Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)

Title
Cuairt an Oireachtais (Ar leanamhaint)
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt an Oireachtais.



(Ar leanamhaint).



“Cá bhfuil an tsráid bheag so Trí Liaga go
rabhais ag cainnt mar gheall uirthi” ar Seághan
le Pilib.



“Ní fada uainn é,” ar Pilib. “Nach fearra
dhúinn go léir dul anonn do'n tsráidín sin. Ní
dhéanfaidh an siubhal puinn dioghbhála do'n té is
sine againn,” ars' an sagart.



Chuadhmar anonn.



Casadh Aine Ní Oisín agus Maighréad Ní
Shamhairle orainn, agus iad ag filleadh a bhaile
t'réis tamaill do chaitheamh ag innsint sgéala
mar gheall ar an Oireachtas le Gaedhilgeoiríbh
óga na sráide. Bhíodar araon t'réis filleata ó
Áth Cliath an lá céadna. Bhuaidh Maighréad
duais ann agus chualaidh gach n-aon Aine ag
canadh amhrán ann, is dócha. Is minic cheana
do chualathas ann í. Shiubhaluigheadar linn ar
n-ais. Casadh daoine eile orainn, sean-daoine
b'eadh iad. Ní raibh focal Gaedhilge aca-san.
Ba ghearr gur bhuail cailíní beaga orainn.
Labhradar-san Gaedhilg go maith. Ag cainnt
i dtaobh a dturais go Bun Dobhráin a bhíodar
go léir. Bhí óg is críona ag cainnt mar gheall
air. Turas na nGaedheal dob' eadh é agus bhí
árd-lá le bheith aca. Bhí muinntir Thrí Liaga
chun bheith páirteach i ngnó na hAeridheachta, agus
bhíodar ag cur is ag cúiteamh fá dtaobh de.



Is ciúin na daoine iad. Ní mór a bhíonn le rádh
aca agus ní ró-árd a labhraid acht déinid a
gcuid gnótha go deas aicillidhe.



Chaithemair tamall ag cainnt ag geata an
tsagairt a's annsoin sgaramair le chéile.
Chuireamair aithne ar fhoth-dhuine eile sa tsráid
cé nár bhaoghal go mbeadh aithne againn ortha lár
na bhárach mar ní raibh aon bhreis soluis 'n-ár
n-aice acht a raibh ag teacht tré fhuinneoig annso
a's annsúd. Chuireamar aithne ar mhuinntir aon
tighe amháin ann, agus níor dhearmhadamar é;
mar sa tigh sin is eadh do chuireamar fúinn faid do
bhíomair san áit. Bhíodar chomh muinteardha
sin linn gur ar éigin ná cheapamair gur sa
bhaile a bhíomair; ba gheall leis dó, freisin.
Bhí cailín beag óg ann a bhíonn ag múineadh i
sgoil éigin i sráid Mhuineacháin agus í ag labhairt
Gaedhilge linn, agus gan acht corr-fhocal fánach
di ag a hathair ná a máthair. De mhuinntir
Shamhairle is eadh muinntir an tighe sin. Tá mór
chuid de'n tsloinne sin ar fuid an cheanntair
cheadna, acht b'é tuairim an staraidhe .i. Eoin
Mac Néill, gur de mhuinntir Dhomhnaill an treabh
soin le ceart agus ná raibh sa bhfocal Samhairle
acht sórt leas-sloinne. Acht pé aca sloinne
dhleaghthach nó leas-sloinne é gura fada buan
iad so gur thagras dóibh mar is iad go fíor-
Ghaedhealach agus go fíor-fhlaitheamhail agus go
síor-cheolmhar.



“'Seadh, a Sheághain, bhfuilir sásta le cúrsaí an
lae indiu?” arsa mise lem' charaid tuairim
an mheadhon-oidhche. Bhíomair tamall sa tsúsa
an uair sin.



“Leig dom, táim im' ch-o-d-h-l-a-dh,” ar seisean,
agus leigeas.



LÁ NA hAERIDHEACHTA.



Maidin bhreagh bhrothallach b'eadh maidin an
Domhnaigh. Go moch ar maidin an lae sin bhí
daoine ag coruidhe agus ag obair agus ag cainnt
amuigh ar an mbóthar. Bhí foth-chóisde ag gabháil
an bóthar siar, agus mórán daoine ghá chur díobh
ar chois freisin. Bhí Aifreann fé leith le bheith
an mhaidin soin le haghaidh na ndaoine do bhí
chun dul ar an dturas go Bun Dobhráin. Tá
an séipéal suidhte i n-gleanntán tuairim as
míle leastiar de'n bhóthar mhór idir Trí Liaga
agus Inis Cheithlinn. Ní raibh an méid sin feasa
ag beirt áirighthe a bhí chun dul ann an mhaidin
soin; dá mbeadh ní bhéidís ag dul amugha fá
mar bhíodar agus fuadar árd fútha leis.
Bóthar cumhang is eadh éan bóthar ó thig an
tsagairt go dtí an séipéal, agus na sgeacha
geala go hárd ar dhá thaobh de. Lochán beag ar
an lámh chlé dhe agus foth chnocán thall a's i bhfus.
Bhí mórán daoine ag an Aifreann acht bhí slighe de
thuille aca. Tugadh comhairle a leasa dhóibh i
mbeagán focal. Tuigeann an sagart agus
na daoine a chéile go dian-mhaith. “'Siad
muinntir na Gaedhulge fá ndeara an turas
saor so do bheith indiu ann,” a dubhairt an
sagart leo, “agus níor theip ortha-soin fós iad
féin d'iomchair go maith ins gach áit dá rabhadar.
Bíodh an sgéal céadna le hinnsint mar gheall
ortha t'réis gnótha an lae seo. Tá iontaoibh
agam asaibh-se go ndéanfaidh sibh bhur gcuid
féin indiu chun tuille chlú do thuilleamh do'n
pharóisde seo. Ní beag sin.”



Nuair a shroicheamar port an bhóthair iarainn
bhí sluagh ann romhainn, agus bhí tuille ag teacht,
agus bhí an traen go rabhamair chum dul innti
nach mór lán. Bhí suas le fiche duine istigh i
bhfoth-cheann de na caráistíbh agus iad ag allus
le neart bhrothail, agus le heasbadh shlighe, acht
ní raibh aoin'ne ag gol ná ag gearán. Ag
gáiridhe is eadh bhí a bhfurmhór agus ag cainnt
mar gheall ar an aimsir bhreagh do bhí aca i
gcomhair an turais, agus mar gheall ar nidhthibh
nárbh' é. D'aimsigh an ceathrar againn a bhí
i bhfochair a chéile indé roimis sin ball oireamhnach
dúinn féin, acht má is eadh bhí cuideachta againn.
Caráiste íseal b'eadh é, agus gan acht an clár
cruaidh déil mar shuidheachán againn acht bhíomar
sásta — chomh sásta díreach a's bhíomair nuair
a bhí tolg breagh bog fúinn Dia Sathairn. Sin
mar a bhíonn daoine áiriththe chomh sásta i dtighthibh
breaghtha móra. Ní raibh aithne againn ar ár
gcomharsain sa caráiste ná aithne aca-san
orainn acht má's amhlaidh a bhí féin bhí ana-
mhuinteardhas eadrainn agus ba dhóigh le stráin-
séar orainn go raibh sean aithne ar a chéile
againn. Teanga ana-mhuinteardha is eadh an
Ghaedhilg i measg na nGaedheal. Ní raibh puinn
di aca-súd acht dubhradar linn go mba mhaith
leo í bheith aca, agus nuair a chualadar cúpla
amhrán ó nár gcaraid .i. Seán ní sháiseochadh aon
rud iad acht ag cainnt mar gheall ar an dtean-
gain agus a d'iarraidh tuille amhráin do mhealladh
uainn. Bhí Eoin ana-chainnteach, ana-ghrádhmhar,
agus ní dóigh liom gur labhair sé focal Béarla.
'Sé cheapamair ná fear teagan do bheith againn
a labhradh Béarla nuair a bheadh ghádh leis.
Pilib an fear a bhí an lá soin againn chun a
dhéanta agus rinne sé go ceart é. Mhínigheadh
sé gach ceist do lucht an Bhéarla agus annsoin
thosnuigheadh sé ar an nGaedhilg do labhairt linn-
ne arís. Níor labhramar focal Béarla le
chéile agus thuig cách an méid sin go deas.



Níorbh fhada dho'n traen sa tsiubhal nuair
chonacamar Loch Éirne leath-isteas de'n bhóthar
iarainn agus é go glionndrach fá sholas gréine.



Bhí gach aoin'ne ad' iarraidh é dh'fheicsint an uair
céadna, fiú amháin na daoine do chonnaic go
minic cheana é. Ba dheas go léir an radharc
é cuid dhe fá sholus gheal agus cuid de fá sgáth
na sgamall mbeag, cuid de agus cruinn gá
fholughadh uainn acht mion-bhlúiríní bána geala
chidhmís idir géagaibh na gcrann nglas; bhí cnuic
leath-is tall de mar teorainn agus b'fhearrde an
radharc iad. Taithneann radharc dá shaghas
soin le gach n-aon, beag nach. Bhí a raibh nár
seomra ghá mholadh.



Ní sinn-ne na céad daoine gur thaithn an Loch
soin leo do réir deallraimh. Thaithn sé le
filíbh na nGaedheal go mór, ba chlos dúinn, agus
níor chuir an nuaidheacht soin iongna ar bith
orainn. Sgaradh ó chéile sinn .i. an Loch as
sinn-ne, ar feadh tamaill. 'Sé fá ndeara soin
ná gur chaime ciumhais an Locha ná an bóthar
iarainn cé nach bóthar ró-dhíreach é, agus gur
mó slighe atá idir an Loch agus an bóthar
iarainn i n-áiteannaibh ná a chéile. Loch ana-
cham 'seadh é agus tá iomail bheárnacha aige.
Ní hag lochtughadh an locha atáim agus is lugha
go bhfuilim ag lochtughadh lucht molata an locha.
An chéad uair eile chonacamar é ba dheise an
crot a bhí air ná mar bhí ar an gceann tsoir de.
Bhí faid mhór bhreagh uisge le feicsint anois
againn, agus a iomaill go ró-dheas dar linn —
mion-chrainn agus raithneach a's aiteann a's
cuilion a's coll ag fás tré chéile annso agus
annsúd le hais an uisge: agus na sléibhte
ar an dtaobh eile dhe thall uainn go garbh guagach
agus a mbun fá chrannaibh.



“Is breagh an dúthaigh í Éire, agus is mór an
truagh gur bhain an Sasanaigh d'ár sinnsear
riamh í,” arsa duine againn.



“Is breagh an dúthaigh í sin gan aon amhras, agus
measaim-se uaireannta nár bhain na Sasanaigh
d'ár sinnsear 'riamh í. Bhaineadar cuid di dhíobh
admhuighim, acht tá a lán di ag na Gaedhealaibh fós,
agus beidh tuille dhi ar ball aca má bhíonn an
chiall cheart aca,” arsa fear eile.



“Is mór an nidh 'pé sgéal é go bhfuil ádhbhar
éigin d'fhearaibh Fáil 'n-a mbeathaidh go fóill
atá chomh neamhspleadhach 'n-a n-aigne agus bhí
aon chuid d'á sinnsear rómpa — daoine do
dhéanfadh gníomhartha chomh fearamhail i naghaidh
na ngall as deineadh le fada an lá dá mbeadh
call aca air. An fhaid a bheidh an spioraid cheart
'n-ár ndaoine ní bhfuighidh gaill an domhain an
lámh uachtair orainn,” arsa fear eile, agus do
bhuail sé buile d'á dhron dheas go fuinneamhail
ar bhois a láimhe clé.



Mar sin dúinn ar feadh tamaill, agus nuair
do theastuigh uainn radharc eile fhághail ar an
loch arís ní raibh dul againn air. B'iad na
dumhacha i gceanntar Bhéal Átha Seanaigh ba chead
adhbhar eile cainnte do bhí againn. “Cad fágh
dumhacha do bheith ortha mar ainm?” ar duine
éigin; “agus cad fáth gan dumhacha do bheith
mar ainm ortha?“ ar duine eile ghá fhreagairt.
Nárbh mhaith an freagra é? Táid ann go raidh-
seamhail cébé ar bith sgéal é, agus is fada ann
iad, agus is ró-fhada go léir a bhíothas ghá gcnuasach
am' thuairim. Ba ró ghearr eile go rabhamar i
gceann na sgríbe agus siúd amach sinn. Bhí na
céadta sa traen ná facamair go dtí soin.
Bhíodar beag a's mór a's meadhonach ann agus is
beag duine a bhí ann ná raibh aithne ag mórán
daoine eile air acht beirt nó triúr againn féin.



Bhí píobairí ann ó Chill Sgíre agus a bpíobaí
aca ghá gcur i dtreo i gcomhair cheoil. Le
deidheannaighe is eadh d'fhoghlumuigheadar a gcuid
ceoil, agus má 'seadh féin rinneadar a ngnó go
maith. Ní rabhadar chómh so-ghluaiste le piobairí
Corcaighe ná chomh ceolmhar leo, acht cá háit
eile i gceanntar tuatha go bhfuighfí buidhean-
píobairí chomh maith leo. Ní heol dom féin
buidhean dá saghas do bheith fá'n dtuaith i n-aon
bhall eile. Ana-mholadh atá tuillte aca. Is
orainn a bhí an t-áthas iad do bheith ann, agus is
sinn do bhí mór-chúiseach ag coisidheacht ar chóimh-
chéim le na gcois siúd ag gabháil trí shráid Bhun
Dobhráin dúinn.



“Nach é an truagh é gan culaith oireamhnach do'n
píb ar gach píobaire aca-so,” adeir an Niallach
agus sinn sa tsiubhal. “Anois, is eadh is
fuireasta an deifrigheacht do thabhairt fá ndeara,”
a dubhairt Seáan. “Is maith agus is áluinn
agus is uasal an chulaith í an fille beag seachas
an chulaith seo atá gá chaitheamh ag lucht na
mbrístí bhfada,” arsa duine éigin ná caitheann
ceachtar aca.



“Dá mbeadh brístí glún ortha agus orainn
go léir,” arsa fear eile, “ba dheise iad ná na
bhrístí fada so, cé go nglaodhfaí ‘knickerbocker
patriots,’ féin orainn.



“Ba mhaith leis an bPaorach agus leis ‘An
Seabhac’ a fhios do bheith aca go bhfuilimíd ar an
aigne seo indiu i dtaobh an fhillte bhig,” a
dubhairt fear eile. Agus mar sin dúinn ar
feadh sgathaimh.



Áit bhreagh iseadh an Bun Dobhráin seo.
Deireann gach aoin'ne é sin. Tá tráigh bhreagh
leathan ghainimheach ann go mbíonn tonntacha ag
léimridh agus ag damhsa uirthi go minic, agus
bíd ag sodar i ndiaidh a chéile go deas muin-
teardha uaireannta eile. Sin ceárd taithigheann
tonntacha ar gach tráigh san domhan is docha,
acht is binne an ceol déinid seo mar thonntachaibh
ná mar dheineann a leithéidí eile i naon áit i
nÉirinn, dar le muinntir a' bhuill.



Tá sráid ann agus tighthe deasa ar dhá thaobh
di. Tighthe nuadha is eadh mórán aca agus sin
comhartha gur ag dul a méid atá an tsráid-
bhaile sin. I gceann tsoir de'n áit tá tighthe
beaga geala agus sid iad na tighthe is sia ann,
is dócha. Tá sligh chun cúig mhíle duine do
choimeád san mbaile do chualas agus is minic
a bhíonn an méid sin ann leis. Bíonn a lán
daoine greannmhara ann uaireannta — daoine gur
dhóigh leo go mbíonn galar éigin ortha agus nár
mhór dóibh seal do chaitheamh le hais na fairrge,
agus gan pioc ortha acht diomhnaointeas an uair
sin, daoine móra go mbíonn breis airgid aca
agus ná féadfaidís é chaitheamh sa bhaile tagaid
ansoinn chun a chaithte, daoine eile gur mhaith leo
go mbeadh sé le rádh aca go rabhadar i mBun
Dobhráin tamall chun go mbeidís chomh maith le na
gcomharsain agus mar sin de.



An beagán Gaedhilge do bhí ghá labhairt againn
féin an lá soin chuir sé cuid de na daoine
greannmhara ag cainnt.



“Isn't that quare talk now that I can't
understand a word of it,” a dearadh seanduine
bocht, a bhí 'n-a shuidhe ar chloich leithin ar leath taoibh
doruis, tar éis do bheith ag éisteacht le beirt nó
triúr ag cur síos i nGaedhilg ar cá háit gur
bh'fhearr dhóibh lón fhághail.



“Say, is that Gaelic these folks are speaking?”
do chloisfeá ó phúncán mná i n-áit eile. Chuaidh
cuid againn ag folcadh agus cuid againn ag
snámh agus bhí leisge ar cuid eile againn dul san
uisge chor ar bith. Dob' aoibhinn an lá é cois na
mara. Radharc againn ar shléibhtibh Dhún na
nGall anonn thar chuan agus ar an gcuan leathan
féin, radharc ar shléibhtibh Liath Droma siar agus
ó dheas uainn; acht b'é an cnoc ba dheise snódh


L. 8


dá bhfacamair ná Beann Ghulban do bhí deich
míle fó dheas uainn i n-aice Shligigh.



Thosnuigh obair na hAeridheachta ar a trí a
chlog. Sagart a chuir tús lei. Béarla do
labhair sé, agus ba thuigsionach ciallmhar an
chainnt do rinne sé. B'fhearr le daoine
áirighthe do bhí ag éisteacht leis an mBéarla soin
beagán Gaedhilge do chlos ó'n té do bhí ag cainnt.
Bhí amhráin agus rinnce agus ceol annsoin fá
mar a bhíonn ag Aeridheachtaibh eile — gach duine
dá ndeachaidh ar an árdán ag déanamh a dhíchill;
cuid aca níos fearr ná a chéile mar is gnáthach
do bheith; cuid díobh seo a bhí i láthair sásta leis an
obair agus cuid aca ag clamhsán, agus cuid
eile aca ná raibh ag éisteacht ró-haireach le
haon rud acht le chéile. Chualamar Aine Ní
Oisín go breagh, mar ní túisge thosnuigh sí ná bhí
ciúineas i measg lucht an chlamhsáin agus lucht
an chogar-mhogair. Tá guth ceolmhar láidir
aici agus cuireann sí spioraid agus anam ins
na focalaibh.



Chualamar Seán Ó Muirthile, mar cloiseann
gach aoinne Seán. Ní bhíonn leigheas aca
air. Bhí “Bó na Leath-Adhairce” aige ann chomh
haerach agus bhí sí i gCiarraidhe riamh. Chídhfeá
daoine nár thuig na focail agus iad ag freagairt
an cheoil le na gceannaibh go mear meidhreach an
an fhaid a bhí an “Bhó,” soin ar siubhal. Chonnac
an rud céadna i mBaile Átha Cliath agus chonnac
é i mórán ball eile. Is iongantach an bhó í
“Bó na Leath-Adhairce” seo ag Seán. Chonnac
sagart críonna uasal agus é ag freagairt casadh
an cheoil sin lé'n a láimh agus a dhá shúil go
solasmhar agus a aghaidh go meidhreach. Thuig
seisean an t-amhrán. Thuig go leor daoine an
Ghaedhilge acht bhí dhá leor eile ann nár thuig
puinn di. Thug Cathal Ó Broin, an file, cúpla
amhrán i mBéarla uaidh ga bhreagh anamamhail.
Theastuigh an Béarla soin ó dhaoine áirighthe leis.
Thug Peadar Ó Ceallaigh, ó Dhún Dealgan
amhráin Gaedhilge uaidh agus rinne sé a ghnó
go maith. Bhí an uain go brothallach agus na
grian go hárd agus go geal nuair a thosnuigh
Eoin Mac Néill ar óráid do thabhairt uaidh.
Gaedhilge do labhair sé ar feadh tamaill agus
ba fuinneamhail an cainnt do rinne sé;
d'iompaigh sé ar an mBéarla annsoin,
agus má iomopaigh ba mhaith agus ba feille-
mhaith a chuir sé an sgéal i gcéill dúinn.



Cainnteóir cliste ciallmhar is eadh é ná
leigeann d'aoin'ne tutim 'na chodladh faidh
a bhíonn sé ag cainnt. Níor chualas 'riamh roimhe
sin ag cainnt é acht ag an Áird-Fheis, acht ní
bhíonn gádh le hóráideacht ag an Áird-Fheis
acht go hanamh, agus ní duine Eoin chun breis
cainnte do dhéanadh gan gádh. Acht bhí sluagh
mór 'n-a thimcheall an lá soin agus chomhairligh sé
iad, agus spreag sé iad; chuir sé ag gáiridhe iad,
agus chuir sé ag smuaineadh go machtnamhail
iad. Shiubhaluigheadh sé ar an árdán le linn
cuid de'n chainnt do chur uaidh; annsoin, stadadh
sé go hoban agus d'árduigheadh sé a lámh dheas
agus chuireadh sé focail bhreaghtha thuigsionacha
as go líomtha agus go slachtmhar i ndiaidh a
chéile a chuireadh gach aoin'ne ag machtnamh,
do chasadh sé a lámh dheas i gcoinnibh a éadain nach
mó, agus leigeadh sé síos go socair arís í,
agus b'fhuiriste aithneamhaint air go raibh a
chroidhe sa ngnó agus go riabh sé dáríribh.



Do moladh go hárd an óráid. Do rinneadh
óráid ghearr i nGaedhilg i ndiaidh óráide Eoin
agus go héistigheadh go haireach leis, cé gur
dócha nár thuig aon ana-chuid é. Muimhneach
do rinne an chainnt.



I bpáircín fearmhar íseal le hais an tséipéil
do bhí an Aeridheacht ar siubhal. Ball deas
ab eadh é, acht bhí sé ró-mhór ar leath-taoibh an
bhealaigh mhóir, agus gan radharc ar an dtráigh
ná ar an bhfarraige ó'n áit. Bhí na céadta daoine
sa tsráid nár tháinig 'nár dtreo, cor ar bith.



Bhí sagairt agus bráithre agus uaisle eile ann,
ámhthach, agus mór-shuim aca ghá cur san ghnó.
Bhí an tráthnóna ag dul i naois go maith sul ar
fhágamar an pháircín sin. Ba leisg le cuid
againn é fhágáilt acht bhí orainn filleadh go Trí
Liaga agus b'éigean dúinn gan leigint do'n
traen imtheacht uainn.



(Ní Críoch).



PEADAR Ó hANNRACHÁIN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services