighe go mbeigh saothar an fhóghmhair críochnuighthe ortha. An faid atá an tslacht dá chur ag an bhfeirmeóir ar an áit ní mór do bhantracht an tighe bheith ag cur suime i dtreó na gcearc ó tá an chaothamhltacht aca chuige. Is iongantach thar meon mar a théidheann an saothar soin na gcearc chun tairbhe an tighe, go háirithe má bhíonn áit le cóir leagtha amach dóibh. Is deas saoráideach is féidir roinnt airgid a dhéanamh as an bhfuighleach atá fanta tar éis gnó an tighe. Táid cróitíní ar díol i gcóir cearc, acht ba shaoire go mór do'n bhfeirmeóir ceann dá dheantús féin a dhéanamh. B'fhuirist dó soin acht beagán de'n aiclidheacht a bheith ann is cosamhlacht an chróitín do bheith ós a chomhair aige. Acht ar a shon gur a hadhmaid deintear an tigh sin ní fuláir é a dhathughadh mar ní réidhtigheann gairbhtheacht na doininne leis ní mó ná mar a réidhtigheann breis gréine is brothal leis. Éinne dár gcailíní a ghabhann an obair seo na gcearc ar láimh ní fuláir di an t-ullamhuchán is dual a dhéanamh má's mian léi í féin a chiméad ó adhgán na haindeise. Tá cineál leith de chearcaibh i gcóir beirthe agus cineál eile le haghaidh feóla agus mar sin de. Ní mór cróitín fé leith a sholáthar do gach saghas díobh sain is caithfear na cróitíní a chiméad go gléasta is go glan i gcomhnuidhe. D'fhonn slacht agus treó a chur ar an suidheamh oibre seo i ndáiríribh ní fuláir incubator (gléas beirthe?) a cheannach. Cé go gcosnuigheann sé sin beagán san mbreis gabhaim-se orm ná beidh an ceannuightheóír chun deiridh ach a fhághail. Is minic cuirtear uibhe lachain is uibhe geadna ar gor ann. An túisge bídh na héanlaith fásta is beathaithe a ndótháin chun a mharbhtha is gnáthach le na lán daoine iad a bhreith chun na sráid bhailte is comhgaraighe dóibh, áit ná faghaidís acht an phingin is lugha riamh ar an margadh, mar caithfidh an ceannuightheóir iad súd a dhíol arís. Céard fé leith 'seadh an mharguigheacht soin ní móide gur ar mhaithe leis an dtuathach é. Dá gclaoidh- feadh lucht na tuaithe le chéile agus margadh a chur ar bun na gceanntaraibh féin agus eolas a chur sa tráchtáil sin ba thairbhthighe go mór a raghadh sé dá leas. Rud eile; dob'áireamhail dóibh é na bheith a d'iarraidh na héanlaith a dhíol ar leacachaibh na cathrach fé mar a dhéintear indiu. B'fhéidir ná h-eireóchaidh leo an t-iomlán a chomhlíonadh do'n chéad iarracht acht b'fhuirist é fhoghluim dá ndéanfadh lucht a riartha eolas a chur ar cheanntaraibh mar ngabhann an obair seo do leas a lucht comhnuidhthe. Is mór do raghadh an obair seo do leas na tíre i n-aghaidh an lae, go háirithe fén dtuaith mar a mbíonn áit le cóir chun a dhéanta. Oireann an gnó go háluinn do'n tír seo, is cé go bhfuiltear ag corruidhe 'na thaobh agu ag dul 'na chúram ní fhágann sain ná go bhfuil seód airgid dá chailleamhaint gach bliadhain de dheascaibh a laighead suime chuireann ár gcailíní sa ghnó. Cáit Ní Dhonnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services