Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí Léighinn. II.
Title
Cúrsaí Léighinn. II.
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí Léighinn. II. Is léir ó'n gcainnt atá déanta agam cheana ná beidh aon rath choidhche ar ár n-aos óg go dtí go solárófar atharrach sgolaidheachta dhóibh le linn a leanbhaidheachta. Caithfear iad do chur bun os cionn ar fad leis an suigheamh foghlumtha atá ceapaithe dhóibh ins na sgoileannaibh, agus caithfear sgolaidheacht oireamhnach do leagadh amach n-a gcóir. Tá súil agam ná tógfar orm, é bheith d'éadan agam, breith bháis agus buan-éagadh a thabhairt ar an sgolaidheacht atá againn. Is fuirist do dhuine bheith n-a lochtóir. Is beag nidh ar an saoghal so atá gan locht. Dá dhéine a dhéanfadh duine tromaidheacht ar aon nidh,d'aontófí go coitchianta leis. Dá bhrigh sin, badh bheag orm an duine a thabharfadh fé an réim léighinn atá againn do cháineadh gan atharrach sreatha léighinn do bheith i n-aice aige, chun é chur i n-ionad. Sa trácht atá ceapaithe agam a dhéanamh annso ar chúrsaibh foghlumtha ní bhacfadh le cáineadh, acht amháin nuair ná beidh a leigheas agam. An iomad cáinte, méaduigheann sé an searbhas. Níl aon fhonn cáinte orm-sa. Is mór thar meaon agam
lucht múinte ár n-óige, de bhrigh go bhfuilim féin ar an ndream sain, agus is maith is eol damh, an duadh agus an deacaireacht do bhaineann le n-a gcéird. Níl aon dream ar an gcoróinn is mó is báidheamhla leis an óige ná an dream a dhein a riaradh fé dhíon na sgoile. Dá mb'fhéidir cóir léighinn a sholáthar do bheadh n-a cheangal cáir- deasa idir an leanbh agus an múinteoir, do bheadh rith a ráis linn. An locht is mó atá ar an sgolaidheacht atá againn: í bheith ar dheighilt ó'n dtabhairt suas a gheibhtar sa teinteán. I n-ionad an fhoghluim a thógaint ar shaoghal an bhaile is amhlaidh fheachtar anuas le tarcuisne ar an saoghal sain. I n-ionad saoghal an teinteáin a bheith 'n-a bhun- chloich do léigheann na sgoile, is é rud a deintar ná an leanbh d'oileamhaint gan an tsuim is lugha n-a shaoghal ar theaghlach a athar agus a mháthar. Ní ghabhann an nós so leis an gcuma n-a gceaptar gach módh ceart foghlumtha, 'sé sin gach eolas atá curtha ag an leanbh do chur i ngníomh, d'fhonn breis eolais d'fhagháil thár a chionn. Is fearr agus is taitneamhaighe leis an leanbh é bhréagadh chun léighinn ar sgáth an tsaoghail atá ar taithighe aige ná bheith id iarraidh a mhúineadh i n-éagmuis. Do-ghní eolas eolas eile. Ar an adhbhar sain, is mó is tairbhighe an léigheann a bhailigheann leanbh as a ghustal féin ná an t-áireamh crapaithe a dhingtar isteach ann agus é gan eagar gan ordughadh. An fhaid do bhíonn aigne an leinbh dírighthe ar an iasacht agus cúl tabhartha aige leis an bhfoghluim a tháinig chuige age glúin a mháthar, is suarach is fiú bheith id iarraidh deaghcháilidheachta a mhúsgailt ann. Nach é bun-riaghail an oideachais chirt, an t-eolas nua do thabhairt isteach, nó do mhúineadh tré bhealach an tsean-eolais. Má chuirimid an riaghail sin i bhfeidhm i gcúrsaibh sgolaidheachta an leinbh óig, ní fuláir réim oideachais a sholáthar go mbeidh a phréimh i n-ithir an ghnáth-shaoghail a chaitheann an páiste sa bhaile. Sidé an t-aon mhór-locht i n-oideachas na tíre seo: an mhéid atá saoghal an pháiste ar an dteinteán sa bhaile agus an oileamhaint do-gheibheann sé ar sgoil, ar dheighilt ó n-a chéile. An túisge chuireann an leanbh cos ar an dtaobh istigh de dhoras na sgoile, sin é n-a dheoraidhe é ó theaghlach a athar. Gach smaoineadh agus machnamh dar dhein sé go dtí so; gach tréith agus éirim atá ann; gach cuimhneamh dá dtugann sé dílseacht ar a bhaile dúthchais, deineann oileamhaint iasacht na sgoile a múchadh, ón gcéad lá anuas. Imigheann mearathal agus ceann fé ar an leanbh; fanann sé n-a thruaghán bhocht gan anam gan éifeacht agus an tráth bhíonn ré na sgolaidheachta curtha dhe aige bíonn sé n-a gharsún mheathta gan anam gan tuigsint gan eolas. I n-ionad an leanbh do lot mar sin, badh cheart a bhréagadh chun eolais go breagh bog saoráideach; gach foghluim agus léigheann a sholáthar dó, a raghaidh chun a thairbhe ar ball agus é chur i dtuigsint dó ar chuma a thaitneochaidh leis agus ar shlighe go dtiocfaidh leis an teilgean is mó is féidir do bhaint as. Ní thagann le haigne an pháiste cruadh-mhachtnamh a dhéanamh agus dá bhrigh sin, badh dhíthchéillidhe an nidh é sruthanna foghlumtha do chur os a chomhair go mbadh dheacair dó a dtuigsint. I n-óige an leinbh ní beag mar adhbhar oideachais dó, breis a chur leis an aithne atá aige ar chúrsaibh a bhaile féin; trácht a dhéanamh ar gach nidh a bhaineann le saoghal an bhaile sin: an dalta a chur ag cainnt n-a thaobh; áilneacht an bhaill; na crainn agus na bláthanna; a gheibhtar ann agus na tréithe a ghabhann le gach ceann aca thar a chéile; na héin agus na hainmhidhthe a thaithigheann an áit, agus na mílte rudaí eile mórdtimcheall an bhaile a théidheann i gcabhair a chéile chun saoghal fé mheidhir agus fé thaithneamh a dhéanamh don leanbh ann. Siné an t-eolas is mó a théidheann chun tairbhthe do'n óige agus is mó thaithneann léi. Ní beag iongnadh a liacht smaointe agus éirimí a dh'éirigheann chun aigne an leinbh a mheabhraigheann an nádúir i ngach áird. Níl teora le n-cuimh- neamh, an tráth thugann sé fé ndeara gach iongantas a bhaineann le cúrsaibh agus le rúindiamharaibh an tsaoghail. Is iongna leis glaise na mbán agus bláth bán an áirne; canadh na n-éan ins na hárdaibh; na sgamaill ag rith treasna na spéartha; an ghrian agus an ghealach ag gabháil treasna i n-áirde os a chionn; na réiltíní beaga ag glineamhaint agus ag taithneamh gach oidhche spéir-ghealaighe. Is breagh leis bheith ag éisteacht le glór na habhann nó leis an uisge ag teacht anuas an cumar thar chliathán an tsléibhe. Adhbhar áthais dó an saoghal a dh'fheicsint sa gheimhreadh san tráth bhíonn aoirde na sléibhte de shneachta ar an dtalamh. Agus i lár na doininne cad é mar thaitheann teas na teine leis agus cainnt ar eachtraibh agus ar sheanchas na bhFiann. Acht cá beag breis trácht ar shaoghal atá lán de shult agus d'aoibhneas; saoghal a bheireann eolas agus taithneamh do'n óige agus a thógann i n-aigne, gach smaoine is féidir a dh'éirghe a croidhe an duine. Tugtar an t-eolas soin go léir don leanbh i dteannta an méid a bhailigheann sé as a ghustal féin. Tógtar an fhoghluim ar an bhfoghluim a thugann an leanbh leis ó'n mbaile. Deintear cainnt leis, thar rudaibh agus thar ghnóthaibh an bhaile; ar gach nós agus seanchas a leanann gnáth-shaoghal na háite. Is mó ceacht is féidir a leagadh amach ar an gcuma soin, agus maille le foghluim a thabhairt abhaile chun an pháiste is féidir a chroidhe agus a aigne a dhírighadh chun blaiseadh le fonn ceart de'n chruadh-léigheann ar ball. Is féidir cainnt agus léigheamh agus sgíobhadh a mhúineadh dó, i bhfad níos fearr ná mar a deintar foghluim ar na nidhthibh sin anois; mar, an leanbh go mbíonn éirim is lugha ann, tiocfaidh sé isteach ar an ngnó, acht é bhréagadh chuige mar sin, agus ní bheidh gábhadh le n-a chiméad ag ghabháil dó, ar feadh cúig uaire an chluig gach lá le linn ré na sgolaidheachta. Is féidir do leanbh eolas do chur ar chainnt, ar léigheamh, agus ar sgíobhadh taobh istigh de bhliadhain amháin, acht an oileamhaint cheart do thabhairt dó chuige roimh ré; a mheon agus a aigne do riaradh le cóir chun a leasa; ceachta do leagadh amach ag cur i n-umhail dó, an t-olc do sheachaint agus an mhaith do chaithighe i gcomhnuidhe; sgéilíní a sholáthar d'fhonn na subháilcí do mhúineadh agus gach nidh atá de dhualgas ar an ndalta do chóimhlíonadh; grádh a bheith n-a chroidhe dá bhaile féin agus dá thír dhúthchais; dúil a bheith aige i gcleachtadh gach maitheasa; urraim agus umhlacht do thaisbeánt dá athair agus dá mháthair; bheith séimh, cneasta, macánta le gach aoinne; a shaoghal a chaitheamh mar le duine do bheadh dílis do Dhia agus d'Éirinn agus do shaothróchadh an bheatha shíorruighe thall. Éamonn Ó Donnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services