Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)
Title
Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuairt an Oireachtais. (Ar leanamhaint). “Cá bhfuil an tsráid bheag so Trí Liaga go rabhais ag cainnt mar gheall uirthi” ar Seághan le Pilib. “Ní fada uainn é,” ar Pilib. “Nach fearra dhúinn go léir dul anonn do'n tsráidín sin. Ní dhéanfaidh an siubhal puinn dioghbhála do'n té is sine againn,” ars' an sagart. Chuadhmar anonn. Casadh Aine Ní Oisín agus Maighréad Ní Shamhairle orainn, agus iad ag filleadh a bhaile t'réis tamaill do chaitheamh ag innsint sgéala mar gheall ar an Oireachtas le Gaedhilgeoiríbh óga na sráide. Bhíodar araon t'réis filleata ó Áth Cliath an lá céadna. Bhuaidh Maighréad duais ann agus chualaidh gach n-aon Aine ag canadh amhrán ann, is dócha. Is minic cheana do chualathas ann í. Shiubhaluigheadar linn ar n-ais. Casadh daoine eile orainn, sean-daoine b'eadh iad. Ní raibh focal Gaedhilge aca-san. Ba ghearr gur bhuail cailíní beaga orainn. Labhradar-san Gaedhilg go maith. Ag cainnt i dtaobh a dturais go Bun Dobhráin a bhíodar go léir. Bhí óg is críona ag cainnt mar gheall air. Turas na nGaedheal dob' eadh é agus bhí árd-lá le bheith aca. Bhí muinntir Thrí Liaga chun bheith páirteach i ngnó na hAeridheachta, agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh fá dtaobh de. Is ciúin na daoine iad. Ní mór a bhíonn le rádh aca agus ní ró-árd a labhraid acht déinid a gcuid gnótha go deas aicillidhe. Chaithemair tamall ag cainnt ag geata an tsagairt a's annsoin sgaramair le chéile. Chuireamair aithne ar fhoth-dhuine eile sa tsráid cé nár bhaoghal go mbeadh aithne againn ortha lár na bhárach mar ní raibh aon bhreis soluis 'n-ár n-aice acht a raibh ag teacht tré fhuinneoig annso a's annsúd. Chuireamar aithne ar mhuinntir aon tighe amháin ann, agus níor dhearmhadamar é; mar sa tigh sin is eadh do chuireamar fúinn faid do bhíomair san áit. Bhíodar chomh muinteardha sin linn gur ar éigin ná cheapamair gur sa bhaile a bhíomair; ba gheall leis dó, freisin. Bhí cailín beag óg ann a bhíonn ag múineadh i sgoil éigin i sráid Mhuineacháin agus í ag labhairt Gaedhilge linn, agus gan acht corr-fhocal fánach di ag a hathair ná a máthair. De mhuinntir Shamhairle is eadh muinntir an tighe sin. Tá mór chuid de'n tsloinne sin ar fuid an cheanntair cheadna, acht b'é tuairim an staraidhe .i. Eoin Mac Néill, gur de mhuinntir Dhomhnaill an treabh soin le ceart agus ná raibh sa bhfocal Samhairle acht sórt leas-sloinne. Acht pé aca sloinne dhleaghthach nó leas-sloinne é gura fada buan iad so gur thagras dóibh mar is iad go fíor- Ghaedhealach agus go fíor-fhlaitheamhail agus go síor-cheolmhar. “'Seadh, a Sheághain, bhfuilir sásta le cúrsaí an lae indiu?” arsa mise lem' charaid tuairim an mheadhon-oidhche. Bhíomair tamall sa tsúsa an uair sin. “Leig dom, táim im' ch-o-d-h-l-a-dh,” ar seisean, agus leigeas. LÁ NA hAERIDHEACHTA. Maidin bhreagh bhrothallach b'eadh maidin an Domhnaigh. Go moch ar maidin an lae sin bhí daoine ag coruidhe agus ag obair agus ag cainnt amuigh ar an mbóthar. Bhí foth-chóisde ag gabháil an bóthar siar, agus mórán daoine ghá chur díobh ar chois freisin. Bhí Aifreann fé leith le bheith an mhaidin soin le haghaidh na ndaoine do bhí chun dul ar an dturas go Bun Dobhráin. Tá an séipéal suidhte i n-gleanntán tuairim as míle leastiar de'n bhóthar mhór idir Trí Liaga agus Inis Cheithlinn. Ní raibh an méid sin feasa ag beirt áirighthe a bhí chun dul ann an mhaidin soin; dá mbeadh ní bhéidís ag dul amugha fá mar bhíodar agus fuadar árd fútha leis. Bóthar cumhang is eadh éan bóthar ó thig an tsagairt go dtí an séipéal, agus na sgeacha geala go hárd ar dhá thaobh de. Lochán beag ar an lámh chlé dhe agus foth chnocán thall a's i bhfus. Bhí mórán daoine ag an Aifreann acht bhí slighe de thuille aca. Tugadh comhairle a leasa dhóibh i mbeagán focal. Tuigeann an sagart agus na daoine a chéile go dian-mhaith. “'Siad muinntir na Gaedhulge fá ndeara an turas saor so do bheith indiu ann,” a dubhairt an sagart leo, “agus níor theip ortha-soin fós iad féin d'iomchair go maith ins gach áit dá rabhadar. Bíodh an sgéal céadna le hinnsint mar gheall ortha t'réis gnótha an lae seo. Tá iontaoibh agam asaibh-se go ndéanfaidh sibh bhur gcuid féin indiu chun tuille chlú do thuilleamh do'n pharóisde seo. Ní beag sin.” Nuair a shroicheamar port an bhóthair iarainn bhí sluagh ann romhainn, agus bhí tuille ag teacht, agus bhí an traen go rabhamair chum dul innti nach mór lán. Bhí suas le fiche duine istigh i bhfoth-cheann de na caráistíbh agus iad ag allus le neart bhrothail, agus le heasbadh shlighe, acht ní raibh aoin'ne ag gol ná ag gearán. Ag gáiridhe is eadh bhí a bhfurmhór agus ag cainnt mar gheall ar an aimsir bhreagh do bhí aca i gcomhair an turais, agus mar gheall ar nidhthibh nárbh' é. D'aimsigh an ceathrar againn a bhí i bhfochair a chéile indé roimis sin ball oireamhnach dúinn féin, acht má is eadh bhí cuideachta againn. Caráiste íseal b'eadh é, agus gan acht an clár cruaidh déil mar shuidheachán againn acht bhíomar sásta — chomh sásta díreach a's bhíomair nuair a bhí tolg breagh bog fúinn Dia Sathairn. Sin mar a bhíonn daoine áiriththe chomh sásta i dtighthibh breaghtha móra. Ní raibh aithne againn ar ár gcomharsain sa caráiste ná aithne aca-san orainn acht má's amhlaidh a bhí féin bhí ana- mhuinteardhas eadrainn agus ba dhóigh le stráin- séar orainn go raibh sean aithne ar a chéile againn. Teanga ana-mhuinteardha is eadh an Ghaedhilg i measg na nGaedheal. Ní raibh puinn di aca-súd acht dubhradar linn go mba mhaith leo í bheith aca, agus nuair a chualadar cúpla amhrán ó nár gcaraid .i. Seán ní sháiseochadh aon rud iad acht ag cainnt mar gheall ar an dtean- gain agus a d'iarraidh tuille amhráin do mhealladh uainn. Bhí Eoin ana-chainnteach, ana-ghrádhmhar, agus ní dóigh liom gur labhair sé focal Béarla. 'Sé cheapamair ná fear teagan do bheith againn a labhradh Béarla nuair a bheadh ghádh leis. Pilib an fear a bhí an lá soin againn chun a dhéanta agus rinne sé go ceart é. Mhínigheadh sé gach ceist do lucht an Bhéarla agus annsoin thosnuigheadh sé ar an nGaedhilg do labhairt linn- ne arís. Níor labhramar focal Béarla le chéile agus thuig cách an méid sin go deas. Níorbh fhada dho'n traen sa tsiubhal nuair chonacamar Loch Éirne leath-isteas de'n bhóthar iarainn agus é go glionndrach fá sholas gréine. Bhí gach aoin'ne ad' iarraidh é dh'fheicsint an uair céadna, fiú amháin na daoine do chonnaic go minic cheana é. Ba dheas go léir an radharc é cuid dhe fá sholus gheal agus cuid de fá sgáth na sgamall mbeag, cuid de agus cruinn gá fholughadh uainn acht mion-bhlúiríní bána geala chidhmís idir géagaibh na gcrann nglas; bhí cnuic leath-is tall de mar teorainn agus b'fhearrde an radharc iad. Taithneann radharc dá shaghas soin le gach n-aon, beag nach. Bhí a raibh nár seomra ghá mholadh. Ní sinn-ne na céad daoine gur thaithn an Loch soin leo do réir deallraimh. Thaithn sé le filíbh na nGaedheal go mór, ba chlos dúinn, agus níor chuir an nuaidheacht soin iongna ar bith orainn. Sgaradh ó chéile sinn .i. an Loch as sinn-ne, ar feadh tamaill. 'Sé fá ndeara soin ná gur chaime ciumhais an Locha ná an bóthar iarainn cé nach bóthar ró-dhíreach é, agus gur mó slighe atá idir an Loch agus an bóthar iarainn i n-áiteannaibh ná a chéile. Loch ana- cham 'seadh é agus tá iomail bheárnacha aige. Ní hag lochtughadh an locha atáim agus is lugha go bhfuilim ag lochtughadh lucht molata an locha. An chéad uair eile chonacamar é ba dheise an crot a bhí air ná mar bhí ar an gceann tsoir de. Bhí faid mhór bhreagh uisge le feicsint anois againn, agus a iomaill go ró-dheas dar linn — mion-chrainn agus raithneach a's aiteann a's cuilion a's coll ag fás tré chéile annso agus annsúd le hais an uisge: agus na sléibhte ar an dtaobh eile dhe thall uainn go garbh guagach agus a mbun fá chrannaibh. “Is breagh an dúthaigh í Éire, agus is mór an truagh gur bhain an Sasanaigh d'ár sinnsear riamh í,” arsa duine againn. “Is breagh an dúthaigh í sin gan aon amhras, agus measaim-se uaireannta nár bhain na Sasanaigh d'ár sinnsear 'riamh í. Bhaineadar cuid di dhíobh admhuighim, acht tá a lán di ag na Gaedhealaibh fós, agus beidh tuille dhi ar ball aca má bhíonn an chiall cheart aca,” arsa fear eile. “Is mór an nidh 'pé sgéal é go bhfuil ádhbhar éigin d'fhearaibh Fáil 'n-a mbeathaidh go fóill atá chomh neamhspleadhach 'n-a n-aigne agus bhí aon chuid d'á sinnsear rómpa — daoine do dhéanfadh gníomhartha chomh fearamhail i naghaidh na ngall as deineadh le fada an lá dá mbeadh call aca air. An fhaid a bheidh an spioraid cheart 'n-ár ndaoine ní bhfuighidh gaill an domhain an lámh uachtair orainn,” arsa fear eile, agus do bhuail sé buile d'á dhron dheas go fuinneamhail ar bhois a láimhe clé. Mar sin dúinn ar feadh tamaill, agus nuair do theastuigh uainn radharc eile fhághail ar an loch arís ní raibh dul againn air. B'iad na dumhacha i gceanntar Bhéal Átha Seanaigh ba chead adhbhar eile cainnte do bhí againn. “Cad fágh dumhacha do bheith ortha mar ainm?” ar duine éigin; “agus cad fáth gan dumhacha do bheith mar ainm ortha?“ ar duine eile ghá fhreagairt. Nárbh mhaith an freagra é? Táid ann go raidh- seamhail cébé ar bith sgéal é, agus is fada ann iad, agus is ró-fhada go léir a bhíothas ghá gcnuasach am' thuairim. Ba ró ghearr eile go rabhamar i gceann na sgríbe agus siúd amach sinn. Bhí na céadta sa traen ná facamair go dtí soin. Bhíodar beag a's mór a's meadhonach ann agus is beag duine a bhí ann ná raibh aithne ag mórán daoine eile air acht beirt nó triúr againn féin. Bhí píobairí ann ó Chill Sgíre agus a bpíobaí aca ghá gcur i dtreo i gcomhair cheoil. Le deidheannaighe is eadh d'fhoghlumuigheadar a gcuid ceoil, agus má 'seadh féin rinneadar a ngnó go maith. Ní rabhadar chómh so-ghluaiste le piobairí Corcaighe ná chomh ceolmhar leo, acht cá háit eile i gceanntar tuatha go bhfuighfí buidhean- píobairí chomh maith leo. Ní heol dom féin buidhean dá saghas do bheith fá'n dtuaith i n-aon bhall eile. Ana-mholadh atá tuillte aca. Is orainn a bhí an t-áthas iad do bheith ann, agus is sinn do bhí mór-chúiseach ag coisidheacht ar chóimh- chéim le na gcois siúd ag gabháil trí shráid Bhun Dobhráin dúinn. “Nach é an truagh é gan culaith oireamhnach do'n píb ar gach píobaire aca-so,” adeir an Niallach agus sinn sa tsiubhal. “Anois, is eadh is fuireasta an deifrigheacht do thabhairt fá ndeara,” a dubhairt Seáan. “Is maith agus is áluinn agus is uasal an chulaith í an fille beag seachas an chulaith seo atá gá chaitheamh ag lucht na mbrístí bhfada,” arsa duine éigin ná caitheann ceachtar aca. “Dá mbeadh brístí glún ortha agus orainn go léir,” arsa fear eile, “ba dheise iad ná na bhrístí fada so, cé go nglaodhfaí ‘knickerbocker patriots,’ féin orainn. “Ba mhaith leis an bPaorach agus leis ‘An Seabhac’ a fhios do bheith aca go bhfuilimíd ar an aigne seo indiu i dtaobh an fhillte bhig,” a dubhairt fear eile. Agus mar sin dúinn ar feadh sgathaimh. Áit bhreagh iseadh an Bun Dobhráin seo. Deireann gach aoin'ne é sin. Tá tráigh bhreagh leathan ghainimheach ann go mbíonn tonntacha ag léimridh agus ag damhsa uirthi go minic, agus bíd ag sodar i ndiaidh a chéile go deas muin- teardha uaireannta eile. Sin ceárd taithigheann tonntacha ar gach tráigh san domhan is docha, acht is binne an ceol déinid seo mar thonntachaibh ná mar dheineann a leithéidí eile i naon áit i nÉirinn, dar le muinntir a' bhuill. Tá sráid ann agus tighthe deasa ar dhá thaobh di. Tighthe nuadha is eadh mórán aca agus sin comhartha gur ag dul a méid atá an tsráid- bhaile sin. I gceann tsoir de'n áit tá tighthe beaga geala agus sid iad na tighthe is sia ann, is dócha. Tá sligh chun cúig mhíle duine do choimeád san mbaile do chualas agus is minic a bhíonn an méid sin ann leis. Bíonn a lán daoine greannmhara ann uaireannta — daoine gur dhóigh leo go mbíonn galar éigin ortha agus nár mhór dóibh seal do chaitheamh le hais na fairrge, agus gan pioc ortha acht diomhnaointeas an uair sin, daoine móra go mbíonn breis airgid aca agus ná féadfaidís é chaitheamh sa bhaile tagaid ansoinn chun a chaithte, daoine eile gur mhaith leo go mbeadh sé le rádh aca go rabhadar i mBun Dobhráin tamall chun go mbeidís chomh maith le na gcomharsain agus mar sin de. An beagán Gaedhilge do bhí ghá labhairt againn féin an lá soin chuir sé cuid de na daoine greannmhara ag cainnt. “Isn't that quare talk now that I can't understand a word of it,” a dearadh seanduine bocht, a bhí 'n-a shuidhe ar chloich leithin ar leath taoibh doruis, tar éis do bheith ag éisteacht le beirt nó triúr ag cur síos i nGaedhilg ar cá háit gur bh'fhearr dhóibh lón fhághail. “Say, is that Gaelic these folks are speaking?” do chloisfeá ó phúncán mná i n-áit eile. Chuaidh cuid againn ag folcadh agus cuid againn ag snámh agus bhí leisge ar cuid eile againn dul san uisge chor ar bith. Dob' aoibhinn an lá é cois na mara. Radharc againn ar shléibhtibh Dhún na nGall anonn thar chuan agus ar an gcuan leathan féin, radharc ar shléibhtibh Liath Droma siar agus ó dheas uainn; acht b'é an cnoc ba dheise snódh
dá bhfacamair ná Beann Ghulban do bhí deich míle fó dheas uainn i n-aice Shligigh. Thosnuigh obair na hAeridheachta ar a trí a chlog. Sagart a chuir tús lei. Béarla do labhair sé, agus ba thuigsionach ciallmhar an chainnt do rinne sé. B'fhearr le daoine áirighthe do bhí ag éisteacht leis an mBéarla soin beagán Gaedhilge do chlos ó'n té do bhí ag cainnt. Bhí amhráin agus rinnce agus ceol annsoin fá mar a bhíonn ag Aeridheachtaibh eile — gach duine dá ndeachaidh ar an árdán ag déanamh a dhíchill; cuid aca níos fearr ná a chéile mar is gnáthach do bheith; cuid díobh seo a bhí i láthair sásta leis an obair agus cuid aca ag clamhsán, agus cuid eile aca ná raibh ag éisteacht ró-haireach le haon rud acht le chéile. Chualamar Aine Ní Oisín go breagh, mar ní túisge thosnuigh sí ná bhí ciúineas i measg lucht an chlamhsáin agus lucht an chogar-mhogair. Tá guth ceolmhar láidir aici agus cuireann sí spioraid agus anam ins na focalaibh. Chualamar Seán Ó Muirthile, mar cloiseann gach aoinne Seán. Ní bhíonn leigheas aca air. Bhí “Bó na Leath-Adhairce” aige ann chomh haerach agus bhí sí i gCiarraidhe riamh. Chídhfeá daoine nár thuig na focail agus iad ag freagairt an cheoil le na gceannaibh go mear meidhreach an an fhaid a bhí an “Bhó,” soin ar siubhal. Chonnac an rud céadna i mBaile Átha Cliath agus chonnac é i mórán ball eile. Is iongantach an bhó í “Bó na Leath-Adhairce” seo ag Seán. Chonnac sagart críonna uasal agus é ag freagairt casadh an cheoil sin lé'n a láimh agus a dhá shúil go solasmhar agus a aghaidh go meidhreach. Thuig seisean an t-amhrán. Thuig go leor daoine an Ghaedhilge acht bhí dhá leor eile ann nár thuig puinn di. Thug Cathal Ó Broin, an file, cúpla amhrán i mBéarla uaidh ga bhreagh anamamhail. Theastuigh an Béarla soin ó dhaoine áirighthe leis. Thug Peadar Ó Ceallaigh, ó Dhún Dealgan amhráin Gaedhilge uaidh agus rinne sé a ghnó go maith. Bhí an uain go brothallach agus na grian go hárd agus go geal nuair a thosnuigh Eoin Mac Néill ar óráid do thabhairt uaidh. Gaedhilge do labhair sé ar feadh tamaill agus ba fuinneamhail an cainnt do rinne sé; d'iompaigh sé ar an mBéarla annsoin, agus má iomopaigh ba mhaith agus ba feille- mhaith a chuir sé an sgéal i gcéill dúinn. Cainnteóir cliste ciallmhar is eadh é ná leigeann d'aoin'ne tutim 'na chodladh faidh a bhíonn sé ag cainnt. Níor chualas 'riamh roimhe sin ag cainnt é acht ag an Áird-Fheis, acht ní bhíonn gádh le hóráideacht ag an Áird-Fheis acht go hanamh, agus ní duine Eoin chun breis cainnte do dhéanadh gan gádh. Acht bhí sluagh mór 'n-a thimcheall an lá soin agus chomhairligh sé iad, agus spreag sé iad; chuir sé ag gáiridhe iad, agus chuir sé ag smuaineadh go machtnamhail iad. Shiubhaluigheadh sé ar an árdán le linn cuid de'n chainnt do chur uaidh; annsoin, stadadh sé go hoban agus d'árduigheadh sé a lámh dheas agus chuireadh sé focail bhreaghtha thuigsionacha as go líomtha agus go slachtmhar i ndiaidh a chéile a chuireadh gach aoin'ne ag machtnamh, do chasadh sé a lámh dheas i gcoinnibh a éadain nach mó, agus leigeadh sé síos go socair arís í, agus b'fhuiriste aithneamhaint air go raibh a chroidhe sa ngnó agus go riabh sé dáríribh. Do moladh go hárd an óráid. Do rinneadh óráid ghearr i nGaedhilg i ndiaidh óráide Eoin agus go héistigheadh go haireach leis, cé gur dócha nár thuig aon ana-chuid é. Muimhneach do rinne an chainnt. I bpáircín fearmhar íseal le hais an tséipéil do bhí an Aeridheacht ar siubhal. Ball deas ab eadh é, acht bhí sé ró-mhór ar leath-taoibh an bhealaigh mhóir, agus gan radharc ar an dtráigh ná ar an bhfarraige ó'n áit. Bhí na céadta daoine sa tsráid nár tháinig 'nár dtreo, cor ar bith. Bhí sagairt agus bráithre agus uaisle eile ann, ámhthach, agus mór-shuim aca ghá cur san ghnó. Bhí an tráthnóna ag dul i naois go maith sul ar fhágamar an pháircín sin. Ba leisg le cuid againn é fhágáilt acht bhí orainn filleadh go Trí Liaga agus b'éigean dúinn gan leigint do'n traen imtheacht uainn. (Ní Críoch). PEADAR Ó hANNRACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services