Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Leslie ag Béilféirsde
Title
Seaghán Leslie ag Béilféirsde
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seaghán Leslie ag Béilféirsde Oidhche Dia Luain an tseachtain seo chuaidh thart thug Seaghán Leslie léigheacht uaidh i Halla Naomh Mhuire i mBéilféirsde. Buidhean do Chumann na nGaedheal Aontuighthe thug ann é agus ar Leabhar Phríosúin Sheagháin Mhistéil a bhí sé ag cainnt. Fear mór cumasach é Seaghán, agus urlabhradh breagh Béarla aige acht go bhfuil blas fíor-ghallda ar a theangaidh. Thug sé cúram mór dá chuid cainnte agus labhair go mall réidh staidéarach. Chosain sé cliú an Mhistéiligh ar na daoinibh bhíodh ag gearán faoi mar gheall ar chomh dian is chuir sé i n-aghaidh lucht “Chartágo,” agus thrácht sé ar na droich- dhlighthibh a bhí i nÉirinn le linn an Mhistéiligh. 'San bhfocal céadna mhol sé Domhnall Ua Conaill agus Isaac Butt agus Parnell agus Seaghán Réadhmonn mar gheall ar an leasughadh cuireadh ar riocht na tíre le n-linn. Dar leis, tá an báire linn anois nó beidh romh a bhfad. Chá n-abraim ag “no far distant date,” ar seisean, tá an t-am ann anois. Acht mhaoidhim sé as an Mhistéalach gur réidhtigh seisean, agus a mhac a samhail an bealach do na daoinibh fuair an leasughadh. Mhol sé an leabhar Príosúin go mór mar litriordhacht, agus dubhairt dá mba Sasanach do sgríobhfadh a leithéid go mbeadh a cháil agus a chliú leathta thríd an saoghal Béarlach, acht mar ba Éireannach é gur rinneadh dearmad de. Dubhairt sé nár cheart an Mistéalach do cháineadh mar gheall nár éirigh leis. Chan eadh an bhuaidh an rud is bríoghmhaire 'sa sgéal, ar seisean, acht go rabh buidhean bheag féin do Ghaedhealaibh do bhí fonnmhar a n-anam do thabhairt ar son leasughadh na tíre. Rinne sé leithsgéal do'n Mhistéalach gá an fhuath do bhí aige do Ghallaibh. Thug sé casadh deas Críostamhail ar rádh do chuid an Mhistéiligh. Is cosamhail gur dhubhairt an Mistéalach dá mbeadh cumhacht aige ar lasrachaibh Ifrinn go steallfadh sé iad i n-aghaidh námhad a thíre. Dubhairt Seaghán Leslie gurb í an chiall chuirfeadh sé féin air sin a dhéanamh do réir an Sgrioptúra agus aoibleóga teineadh do chárnadh ar cheannaibh ar námhad tré ghrádh agus carthanas dóbhtha. Tá mé cinnte nach í sin an chiall do bhí i n-inntinn an Mhistéiligh 'san rádh úd agus tá mé déanamh go bhfuil daoine i nÉirinn go seadh nach Mistéalaigh agus dá mbeadh na lasracha céadna aca fá chumhacht go dtiubhradaois puth beag díobh do mhuintir “Cartágo” go fóill. Chár trácht Seaghán go beacht nó go hiomlán ar aimsearaibh an Mhistéiligh nó ar a chomh-aimsearaibh, acht d'aithléigh sé mórán ráidhte as an Leabhar Príosúin. Chár innis sé do'n phobal gur toghadh Seaghán Mistéal mar fheisire roimhe a bhás, acht nach nglacfadh sé le dul anonn go Tigh na Feise i Lonndain agus nach dtiubhradh sé gealladh uaidh bheith dílis do Rí agus Riaghaltas “Cartágo,” agus chár dhubhairt sé nach mbeadh an Mistéalach sásta go mbeadh Éire na cúige do Impireacht “Cartágo” abair is go dtéidheadh Gaedhil i soirbheacht féin. B'éidir nach dtaitneóchadh na ruda seo linn i mBéil- féirsde agus b'éidir gurbh' fhearr gan trácht ortha. Acht chá deirim gur thaitin gach uile rud adubhairt an Lesleach linn ar sgor ar bith. Is mar sin do thuig mé an sgéal ó Uachdarán an Chruinighthe cibé'r bith. Do réir a thuairim-se bhí inntleacht agus stuaim agus dílseacht ag an Mhistéalach acht chá rabh sé beartach — practical an focal sonnradhach do chuir sé isteach agus chár cheap sé deis nó gléas do rachadh i dtairbhe do'n tír. (Chár cheap an duine bocht deir nó gléas a rachadh i dtairbhe dó féin acht oiread, rud ba náireach dó). Bhí an pobal eadar dhá chomhairle ó d'airigheadar nár tháinig an léigheachtaidhe agus an tuachdarán le chéile ar fad ar an sgéal. Labhair mé féin beagán focal as Gaedhilig acht chár nochtuigh mé m'aigne ar fad ar an cheist agus dá nochfainn féin chá raibh acht corr dhuine do thuigfeadh an sgéal uaim, agus bhí fhios agam nach gcuirfidhe mo chomhrádh ins na páipéaraibh agus ní móide gur cuireadh. Tá tuairim agam gur fear láidir ionraiceach é Seaghán Leslie acht tá eagla orm nach deachaidh sé go doimhin go fóill i bpoilitidheacht na tíre agus déanfainn tarraingreacht nach mairfidh sé a bhfad ar an tuairim atá aige anois fá dtaoibh de phoilitidheacht. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services