Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí Léighinn. II.

Title
Cúrsaí Léighinn. II.
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí Léighinn.
II.



Is léir ó'n gcainnt atá déanta agam cheana
ná beidh aon rath choidhche ar ár n-aos óg go dtí
go solárófar atharrach sgolaidheachta dhóibh le
linn a leanbhaidheachta. Caithfear iad do chur bun
os cionn ar fad leis an suigheamh foghlumtha atá
ceapaithe dhóibh ins na sgoileannaibh, agus caithfear
sgolaidheacht oireamhnach do leagadh amach n-a
gcóir.



Tá súil agam ná tógfar orm, é bheith d'éadan
agam, breith bháis agus buan-éagadh a thabhairt
ar an sgolaidheacht atá againn. Is fuirist
do dhuine bheith n-a lochtóir. Is beag nidh ar an
saoghal so atá gan locht. Dá dhéine a dhéanfadh
duine tromaidheacht ar aon nidh,d'aontófí go
coitchianta leis. Dá bhrigh sin, badh bheag orm
an duine a thabharfadh fé an réim léighinn atá
againn do cháineadh gan atharrach sreatha léighinn
do bheith i n-aice aige, chun é chur i n-ionad. Sa
trácht atá ceapaithe agam a dhéanamh annso ar
chúrsaibh foghlumtha ní bhacfadh le cáineadh, acht
amháin nuair ná beidh a leigheas agam. An iomad
cáinte, méaduigheann sé an searbhas. Níl
aon fhonn cáinte orm-sa. Is mór thar meaon agam


L. 04


lucht múinte ár n-óige, de bhrigh go bhfuilim féin
ar an ndream sain, agus is maith is eol damh, an
duadh agus an deacaireacht do bhaineann le n-a
gcéird. Níl aon dream ar an gcoróinn is mó
is báidheamhla leis an óige ná an dream a dhein a
riaradh fé dhíon na sgoile. Dá mb'fhéidir cóir
léighinn a sholáthar do bheadh n-a cheangal cáir-
deasa idir an leanbh agus an múinteoir, do
bheadh rith a ráis linn.



An locht is mó atá ar an sgolaidheacht atá
againn: í bheith ar dheighilt ó'n dtabhairt suas
a gheibhtar sa teinteán. I n-ionad an fhoghluim
a thógaint ar shaoghal an bhaile is amhlaidh fheachtar
anuas le tarcuisne ar an saoghal sain. I
n-ionad saoghal an teinteáin a bheith 'n-a bhun-
chloich do léigheann na sgoile, is é rud a deintar
ná an leanbh d'oileamhaint gan an tsuim is lugha
n-a shaoghal ar theaghlach a athar agus a mháthar.



Ní ghabhann an nós so leis an gcuma n-a
gceaptar gach módh ceart foghlumtha, 'sé sin
gach eolas atá curtha ag an leanbh do chur i
ngníomh, d'fhonn breis eolais d'fhagháil thár a
chionn. Is fearr agus is taitneamhaighe leis an
leanbh é bhréagadh chun léighinn ar sgáth an
tsaoghail atá ar taithighe aige ná bheith id iarraidh a
mhúineadh i n-éagmuis. Do-ghní eolas eolas eile.
Ar an adhbhar sain, is mó is tairbhighe an léigheann
a bhailigheann leanbh as a ghustal féin ná an
t-áireamh crapaithe a dhingtar isteach ann agus
é gan eagar gan ordughadh. An fhaid do bhíonn
aigne an leinbh dírighthe ar an iasacht agus cúl
tabhartha aige leis an bhfoghluim a tháinig chuige
age glúin a mháthar, is suarach is fiú bheith id
iarraidh deaghcháilidheachta a mhúsgailt ann.



Nach é bun-riaghail an oideachais chirt, an
t-eolas nua do thabhairt isteach, nó do mhúineadh
tré bhealach an tsean-eolais. Má chuirimid
an riaghail sin i bhfeidhm i gcúrsaibh sgolaidheachta
an leinbh óig, ní fuláir réim oideachais a sholáthar
go mbeidh a phréimh i n-ithir an ghnáth-shaoghail a
chaitheann an páiste sa bhaile. Sidé an t-aon
mhór-locht i n-oideachas na tíre seo: an mhéid atá
saoghal an pháiste ar an dteinteán sa bhaile agus
an oileamhaint do-gheibheann sé ar sgoil, ar
dheighilt ó n-a chéile. An túisge chuireann an
leanbh cos ar an dtaobh istigh de dhoras na
sgoile, sin é n-a dheoraidhe é ó theaghlach a athar.
Gach smaoineadh agus machnamh dar dhein sé
go dtí so; gach tréith agus éirim atá ann;
gach cuimhneamh dá dtugann sé dílseacht ar a
bhaile dúthchais, deineann oileamhaint iasacht
na sgoile a múchadh, ón gcéad lá anuas.
Imigheann mearathal agus ceann fé ar an leanbh;
fanann sé n-a thruaghán bhocht gan anam gan
éifeacht agus an tráth bhíonn ré na sgolaidheachta
curtha dhe aige bíonn sé n-a gharsún mheathta gan
anam gan tuigsint gan eolas.



I n-ionad an leanbh do lot mar sin, badh cheart
a bhréagadh chun eolais go breagh bog saoráideach;
gach foghluim agus léigheann a sholáthar dó, a
raghaidh chun a thairbhe ar ball agus é chur i
dtuigsint dó ar chuma a thaitneochaidh leis agus
ar shlighe go dtiocfaidh leis an teilgean is mó
is féidir do bhaint as. Ní thagann le haigne
an pháiste cruadh-mhachtnamh a dhéanamh agus dá
bhrigh sin, badh dhíthchéillidhe an nidh é sruthanna
foghlumtha do chur os a chomhair go mbadh dheacair
dó a dtuigsint. I n-óige an leinbh ní beag
mar adhbhar oideachais dó, breis a chur leis an
aithne atá aige ar chúrsaibh a bhaile féin; trácht
a dhéanamh ar gach nidh a bhaineann le saoghal
an bhaile sin: an dalta a chur ag cainnt n-a
thaobh; áilneacht an bhaill; na crainn agus na
bláthanna; a gheibhtar ann agus na tréithe
a ghabhann le gach ceann aca thar a chéile; na
héin agus na hainmhidhthe a thaithigheann an áit,
agus na mílte rudaí eile mórdtimcheall an
bhaile a théidheann i gcabhair a chéile chun saoghal
fé mheidhir agus fé thaithneamh a dhéanamh don
leanbh ann.



Siné an t-eolas is mó a théidheann chun tairbhthe
do'n óige agus is mó thaithneann léi. Ní beag
iongnadh a liacht smaointe agus éirimí a
dh'éirigheann chun aigne an leinbh a mheabhraigheann
an nádúir i ngach áird. Níl teora le n-cuimh-
neamh, an tráth thugann sé fé ndeara gach
iongantas a bhaineann le cúrsaibh agus le
rúindiamharaibh an tsaoghail. Is iongna leis
glaise na mbán agus bláth bán an áirne;
canadh na n-éan ins na hárdaibh; na sgamaill
ag rith treasna na spéartha; an ghrian agus an
ghealach ag gabháil treasna i n-áirde os a chionn;
na réiltíní beaga ag glineamhaint agus ag
taithneamh gach oidhche spéir-ghealaighe. Is breagh
leis bheith ag éisteacht le glór na habhann nó
leis an uisge ag teacht anuas an cumar thar
chliathán an tsléibhe. Adhbhar áthais dó an saoghal
a dh'fheicsint sa gheimhreadh san tráth bhíonn aoirde
na sléibhte de shneachta ar an dtalamh. Agus
i lár na doininne cad é mar thaitheann teas na
teine leis agus cainnt ar eachtraibh agus ar
sheanchas na bhFiann.



Acht cá beag breis trácht ar shaoghal atá lán
de shult agus d'aoibhneas; saoghal a bheireann
eolas agus taithneamh do'n óige agus a thógann i
n-aigne, gach smaoine is féidir a dh'éirghe a croidhe
an duine. Tugtar an t-eolas soin go léir don
leanbh i dteannta an méid a bhailigheann sé as
a ghustal féin. Tógtar an fhoghluim ar an
bhfoghluim a thugann an leanbh leis ó'n mbaile.
Deintear cainnt leis, thar rudaibh agus thar
ghnóthaibh an bhaile; ar gach nós agus seanchas
a leanann gnáth-shaoghal na háite. Is mó ceacht
is féidir a leagadh amach ar an gcuma soin,
agus maille le foghluim a thabhairt abhaile chun
an pháiste is féidir a chroidhe agus a aigne a
dhírighadh chun blaiseadh le fonn ceart de'n
chruadh-léigheann ar ball. Is féidir cainnt
agus léigheamh agus sgíobhadh a mhúineadh dó,
i bhfad níos fearr ná mar a deintar foghluim
ar na nidhthibh sin anois; mar, an leanbh go
mbíonn éirim is lugha ann, tiocfaidh sé isteach
ar an ngnó, acht é bhréagadh chuige mar sin, agus
ní bheidh gábhadh le n-a chiméad ag ghabháil dó, ar
feadh cúig uaire an chluig gach lá le linn
ré na sgolaidheachta. Is féidir do leanbh eolas
do chur ar chainnt, ar léigheamh, agus ar sgíobhadh
taobh istigh de bhliadhain amháin, acht an oileamhaint
cheart do thabhairt dó chuige roimh ré; a mheon
agus a aigne do riaradh le cóir chun a leasa;
ceachta do leagadh amach ag cur i n-umhail dó,
an t-olc do sheachaint agus an mhaith do chaithighe
i gcomhnuidhe; sgéilíní a sholáthar d'fhonn na
subháilcí do mhúineadh agus gach nidh atá de
dhualgas ar an ndalta do chóimhlíonadh; grádh
a bheith n-a chroidhe dá bhaile féin agus dá thír
dhúthchais; dúil a bheith aige i gcleachtadh gach
maitheasa; urraim agus umhlacht do thaisbeánt
dá athair agus dá mháthair; bheith séimh, cneasta,
macánta le gach aoinne; a shaoghal a chaitheamh
mar le duine do bheadh dílis do Dhia agus
d'Éirinn agus do shaothróchadh an bheatha
shíorruighe thall.



Éamonn Ó Donnchadha



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services