Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt an Oireachtais - Ó Bhundobhráín go Cill Sgíre
Title
Cuairt an Oireachtais - Ó Bhundobhráín go Cill Sgíre
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuairt an Oireachtais. Ó BHUNDOBHRÁIN GO CILL SGÍRE. Thugamar cuairt ar Thigh Ósda an tSuibhnigh chun beagán aoidheachta fhághailt ann. Fuaramar é agus b'é an dáileamh do rinne freasdal orainn an cainnteoir Gaedhilge ba cheolmhara agus ba bhreaghtha do casadh orainn an lá soin. “Ciarr- uidheach thusa, sílim,” adeir sé le fear d'ár mbuidhin, “agus muna mbíonn tú go ciúin annseo casfaidh mé ghabhar ó Chiarraidhe atá againn san ngáirdín amach ar an mbóthar mar olc ort.” Connachtach b'eadh é féin ó Chonndae leathan Mhuigheo. Bhí an tAthair Ó hEidhin, Sligeach, ag an mbord gcéadna linn agus ní baoghal go raibh aon easpaidh Gaedhilge sa chúinne sin de'n tseomra an fhaid bhíomar ann. Acht an turas a bhaile an tráthnóna soin go Cill Sgíre b'shin é an chuid dob áilne dhe'n lá ag cuid againn. Ba dhóigh leat gur d'aon ghnó do bhí an ghrian ag dathughadh na dúthaighe chun sinn do shásamh. Ba dhá mhó an deiseacht do bhí le feicsint timcheall Locha Éirne ná mar bhí ar maidin dá fheabhas a bhí sé an tráth soin. Bhí dath órdha ar shleasaibh na sléibhte agus dath sionndruine ar uisge an locha. Bhí an ghrian ag dul i ndeirge agus an teas ghá tréigint. Bhí leoithne beag gaoithe ann do chorruigheadh billeoga na ngéag agus barraí na dtor mbeag. Bhí ceol na nGaedheal 'nár dtimcheall-na san charáisde tamall, agus ceol na mion-sruthán las-muich uaireannta. Bhí an doircheacht ag cur rudaí i bhfolach uainn go mall, agus sa deire ní raibh le feicsint, againn acht crainn agus claidheacha le hais an bhóthair iarainn agus iad ag imtheacht tharainn siar ar a gcos i n-áirde dár linn. Ba luath linn a shroicheamar “Bundoran Junction.” Sgaramar le hEoin Mac Néill annsoin. D'imthigh sé sin go Bhaile Átha Cliath agus do chuadhmar-na go dtí an baile beag úd go dtugtar Trí Liaga air. “Ní fheadar connus ar éirigh leis an Aeridheacht i mBaile an Chaisleáin i gCairbre indiu?” arsa duine againn leis an bhfear eile. “Ní fheadar imás” ars' an fear soin, “acht má éirigh leo ann chomh maith agus d'éirigh le Gaedhil an bhuill seo níor ghearanta dhóibh. Nach indiu do bhíothas ar Chnoc na Teamhrach leis. Buidheachas le Dia go raibh an lá chomh breagh sin.” “Seadh,” ars' an tAthair Maitiú, “tá an méid sin déanta do chum leasa na hÉireann agus tá coinne agam gur thaithn an lá agus an obair libh. Bhíos féin sásta go leor le hobair an lae, agus ní ró-fhurusta mé shásamh, uair- eannta. Acht níl ins an méid sin acht tosnughadh. Is fearr ná sin a bheidh an sgéal gach bliadhain eile le congnamh Rígh na nGrás. Dubhramar go rabhamar go lán tsásta — rud dob' fhíor dúinn, agus gur bh'fhiú dhúinn teacht ó Bhaile Átha Cliath chun bheith i láthair. “Acht,” ar sé, “ná bídhidh ag ceapadh go bhfuil deire bhúr n-oibre déanta sa treo seo indiu agaibh. Níl. Tá seachtmhain againn romhainn agus beidh gnó againn díbh rith na seachtmhaine sin. Ba ró-mhaith liom go rachadh sibh ag triall ar gach sgoil sa pharóisde chun na hoibre atá ar siubhal ionnta ar son na Gaedhilge do fheicsint. Acht is leor soin anocht agus níor mhisde dhúinn cuimhneamh ar an suain-lios.” Do deineadh tuille cainnte agus tuille moille acht níor deineadh dearmhad go ró-fhada ar thairbhe an tsuain-leasa. SEACHTMHAIN I gCILL SGÍRE. Ag dul i mbreaghacht a bhí an aimsir ar dhul amach do dhuine aon mhaidin aca soin. Ar feadh seachtmhaine tar éis an Domhnaigh déarfadh sé nár ghádh dhó eagla na báistighe do bheith air. Níorbh ghádh acht an oiread dá bhfanfadh sé mar a rabhamar, acht dá mbogfadh siar go Tír Chonaill lá áirighthe aca — an Diardaoin is dóigh liom, agus gan a bhrat aige bheadh breall air. B'shin cleas a bhí ag an bhfearthainn ghá imirt go minic i mbliadhna. Sgaoileadh sí streall ort i n-áit mar seo agus cúpla míle ó bhaile ní bhíodh braon ann di. Tá buill 'san Mumhain nár thuit aon bhraon báistighe ortha feadh mhí Lughnasa cé go raibh báisteach go leor i mballaibh eile las tuaidh ar feadh na míosa sin. Acht maidir le Cill Sgíre níor thuit braon orainn de'n bháistigh faid do bhíomar ann. Thuit drúcht orainn cúpla uair nuair ba leasg linn dul fá dhíon tighe roimhe an mheadhon oidhche, nó b'fhéidir tamall 'n-a dhiaidh. Chár bh'iongna duine do bheith leisgeamhail chun é féin do chur a bhfolach sa tsúsa agus breaghthacht a's aoibhneas na hoidhche ghá mhealladh amach — binn-cheol an tsrútha agus garbh-ghlór na dtrompalán cois bóthair le cloisint aige; baladh an táithéalain agus baladh an fhéir nuadh-bhearrtha ghá mbreith thar chlaidhe a leith chuige ag puithín lag gaoithe; fraoch agus airgead luachra agus an ceannbhán bán cois dhá chlaidhe bhóthair an phortaigh dá mbadh mhaith leis dul ag siubhal ann; réiltíní mar choinnlibh os a chionn, agus b'fhéidir an ghealach mar lóchrann ag teacht de dhruim chnocáin bhig chun draoidheacht do sgapadh ar gach uile nidh 'n-a thimcheall, fiú amháin ar chómhrádh séimh a chom- pánaigh. Idir thráthnóna agus ló, cébé sgéal é, chaitheamar an tseachtmhain go haoibhinn agus go Gaedhealach agus go neamh-dhiomhaoin. An lá ar an mbóthar ó sgoil go sgoil agus céilidhe i sgoil éigin aca gach tráthnóna; nó, an tráthnóna ná beadh céilidhe i sgoil díobh againn bheadh sé 'n-ar dtigh féin .i. tigh Sheumais Mhic Shamhairle i dTrí Liaga. Pilib do bhí mar ghiolla againn tamall, agus bhí Liam Grainger, oide eile Gaedhilge atá san áit aon lá amháin againn. Áine Ní Oisín a mhúineann na hamhráin Gaedhilge i ngach sgoil aca, agus bhí sise le n'ár gcois foth uair leis ag rothaidheacht dúinn tríd an gceanntar. Ní baoghal go ndeachamar amugha. Bóithre cama crapacha cumhanga is mó atá sa cheanntar céadna agus is beag bóthar ann gan dhá fháil árda de'n sgeich ghil gá chosaint. Tá na sugh-chraobha go raidhseamhail ar an claidheachaibh ann, díreach mar bhíonn na sméara dubha i n-áiteannaibh eile i dtosach Mheadhoin Fhoghmhair. Ba mhinic sinn ghá n-ithe. Bheadh leith-sgéal ag duine teacht anuas dá rothar ag bun cnuic, agus annsoin nuair a bheadh sé ag siubhal agus na sméara d'fheicsint le n-ais agus gan éan mháighistir air a coiméadfadh ar siubhal é b'fhéidir go gcromfadh sé ar na sméara do bhailiughadh agus iad d'ithe; agus an comrádaidhe do bheadh aige dhéanfadh sé aithris air, agus dá mbeadh cailín nó dhó ann dhéanfaidís sin an cleas céadna. Ba mar sin dúinn féin agus na sugh-craobha i gCill Sgíre. Bhí amhrán deas ag Áine: “Bím ag smúitiughadh ar na sméaraibh” an ainm a bhí air, agus ní hiongnadh go mbeidhmíd-ne ag cuimhneamh ar an amhrán agus ar na sméaraibh dearga úd go min-minic ó shoin mar bhíodar go deas. Uaireannta eile nuair a thógadh an téigh sinn do théidhmís thar claidhe isteach i móinfhéar go mbíodh daoine ag spealadóireacht agus ag sábháil féir ann, agus chaithimís tamall ann ag obair, féachainnt cia 'ca againn is fearr a bhainfeadh srath nó a dhéanfadh coca. Cheapamar féin go rabhamar maith go leor chun oibre acht bhí tuairim eile aca soin gur chaitheamar tamall 'n-a bhfochair is dócha. Níor bhriseamar acht dhá speil agus píce, lá; agus dhá phíce agus speal lá eile. Is aoibhinn an rud bheith fá'n dtuaith um an dtaca soin bliadhain agus is breagh an rud bheith ag gabháil tríd na páirceannaibh, acht dá mbéadh orainn fanamhainnt ró-fhada i bhfeidhil speile nó píce ní dóigh liom ná gur mhaith linn casadh a bhaile arís, agus leiginnt do dhaoinibh eile an obair sin do dhéanadh. Tá sgoil beag chinn-tighe ag Cnoc na gCorr, trí mhíle nó mar sin ó Thrí Liaga. (Is gearr go mbeidhfear ag tógáilte sgoile nuaidhe ann, agus má's gearr is mithid). Bhí céilidh ann tráthnóna againn. Bhí an sagart ann. Bhí an sgoil nach mór lán de mhnáibh óga agus de chailínibh. Sgoil Chócaireacht agus Tighis do bhí ar siubhal ann. Lucht aoibhnis do sgaipeadh dob eadh iad soin agus chualas go bhfuil a lán eile aca sa pharóisde. “Home Brighteners” an ainm Béarla atá ortha. Do chuadar fá sgrúdughadh soin ngnó san cúpla uair agus fuaradar árd-mholadh. Bíonn siad ag foghluim Gaedhilge agus tá cuid aca go maith chun í labhairt. Cailíní deasa ciallmhara is eadh iad, agus níl aon amhras ná go bhfuilid Gaedhealach. Ba mhaith na mná tighe iad do bhuachaillíbh éigin, agus cheapas tamall go raibh comrádaidhe a bhí agam ag cuimhneamh ar dhuine aca do thabhairt a bhaile leis, acht chuir sé ar ath-lá mar ghnó é, deallraighim. Tá daoine eile ann agus dá mbeadh seanna- sgoil de'n tsaghas soin aca níor dhóigh leo go bhféadfaidís aon mhaith do dhéanadh innti agus d'fhanfaidís go mbeadh sgoil nuadh aca; níor dhóighidhe rud de annsoin ná ná deanfaí aon tairbhe in aon chor. Ní mar sin do mhuinntir Cille Sgíre, agus tá a rian ortha.
Bhí céilidhe oidhche eile i dTrí Liaga agus ní rabhamar gan “Home Brighteners” ann; 'siad is mó bhí ann, agus iad go geal-gháireach agus go Gaedhealach. Bhí céilidhe i sgoil an Ghrianán tráthnóna agus bhí ceol agus rinnce agus damhsa ann agus do chleachtadh dráma ann agus níor labhradh acht fíor-bheagán Béarla faid do bhí an gnó uilig ar siubhal. Táthar go hana-Ghaedhealach san treo soin — buachaillí agus cailíní ag labhairt Gaedhilge go blasta agus gan focal di ag a n-aithreachaibh ná ag a máthaireachaibh. Bhí an sagart paróisde ag an dhá chéilidhe sin agus labhair sé beagán focal i ngach áit aca ag cur síos ar chúrsaí na Gaedhilge agus ag spreagadh na ndaoine chun leanamhaint dá ngnó. Bhí amhráin againn ag na céilidhibh sin ó Áine agus ó Sheán, agus ó dhaoinibh eile, leis; acht tá oiread amhrán ag an mbeirt sin agus do sharóchadh aon chuideachta ar feadh cúpla uair a' chluig agus iad araon toghtha chun ceoil. Ní raibh acht foth-theach sa cheanntar gan duine ann ag iarraidh “Bó, bó, bó na leath-aidhairce,” do rádh na hoidhcheanta soin. Ag teacht abhaile dhúinn oidhche chualamar leanbhaí beaga ghá mhúineadh d'á máthair i mbéal dorais le hais an bhóthair. Chloisfeá ar sráid Thrí Liaga é ag cailínibh beaga agus gan acht “Bú, bú, bú na leath adhairce” ag cuid aca. Chailleadar an “bhó” agus níor fhan aca acht an “bú.” Seacht sgoileanna atá sa pharóisde agus thugamair cuaird ar gach sgoil acu. Sid iad ainmneacha na sgol ná Trí Liag, Cill Sgíre, an Grianán, an Gabhlán, Cnoc na gCorr, Rós Gearr agus Eaglais. Bhí na múinteoirí go muinnteardha agus go grádhmhar. Múintear Gaedhilge i ngach sgoil aca. Pilib Bhaldran do mhúineann í 'sa chéad cheithre cinn aca, agus Liam Gráinger i dtri cinn eile. Acht cá bhfuightear an tuarasdal dóibh siúd araon agus do'n chailín óg a mhúineann na hamhráin? Cuireann Bórd an Oideachais chúcha é — dóithin trír de. Nach maith iad agus an méid sin a dhéanamh. As gnó na sgol n-oidhche is mó tagann an t-airgead. San bhfoghmhar i mbliadhain 1906 tháinig an sagart paróisde seo go Cill Sgíre. Níor bhfada ann dó an t-am do chuir sé gairm sgoile amach gur theastuigh uaidh fir na paróisde d'fheicsint chun a leithéid seo de cheist do chur fá na mbrághaid. Thánadar d'aon láthair. Mhínigh sé dhóibh cad do féadfaí a dhéanamh acht sgoileanna oidhche do chur ar siubhal. Bhí sé páirteach 'n-a leithéid do ghnó i nDrom Mór cheana agus thuig sé cad do bhí ghá rádh aige. Ar theastuigh uatha Gaedhilg do mhúineadh d'á gcloinn? Do theastuigh. 'Seadh, má theastuigh níor mhór dóibh duine oireamhnach do thabhairt ann chun a dhéanta. Cá bhfuighfí a thuarasdal? Tá sé sa pharóisde acht é bhailiughadh agus é thuilleamh. Bhí, leis. Do bailiughadh deich bpúint as trí fichid i n-aon tseachtmhain amháin. Fuar- adar Pilib Bhaldran mar mhúinteoir. Cuireadh gnó na sgol ar siubhal gan mhoill. Thug na múinnteoirí eile a gcabhair féin gan íoc gan pádh; mara mbeadh soin ní féadfaí an obair do dhéanamh. Céad as trí fichid púnt do thuilleadar an bhliadhain sin. Cuireadh beirt mhúinteoirí eile ag obair annsoin. I gceann bliadhna eile bhí dhá chéad agus dá fhichid púnt tuillte aca. Tá an triúir ag obair ó shoin, agus tá dhá chéad as trí fichid púnt tuillte aca tar éis na bliadhna. Sin cuma chun airgead do sholáthar do mhúinteoiríbh Gaedhilge, agus b'fhiú dhúinn é thriall. Tá éirighthe leo ins an áit sin thar meadhon, cébé sgéal é. Múintear cócaireacht agus tigheasacht do na mnáibh óga agus múinntear seanchus agus Gaedhilg dóibh uile idir fhearaibh a's mnáibh. Is fearrde an dúthaigh an t-oideachas so do thabhairt dár ndaoinibh óga agus is fearrde Connradh na Gaedhilge a bhfuil de dhaoinibh i mbun oibre d'á shaghas. Ar ball is eadh tuigfear an tairbhe a dheineann a leithéid d'obair. Acht an méad bheith ag fanamhaint féachaint an mór é an tairbhe a bheidh d'á bhárr is fearra dhúinn féin go mór bheith ag obair as ár los féin. Is olc an rud bheith ró-fhada ar an gclaidhe. PEADAR Ó hANNRACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services