Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reachtaireacht Chearc

Title
Reachtaireacht Chearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Reachtaireacht Chearc



Ó tharla an fóghmhar do bheith istigh againn agus
a dheallramh agus a ghile ar an uile nidh tagann
an saoghal ré'n dtuaith chun ár gcuimhne. Tá
a dheallramh air nach mbeidh pas suaimhnis
at an bhfeirmtheóir is ag a lín tighe go
mbeigh saothar an fhóghmhair críochnuighthe
ortha.



An faid atá an tslacht dá chur ag an
bhfeirmeóir ar an áit ní mór do bhantracht an
tighe bheith ag cur suime i dtreó na gcearc ó tá
an chaothamhltacht aca chuige. Is iongantach
thar meon mar a théidheann an saothar soin na
gcearc chun tairbhe an tighe, go háirithe má
bhíonn áit le cóir leagtha amach dóibh. Is deas
saoráideach is féidir roinnt airgid a dhéanamh
as an bhfuighleach atá fanta tar éis gnó an tighe.



Táid cróitíní ar díol i gcóir cearc, acht
ba shaoire go mór do'n bhfeirmeóir ceann dá
dheantús féin a dhéanamh. B'fhuirist dó soin
acht beagán de'n aiclidheacht a bheith ann is
cosamhlacht an chróitín do bheith ós a chomhair aige.
Acht ar a shon gur a hadhmaid deintear an tigh
sin ní fuláir é a dhathughadh mar ní réidhtigheann
gairbhtheacht na doininne leis ní mó ná mar a
réidhtigheann breis gréine is brothal leis.
Éinne dár gcailíní a ghabhann an obair seo na
gcearc ar láimh ní fuláir di an t-ullamhuchán
is dual a dhéanamh má's mian léi í féin a chiméad
ó adhgán na haindeise. Tá cineál leith de
chearcaibh i gcóir beirthe agus cineál eile le
haghaidh feóla agus mar sin de. Ní mór
cróitín fé leith a sholáthar do gach saghas díobh
sain is caithfear na cróitíní a chiméad go
gléasta is go glan i gcomhnuidhe. D'fhonn
slacht agus treó a chur ar an suidheamh oibre
seo i ndáiríribh ní fuláir incubator (gléas
beirthe?) a cheannach. Cé go gcosnuigheann
sé sin beagán san mbreis gabhaim-se orm ná
beidh an ceannuightheóír chun deiridh ach a fhághail.
Is minic cuirtear uibhe lachain is uibhe geadna
ar gor ann. An túisge bídh na héanlaith fásta
is beathaithe a ndótháin chun a mharbhtha is gnáthach
le na lán daoine iad a bhreith chun na sráid bhailte
is comhgaraighe dóibh, áit ná faghaidís acht an
phingin is lugha riamh ar an margadh, mar caithfidh
an ceannuightheóir iad súd a dhíol arís. Céard
fé leith 'seadh an mharguigheacht soin ní móide
gur ar mhaithe leis an dtuathach é. Dá gclaoidh-
feadh lucht na tuaithe le chéile agus margadh a
chur ar bun na gceanntaraibh féin agus eolas
a chur sa tráchtáil sin ba thairbhthighe go mór
a raghadh sé dá leas. Rud eile; dob'áireamhail
dóibh é na bheith a d'iarraidh na héanlaith a dhíol
ar leacachaibh na cathrach fé mar a dhéintear
indiu. B'fhéidir ná h-eireóchaidh leo an t-iomlán
a chomhlíonadh do'n chéad iarracht acht b'fhuirist
é fhoghluim dá ndéanfadh lucht a riartha eolas
a chur ar cheanntaraibh mar ngabhann an obair
seo do leas a lucht comhnuidhthe.



Is mór do raghadh an obair seo do leas na
tíre i n-aghaidh an lae, go háirithe fén dtuaith
mar a mbíonn áit le cóir chun a dhéanta. Oireann
an gnó go háluinn do'n tír seo, is cé go
bhfuiltear ag corruidhe 'na thaobh agu ag dul
'na chúram ní fhágann sain ná go bhfuil seód
airgid dá chailleamhaint gach bliadhain de
dheascaibh a laighead suime chuireann ár gcailíní
sa ghnó.



Cáit Ní Dhonnchadha

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services