Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seóin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seóin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag Bóthar Mhic Seóin



Molaim Comhaltas an Bháire i mBaile Átha
Cliath mar gheall ar an gcóiriughadh a chuireadar
ar ghnóthaí an Domhnaigh seo ghaibh thorainn ag
Bóthar Mhic Seóin. Thárla an imirt deiridh
i gcomórtas na sinsear ann. Insna cluithchíbh
ullmhughcháin thángadar na Fágaigh is na
Dáibhisigh ar aon scór. D'fheachaint ciaca aca
b'fhearr iseadh do fearadh cluithche an Domhnaigh.
Bhí an lá ar fheabhas an staoghail muna mbeadh
an ghrian do bheith ar aghaidh na druinge bíodh
ag cosaint bogha Chluain Life.



An Imirt



Is fadó ná feaca i mBaile Átha Cliath imirt
báire ba dhéine na ba chliste ná é. Badh lag
liom taobh aca a mholadh thar an dtaobh eile. Do
dheineadar araon cluithche a chur go fuinneamhail
fearamhail agus go fíor-Ghaedhlach. Sin mar
is ceart i gcomhnuidhe é. Anois atá toradh ag
teacht ar an obair do tosnuigheadh a seacht nó a
hocht de bhliadhaintaibh ó shoin chun an báire a
planndughadh i mBaile Átha Cliath. Sean-
fhuireann le báire iseadh na Fágaigh. Nuafhuair-
eann iseadh na Dáibhisigh. Sidé an scór,
Dáibhisigh, 1-13; Fágaigh 1-7. Molaim iad
araon, agus go háirithe na Dáibhisigh. Tá súil
agam ná stadfaid den dtaithighe go mbainfid
Craobh Chúige Laighean amach.



Ag an Díon



Tá Dáibhisigh agus Dáibhisigh ann amh. Bhí
Dáibhisigh eile ag imirt peile i gcoinnibh fuireann
“Dóthchus na hÉireann” ag an Díon Dia
Domhnaigh, agus má mholas na Dáibhisigh thall,
níl agam acht cáineadh do na Dáibhisigh annso.
An drong so agus a lucht leanamhna do
thuillfidís masla agus míchlú d'aon ghnó go
mbeadh baint nó páirt aca leis. Is iongnadh
liom ná féachaid Comhaltus na Peile chuige
agus deireadh a chur le n-a leithéid. Mura
nglantar Cleasa Lúith na nGaedheal ón sórt
soin is dúinn féin is measa é. Éinne go
mbeidh tuairim aige dhe fhéin nó urraim aige
dá thír dhúthchuis tréigfidh an Cumann is raghaidh
ag imirt cluithchí iasachta, agus im thaobh-sa
dhe, ní bheinn ródhian air dá bhárr. Ní rabhadar
na Dáibhisigh seo ábalta a ndóthain chun na
nDóthchasach, agus nuair ba léir dóibh soin do
luigheadar ar fealladh. Do scaoil an maor
leo go rómhinic, pé cúis a bhí leis acht i n-indeóin
a ndíchill go léir do bhuadadar na Dóthchasaigh
fé mar thuilleadar. An bhfuil aon Gaedheal
ar Chomhaltus na Peile a fhéachfaid i ndiaidh
gothaí den tsórt soin? An bhfuil riaghail aca
i gcoinnibh cainnte barbardha agus eascainí?
Má tá ní'l dá luaithe cuirfear i bhfeidhm í nach
amhlaidh is fearr é. Sidé an scór: Dóthchasaigh,
1-7; Dáibhisigh, 0-3.



Táillí Peile



Cluigthigh; 2-7; Geata Shain Séamus, 1-8.
Cluigthigh (sóisir); 5-10; Geata Shain
Séamus, 0-1.
Doilphinigh, 0-12; Emerald, 0-3.



Cúige Laighean



Do socruigheadh má's socrughadh é, Craobh
Chúige Laighean i measc sóisear idir fhóirnibh
ó Bhaile Átha Cliath is ó Chonntae an Ríogh ag
Port Laighse, Dia Domhnaigh. Baile Átha Cliath
a bhuaidh, 1-7; i gcoinnibh, 1-3. Níor críochnuigheadh
an cluithche amh.



Dia Domhnaigh seo chugainn



Beidh cluithche peile dá imirt idir na
Ciceamaigh is na Céitinnigh, i leith Craobh Bhaile
Átha Cliath ag Bóthar Mhic Seóin.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services