Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán Leslie ag Béilféirsde

Title
Seaghán Leslie ag Béilféirsde
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seaghán Leslie ag Béilféirsde



Oidhche Dia Luain an tseachtain seo chuaidh
thart thug Seaghán Leslie léigheacht uaidh i Halla
Naomh Mhuire i mBéilféirsde. Buidhean do
Chumann na nGaedheal Aontuighthe thug ann é
agus ar Leabhar Phríosúin Sheagháin Mhistéil a
bhí sé ag cainnt. Fear mór cumasach é Seaghán,
agus urlabhradh breagh Béarla aige acht go bhfuil
blas fíor-ghallda ar a theangaidh. Thug sé
cúram mór dá chuid cainnte agus labhair go
mall réidh staidéarach. Chosain sé cliú an
Mhistéiligh ar na daoinibh bhíodh ag gearán faoi
mar gheall ar chomh dian is chuir sé i n-aghaidh lucht
“Chartágo,” agus thrácht sé ar na droich-
dhlighthibh a bhí i nÉirinn le linn an Mhistéiligh.
'San bhfocal céadna mhol sé Domhnall Ua
Conaill agus Isaac Butt agus Parnell agus
Seaghán Réadhmonn mar gheall ar an leasughadh
cuireadh ar riocht na tíre le n-linn.



Dar leis, tá an báire linn anois nó
beidh romh a bhfad. Chá n-abraim ag “no
far distant date,” ar seisean, tá an t-am ann
anois. Acht mhaoidhim sé as an Mhistéalach gur
réidhtigh seisean, agus a mhac a samhail an
bealach do na daoinibh fuair an leasughadh.
Mhol sé an leabhar Príosúin go mór mar
litriordhacht, agus dubhairt dá mba Sasanach
do sgríobhfadh a leithéid go mbeadh a cháil agus
a chliú leathta thríd an saoghal Béarlach, acht
mar ba Éireannach é gur rinneadh dearmad de.
Dubhairt sé nár cheart an Mistéalach do
cháineadh mar gheall nár éirigh leis. Chan eadh
an bhuaidh an rud is bríoghmhaire 'sa sgéal, ar
seisean, acht go rabh buidhean bheag féin do
Ghaedhealaibh do bhí fonnmhar a n-anam do
thabhairt ar son leasughadh na tíre. Rinne
sé leithsgéal do'n Mhistéalach gá an fhuath do
bhí aige do Ghallaibh. Thug sé casadh deas
Críostamhail ar rádh do chuid an Mhistéiligh.
Is cosamhail gur dhubhairt an Mistéalach dá
mbeadh cumhacht aige ar lasrachaibh Ifrinn go
steallfadh sé iad i n-aghaidh námhad a thíre.
Dubhairt Seaghán Leslie gurb í an chiall chuirfeadh
sé féin air sin a dhéanamh do réir an Sgrioptúra
agus aoibleóga teineadh do chárnadh ar cheannaibh
ar námhad tré ghrádh agus carthanas dóbhtha. Tá
mé cinnte nach í sin an chiall do bhí i n-inntinn
an Mhistéiligh 'san rádh úd agus tá mé déanamh
go bhfuil daoine i nÉirinn go seadh nach
Mistéalaigh agus dá mbeadh na lasracha céadna
aca fá chumhacht go dtiubhradaois puth beag
díobh do mhuintir “Cartágo” go fóill. Chár
trácht Seaghán go beacht nó go hiomlán ar
aimsearaibh an Mhistéiligh nó ar a chomh-aimsearaibh,
acht d'aithléigh sé mórán ráidhte as an Leabhar
Príosúin. Chár innis sé do'n phobal gur toghadh
Seaghán Mistéal mar fheisire roimhe a bhás, acht
nach nglacfadh sé le dul anonn go Tigh na
Feise i Lonndain agus nach dtiubhradh sé
gealladh uaidh bheith dílis do Rí agus Riaghaltas
“Cartágo,” agus chár dhubhairt sé nach mbeadh
an Mistéalach sásta go mbeadh Éire na cúige
do Impireacht “Cartágo” abair is go
dtéidheadh Gaedhil i soirbheacht féin. B'éidir
nach dtaitneóchadh na ruda seo linn i mBéil-
féirsde agus b'éidir gurbh' fhearr gan trácht
ortha. Acht chá deirim gur thaitin gach uile
rud adubhairt an Lesleach linn ar sgor ar bith.
Is mar sin do thuig mé an sgéal ó Uachdarán
an Chruinighthe cibé'r bith. Do réir a thuairim-se
bhí inntleacht agus stuaim agus dílseacht ag
an Mhistéalach acht chá rabh sé beartach — practical
an focal sonnradhach do chuir sé isteach agus
chár cheap sé deis nó gléas do rachadh i dtairbhe
do'n tír. (Chár cheap an duine bocht deir nó
gléas a rachadh i dtairbhe dó féin acht oiread,
rud ba náireach dó). Bhí an pobal eadar
dhá chomhairle ó d'airigheadar nár tháinig an
léigheachtaidhe agus an tuachdarán le chéile
ar fad ar an sgéal.



Labhair mé féin beagán focal as Gaedhilig acht
chár nochtuigh mé m'aigne ar fad ar an cheist agus
dá nochfainn féin chá raibh acht corr dhuine do
thuigfeadh an sgéal uaim, agus bhí fhios agam
nach gcuirfidhe mo chomhrádh ins na páipéaraibh
agus ní móide gur cuireadh.



Tá tuairim agam gur fear láidir ionraiceach
é Seaghán Leslie acht tá eagla orm nach deachaidh
sé go doimhin go fóill i bpoilitidheacht na tíre
agus déanfainn tarraingreacht nach mairfidh
sé a bhfad ar an tuairim atá aige anois fá
dtaoibh de phoilitidheacht.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services