Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dá Theangaidh

Title
An Dá Theangaidh
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN DÁ THEANGAIDH.



[Léigheadh an tráchtas so os comhair Choisde
Ceanntair Bhaile Átha Cliath Mí Shamhna, 1908.]



Labhartar dhá theangaidh sa tír seo. Tá ceann
aca 'chómhair a bheith ag gach duine againn idir
óg is sean, íseal is uasal. Tá an teanga so
i réim go buacach. Tá ar na páisdíbh is na
sgoltachaibh í d'fhoghluim. 'Sí teanga an dlighidh
í. 'Sí teanga an chuid is mó do na daoinibh
foghlumtha í. Créad í an teanga í sin? Tá,
teanga na treibhe do bhuaidh orainn.



Dála na teangadh eile ní fhuil sí i bhfeidhm go
coitcheannta acht labhartar í i n-áiteachaibh iar-
gcúlta i measg na sléibhte, i cois na fairrge
agus amuigh ar oileánaibh na mara. Ní fhuil
do riachtanas ar na páisdíbh í d'fhoghluim. Ní
thugann an dligheadh aon áird uirthi. I n-a
chontrálta sin téidheann sé i n-éadan an dlighidh
go fóill féin úsáid do dhéanamh dhí i slighthibh
áirithe.



Go dtí le fír-dhéidheanaighe níorbh' fhios do'n
chuid ba mhó do mhuinntir na tíre í bheith beo.
Is í teanga na tíre féin í — an teanga a bhaineas
le haimsir saoirseachta na nGaedheal.



An féidir an dara teanga so do leathnughadh
ar fud na tíre ionnus go mbéidh sí i n-uachtar
mar theanga náisiúnta ag muinntir na hÉireann?
Sin í an cheist atá le fuasgailt ag lucht Chosanta
na Gaedhilge san am i láthair. Ní deacracht go
dtí a réidhteach.



Ní forus teanga úr do theagasg do na
daoinibh i gcoitchionn nó teanga atá i riocht
bháis d'aithbheodhadh. Bíodh a fhiadhnaise sin
ar na céadtaibh do bhliadhantaibh do chaith muinn-
tear Shacsan ag déanamh iarraidh ar a dteangaidh
do theagasg dhár sinnsearaibh agus í 'chur i
bhfeidhm i n-a measg agus a chomh dona is d'éirigh
leo san iarraidh sin. Ní fhuil an Béarla againn
leath ar dóigh go fóill.



Má's féidir an Ghaedhealg d'aithbheodhadh goidé
an dóigh is fearr chuige sin? Do bhuailfeadh sé
isteach i n-aigneadh duine a mbeadh ciall aige
gur cheart teora do chur thart timcheall ar an
nGaedhealtacht ar dtús agus an Ghaedhealg do
chongbháil da labhairt innti — agus ní hé amháin
í do chonghbhail sa riocht a bhfuil sí acht í do
leathnughadh agus do chur i bhfeidhm níos coit-
cheannta is na siopaíabh agus ar an margadh agus
thairis sin uile — i dtighthibh na ndaoine agus
ar altóir Dé; an Ghaedhealg do chur ar an gclár
i ngach scoil san nGaedhealtacht; ní mar ádhbhar
stuidéir amháin acht 'sa chaoi go mbeadh ar an
múinteoir gach ádhbhar stuidéir eile do theagasg
thríthi. Go dtí go ndéanfar sin ní thig linn
a rádh go bhfuil an teanga ag dul chum tosaigh.
An rud is mó atá ag teacht i n-ar gcoinne
sa nGaedhealtacht is é nach bhfuil an Ghaedhealg
ag cuid do na múinteoiríbh. Cuid eile aca
tá an Ghaedhealg aca acht ní thuigid cionnus í
do mhúnadh i gceart. Cuid eile fós tá siad
cliste fá'n teangaidh féin do theagasg acht ní
ritheann sé leo go bhfuil sé d'oibliogáid ortha
gach ádhbhar stuidéir atá ar an gclár do theagasg
as Gaedhilg. Nuair baintear iad so as a bhfuil
do mhúinteoiríbh san nGaedhealtacht ní bhéidh
againn i n-a n-éagmuis múinteoirí ar sáith
chum an teanga do chosaint ar an mbás.



'Sé céad obair atá ar ar gcionn cuidiughadh
leis na hoidí sgoile agus leis na bainisteóirí
fán gClár Dhá Theanghthach ar siubhal san
dóigh chirt i ngach sgoil 'sa nGaedhealtacht.



An bhfuil an Ghaedhealg ag dul chum cinn
mar ghnáth-theanga san nGaedhealtacht. Tá
eolas maith agam ar an nGaedhealtacht i
gConnachtaibh agus i n-Ultaibh agus tig liom
a rádh i n-a dtaoibh sin go mbaintear níos mó
úsáide as an nGaedhilg is na tighthibh agus ar an
margadh agus i dteach an phobail san am atá ann
do láthair ná mar do rinneadh a sé nó a seacht
do bhliadhantaibh ó shoin. Ní fhuil an oiread
céadna eolais agam ar Ghaedhealtacht Cúigidh
Mumhan acht mothuighim ó mhuinntir na Mumhan
féin agus ó chunntaisíbh na dtimthirí agus
eile nach bhfuil an teanga ag dul i léig san
taoibh ó dheas do'n tír acht an oiread.



Nuair déanfar an Ghaedhealg do chongbháil


L. 4


beo 'sa Ghaedhealtacht agus í do chur chum cinn
ní bhéimíd acht ag tosnughadh ar an obair fíre.
Ní bhéidh déanta againn acht fotha an tighe do
bheith suidhighte.



Goidé an chaoi is fearr chum an Ghaedhealg
do leathnughadh ar fud na Galldachta i riocht is
go mbéidh sí i n-a ghnáth-theangaidh ag furmhór
do mhuinntir na hÉireann? Sin í an dara ceist
atá le réidhteach againn agus tá ar súil le
Dia chum congnamh 'fhaghbháil chuige sin. Ní
féidir a rádh nach bhfuilmíd ag tabhairt congnamh
Dó do réir mar comhairligheadh orainn san
tseanfhocal do cheap ar sinnsir.



Acht i n-a dhiaidh sin is fada uainn an
lá a mbéidh an Ghaedhealg i n-uachtar sa
nGalldacht agus is fuide ná sin fós é muna
rachamuid ar aghaidh níos tapaidh ná mar atá
muid ag déanamh fa láthair.



Tá an Ghaedhealg ar chlár sgoile as gach
ceithre sgoltachaibh náisiúnta sa tír seo. Ní
hionnan sin agus a rádh go bhfuil an Ghaedhealg
dá teagasg do gach páisde ar na sgoltachaibh
seo. Ní fhuil a leath aca féin fá theagasg sa
nGaedhilg. Acht i n-a dhiaidh sin ní holc é mar
chomhartha agus is maith é mar thoiseach. Nuair
amharcas duine níos cruinne ar an obair
mothuigheann sé nach bhfuil an Ghaedhealg daing-
nighthe i gcuid do na sgoltachaibh seo san dóigh
badh cheart a bheith. Ní fhuil aon Ghaedhealg ag
an oide sgoile féin i n-áiteachaibh agus caiththear
múinteoir taistil, duine nach bhfuil baint aige
leis an sgoil, do thabhairt isteach chum an teanga
do theagasg.



Déanann na múinteoirí taistil a ndicheall
agus is iongantach an obair dhéanas cuid aca
is na sgoltachaibh acht i n-a dhiaidh sin ní thiocfadh
leis an duine is mó foghluim sa tír Gaedhilgeoirí
do dhéanamh do dhaoinibh agus gan do chleachtadh
ar an teangaidh do labhairt acht ar feadh
uaire nó dhá uair an chluig sa tseachtmhain. Agus
muna ndéanfar cainnteoirí do na daoinibh i
gcoitchinne an fiú bheith ag pléidhe leis an obair
ar chor ar bith? Ní abraim nach dtigeann
maitheas do'n tir i mórán slighthe as baint dá
laighead do bheith ag duine leis an obair seo na
Gaedhilge. Tig as dóchas as aithbheodhadh an
náisiúin do chur i gcroidhthíbh muinntire na
hÉireann acht i n-a dhiaidh sin nach lag an mhaise
dhúinn gan an tairbhe is mó do bhaint as an
obair.



Ba cheart a fhios a bheith againn roimhe seo
nach féidir an toradh is fearr do theacht ar an
teanga do theasgasg is na sgoltachaibh go dtí
go gcuirfear an Ghaedhealg fá chúram na múin-
teoiríbh náisiúnta féin. Muna mbíonn
Gaedhealg ag an oide sgoile bhíos i bhfochair na
bpáisdí i gcomhnaidhe is beag is fiú é an
Ghaedhealg fhoghluimeochas siad le linn cúpla
uair an chluig sa tseachtmhain ó'n múinteoir
taistil.



Ba riachtanach go dtí seo an múinteóir taistil
do thabhairt isteach i mór-chuid do na sgoltachaibh
acht ní féidir go mairfidh an réidhteach so i bhfad.
Caithfimíd ar n-ionntaoibh bheith as na hoidibh
sgoile feasta agus caithfear a chur d'fhiachaibh
ortha an Ghaedhealg d'fhoghluim agus do theagasg.
'S iad so na daoine bhéas i gcuideachtain na
bpáisdí agus i mbun na hoibre ar feadh ceithre
uaire gach lá agus ní fhuil sé acht do réir an
nádúir ar muinighin a bheith asta fá dtaobh
d'aithbheodhadh na teangadh. B'in é an smuaineadh
fá ndear an sgrúdadh chuir muinntear Chonnartha
na Gaedhilge ar bun fá choinne sgoláireacht.
Ba mhian leo go gcuirfeadh tuilleadh Gaedhil-
geoirí óga rómpa bheith i n-a múinteoiríbh i mbun-
sgoltachaibh na tire.



Acht cad mar gheall ar na múinteoiríbh taistil?
Goidé deanfar leo-san? Ba mhinic dam ag
smuaineadh ar an gceist sin cheana fhéin?
Ní fhuil sa tír seo, creidim — dream daoine
is fearr ná na múinteoirí taisdil seo againne.
An amhlaidh bhéas ortha nuair chuirfear deireadh
le n-a gcuid oibre is na sgoltachaibh sguabadh
leo as an tír ar fad chum a shligheadh bheathadh
do bhaint amach? An amhlaidh go bhfágfar ar
deireadh iad i ndiaidh an obair do chur 'ghá
dhéanamh thríd an tír? Sin againn ceist gur
cóir dúinn smuaineadh go beacht uirthi agus é
sin gan mhoill.



Ba mhór an chailleamhaint do'n tír na múin-
teoirí taistil seo imtheacht uainn. Ní caillea-
mhaint go dtí é. 'S iad do réir mo bharamhla-sa —
agus tá eolas maith agam ortha agus ar a
dtréithibh agus ar a gcailidheacht i gcoitchinne —
's iad, deirim, bláth aos' óig na tíre. Seachas
an teanga do bheith aca tá grádh aca do'n athardha,
'siad na daoine is mó a bhfuil ionntaoibh aca
as an náisiún. Aon duine atá amhlaidh tigh
leis spioraid do chur is na céadtaibh. An
dtiocfaidh linn déanamh gan iad san tsaoghal
úr so atá i ndán do mhuinntir na hÉireann?
Ní thiocfaidh.



Tá obair go leor le déanamh ag na múin-
teoiríbh taistil fá láthair. Tá ortha na buidne
do stiúradh i gcraobhachaibh do Chonnradh na
Gaedhilge agus eile. Seachas sin béidh obair
na sgoltacha le déanamh ag cuid aca go cionn
tamaill, acht ar ball beag ní mar sin bhéas
an sgéal. I gCraobhachaibh do Chonnradh na
Gaedhilge agus i ngach cearna do'n tír béafar ag
braith ar mhúinteoiríbh áiteamhla do chur i mbun
na hoibre chum an costas do laghdughadh agus
dar ndóigh dá mbíodh Gaedhilgeoir do bheadh i
n-innmhe an teanga do theasgasg mar ba cheart
i gcomharsanacht gach Craoibhe 's é an duine ab'
oireamhnaighe fá n-a choinne sin é.



Gach duine do na múinteoiríbh taistil iarras
comhairle orm-sa deirim leis nó léithi gur
ceart dóibh iad féin d'ullmhughadh i gcoinne
an ama a mbéidh an Ghaedhealg ag na hoidibh
sgoile. Deirim leo nár mhisde dhóibh chur
isteach ar bheith i n-a múinteoiríbh seasmhacha is
na bun-sgoltachaibh, nó oideachas 'fhagbháil i bhfeir-
meoireacht nó i gcócaireacht nó fá dtaobh
de rud éigin eile bhaineas le teagasg na tíre.
Bheirim mar chomhairle fós do chuid aca iarraidh
do dhéanamh fa chúrsaidhe stuidéir leanamhaint
i gceann do na hOllsgoltachaibh nua. 'Siad
san go díreach an cineál daoine go mba chóir a
mbréagadh isteach san Ollsgoil agus caoi
do thabhairt dóibh chum an t-oideachas is fearr
'fhaghbháil de bhrígh go bhfuil siad d'éis a' chruthughadh
do'n tsaoghal go bhfuil ádhbhar ceart mac-léighinn
ionnta.



D'oibrigh a urmhór aca ar an nGaedhilg agus ar
mhódh múinteachais na Gaedhilge ó ghrádh do'n
fhoghluim agus é sin go minic i n-éadan an
tsaoghail. Ba chóir do lucht na Gaedhilge, agus
ar ndóigh, do lucht an oideachais, féachaint faoi
go bhfuigheadh siadsan agus ag a leithéidí faill
saor-oideachas d'fhághbháil má's mian leo é.



'Sé rud is mó atá do dhíth orainn fá láthair
daoine óga stuamdha a bhfuil tabhairt suas agus
oideachas maith aca — daoine a bhfuil meas aca
ortha féin agus ar a gcomharsain; daoine nach
bhfuil a súil siar nó soir acht ar a muinntir
agus ar a dtír féin; daoine ag a bhfuil lán
muinighin' as Dia agus as Éirinn.



Níor hoibrigheadh intinn na nGaedheal go
dtí le goirid. Ba cheart í bheith láidir anois
ar nós talaimh nár treabhadh leis na ciantaibh.
Tá fhios ag na daoine tógadh fá'n tuaith gur
baoghalach an talamh d'oibrigheadh gan leasughadh
do chur air go minic agus gur fearr i bhfad
é an talamh fágthar leis na bliadhantaibh gan
tionntódh — agus gur tairbhighe é fa choinne síl
ná an talamh treabhthar go minic. Tá intinn
na hÉireann mar talamh bán fá láthair.
Ba cheart fóghmhar mhaith do bhaint aisti ar ball.
Ná déanamuis dearmad do'n mhúinteoir taistil
nuair thiocfas am an treabhtha. Munab é eisean
ba bheag an tairbhe do bheadh do bharr oibre
Chonnartha na Gaedhilge indiu.



Acht cad mar gheall ar oidíbh na sgol náisiúnta?
Dá mbeadh múinteoir i ngach sgoil sa tír do
bheadh i n-innmhe Gaedhilgeoirí do dhéanamh de na
páisdíbh bheadh gach ní mar ba cheart do a bheith.



Ní mar sin atá agus is fada go mbeidh gurab
amhlaidh bhéas. Tá ainm ag sgoil as gach ceithre
sgoltachaibh sa tír nó geall leis bheith ag dul
do'n Ghaedhilg. Sin é le rádh go bhfuilthear 'ghá
teagasg i dtuairim ar 2,000 ceann aca.



Ní fhuil ag cuid do na hoidibh sgoile a bhfuil
an Ghaedhealg ar an gClár aca acht leith-sgéal.
Tá tuilleadh aca tá a gcroidhe san obair cinnte
go leor acht ní fhuil an módh muinteachais ar
eolas aca. Nuair bhainfear as an méid atá
fágtha aca dream a bhfuil an-fhallsacht ag
baint leo is beag duine bhéas againn i n-a dhiaidh
sin chum an teanga a chur chum tosaigh is na
sgoltachaibh.



Caithfimíd admháil ar dtús gur fusa i bhfad
do'n mhúinteoir san nGalldacht leigint do na
páisdíbh agus gan tabhairt fa chainnteoiríbh do
dhéanamh díobhtha, b'fhusa cuir i gcás an Ghaedhealg
do theagasg dóibh mar theasgasgthar an Fraingís
san tír seo. Má tá sé i n-intinn an
mhúinteóra an obair do chur chum críche ní mór
rún daingean do bheith aige fá gan staonadh ó'n
saothar.



Nuair amharcthas ar an taoibh seo do'n cheist
caithfear admháil gur iongantach an rud é an
Ghaedhealg do bheith ag dul ar aghaidh is na
sgoltachaibh ar chor ar bith.



'S í an obair atá romhainn feasta .i. a chur
ar an hoidíbh sgoile atá fá Bhord an Bhun-
oideachais, ní headh amháin an Ghaedhealg
d'fhoghluim acht an módh múinteachais agus i n-a
dhiaidh sin caithfear an Clár Dhá-Theangthach
do thabhairt isteach beagán ar bheagán san
nGalldacht go dtí go raibh an Clár so leathn-
uighthe ar fud na tíre.



Caithfear i n-a theanntaibh soin na Gaedhil-
geoiríbh d'ullmhughadh chum bheith i n-a n-oidíbh sgoile
agus thairis sin uile caithfear na haithreacha agus
na máithreacha do thionntódh ar thaoibh na
Gaedhilge. Caithfear muinntear na tíre go
huile idir cléir is tuathach do bhréagadh isteach
san obair seo na Gaedhilge.



Maidir leis na sgoltacha meadhonacha chítear
damh nár cheart cur suas do'n obair gan iarraidh
do dhéanamh ar iad san do leastughadh. Deirtear
go bhfuil an Ghaedhealg ag dul ar aghaidh níos
fearr ar dhóigh fá Bhord an Mheadhon-Oideachais
ná mar atá fá Bhord an Bhun-Oideachais de
bhrígh go bhfuil an chuid is mó do na macaibh
léighinn théidheas fá sgrúdadh ionnta ag déanamh
stuidéir ar an nGaedhealg fá láthair. Acht i n-a
dhiaidh sin ní féidir dúinn a rádh go bhfuil stáid
na teangadh ar dóigh is na sgoltachaibh seo. Ní
minic déantar cainnteoir Gaedhilge is na
sgoltachaibh meadhonacha so. Ar an ádhbhar sin
caithfear a rádh go bhfuil an teanga ag dul
chum cinn i bhfad níos fearr is na sgoltachaibh
atá fá Bhord an Bhun-Oideachais ná ionnta-san.
Ó thárla go bhfuiltear chum cigirí do chur ag obair
feasta fá Bhord an Mheadhon-Oideachais badh
cheart do lucht na Gaedhilge iarraidh do dhéanamh
ar a háit ceart do bhaint amach do'n teangaidh
is na sgoltachaibh seo; badh cheart féachaint
fá go gcuirfear béal sgrúdadh san nGaedhilg
ar na páisdíbh go coitchionna.



Ní féidir an Clár Dhá Theangthach do chur
ar siubhal i sgoil fá'n mBord so an Mheadhon-


L. 5


Oideachais do réir mar atá na riaghlacha fá
láthair. Dá ndéanfadh duine an Ghaedhealg do
chur i n-uachtar taoibh le taoibh leis an mBéarla
ar chlár na sgoile aige ní rachadh aon chreidea-
mhaint fa leith (ná aon airgead is dócha) dó
dhá chionn. Go dtí gur féidir sgoil dhá theanghthach
do chur ag obair fán mBord ní bhéidh ráth ná
rathamhnas ar an obair.



Tá na sgoltacha meadhonacha nach bhfuil fá'n
mBord i bhfad níos measa i dtaoibh na Gaedhilge.
Ghnítear cainnteoirí Gaedhilge anois agus arís
is na sgoltachaibh atá fá'n mBord acht ní fios
dam-sa go ndearnadh cainnteoir maith riamh
ionnta siúd.



Tá deireadh ráidhte agam fa na sgoltachaibh.
Tá an Ghaedhealg ag dul ar aghaidh ionnta —
go mall i n-áiteachaibh agus go measardha
tapaidh i n-áiteachaibh eile. Tá 'fhios againn gur
bh'fhéidir do'n sgéal bheith níos fearr acht tá
'fhios againn fós go dtiocfadh leis bheith níos
measa. Cibé rud é tá sé i gcumas dúinn
a rádh go bhfuil tairbhe do'n teangaidh ag teacht
as an obair is na sgoltachaibh. Munab é an
obair seo ba bheag an mhaith é saothar Chonnartha
na Gaedhilge.



Do réir a chéile támuid ag déanamh foghlumtha
ar an chaoi is fearr chum an teanga do chosaint.
Ó'n taithighe thig an chiall agus tá daoine óga
úra ag bualadh isteach gach lá i mbearnain an
baoghail.



Is mairg gan an sgéal céadna do bheith le
hinnsint againn fa dtaobh de'n Ollsgoil.



Ní fhuil an Ghaedhealg ar Chlár an chéad-
sgrúdaidh i gColáisde na Tríonóide, sin é
le rádh nach féidir do mhac-léighinn an Ghaedhealg
do ghabháil mar ádhbhar sgrúdaidh ag dul isteach
is an Ollsgoil dó. Maidir leis an Ollsgoil
ríoghamhail is minic chualamar le tamall nach
ndeachaidh thar duine as an fichid nó geall leis
fó sgrúdadh sa nGaedhealg ag dul isteach i san
Ollsgoil sin dóibh.



An amhlaidh is mó réim sa tír bhoicht seo na
daoine as lugha ciall fá na neithibh bhaineas le
maitheas agus le feabhsughadh na tíre? Shílfeá
gurab iad! Acht i n-a dhiaidh sin tá athrughadh
mór ag teacht ar intinn agus ar smuaintibh
lucht an Oideachais cheana féin.



Is fada iad muinntear na tíre seo ag braith
ar oideachas na tíre do bheith fá n-a réir féin.
Seo fútha féin anois oideachas na n-Ollsgoil
nua. Chífear ar ball beag an gcuirfidh siad an
teanga náisiúnta san áit badh dhual dí bheith.
Creid uaim-se, a cháirde, go bhfuil troid fhada*
rómhaibh sar a gcuirfear an Ghaedhealg ar an
gClár mar ádhbhar riachtanach fá choinne gach
sgoláire ar dhul isteach is an Ollsgoil dó.



Tá daoine ann — daoine macánta a n-urmhór
agus deir siad gur le haghaidh daoine saidhbhir
cuireadh na hOllsgoltacha ar bun agus gur
chuma do'n teangaidh í bheith ar an gClár nó gan
a bheith. Ná tabhraidh áird ar na daoinibh seo.
Ní dhéanann siad smuainigheadh géar ar an
gceist ar chor ar bith. B'ionnann do chúis na
Gaedhilge é bheith ar an gClár san Ollsgoil
is dá mbeadh sí ar siubhal i ngach sgoil sa tír;
na sgoltacha náisiúnta; na sgoltacha meadhonacha,
na coláisdí bhaineas leis na fairchíbh; i
gColáisde Mhuighe Nuadhad agus eile; bheadh
an Ghaedhealg ag gach sagart óg agus ag
gach dlightheoir agus ag gach dochtúir sa
tír acht amháin í bheith ag an aos léighinn
ag dul isteach san Ollsgoil dóibh. Do
bheadh an Ghaedhealg ag gach múinteoir agus ag
gach duine a bhfuil baint aige le hoifigí dá
mb'fhéidir í chur isteach san ollsgoil. Bheadh
an Ghaedhealg ag gach cléireach is na hoifigíbh
puiblidhe agus is na banncanaibh agus ba
ghoirid i n-a dhiaidh sin go mbeadh sí ag lucht na
siopaí ar fad acht í do chur go daingean ar
an gClár is na hollsgoltachaibh nua so.



Do thiocfadh as an nGaedhilg do chur ar Chlár
na hOllsgoile í d'aithbheodhadh mar theangaidh
choitchinn. Níor bhaoghal do'n teangaidh dá
mbeadh sí ag na daoinibh is mó eolas sa tír.
Dá n-oibreochaidhe go healadhanta í ní dócha go
rachadh sí arís i gcontabhairt bháis. Nach fiú
dúinn an iarraidh is láidre dá bhfuil ar ar
gcumas do dhéanamh feasta chuige seo. Tá
bás nó beatha na teangadh ag seasamh air.



ÚNA NÍ FHAIRCHEALLAIGH.



*Sgríobhadh an tráchtas so i mí Shamhna, 1908.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services