Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)
Title
Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)</title><author><name type="main">Peadar Ó hAnnracháin</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1909_10_09_07</note> <note type="L">7</note> <note type="B">1909</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1909_10_09_07</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Peadar Ó hAnnracháin</author><title>Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1909</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Cuairt an Oireachtais.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>(Ar leanamhaint).</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>“Cá bhfuil an tsráid bheag so Trí Liaga go</span> <lb n="6"/><span>rabhais ag cainnt mar gheall uirthi” ar Seághan</span> <lb n="7"/><span>le Pilib.</span></p> <lb n="8"/> <lb n="9"/><p><span>“Ní fada uainn é,” ar Pilib. “Nach fearra</span> <lb n="10"/><span>dhúinn go léir dul anonn do'n tsráidín sin. Ní</span> <lb n="11"/><span>dhéanfaidh an siubhal puinn dioghbhála do'n té is</span> <lb n="12"/><span>sine againn,” ars' an sagart.</span></p> <lb n="13"/> <lb n="14"/><p><span>Chuadhmar anonn.</span></p> <lb n="15"/> <lb n="16"/><p><span>Casadh Aine Ní Oisín agus Maighréad Ní</span> <lb n="17"/><span>Shamhairle orainn, agus iad ag filleadh a bhaile</span> <lb n="18"/><span>t'réis tamaill do chaitheamh ag innsint sgéala</span> <lb n="19"/><span>mar gheall ar an Oireachtas le Gaedhilgeoiríbh</span> <lb n="20"/><span>óga na sráide. Bhíodar araon t'réis filleata ó</span> <lb n="21"/><span>Áth Cliath an lá céadna. Bhuaidh Maighréad</span> <lb n="22"/><span>duais ann agus chualaidh gach n-aon Aine ag</span> <lb n="23"/><span>canadh amhrán ann, is dócha. Is minic cheana</span> <lb n="24"/><span>do chualathas ann í. Shiubhaluigheadar linn ar</span> <lb n="25"/><span>n-ais. Casadh daoine eile orainn, sean-daoine</span> <lb n="26"/><span>b'eadh iad. Ní raibh focal Gaedhilge aca-san.</span> <lb n="27"/><span>Ba ghearr gur bhuail cailíní beaga orainn.</span> <lb n="28"/><span>Labhradar-san Gaedhilg go maith. Ag cainnt</span> <lb n="29"/><span>i dtaobh a dturais go Bun Dobhráin a bhíodar</span> <lb n="30"/><span>go léir. Bhí óg is críona ag cainnt mar gheall</span> <lb n="31"/><span>air. Turas na nGaedheal dob' eadh é agus bhí</span> <lb n="32"/><span>árd-lá le bheith aca. Bhí muinntir Thrí Liaga</span> <lb n="33"/><span>chun bheith páirteach i ngnó na hAeridheachta, agus</span> <lb n="34"/><span>bhíodar ag cur is ag cúiteamh fá dtaobh de.</span></p> <lb n="35"/> <lb n="36"/><p><span>Is ciúin na daoine iad. Ní mór a bhíonn le rádh</span> <lb n="37"/><span>aca agus ní ró-árd a labhraid acht déinid a</span> <lb n="38"/><span>gcuid gnótha go deas aicillidhe.</span></p> <lb n="39"/> <lb n="40"/><p><span>Chaithemair tamall ag cainnt ag geata an</span> <lb n="41"/><span>tsagairt a's annsoin sgaramair le chéile.</span> <lb n="42"/><span>Chuireamair aithne ar fhoth-dhuine eile sa tsráid</span> <lb n="43"/><span>cé nár bhaoghal go mbeadh aithne againn ortha lár</span> <lb n="44"/><span>na bhárach mar ní raibh aon bhreis soluis 'n-ár</span> <lb n="45"/><span>n-aice acht a raibh ag teacht tré fhuinneoig annso</span> <lb n="46"/><span>a's annsúd. Chuireamar aithne ar mhuinntir aon</span> <lb n="47"/><span>tighe amháin ann, agus níor dhearmhadamar é;</span> <lb n="48"/><span>mar sa tigh sin is eadh do chuireamar fúinn faid do</span> <lb n="49"/><span>bhíomair san áit. Bhíodar chomh muinteardha</span> <lb n="50"/><span>sin linn gur ar éigin ná cheapamair gur sa</span> <lb n="51"/><span>bhaile a bhíomair; ba gheall leis dó, freisin.</span> <lb n="52"/><span>Bhí cailín beag óg ann a bhíonn ag múineadh i</span> <lb n="53"/><span>sgoil éigin i sráid Mhuineacháin agus í ag labhairt</span> <lb n="54"/><span>Gaedhilge linn, agus gan acht corr-fhocal fánach</span> <lb n="55"/><span>di ag a hathair ná a máthair. De mhuinntir</span> <lb n="56"/><span>Shamhairle is eadh muinntir an tighe sin. Tá mór</span> <lb n="57"/><span>chuid de'n tsloinne sin ar fuid an cheanntair</span> <lb n="58"/><span>cheadna, acht b'é tuairim an staraidhe .i. Eoin</span> <lb n="59"/><span>Mac Néill, gur de mhuinntir Dhomhnaill an treabh</span> <lb n="60"/><span>soin le ceart agus ná raibh sa bhfocal Samhairle</span> <lb n="61"/><span>acht sórt leas-sloinne. Acht pé aca sloinne</span> <lb n="62"/><span>dhleaghthach nó leas-sloinne é gura fada buan</span> <lb n="63"/><span>iad so gur thagras dóibh mar is iad go fíor-</span> <lb n="64"/><span>Ghaedhealach agus go fíor-fhlaitheamhail agus go</span> <lb n="65"/><span>síor-cheolmhar.</span></p> <lb n="66"/> <lb n="67"/><p><span>“'Seadh, a Sheághain, bhfuilir sásta le cúrsaí an</span> <lb n="68"/><span>lae indiu?” arsa mise lem' charaid tuairim</span> <lb n="69"/><span>an mheadhon-oidhche. Bhíomair tamall sa tsúsa</span> <lb n="70"/><span>an uair sin.</span></p> <lb n="71"/> <lb n="72"/><p><span>“Leig dom, táim im' ch-o-d-h-l-a-dh,” ar seisean,</span> <lb n="73"/><span>agus leigeas.</span></p> <lb n="74"/> <lb n="75"/><p><span>LÁ NA hAERIDHEACHTA.</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>Maidin bhreagh bhrothallach b'eadh maidin an</span> <lb n="78"/><span>Domhnaigh. Go moch ar maidin an lae sin bhí</span> <lb n="79"/><span>daoine ag coruidhe agus ag obair agus ag cainnt</span> <lb n="80"/><span>amuigh ar an mbóthar. Bhí foth-chóisde ag gabháil</span> <lb n="81"/><span>an bóthar siar, agus mórán daoine ghá chur díobh</span> <lb n="82"/><span>ar chois freisin. Bhí Aifreann fé leith le bheith</span> <lb n="83"/><span>an mhaidin soin le haghaidh na ndaoine do bhí</span> <lb n="84"/><span>chun dul ar an dturas go Bun Dobhráin. Tá</span> <lb n="85"/><span>an séipéal suidhte i n-gleanntán tuairim as</span> <lb n="86"/><span>míle leastiar de'n bhóthar mhór idir Trí Liaga</span> <lb n="87"/><span>agus Inis Cheithlinn. Ní raibh an méid sin feasa</span> <lb n="88"/><span>ag beirt áirighthe a bhí chun dul ann an mhaidin</span> <lb n="89"/><span>soin; dá mbeadh ní bhéidís ag dul amugha fá</span> <lb n="90"/><span>mar bhíodar agus fuadar árd fútha leis.</span> <lb n="91"/><span>Bóthar cumhang is eadh éan bóthar ó thig an</span> <lb n="92"/><span>tsagairt go dtí an séipéal, agus na sgeacha</span> <lb n="93"/><span>geala go hárd ar dhá thaobh de. Lochán beag ar</span> <lb n="94"/><span>an lámh chlé dhe agus foth chnocán thall a's i bhfus.</span> <lb n="95"/><span>Bhí mórán daoine ag an Aifreann acht bhí slighe de</span> <lb n="96"/><span>thuille aca. Tugadh comhairle a leasa dhóibh i</span> <lb n="97"/><span>mbeagán focal. Tuigeann an sagart agus</span> <lb n="98"/><span>na daoine a chéile go dian-mhaith. “'Siad</span> <lb n="99"/><span>muinntir na Gaedhulge fá ndeara an turas</span> <lb n="100"/><span>saor so do bheith indiu ann,” a dubhairt an</span> <lb n="101"/><span>sagart leo, “agus níor theip ortha-soin fós iad</span> <lb n="102"/><span>féin d'iomchair go maith ins gach áit dá rabhadar.</span> <lb n="103"/><span>Bíodh an sgéal céadna le hinnsint mar gheall</span> <lb n="104"/><span>ortha t'réis gnótha an lae seo. Tá iontaoibh</span> <lb n="105"/><span>agam asaibh-se go ndéanfaidh sibh bhur gcuid</span> <lb n="106"/><span>féin indiu chun tuille chlú do thuilleamh do'n</span> <lb n="107"/><span>pharóisde seo. Ní beag sin.”</span></p> <lb n="108"/> <lb n="109"/><p><span>Nuair a shroicheamar port an bhóthair iarainn</span> <lb n="110"/><span>bhí sluagh ann romhainn, agus bhí tuille ag teacht,</span> <lb n="111"/><span>agus bhí an traen go rabhamair chum dul innti</span> <lb n="112"/><span>nach mór lán. Bhí suas le fiche duine istigh i</span> <lb n="113"/><span>bhfoth-cheann de na caráistíbh agus iad ag allus</span> <lb n="114"/><span>le neart bhrothail, agus le heasbadh shlighe, acht</span> <lb n="115"/><span>ní raibh aoin'ne ag gol ná ag gearán. Ag</span> <lb n="116"/><span>gáiridhe is eadh bhí a bhfurmhór agus ag cainnt</span> <lb n="117"/><span>mar gheall ar an aimsir bhreagh do bhí aca i</span> <lb n="118"/><span>gcomhair an turais, agus mar gheall ar nidhthibh</span> <lb n="119"/><span>nárbh' é. D'aimsigh an ceathrar againn a bhí</span> <lb n="120"/><span>i bhfochair a chéile indé roimis sin ball oireamhnach</span> <lb n="121"/><span>dúinn féin, acht má is eadh bhí cuideachta againn.</span> <lb n="122"/><span>Caráiste íseal b'eadh é, agus gan acht an clár</span> <lb n="123"/><span>cruaidh déil mar shuidheachán againn acht bhíomar</span> <lb n="124"/><span>sásta — chomh sásta díreach a's bhíomair nuair</span> <lb n="125"/><span>a bhí tolg breagh bog fúinn Dia Sathairn. Sin</span> <lb n="126"/><span>mar a bhíonn daoine áiriththe chomh sásta i dtighthibh</span> <lb n="127"/><span>breaghtha móra. Ní raibh aithne againn ar ár</span> <lb n="128"/><span>gcomharsain sa caráiste ná aithne aca-san</span> <lb n="129"/><span>orainn acht má's amhlaidh a bhí féin bhí ana-</span> <lb n="130"/><span>mhuinteardhas eadrainn agus ba dhóigh le stráin-</span> <lb n="131"/><span>séar orainn go raibh sean aithne ar a chéile</span> <lb n="132"/><span>againn. Teanga ana-mhuinteardha is eadh an</span> <lb n="133"/><span>Ghaedhilg i measg na nGaedheal. Ní raibh puinn</span> <lb n="134"/><span>di aca-súd acht dubhradar linn go mba mhaith</span> <lb n="135"/><span>leo í bheith aca, agus nuair a chualadar cúpla</span> <lb n="136"/><span>amhrán ó nár gcaraid .i. Seán ní sháiseochadh aon</span> <lb n="137"/><span>rud iad acht ag cainnt mar gheall ar an dtean-</span> <lb n="138"/><span>gain agus a d'iarraidh tuille amhráin do mhealladh</span> <lb n="139"/><span>uainn. Bhí Eoin ana-chainnteach, ana-ghrádhmhar,</span> <lb n="140"/><span>agus ní dóigh liom gur labhair sé focal Béarla.</span> <lb n="141"/><span>'Sé cheapamair ná fear teagan do bheith againn</span> <lb n="142"/><span>a labhradh Béarla nuair a bheadh ghádh leis.</span> <lb n="143"/><span>Pilib an fear a bhí an lá soin againn chun a</span> <lb n="144"/><span>dhéanta agus rinne sé go ceart é. Mhínigheadh</span> <lb n="145"/><span>sé gach ceist do lucht an Bhéarla agus annsoin</span> <lb n="146"/><span>thosnuigheadh sé ar an nGaedhilg do labhairt linn-</span> <lb n="147"/><span>ne arís. Níor labhramar focal Béarla le</span> <lb n="148"/><span>chéile agus thuig cách an méid sin go deas.</span></p> <lb n="149"/> <lb n="150"/><p><span>Níorbh fhada dho'n traen sa tsiubhal nuair</span> <lb n="151"/><span>chonacamar Loch Éirne leath-isteas de'n bhóthar</span> <lb n="152"/><span>iarainn agus é go glionndrach fá sholas gréine.</span></p> <lb n="153"/> <lb n="154"/><p><span>Bhí gach aoin'ne ad' iarraidh é dh'fheicsint an uair</span> <lb n="155"/><span>céadna, fiú amháin na daoine do chonnaic go</span> <lb n="156"/><span>minic cheana é. Ba dheas go léir an radharc</span> <lb n="157"/><span>é cuid dhe fá sholus gheal agus cuid de fá sgáth</span> <lb n="158"/><span>na sgamall mbeag, cuid de agus cruinn gá</span> <lb n="159"/><span>fholughadh uainn acht mion-bhlúiríní bána geala</span> <lb n="160"/><span>chidhmís idir géagaibh na gcrann nglas; bhí cnuic</span> <lb n="161"/><span>leath-is tall de mar teorainn agus b'fhearrde an</span> <lb n="162"/><span>radharc iad. Taithneann radharc dá shaghas</span> <lb n="163"/><span>soin le gach n-aon, beag nach. Bhí a raibh nár</span> <lb n="164"/><span>seomra ghá mholadh.</span></p> <lb n="165"/> <lb n="166"/><p><span>Ní sinn-ne na céad daoine gur thaithn an Loch</span> <lb n="167"/><span>soin leo do réir deallraimh. Thaithn sé le</span> <lb n="168"/><span>filíbh na nGaedheal go mór, ba chlos dúinn, agus</span> <lb n="169"/><span>níor chuir an nuaidheacht soin iongna ar bith</span> <lb n="170"/><span>orainn. Sgaradh ó chéile sinn .i. an Loch as</span> <lb n="171"/><span>sinn-ne, ar feadh tamaill. 'Sé fá ndeara soin</span> <lb n="172"/><span>ná gur chaime ciumhais an Locha ná an bóthar</span> <lb n="173"/><span>iarainn cé nach bóthar ró-dhíreach é, agus gur</span> <lb n="174"/><span>mó slighe atá idir an Loch agus an bóthar</span> <lb n="175"/><span>iarainn i n-áiteannaibh ná a chéile. Loch ana-</span> <lb n="176"/><span>cham 'seadh é agus tá iomail bheárnacha aige.</span> <lb n="177"/><span>Ní hag lochtughadh an locha atáim agus is lugha</span> <lb n="178"/><span>go bhfuilim ag lochtughadh lucht molata an locha.</span> <lb n="179"/><span>An chéad uair eile chonacamar é ba dheise an</span> <lb n="180"/><span>crot a bhí air ná mar bhí ar an gceann tsoir de.</span> <lb n="181"/><span>Bhí faid mhór bhreagh uisge le feicsint anois</span> <lb n="182"/><span>againn, agus a iomaill go ró-dheas dar linn —</span> <lb n="183"/><span>mion-chrainn agus raithneach a's aiteann a's</span> <lb n="184"/><span>cuilion a's coll ag fás tré chéile annso agus</span> <lb n="185"/><span>annsúd le hais an uisge: agus na sléibhte</span> <lb n="186"/><span>ar an dtaobh eile dhe thall uainn go garbh guagach</span> <lb n="187"/><span>agus a mbun fá chrannaibh.</span></p> <lb n="188"/> <lb n="189"/><p><span>“Is breagh an dúthaigh í Éire, agus is mór an</span> <lb n="190"/><span>truagh gur bhain an Sasanaigh d'ár sinnsear</span> <lb n="191"/><span>riamh í,” arsa duine againn.</span></p> <lb n="192"/> <lb n="193"/><p><span>“Is breagh an dúthaigh í sin gan aon amhras, agus</span> <lb n="194"/><span>measaim-se uaireannta nár bhain na Sasanaigh</span> <lb n="195"/><span>d'ár sinnsear 'riamh í. Bhaineadar cuid di dhíobh</span> <lb n="196"/><span>admhuighim, acht tá a lán di ag na Gaedhealaibh fós,</span> <lb n="197"/><span>agus beidh tuille dhi ar ball aca má bhíonn an</span> <lb n="198"/><span>chiall cheart aca,” arsa fear eile.</span></p> <lb n="199"/> <lb n="200"/><p><span>“Is mór an nidh 'pé sgéal é go bhfuil ádhbhar</span> <lb n="201"/><span>éigin d'fhearaibh Fáil 'n-a mbeathaidh go fóill</span> <lb n="202"/><span>atá chomh neamhspleadhach 'n-a n-aigne agus bhí</span> <lb n="203"/><span>aon chuid d'á sinnsear rómpa — daoine do</span> <lb n="204"/><span>dhéanfadh gníomhartha chomh fearamhail i naghaidh</span> <lb n="205"/><span>na ngall as deineadh le fada an lá dá mbeadh</span> <lb n="206"/><span>call aca air. An fhaid a bheidh an spioraid cheart</span> <lb n="207"/><span>'n-ár ndaoine ní bhfuighidh gaill an domhain an</span> <lb n="208"/><span>lámh uachtair orainn,” arsa fear eile, agus do</span> <lb n="209"/><span>bhuail sé buile d'á dhron dheas go fuinneamhail</span> <lb n="210"/><span>ar bhois a láimhe clé.</span></p> <lb n="211"/> <lb n="212"/><p><span>Mar sin dúinn ar feadh tamaill, agus nuair</span> <lb n="213"/><span>do theastuigh uainn radharc eile fhághail ar an</span> <lb n="214"/><span>loch arís ní raibh dul againn air. B'iad na</span> <lb n="215"/><span>dumhacha i gceanntar Bhéal Átha Seanaigh ba chead</span> <lb n="216"/><span>adhbhar eile cainnte do bhí againn. “Cad fágh</span> <lb n="217"/><span>dumhacha do bheith ortha mar ainm?” ar duine</span> <lb n="218"/><span>éigin; “agus cad fáth gan dumhacha do bheith</span> <lb n="219"/><span>mar ainm ortha?“ ar duine eile ghá fhreagairt.</span> <lb n="220"/><span>Nárbh mhaith an freagra é? Táid ann go raidh-</span> <lb n="221"/><span>seamhail cébé ar bith sgéal é, agus is fada ann</span> <lb n="222"/><span>iad, agus is ró-fhada go léir a bhíothas ghá gcnuasach</span> <lb n="223"/><span>am' thuairim. Ba ró ghearr eile go rabhamar i</span> <lb n="224"/><span>gceann na sgríbe agus siúd amach sinn. Bhí na</span> <lb n="225"/><span>céadta sa traen ná facamair go dtí soin.</span> <lb n="226"/><span>Bhíodar beag a's mór a's meadhonach ann agus is</span> <lb n="227"/><span>beag duine a bhí ann ná raibh aithne ag mórán</span> <lb n="228"/><span>daoine eile air acht beirt nó triúr againn féin.</span></p> <lb n="229"/> <lb n="230"/><p><span>Bhí píobairí ann ó Chill Sgíre agus a bpíobaí</span> <lb n="231"/><span>aca ghá gcur i dtreo i gcomhair cheoil. Le</span> <lb n="232"/><span>deidheannaighe is eadh d'fhoghlumuigheadar a gcuid</span> <lb n="233"/><span>ceoil, agus má 'seadh féin rinneadar a ngnó go</span> <lb n="234"/><span>maith. Ní rabhadar chómh so-ghluaiste le piobairí</span> <lb n="235"/><span>Corcaighe ná chomh ceolmhar leo, acht cá háit</span> <lb n="236"/><span>eile i gceanntar tuatha go bhfuighfí buidhean-</span> <lb n="237"/><span>píobairí chomh maith leo. Ní heol dom féin</span> <lb n="238"/><span>buidhean dá saghas do bheith fá'n dtuaith i n-aon</span> <lb n="239"/><span>bhall eile. Ana-mholadh atá tuillte aca. Is</span> <lb n="240"/><span>orainn a bhí an t-áthas iad do bheith ann, agus is</span> <lb n="241"/><span>sinn do bhí mór-chúiseach ag coisidheacht ar chóimh-</span> <lb n="242"/><span>chéim le na gcois siúd ag gabháil trí shráid Bhun</span> <lb n="243"/><span>Dobhráin dúinn.</span></p> <lb n="244"/> <lb n="245"/><p><span>“Nach é an truagh é gan culaith oireamhnach do'n</span> <lb n="246"/><span>píb ar gach píobaire aca-so,” adeir an Niallach</span> <lb n="247"/><span>agus sinn sa tsiubhal. “Anois, is eadh is</span> <lb n="248"/><span>fuireasta an deifrigheacht do thabhairt fá ndeara,”</span> <lb n="249"/><span>a dubhairt Seáan. “Is maith agus is áluinn</span> <lb n="250"/><span>agus is uasal an chulaith í an fille beag seachas</span> <lb n="251"/><span>an chulaith seo atá gá chaitheamh ag lucht na</span> <lb n="252"/><span>mbrístí bhfada,” arsa duine éigin ná caitheann</span> <lb n="253"/><span>ceachtar aca.</span></p> <lb n="254"/> <lb n="255"/><p><span>“Dá mbeadh brístí glún ortha agus orainn</span> <lb n="256"/><span>go léir,” arsa fear eile, “ba dheise iad ná na</span> <lb n="257"/><span>bhrístí fada so, cé go nglaodhfaí ‘knickerbocker</span> <lb n="258"/><span>patriots,’ féin orainn.</span></p> <lb n="259"/> <lb n="260"/><p><span>“Ba mhaith leis an bPaorach agus leis ‘An</span> <lb n="261"/><span>Seabhac’ a fhios do bheith aca go bhfuilimíd ar an</span> <lb n="262"/><span>aigne seo indiu i dtaobh an fhillte bhig,” a</span> <lb n="263"/><span>dubhairt fear eile. Agus mar sin dúinn ar</span> <lb n="264"/><span>feadh sgathaimh.</span></p> <lb n="265"/> <lb n="266"/><p><span>Áit bhreagh iseadh an Bun Dobhráin seo.</span> <lb n="267"/><span>Deireann gach aoin'ne é sin. Tá tráigh bhreagh</span> <lb n="268"/><span>leathan ghainimheach ann go mbíonn tonntacha ag</span> <lb n="269"/><span>léimridh agus ag damhsa uirthi go minic, agus</span> <lb n="270"/><span>bíd ag sodar i ndiaidh a chéile go deas muin-</span> <lb n="271"/><span>teardha uaireannta eile. Sin ceárd taithigheann</span> <lb n="272"/><span>tonntacha ar gach tráigh san domhan is docha,</span> <lb n="273"/><span>acht is binne an ceol déinid seo mar thonntachaibh</span> <lb n="274"/><span>ná mar dheineann a leithéidí eile i naon áit i</span> <lb n="275"/><span>nÉirinn, dar le muinntir a' bhuill.</span></p> <lb n="276"/> <lb n="277"/><p><span>Tá sráid ann agus tighthe deasa ar dhá thaobh</span> <lb n="278"/><span>di. Tighthe nuadha is eadh mórán aca agus sin</span> <lb n="279"/><span>comhartha gur ag dul a méid atá an tsráid-</span> <lb n="280"/><span>bhaile sin. I gceann tsoir de'n áit tá tighthe</span> <lb n="281"/><span>beaga geala agus sid iad na tighthe is sia ann,</span> <lb n="282"/><span>is dócha. Tá sligh chun cúig mhíle duine do</span> <lb n="283"/><span>choimeád san mbaile do chualas agus is minic</span> <lb n="284"/><span>a bhíonn an méid sin ann leis. Bíonn a lán</span> <lb n="285"/><span>daoine greannmhara ann uaireannta — daoine gur</span> <lb n="286"/><span>dhóigh leo go mbíonn galar éigin ortha agus nár</span> <lb n="287"/><span>mhór dóibh seal do chaitheamh le hais na fairrge,</span> <lb n="288"/><span>agus gan pioc ortha acht diomhnaointeas an uair</span> <lb n="289"/><span>sin, daoine móra go mbíonn breis airgid aca</span> <lb n="290"/><span>agus ná féadfaidís é chaitheamh sa bhaile tagaid</span> <lb n="291"/><span>ansoinn chun a chaithte, daoine eile gur mhaith leo</span> <lb n="292"/><span>go mbeadh sé le rádh aca go rabhadar i mBun</span> <lb n="293"/><span>Dobhráin tamall chun go mbeidís chomh maith le na</span> <lb n="294"/><span>gcomharsain agus mar sin de.</span></p> <lb n="295"/> <lb n="296"/><p><span>An beagán Gaedhilge do bhí ghá labhairt againn</span> <lb n="297"/><span>féin an lá soin chuir sé cuid de na daoine</span> <lb n="298"/><span>greannmhara ag cainnt.</span></p> <lb n="299"/> <lb n="300"/><p><span>“Isn't that quare talk now that I can't</span> <lb n="301"/><span>understand a word of it,” a dearadh seanduine</span> <lb n="302"/><span>bocht, a bhí 'n-a shuidhe ar chloich leithin ar leath taoibh</span> <lb n="303"/><span>doruis, tar éis do bheith ag éisteacht le beirt nó</span> <lb n="304"/><span>triúr ag cur síos i nGaedhilg ar cá háit gur</span> <lb n="305"/><span>bh'fhearr dhóibh lón fhághail.</span></p> <lb n="306"/> <lb n="307"/><p><span>“Say, is that Gaelic these folks are speaking?”</span> <lb n="308"/><span>do chloisfeá ó phúncán mná i n-áit eile. Chuaidh</span> <lb n="309"/><span>cuid againn ag folcadh agus cuid againn ag</span> <lb n="310"/><span>snámh agus bhí leisge ar cuid eile againn dul san</span> <lb n="311"/><span>uisge chor ar bith. Dob' aoibhinn an lá é cois na</span> <lb n="312"/><span>mara. Radharc againn ar shléibhtibh Dhún na</span> <lb n="313"/><span>nGall anonn thar chuan agus ar an gcuan leathan</span> <lb n="314"/><span>féin, radharc ar shléibhtibh Liath Droma siar agus</span> <lb n="315"/><span>ó dheas uainn; acht b'é an cnoc ba dheise snódh</span></p> </div> <pb n="8"/> <div><lb n="316"/><p><span>dá bhfacamair ná Beann Ghulban do bhí deich</span> <lb n="317"/><span>míle fó dheas uainn i n-aice Shligigh.</span></p> <lb n="318"/> <lb n="319"/><p><span>Thosnuigh obair na hAeridheachta ar a trí a</span> <lb n="320"/><span>chlog. Sagart a chuir tús lei. Béarla do</span> <lb n="321"/><span>labhair sé, agus ba thuigsionach ciallmhar an</span> <lb n="322"/><span>chainnt do rinne sé. B'fhearr le daoine</span> <lb n="323"/><span>áirighthe do bhí ag éisteacht leis an mBéarla soin</span> <lb n="324"/><span>beagán Gaedhilge do chlos ó'n té do bhí ag cainnt.</span> <lb n="325"/><span>Bhí amhráin agus rinnce agus ceol annsoin fá</span> <lb n="326"/><span>mar a bhíonn ag Aeridheachtaibh eile — gach duine</span> <lb n="327"/><span>dá ndeachaidh ar an árdán ag déanamh a dhíchill;</span> <lb n="328"/><span>cuid aca níos fearr ná a chéile mar is gnáthach</span> <lb n="329"/><span>do bheith; cuid díobh seo a bhí i láthair sásta leis an</span> <lb n="330"/><span>obair agus cuid aca ag clamhsán, agus cuid</span> <lb n="331"/><span>eile aca ná raibh ag éisteacht ró-haireach le</span> <lb n="332"/><span>haon rud acht le chéile. Chualamar Aine Ní</span> <lb n="333"/><span>Oisín go breagh, mar ní túisge thosnuigh sí ná bhí</span> <lb n="334"/><span>ciúineas i measg lucht an chlamhsáin agus lucht</span> <lb n="335"/><span>an chogar-mhogair. Tá guth ceolmhar láidir</span> <lb n="336"/><span>aici agus cuireann sí spioraid agus anam ins</span> <lb n="337"/><span>na focalaibh.</span></p> <lb n="338"/> <lb n="339"/><p><span>Chualamar Seán Ó Muirthile, mar cloiseann</span> <lb n="340"/><span>gach aoinne Seán. Ní bhíonn leigheas aca</span> <lb n="341"/><span>air. Bhí “Bó na Leath-Adhairce” aige ann chomh</span> <lb n="342"/><span>haerach agus bhí sí i gCiarraidhe riamh. Chídhfeá</span> <lb n="343"/><span>daoine nár thuig na focail agus iad ag freagairt</span> <lb n="344"/><span>an cheoil le na gceannaibh go mear meidhreach an</span> <lb n="345"/><span>an fhaid a bhí an “Bhó,” soin ar siubhal. Chonnac</span> <lb n="346"/><span>an rud céadna i mBaile Átha Cliath agus chonnac</span> <lb n="347"/><span>é i mórán ball eile. Is iongantach an bhó í</span> <lb n="348"/><span>“Bó na Leath-Adhairce” seo ag Seán. Chonnac</span> <lb n="349"/><span>sagart críonna uasal agus é ag freagairt casadh</span> <lb n="350"/><span>an cheoil sin lé'n a láimh agus a dhá shúil go</span> <lb n="351"/><span>solasmhar agus a aghaidh go meidhreach. Thuig</span> <lb n="352"/><span>seisean an t-amhrán. Thuig go leor daoine an</span> <lb n="353"/><span>Ghaedhilge acht bhí dhá leor eile ann nár thuig</span> <lb n="354"/><span>puinn di. Thug Cathal Ó Broin, an file, cúpla</span> <lb n="355"/><span>amhrán i mBéarla uaidh ga bhreagh anamamhail.</span> <lb n="356"/><span>Theastuigh an Béarla soin ó dhaoine áirighthe leis.</span> <lb n="357"/><span>Thug Peadar Ó Ceallaigh, ó Dhún Dealgan</span> <lb n="358"/><span>amhráin Gaedhilge uaidh agus rinne sé a ghnó</span> <lb n="359"/><span>go maith. Bhí an uain go brothallach agus na</span> <lb n="360"/><span>grian go hárd agus go geal nuair a thosnuigh</span> <lb n="361"/><span>Eoin Mac Néill ar óráid do thabhairt uaidh.</span> <lb n="362"/><span>Gaedhilge do labhair sé ar feadh tamaill agus</span> <lb n="363"/><span>ba fuinneamhail an cainnt do rinne sé;</span> <lb n="364"/><span>d'iompaigh sé ar an mBéarla annsoin,</span> <lb n="365"/><span>agus má iomopaigh ba mhaith agus ba feille-</span> <lb n="366"/><span>mhaith a chuir sé an sgéal i gcéill dúinn.</span></p> <lb n="367"/> <lb n="368"/><p><span>Cainnteóir cliste ciallmhar is eadh é ná</span> <lb n="369"/><span>leigeann d'aoin'ne tutim 'na chodladh faidh</span> <lb n="370"/><span>a bhíonn sé ag cainnt. Níor chualas 'riamh roimhe</span> <lb n="371"/><span>sin ag cainnt é acht ag an Áird-Fheis, acht ní</span> <lb n="372"/><span>bhíonn gádh le hóráideacht ag an Áird-Fheis</span> <lb n="373"/><span>acht go hanamh, agus ní duine Eoin chun breis</span> <lb n="374"/><span>cainnte do dhéanadh gan gádh. Acht bhí sluagh</span> <lb n="375"/><span>mór 'n-a thimcheall an lá soin agus chomhairligh sé</span> <lb n="376"/><span>iad, agus spreag sé iad; chuir sé ag gáiridhe iad,</span> <lb n="377"/><span>agus chuir sé ag smuaineadh go machtnamhail</span> <lb n="378"/><span>iad. Shiubhaluigheadh sé ar an árdán le linn</span> <lb n="379"/><span>cuid de'n chainnt do chur uaidh; annsoin, stadadh</span> <lb n="380"/><span>sé go hoban agus d'árduigheadh sé a lámh dheas</span> <lb n="381"/><span>agus chuireadh sé focail bhreaghtha thuigsionacha</span> <lb n="382"/><span>as go líomtha agus go slachtmhar i ndiaidh a</span> <lb n="383"/><span>chéile a chuireadh gach aoin'ne ag machtnamh,</span> <lb n="384"/><span>do chasadh sé a lámh dheas i gcoinnibh a éadain nach</span> <lb n="385"/><span>mó, agus leigeadh sé síos go socair arís í,</span> <lb n="386"/><span>agus b'fhuiriste aithneamhaint air go raibh a</span> <lb n="387"/><span>chroidhe sa ngnó agus go riabh sé dáríribh.</span></p> <lb n="388"/> <lb n="389"/><p><span>Do moladh go hárd an óráid. Do rinneadh</span> <lb n="390"/><span>óráid ghearr i nGaedhilg i ndiaidh óráide Eoin</span> <lb n="391"/><span>agus go héistigheadh go haireach leis, cé gur</span> <lb n="392"/><span>dócha nár thuig aon ana-chuid é. Muimhneach</span> <lb n="393"/><span>do rinne an chainnt.</span></p> <lb n="394"/> <lb n="395"/><p><span>I bpáircín fearmhar íseal le hais an tséipéil</span> <lb n="396"/><span>do bhí an Aeridheacht ar siubhal. Ball deas</span> <lb n="397"/><span>ab eadh é, acht bhí sé ró-mhór ar leath-taoibh an</span> <lb n="398"/><span>bhealaigh mhóir, agus gan radharc ar an dtráigh</span> <lb n="399"/><span>ná ar an bhfarraige ó'n áit. Bhí na céadta daoine</span> <lb n="400"/><span>sa tsráid nár tháinig 'nár dtreo, cor ar bith.</span></p> <lb n="401"/> <lb n="402"/><p><span>Bhí sagairt agus bráithre agus uaisle eile ann,</span> <lb n="403"/><span>ámhthach, agus mór-shuim aca ghá cur san ghnó.</span> <lb n="404"/><span>Bhí an tráthnóna ag dul i naois go maith sul ar</span> <lb n="405"/><span>fhágamar an pháircín sin. Ba leisg le cuid</span> <lb n="406"/><span>againn é fhágáilt acht bhí orainn filleadh go Trí</span> <lb n="407"/><span>Liaga agus b'éigean dúinn gan leigint do'n</span> <lb n="408"/><span>traen imtheacht uainn.</span></p> <lb n="409"/> <lb n="410"/><p><span>(Ní Críoch).</span></p> <lb n="411"/> <lb n="412"/><p><span>PEADAR Ó hANNRACHÁIN.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services