Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dá Theangaidh
Title
An Dá Theangaidh
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN DÁ THEANGAIDH. [Léigheadh an tráchtas so os comhair Choisde Ceanntair Bhaile Átha Cliath Mí Shamhna, 1908.] Labhartar dhá theangaidh sa tír seo. Tá ceann aca 'chómhair a bheith ag gach duine againn idir óg is sean, íseal is uasal. Tá an teanga so i réim go buacach. Tá ar na páisdíbh is na sgoltachaibh í d'fhoghluim. 'Sí teanga an dlighidh í. 'Sí teanga an chuid is mó do na daoinibh foghlumtha í. Créad í an teanga í sin? Tá, teanga na treibhe do bhuaidh orainn. Dála na teangadh eile ní fhuil sí i bhfeidhm go coitcheannta acht labhartar í i n-áiteachaibh iar- gcúlta i measg na sléibhte, i cois na fairrge agus amuigh ar oileánaibh na mara. Ní fhuil do riachtanas ar na páisdíbh í d'fhoghluim. Ní thugann an dligheadh aon áird uirthi. I n-a chontrálta sin téidheann sé i n-éadan an dlighidh go fóill féin úsáid do dhéanamh dhí i slighthibh áirithe. Go dtí le fír-dhéidheanaighe níorbh' fhios do'n chuid ba mhó do mhuinntir na tíre í bheith beo. Is í teanga na tíre féin í — an teanga a bhaineas le haimsir saoirseachta na nGaedheal. An féidir an dara teanga so do leathnughadh ar fud na tíre ionnus go mbéidh sí i n-uachtar mar theanga náisiúnta ag muinntir na hÉireann? Sin í an cheist atá le fuasgailt ag lucht Chosanta na Gaedhilge san am i láthair. Ní deacracht go dtí a réidhteach. Ní forus teanga úr do theagasg do na daoinibh i gcoitchionn nó teanga atá i riocht bháis d'aithbheodhadh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na céadtaibh do bhliadhantaibh do chaith muinn- tear Shacsan ag déanamh iarraidh ar a dteangaidh do theagasg dhár sinnsearaibh agus í 'chur i bhfeidhm i n-a measg agus a chomh dona is d'éirigh leo san iarraidh sin. Ní fhuil an Béarla againn leath ar dóigh go fóill. Má's féidir an Ghaedhealg d'aithbheodhadh goidé an dóigh is fearr chuige sin? Do bhuailfeadh sé isteach i n-aigneadh duine a mbeadh ciall aige gur cheart teora do chur thart timcheall ar an nGaedhealtacht ar dtús agus an Ghaedhealg do chongbháil da labhairt innti — agus ní hé amháin í do chonghbhail sa riocht a bhfuil sí acht í do leathnughadh agus do chur i bhfeidhm níos coit- cheannta is na siopaíabh agus ar an margadh agus thairis sin uile — i dtighthibh na ndaoine agus ar altóir Dé; an Ghaedhealg do chur ar an gclár i ngach scoil san nGaedhealtacht; ní mar ádhbhar stuidéir amháin acht 'sa chaoi go mbeadh ar an múinteoir gach ádhbhar stuidéir eile do theagasg thríthi. Go dtí go ndéanfar sin ní thig linn a rádh go bhfuil an teanga ag dul chum tosaigh. An rud is mó atá ag teacht i n-ar gcoinne sa nGaedhealtacht is é nach bhfuil an Ghaedhealg ag cuid do na múinteoiríbh. Cuid eile aca tá an Ghaedhealg aca acht ní thuigid cionnus í do mhúnadh i gceart. Cuid eile fós tá siad cliste fá'n teangaidh féin do theagasg acht ní ritheann sé leo go bhfuil sé d'oibliogáid ortha gach ádhbhar stuidéir atá ar an gclár do theagasg as Gaedhilg. Nuair baintear iad so as a bhfuil do mhúinteoiríbh san nGaedhealtacht ní bhéidh againn i n-a n-éagmuis múinteoirí ar sáith chum an teanga do chosaint ar an mbás. 'Sé céad obair atá ar ar gcionn cuidiughadh leis na hoidí sgoile agus leis na bainisteóirí fán gClár Dhá Theanghthach ar siubhal san dóigh chirt i ngach sgoil 'sa nGaedhealtacht. An bhfuil an Ghaedhealg ag dul chum cinn mar ghnáth-theanga san nGaedhealtacht. Tá eolas maith agam ar an nGaedhealtacht i gConnachtaibh agus i n-Ultaibh agus tig liom a rádh i n-a dtaoibh sin go mbaintear níos mó úsáide as an nGaedhilg is na tighthibh agus ar an margadh agus i dteach an phobail san am atá ann do láthair ná mar do rinneadh a sé nó a seacht do bhliadhantaibh ó shoin. Ní fhuil an oiread céadna eolais agam ar Ghaedhealtacht Cúigidh Mumhan acht mothuighim ó mhuinntir na Mumhan féin agus ó chunntaisíbh na dtimthirí agus eile nach bhfuil an teanga ag dul i léig san taoibh ó dheas do'n tír acht an oiread. Nuair déanfar an Ghaedhealg do chongbháil
beo 'sa Ghaedhealtacht agus í do chur chum cinn ní bhéimíd acht ag tosnughadh ar an obair fíre. Ní bhéidh déanta againn acht fotha an tighe do bheith suidhighte. Goidé an chaoi is fearr chum an Ghaedhealg do leathnughadh ar fud na Galldachta i riocht is go mbéidh sí i n-a ghnáth-theangaidh ag furmhór do mhuinntir na hÉireann? Sin í an dara ceist atá le réidhteach againn agus tá ar súil le Dia chum congnamh 'fhaghbháil chuige sin. Ní féidir a rádh nach bhfuilmíd ag tabhairt congnamh Dó do réir mar comhairligheadh orainn san tseanfhocal do cheap ar sinnsir. Acht i n-a dhiaidh sin is fada uainn an lá a mbéidh an Ghaedhealg i n-uachtar sa nGalldacht agus is fuide ná sin fós é muna rachamuid ar aghaidh níos tapaidh ná mar atá muid ag déanamh fa láthair. Tá an Ghaedhealg ar chlár sgoile as gach ceithre sgoltachaibh náisiúnta sa tír seo. Ní hionnan sin agus a rádh go bhfuil an Ghaedhealg dá teagasg do gach páisde ar na sgoltachaibh seo. Ní fhuil a leath aca féin fá theagasg sa nGaedhilg. Acht i n-a dhiaidh sin ní holc é mar chomhartha agus is maith é mar thoiseach. Nuair amharcas duine níos cruinne ar an obair mothuigheann sé nach bhfuil an Ghaedhealg daing- nighthe i gcuid do na sgoltachaibh seo san dóigh badh cheart a bheith. Ní fhuil aon Ghaedhealg ag an oide sgoile féin i n-áiteachaibh agus caiththear múinteoir taistil, duine nach bhfuil baint aige leis an sgoil, do thabhairt isteach chum an teanga do theagasg. Déanann na múinteoirí taistil a ndicheall agus is iongantach an obair dhéanas cuid aca is na sgoltachaibh acht i n-a dhiaidh sin ní thiocfadh leis an duine is mó foghluim sa tír Gaedhilgeoirí do dhéanamh do dhaoinibh agus gan do chleachtadh ar an teangaidh do labhairt acht ar feadh uaire nó dhá uair an chluig sa tseachtmhain. Agus muna ndéanfar cainnteoirí do na daoinibh i gcoitchinne an fiú bheith ag pléidhe leis an obair ar chor ar bith? Ní abraim nach dtigeann maitheas do'n tir i mórán slighthe as baint dá laighead do bheith ag duine leis an obair seo na Gaedhilge. Tig as dóchas as aithbheodhadh an náisiúin do chur i gcroidhthíbh muinntire na hÉireann acht i n-a dhiaidh sin nach lag an mhaise dhúinn gan an tairbhe is mó do bhaint as an obair. Ba cheart a fhios a bheith againn roimhe seo nach féidir an toradh is fearr do theacht ar an teanga do theasgasg is na sgoltachaibh go dtí go gcuirfear an Ghaedhealg fá chúram na múin- teoiríbh náisiúnta féin. Muna mbíonn Gaedhealg ag an oide sgoile bhíos i bhfochair na bpáisdí i gcomhnaidhe is beag is fiú é an Ghaedhealg fhoghluimeochas siad le linn cúpla uair an chluig sa tseachtmhain ó'n múinteoir taistil. Ba riachtanach go dtí seo an múinteóir taistil do thabhairt isteach i mór-chuid do na sgoltachaibh acht ní féidir go mairfidh an réidhteach so i bhfad. Caithfimíd ar n-ionntaoibh bheith as na hoidibh sgoile feasta agus caithfear a chur d'fhiachaibh ortha an Ghaedhealg d'fhoghluim agus do theagasg. 'S iad so na daoine bhéas i gcuideachtain na bpáisdí agus i mbun na hoibre ar feadh ceithre uaire gach lá agus ní fhuil sé acht do réir an nádúir ar muinighin a bheith asta fá dtaobh d'aithbheodhadh na teangadh. B'in é an smuaineadh fá ndear an sgrúdadh chuir muinntear Chonnartha na Gaedhilge ar bun fá choinne sgoláireacht. Ba mhian leo go gcuirfeadh tuilleadh Gaedhil- geoirí óga rómpa bheith i n-a múinteoiríbh i mbun- sgoltachaibh na tire. Acht cad mar gheall ar na múinteoiríbh taistil? Goidé deanfar leo-san? Ba mhinic dam ag smuaineadh ar an gceist sin cheana fhéin? Ní fhuil sa tír seo, creidim — dream daoine is fearr ná na múinteoirí taisdil seo againne. An amhlaidh bhéas ortha nuair chuirfear deireadh le n-a gcuid oibre is na sgoltachaibh sguabadh leo as an tír ar fad chum a shligheadh bheathadh do bhaint amach? An amhlaidh go bhfágfar ar deireadh iad i ndiaidh an obair do chur 'ghá dhéanamh thríd an tír? Sin againn ceist gur cóir dúinn smuaineadh go beacht uirthi agus é sin gan mhoill. Ba mhór an chailleamhaint do'n tír na múin- teoirí taistil seo imtheacht uainn. Ní caillea- mhaint go dtí é. 'S iad do réir mo bharamhla-sa — agus tá eolas maith agam ortha agus ar a dtréithibh agus ar a gcailidheacht i gcoitchinne — 's iad, deirim, bláth aos' óig na tíre. Seachas an teanga do bheith aca tá grádh aca do'n athardha, 'siad na daoine is mó a bhfuil ionntaoibh aca as an náisiún. Aon duine atá amhlaidh tigh leis spioraid do chur is na céadtaibh. An dtiocfaidh linn déanamh gan iad san tsaoghal úr so atá i ndán do mhuinntir na hÉireann? Ní thiocfaidh. Tá obair go leor le déanamh ag na múin- teoiríbh taistil fá láthair. Tá ortha na buidne do stiúradh i gcraobhachaibh do Chonnradh na Gaedhilge agus eile. Seachas sin béidh obair na sgoltacha le déanamh ag cuid aca go cionn tamaill, acht ar ball beag ní mar sin bhéas an sgéal. I gCraobhachaibh do Chonnradh na Gaedhilge agus i ngach cearna do'n tír béafar ag braith ar mhúinteoiríbh áiteamhla do chur i mbun na hoibre chum an costas do laghdughadh agus dar ndóigh dá mbíodh Gaedhilgeoir do bheadh i n-innmhe an teanga do theasgasg mar ba cheart i gcomharsanacht gach Craoibhe 's é an duine ab' oireamhnaighe fá n-a choinne sin é. Gach duine do na múinteoiríbh taistil iarras comhairle orm-sa deirim leis nó léithi gur ceart dóibh iad féin d'ullmhughadh i gcoinne an ama a mbéidh an Ghaedhealg ag na hoidibh sgoile. Deirim leo nár mhisde dhóibh chur isteach ar bheith i n-a múinteoiríbh seasmhacha is na bun-sgoltachaibh, nó oideachas 'fhagbháil i bhfeir- meoireacht nó i gcócaireacht nó fá dtaobh de rud éigin eile bhaineas le teagasg na tíre. Bheirim mar chomhairle fós do chuid aca iarraidh do dhéanamh fa chúrsaidhe stuidéir leanamhaint i gceann do na hOllsgoltachaibh nua. 'Siad san go díreach an cineál daoine go mba chóir a mbréagadh isteach san Ollsgoil agus caoi do thabhairt dóibh chum an t-oideachas is fearr 'fhaghbháil de bhrígh go bhfuil siad d'éis a' chruthughadh do'n tsaoghal go bhfuil ádhbhar ceart mac-léighinn ionnta. D'oibrigh a urmhór aca ar an nGaedhilg agus ar mhódh múinteachais na Gaedhilge ó ghrádh do'n fhoghluim agus é sin go minic i n-éadan an tsaoghail. Ba chóir do lucht na Gaedhilge, agus ar ndóigh, do lucht an oideachais, féachaint faoi go bhfuigheadh siadsan agus ag a leithéidí faill saor-oideachas d'fhághbháil má's mian leo é. 'Sé rud is mó atá do dhíth orainn fá láthair daoine óga stuamdha a bhfuil tabhairt suas agus oideachas maith aca — daoine a bhfuil meas aca ortha féin agus ar a gcomharsain; daoine nach bhfuil a súil siar nó soir acht ar a muinntir agus ar a dtír féin; daoine ag a bhfuil lán muinighin' as Dia agus as Éirinn. Níor hoibrigheadh intinn na nGaedheal go dtí le goirid. Ba cheart í bheith láidir anois ar nós talaimh nár treabhadh leis na ciantaibh. Tá fhios ag na daoine tógadh fá'n tuaith gur baoghalach an talamh d'oibrigheadh gan leasughadh do chur air go minic agus gur fearr i bhfad é an talamh fágthar leis na bliadhantaibh gan tionntódh — agus gur tairbhighe é fa choinne síl ná an talamh treabhthar go minic. Tá intinn na hÉireann mar talamh bán fá láthair. Ba cheart fóghmhar mhaith do bhaint aisti ar ball. Ná déanamuis dearmad do'n mhúinteoir taistil nuair thiocfas am an treabhtha. Munab é eisean ba bheag an tairbhe do bheadh do bharr oibre Chonnartha na Gaedhilge indiu. Acht cad mar gheall ar oidíbh na sgol náisiúnta? Dá mbeadh múinteoir i ngach sgoil sa tír do bheadh i n-innmhe Gaedhilgeoirí do dhéanamh de na páisdíbh bheadh gach ní mar ba cheart do a bheith. Ní mar sin atá agus is fada go mbeidh gurab amhlaidh bhéas. Tá ainm ag sgoil as gach ceithre sgoltachaibh sa tír nó geall leis bheith ag dul do'n Ghaedhilg. Sin é le rádh go bhfuilthear 'ghá teagasg i dtuairim ar 2,000 ceann aca. Ní fhuil ag cuid do na hoidibh sgoile a bhfuil an Ghaedhealg ar an gClár aca acht leith-sgéal. Tá tuilleadh aca tá a gcroidhe san obair cinnte go leor acht ní fhuil an módh muinteachais ar eolas aca. Nuair bhainfear as an méid atá fágtha aca dream a bhfuil an-fhallsacht ag baint leo is beag duine bhéas againn i n-a dhiaidh sin chum an teanga a chur chum tosaigh is na sgoltachaibh. Caithfimíd admháil ar dtús gur fusa i bhfad do'n mhúinteoir san nGalldacht leigint do na páisdíbh agus gan tabhairt fa chainnteoiríbh do dhéanamh díobhtha, b'fhusa cuir i gcás an Ghaedhealg do theagasg dóibh mar theasgasgthar an Fraingís san tír seo. Má tá sé i n-intinn an mhúinteóra an obair do chur chum críche ní mór rún daingean do bheith aige fá gan staonadh ó'n saothar. Nuair amharcthas ar an taoibh seo do'n cheist caithfear admháil gur iongantach an rud é an Ghaedhealg do bheith ag dul ar aghaidh is na sgoltachaibh ar chor ar bith. 'S í an obair atá romhainn feasta .i. a chur ar an hoidíbh sgoile atá fá Bhord an Bhun- oideachais, ní headh amháin an Ghaedhealg d'fhoghluim acht an módh múinteachais agus i n-a dhiaidh sin caithfear an Clár Dhá-Theangthach do thabhairt isteach beagán ar bheagán san nGalldacht go dtí go raibh an Clár so leathn- uighthe ar fud na tíre. Caithfear i n-a theanntaibh soin na Gaedhil- geoiríbh d'ullmhughadh chum bheith i n-a n-oidíbh sgoile agus thairis sin uile caithfear na haithreacha agus na máithreacha do thionntódh ar thaoibh na Gaedhilge. Caithfear muinntear na tíre go huile idir cléir is tuathach do bhréagadh isteach san obair seo na Gaedhilge. Maidir leis na sgoltacha meadhonacha chítear damh nár cheart cur suas do'n obair gan iarraidh do dhéanamh ar iad san do leastughadh. Deirtear go bhfuil an Ghaedhealg ag dul ar aghaidh níos fearr ar dhóigh fá Bhord an Mheadhon-Oideachais ná mar atá fá Bhord an Bhun-Oideachais de bhrígh go bhfuil an chuid is mó do na macaibh léighinn théidheas fá sgrúdadh ionnta ag déanamh stuidéir ar an nGaedhealg fá láthair. Acht i n-a dhiaidh sin ní féidir dúinn a rádh go bhfuil stáid na teangadh ar dóigh is na sgoltachaibh seo. Ní minic déantar cainnteoir Gaedhilge is na sgoltachaibh meadhonacha so. Ar an ádhbhar sin caithfear a rádh go bhfuil an teanga ag dul chum cinn i bhfad níos fearr is na sgoltachaibh atá fá Bhord an Bhun-Oideachais ná ionnta-san. Ó thárla go bhfuiltear chum cigirí do chur ag obair feasta fá Bhord an Mheadhon-Oideachais badh cheart do lucht na Gaedhilge iarraidh do dhéanamh ar a háit ceart do bhaint amach do'n teangaidh is na sgoltachaibh seo; badh cheart féachaint fá go gcuirfear béal sgrúdadh san nGaedhilg ar na páisdíbh go coitchionna. Ní féidir an Clár Dhá Theangthach do chur ar siubhal i sgoil fá'n mBord so an Mheadhon-
Oideachais do réir mar atá na riaghlacha fá láthair. Dá ndéanfadh duine an Ghaedhealg do chur i n-uachtar taoibh le taoibh leis an mBéarla ar chlár na sgoile aige ní rachadh aon chreidea- mhaint fa leith (ná aon airgead is dócha) dó dhá chionn. Go dtí gur féidir sgoil dhá theanghthach do chur ag obair fán mBord ní bhéidh ráth ná rathamhnas ar an obair. Tá na sgoltacha meadhonacha nach bhfuil fá'n mBord i bhfad níos measa i dtaoibh na Gaedhilge. Ghnítear cainnteoirí Gaedhilge anois agus arís is na sgoltachaibh atá fá'n mBord acht ní fios dam-sa go ndearnadh cainnteoir maith riamh ionnta siúd. Tá deireadh ráidhte agam fa na sgoltachaibh. Tá an Ghaedhealg ag dul ar aghaidh ionnta — go mall i n-áiteachaibh agus go measardha tapaidh i n-áiteachaibh eile. Tá 'fhios againn gur bh'fhéidir do'n sgéal bheith níos fearr acht tá 'fhios againn fós go dtiocfadh leis bheith níos measa. Cibé rud é tá sé i gcumas dúinn a rádh go bhfuil tairbhe do'n teangaidh ag teacht as an obair is na sgoltachaibh. Munab é an obair seo ba bheag an mhaith é saothar Chonnartha na Gaedhilge. Do réir a chéile támuid ag déanamh foghlumtha ar an chaoi is fearr chum an teanga do chosaint. Ó'n taithighe thig an chiall agus tá daoine óga úra ag bualadh isteach gach lá i mbearnain an baoghail. Is mairg gan an sgéal céadna do bheith le hinnsint againn fa dtaobh de'n Ollsgoil. Ní fhuil an Ghaedhealg ar Chlár an chéad- sgrúdaidh i gColáisde na Tríonóide, sin é le rádh nach féidir do mhac-léighinn an Ghaedhealg do ghabháil mar ádhbhar sgrúdaidh ag dul isteach is an Ollsgoil dó. Maidir leis an Ollsgoil ríoghamhail is minic chualamar le tamall nach ndeachaidh thar duine as an fichid nó geall leis fó sgrúdadh sa nGaedhealg ag dul isteach i san Ollsgoil sin dóibh. An amhlaidh is mó réim sa tír bhoicht seo na daoine as lugha ciall fá na neithibh bhaineas le maitheas agus le feabhsughadh na tíre? Shílfeá gurab iad! Acht i n-a dhiaidh sin tá athrughadh mór ag teacht ar intinn agus ar smuaintibh lucht an Oideachais cheana féin. Is fada iad muinntear na tíre seo ag braith ar oideachas na tíre do bheith fá n-a réir féin. Seo fútha féin anois oideachas na n-Ollsgoil nua. Chífear ar ball beag an gcuirfidh siad an teanga náisiúnta san áit badh dhual dí bheith. Creid uaim-se, a cháirde, go bhfuil troid fhada* rómhaibh sar a gcuirfear an Ghaedhealg ar an gClár mar ádhbhar riachtanach fá choinne gach sgoláire ar dhul isteach is an Ollsgoil dó. Tá daoine ann — daoine macánta a n-urmhór agus deir siad gur le haghaidh daoine saidhbhir cuireadh na hOllsgoltacha ar bun agus gur chuma do'n teangaidh í bheith ar an gClár nó gan a bheith. Ná tabhraidh áird ar na daoinibh seo. Ní dhéanann siad smuainigheadh géar ar an gceist ar chor ar bith. B'ionnann do chúis na Gaedhilge é bheith ar an gClár san Ollsgoil is dá mbeadh sí ar siubhal i ngach sgoil sa tír; na sgoltacha náisiúnta; na sgoltacha meadhonacha, na coláisdí bhaineas leis na fairchíbh; i gColáisde Mhuighe Nuadhad agus eile; bheadh an Ghaedhealg ag gach sagart óg agus ag gach dlightheoir agus ag gach dochtúir sa tír acht amháin í bheith ag an aos léighinn ag dul isteach san Ollsgoil dóibh. Do bheadh an Ghaedhealg ag gach múinteoir agus ag gach duine a bhfuil baint aige le hoifigí dá mb'fhéidir í chur isteach san ollsgoil. Bheadh an Ghaedhealg ag gach cléireach is na hoifigíbh puiblidhe agus is na banncanaibh agus ba ghoirid i n-a dhiaidh sin go mbeadh sí ag lucht na siopaí ar fad acht í do chur go daingean ar an gClár is na hollsgoltachaibh nua so. Do thiocfadh as an nGaedhilg do chur ar Chlár na hOllsgoile í d'aithbheodhadh mar theangaidh choitchinn. Níor bhaoghal do'n teangaidh dá mbeadh sí ag na daoinibh is mó eolas sa tír. Dá n-oibreochaidhe go healadhanta í ní dócha go rachadh sí arís i gcontabhairt bháis. Nach fiú dúinn an iarraidh is láidre dá bhfuil ar ar gcumas do dhéanamh feasta chuige seo. Tá bás nó beatha na teangadh ag seasamh air. ÚNA NÍ FHAIRCHEALLAIGH. *Sgríobhadh an tráchtas so i mí Shamhna, 1908.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services