Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seóin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seóin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag Bóthar Mhic Seóin Molaim Comhaltas an Bháire i mBaile Átha Cliath mar gheall ar an gcóiriughadh a chuireadar ar ghnóthaí an Domhnaigh seo ghaibh thorainn ag Bóthar Mhic Seóin. Thárla an imirt deiridh i gcomórtas na sinsear ann. Insna cluithchíbh ullmhughcháin thángadar na Fágaigh is na Dáibhisigh ar aon scór. D'fheachaint ciaca aca b'fhearr iseadh do fearadh cluithche an Domhnaigh. Bhí an lá ar fheabhas an staoghail muna mbeadh an ghrian do bheith ar aghaidh na druinge bíodh ag cosaint bogha Chluain Life. An Imirt Is fadó ná feaca i mBaile Átha Cliath imirt báire ba dhéine na ba chliste ná é. Badh lag liom taobh aca a mholadh thar an dtaobh eile. Do dheineadar araon cluithche a chur go fuinneamhail fearamhail agus go fíor-Ghaedhlach. Sin mar is ceart i gcomhnuidhe é. Anois atá toradh ag teacht ar an obair do tosnuigheadh a seacht nó a hocht de bhliadhaintaibh ó shoin chun an báire a planndughadh i mBaile Átha Cliath. Sean- fhuireann le báire iseadh na Fágaigh. Nuafhuair- eann iseadh na Dáibhisigh. Sidé an scór, Dáibhisigh, 1-13; Fágaigh 1-7. Molaim iad araon, agus go háirithe na Dáibhisigh. Tá súil agam ná stadfaid den dtaithighe go mbainfid Craobh Chúige Laighean amach. Ag an Díon Tá Dáibhisigh agus Dáibhisigh ann amh. Bhí Dáibhisigh eile ag imirt peile i gcoinnibh fuireann “Dóthchus na hÉireann” ag an Díon Dia Domhnaigh, agus má mholas na Dáibhisigh thall, níl agam acht cáineadh do na Dáibhisigh annso. An drong so agus a lucht leanamhna do thuillfidís masla agus míchlú d'aon ghnó go mbeadh baint nó páirt aca leis. Is iongnadh liom ná féachaid Comhaltus na Peile chuige agus deireadh a chur le n-a leithéid. Mura nglantar Cleasa Lúith na nGaedheal ón sórt soin is dúinn féin is measa é. Éinne go mbeidh tuairim aige dhe fhéin nó urraim aige dá thír dhúthchuis tréigfidh an Cumann is raghaidh ag imirt cluithchí iasachta, agus im thaobh-sa dhe, ní bheinn ródhian air dá bhárr. Ní rabhadar na Dáibhisigh seo ábalta a ndóthain chun na nDóthchasach, agus nuair ba léir dóibh soin do luigheadar ar fealladh. Do scaoil an maor leo go rómhinic, pé cúis a bhí leis acht i n-indeóin a ndíchill go léir do bhuadadar na Dóthchasaigh fé mar thuilleadar. An bhfuil aon Gaedheal ar Chomhaltus na Peile a fhéachfaid i ndiaidh gothaí den tsórt soin? An bhfuil riaghail aca i gcoinnibh cainnte barbardha agus eascainí? Má tá ní'l dá luaithe cuirfear i bhfeidhm í nach amhlaidh is fearr é. Sidé an scór: Dóthchasaigh, 1-7; Dáibhisigh, 0-3. Táillí Peile Cluigthigh; 2-7; Geata Shain Séamus, 1-8. Cluigthigh (sóisir); 5-10; Geata Shain Séamus, 0-1. Doilphinigh, 0-12; Emerald, 0-3. Cúige Laighean Do socruigheadh má's socrughadh é, Craobh Chúige Laighean i measc sóisear idir fhóirnibh ó Bhaile Átha Cliath is ó Chonntae an Ríogh ag Port Laighse, Dia Domhnaigh. Baile Átha Cliath a bhuaidh, 1-7; i gcoinnibh, 1-3. Níor críochnuigheadh an cluithche amh. Dia Domhnaigh seo chugainn Beidh cluithche peile dá imirt idir na Ciceamaigh is na Céitinnigh, i leith Craobh Bhaile Átha Cliath ag Bóthar Mhic Seóin. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services