Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt an Oireachtais - Ó Bhundobhráín go Cill Sgíre

Title
Cuairt an Oireachtais - Ó Bhundobhráín go Cill Sgíre
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt an Oireachtais.



Ó BHUNDOBHRÁIN GO CILL SGÍRE.



Thugamar cuairt ar Thigh Ósda an tSuibhnigh
chun beagán aoidheachta fhághailt ann. Fuaramar
é agus b'é an dáileamh do rinne freasdal orainn
an cainnteoir Gaedhilge ba cheolmhara agus ba
bhreaghtha do casadh orainn an lá soin. “Ciarr-
uidheach thusa, sílim,” adeir sé le fear d'ár
mbuidhin, “agus muna mbíonn tú go ciúin
annseo casfaidh mé ghabhar ó Chiarraidhe atá
againn san ngáirdín amach ar an mbóthar mar
olc ort.” Connachtach b'eadh é féin ó Chonndae
leathan Mhuigheo.



Bhí an tAthair Ó hEidhin, Sligeach, ag an mbord
gcéadna linn agus ní baoghal go raibh aon
easpaidh Gaedhilge sa chúinne sin de'n tseomra
an fhaid bhíomar ann.



Acht an turas a bhaile an tráthnóna soin go
Cill Sgíre b'shin é an chuid dob áilne dhe'n lá
ag cuid againn. Ba dhóigh leat gur d'aon ghnó
do bhí an ghrian ag dathughadh na dúthaighe chun
sinn do shásamh.



Ba dhá mhó an deiseacht do bhí le feicsint
timcheall Locha Éirne ná mar bhí ar maidin
dá fheabhas a bhí sé an tráth soin. Bhí dath órdha
ar shleasaibh na sléibhte agus dath sionndruine
ar uisge an locha. Bhí an ghrian ag dul i
ndeirge agus an teas ghá tréigint. Bhí leoithne
beag gaoithe ann do chorruigheadh billeoga na
ngéag agus barraí na dtor mbeag. Bhí ceol na
nGaedheal 'nár dtimcheall-na san charáisde
tamall, agus ceol na mion-sruthán las-muich
uaireannta.



Bhí an doircheacht ag cur rudaí i bhfolach uainn
go mall, agus sa deire ní raibh le feicsint,
againn acht crainn agus claidheacha le hais an
bhóthair iarainn agus iad ag imtheacht tharainn
siar ar a gcos i n-áirde dár linn.



Ba luath linn a shroicheamar “Bundoran
Junction.” Sgaramar le hEoin Mac Néill
annsoin. D'imthigh sé sin go Bhaile Átha Cliath agus
do chuadhmar-na go dtí an baile beag úd go
dtugtar Trí Liaga air.



“Ní fheadar connus ar éirigh leis an
Aeridheacht i mBaile an Chaisleáin i gCairbre
indiu?” arsa duine againn leis an bhfear eile.



“Ní fheadar imás” ars' an fear soin, “acht
má éirigh leo ann chomh maith agus d'éirigh le
Gaedhil an bhuill seo níor ghearanta dhóibh.
Nach indiu do bhíothas ar Chnoc na Teamhrach leis.
Buidheachas le Dia go raibh an lá chomh breagh
sin.”



“Seadh,” ars' an tAthair Maitiú, “tá an
méid sin déanta do chum leasa na hÉireann
agus tá coinne agam gur thaithn an lá agus an
obair libh. Bhíos féin sásta go leor le hobair
an lae, agus ní ró-fhurusta mé shásamh, uair-
eannta. Acht níl ins an méid sin acht tosnughadh.
Is fearr ná sin a bheidh an sgéal gach bliadhain
eile le congnamh Rígh na nGrás.



Dubhramar go rabhamar go lán tsásta — rud
dob' fhíor dúinn, agus gur bh'fhiú dhúinn teacht ó
Bhaile Átha Cliath chun bheith i láthair.



“Acht,” ar sé, “ná bídhidh ag ceapadh go bhfuil
deire bhúr n-oibre déanta sa treo seo indiu
agaibh. Níl. Tá seachtmhain againn romhainn
agus beidh gnó againn díbh rith na seachtmhaine
sin. Ba ró-mhaith liom go rachadh sibh ag triall
ar gach sgoil sa pharóisde chun na hoibre atá
ar siubhal ionnta ar son na Gaedhilge do
fheicsint. Acht is leor soin anocht agus níor
mhisde dhúinn cuimhneamh ar an suain-lios.”



Do deineadh tuille cainnte agus tuille
moille acht níor deineadh dearmhad go ró-fhada
ar thairbhe an tsuain-leasa.



SEACHTMHAIN I gCILL SGÍRE.



Ag dul i mbreaghacht a bhí an aimsir ar dhul
amach do dhuine aon mhaidin aca soin. Ar feadh
seachtmhaine tar éis an Domhnaigh déarfadh sé
nár ghádh dhó eagla na báistighe do bheith air.
Níorbh ghádh acht an oiread dá bhfanfadh sé mar
a rabhamar, acht dá mbogfadh siar go Tír
Chonaill lá áirighthe aca — an Diardaoin is dóigh
liom, agus gan a bhrat aige bheadh breall air.
B'shin cleas a bhí ag an bhfearthainn ghá imirt
go minic i mbliadhna.



Sgaoileadh sí streall ort i n-áit mar seo
agus cúpla míle ó bhaile ní bhíodh braon ann di.
Tá buill 'san Mumhain nár thuit aon bhraon
báistighe ortha feadh mhí Lughnasa cé go raibh
báisteach go leor i mballaibh eile las tuaidh ar
feadh na míosa sin.



Acht maidir le Cill Sgíre níor thuit braon
orainn de'n bháistigh faid do bhíomar ann.
Thuit drúcht orainn cúpla uair nuair ba leasg
linn dul fá dhíon tighe roimhe an mheadhon oidhche,
nó b'fhéidir tamall 'n-a dhiaidh. Chár bh'iongna
duine do bheith leisgeamhail chun é féin do chur a
bhfolach sa tsúsa agus breaghthacht a's aoibhneas
na hoidhche ghá mhealladh amach — binn-cheol an
tsrútha agus garbh-ghlór na dtrompalán cois
bóthair le cloisint aige; baladh an táithéalain
agus baladh an fhéir nuadh-bhearrtha ghá mbreith
thar chlaidhe a leith chuige ag puithín lag gaoithe;
fraoch agus airgead luachra agus an ceannbhán
bán cois dhá chlaidhe bhóthair an phortaigh dá mbadh
mhaith leis dul ag siubhal ann; réiltíní mar
choinnlibh os a chionn, agus b'fhéidir an ghealach
mar lóchrann ag teacht de dhruim chnocáin bhig
chun draoidheacht do sgapadh ar gach uile nidh 'n-a
thimcheall, fiú amháin ar chómhrádh séimh a chom-
pánaigh.



Idir thráthnóna agus ló, cébé sgéal é,
chaitheamar an tseachtmhain go haoibhinn agus go
Gaedhealach agus go neamh-dhiomhaoin. An lá
ar an mbóthar ó sgoil go sgoil agus céilidhe i
sgoil éigin aca gach tráthnóna; nó, an
tráthnóna ná beadh céilidhe i sgoil díobh againn
bheadh sé 'n-ar dtigh féin .i. tigh Sheumais Mhic
Shamhairle i dTrí Liaga.



Pilib do bhí mar ghiolla againn tamall,
agus bhí Liam Grainger, oide eile Gaedhilge
atá san áit aon lá amháin againn. Áine Ní
Oisín a mhúineann na hamhráin Gaedhilge i ngach
sgoil aca, agus bhí sise le n'ár gcois foth uair
leis ag rothaidheacht dúinn tríd an gceanntar.
Ní baoghal go ndeachamar amugha. Bóithre cama
crapacha cumhanga is mó atá sa cheanntar
céadna agus is beag bóthar ann gan dhá fháil
árda de'n sgeich ghil gá chosaint.



Tá na sugh-chraobha go raidhseamhail ar an
claidheachaibh ann, díreach mar bhíonn na
sméara dubha i n-áiteannaibh eile i dtosach
Mheadhoin Fhoghmhair. Ba mhinic sinn ghá n-ithe.
Bheadh leith-sgéal ag duine teacht anuas dá
rothar ag bun cnuic, agus annsoin nuair a
bheadh sé ag siubhal agus na sméara d'fheicsint
le n-ais agus gan éan mháighistir air a
coiméadfadh ar siubhal é b'fhéidir go gcromfadh
sé ar na sméara do bhailiughadh agus iad d'ithe;
agus an comrádaidhe do bheadh aige dhéanfadh sé
aithris air, agus dá mbeadh cailín nó dhó ann
dhéanfaidís sin an cleas céadna. Ba mar sin
dúinn féin agus na sugh-craobha i gCill Sgíre.
Bhí amhrán deas ag Áine: “Bím ag smúitiughadh
ar na sméaraibh” an ainm a bhí air, agus ní
hiongnadh go mbeidhmíd-ne ag cuimhneamh ar an
amhrán agus ar na sméaraibh dearga úd go
min-minic ó shoin mar bhíodar go deas.
Uaireannta eile nuair a thógadh an téigh sinn do
théidhmís thar claidhe isteach i móinfhéar go
mbíodh daoine ag spealadóireacht agus ag
sábháil féir ann, agus chaithimís tamall ann ag
obair, féachainnt cia 'ca againn is fearr a
bhainfeadh srath nó a dhéanfadh coca. Cheapamar
féin go rabhamar maith go leor chun oibre acht
bhí tuairim eile aca soin gur chaitheamar tamall
'n-a bhfochair is dócha. Níor bhriseamar acht dhá
speil agus píce, lá; agus dhá phíce agus speal
lá eile. Is aoibhinn an rud bheith fá'n dtuaith
um an dtaca soin bliadhain agus is breagh an
rud bheith ag gabháil tríd na páirceannaibh, acht
dá mbéadh orainn fanamhainnt ró-fhada i bhfeidhil
speile nó píce ní dóigh liom ná gur mhaith linn
casadh a bhaile arís, agus leiginnt do dhaoinibh
eile an obair sin do dhéanadh.



Tá sgoil beag chinn-tighe ag Cnoc na gCorr,
trí mhíle nó mar sin ó Thrí Liaga. (Is gearr go
mbeidhfear ag tógáilte sgoile nuaidhe ann, agus
má's gearr is mithid). Bhí céilidh ann tráthnóna
againn. Bhí an sagart ann. Bhí an sgoil nach
mór lán de mhnáibh óga agus de chailínibh. Sgoil
Chócaireacht agus Tighis do bhí ar siubhal ann.
Lucht aoibhnis do sgaipeadh dob eadh iad soin
agus chualas go bhfuil a lán eile aca sa pharóisde.



“Home Brighteners” an ainm Béarla atá ortha.
Do chuadar fá sgrúdughadh soin ngnó san
cúpla uair agus fuaradar árd-mholadh. Bíonn
siad ag foghluim Gaedhilge agus tá cuid aca
go maith chun í labhairt. Cailíní deasa ciallmhara
is eadh iad, agus níl aon amhras ná go bhfuilid
Gaedhealach. Ba mhaith na mná tighe iad do
bhuachaillíbh éigin, agus cheapas tamall go raibh
comrádaidhe a bhí agam ag cuimhneamh ar dhuine aca
do thabhairt a bhaile leis, acht chuir sé ar ath-lá
mar ghnó é, deallraighim.



Tá daoine eile ann agus dá mbeadh seanna-
sgoil de'n tsaghas soin aca níor dhóigh leo go
bhféadfaidís aon mhaith do dhéanadh innti agus
d'fhanfaidís go mbeadh sgoil nuadh aca; níor
dhóighidhe rud de annsoin ná ná deanfaí aon
tairbhe in aon chor. Ní mar sin do mhuinntir
Cille Sgíre, agus tá a rian ortha.


L. 6


Bhí céilidhe oidhche eile i dTrí Liaga agus ní
rabhamar gan “Home Brighteners” ann;
'siad is mó bhí ann, agus iad go geal-gháireach
agus go Gaedhealach.



Bhí céilidhe i sgoil an Ghrianán tráthnóna agus
bhí ceol agus rinnce agus damhsa ann agus do
chleachtadh dráma ann agus níor labhradh acht
fíor-bheagán Béarla faid do bhí an gnó uilig
ar siubhal. Táthar go hana-Ghaedhealach san
treo soin — buachaillí agus cailíní ag labhairt
Gaedhilge go blasta agus gan focal di ag a
n-aithreachaibh ná ag a máthaireachaibh.



Bhí an sagart paróisde ag an dhá chéilidhe sin
agus labhair sé beagán focal i ngach áit aca ag
cur síos ar chúrsaí na Gaedhilge agus ag
spreagadh na ndaoine chun leanamhaint dá ngnó.
Bhí amhráin againn ag na céilidhibh sin ó Áine
agus ó Sheán, agus ó dhaoinibh eile, leis; acht
tá oiread amhrán ag an mbeirt sin agus do
sharóchadh aon chuideachta ar feadh cúpla uair
a' chluig agus iad araon toghtha chun ceoil. Ní
raibh acht foth-theach sa cheanntar gan duine ann
ag iarraidh “Bó, bó, bó na leath-aidhairce,”
do rádh na hoidhcheanta soin. Ag teacht abhaile
dhúinn oidhche chualamar leanbhaí beaga ghá
mhúineadh d'á máthair i mbéal dorais le hais an
bhóthair. Chloisfeá ar sráid Thrí Liaga é ag
cailínibh beaga agus gan acht “Bú, bú, bú na
leath adhairce” ag cuid aca. Chailleadar an
“bhó” agus níor fhan aca acht an “bú.” Seacht
sgoileanna atá sa pharóisde agus thugamair
cuaird ar gach sgoil acu. Sid iad ainmneacha
na sgol ná Trí Liag, Cill Sgíre, an Grianán,
an Gabhlán, Cnoc na gCorr, Rós Gearr agus
Eaglais. Bhí na múinteoirí go muinnteardha
agus go grádhmhar. Múintear Gaedhilge
i ngach sgoil aca. Pilib Bhaldran do mhúineann
í 'sa chéad cheithre cinn aca, agus Liam Gráinger
i dtri cinn eile.



Acht cá bhfuightear an tuarasdal dóibh siúd
araon agus do'n chailín óg a mhúineann na hamhráin?
Cuireann Bórd an Oideachais chúcha é — dóithin
trír de. Nach maith iad agus an méid sin a
dhéanamh. As gnó na sgol n-oidhche is mó tagann
an t-airgead.



San bhfoghmhar i mbliadhain 1906 tháinig an
sagart paróisde seo go Cill Sgíre. Níor
bhfada ann dó an t-am do chuir sé gairm sgoile
amach gur theastuigh uaidh fir na paróisde
d'fheicsint chun a leithéid seo de cheist do
chur fá na mbrághaid. Thánadar d'aon láthair.
Mhínigh sé dhóibh cad do féadfaí a dhéanamh acht
sgoileanna oidhche do chur ar siubhal. Bhí sé
páirteach 'n-a leithéid do ghnó i nDrom Mór
cheana agus thuig sé cad do bhí ghá rádh aige.
Ar theastuigh uatha Gaedhilg do mhúineadh d'á
gcloinn? Do theastuigh. 'Seadh, má theastuigh
níor mhór dóibh duine oireamhnach do thabhairt
ann chun a dhéanta. Cá bhfuighfí a thuarasdal?
Tá sé sa pharóisde acht é bhailiughadh agus é
thuilleamh. Bhí, leis. Do bailiughadh deich bpúint
as trí fichid i n-aon tseachtmhain amháin. Fuar-
adar Pilib Bhaldran mar mhúinteoir. Cuireadh
gnó na sgol ar siubhal gan mhoill. Thug na
múinnteoirí eile a gcabhair féin gan íoc gan
pádh; mara mbeadh soin ní féadfaí an obair
do dhéanamh. Céad as trí fichid púnt do
thuilleadar an bhliadhain sin. Cuireadh beirt
mhúinteoirí eile ag obair annsoin. I gceann
bliadhna eile bhí dhá chéad agus dá fhichid púnt
tuillte aca. Tá an triúir ag obair ó shoin,
agus tá dhá chéad as trí fichid púnt tuillte
aca tar éis na bliadhna. Sin cuma chun
airgead do sholáthar do mhúinteoiríbh Gaedhilge,
agus b'fhiú dhúinn é thriall. Tá éirighthe leo ins
an áit sin thar meadhon, cébé sgéal é. Múintear
cócaireacht agus tigheasacht do na mnáibh óga
agus múinntear seanchus agus Gaedhilg dóibh uile
idir fhearaibh a's mnáibh. Is fearrde an dúthaigh
an t-oideachas so do thabhairt dár ndaoinibh
óga agus is fearrde Connradh na Gaedhilge
a bhfuil de dhaoinibh i mbun oibre d'á shaghas.
Ar ball is eadh tuigfear an tairbhe a dheineann
a leithéid d'obair. Acht an méad bheith ag
fanamhaint féachaint an mór é an tairbhe a bheidh
d'á bhárr is fearra dhúinn féin go mór bheith
ag obair as ár los féin. Is olc an rud bheith
ró-fhada ar an gclaidhe.



PEADAR Ó hANNRACHÁIN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services