Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Teagasc Críostaighe
Title
An Teagasc Críostaighe
Author(s)
Ua Cathain, Uilliam,
Translator
Ní fios.
Compiler/Editor
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair
Composition Date
1920
Publisher
Brún agus Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Paidreacha Miona I n-Ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Sprioraid Naoimh. Amen. Ár n-Athair atá ar Neamh, go naomhuíghthear t'ainim; go dtagaidh do rígheacht; go ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a déantar ar neamh. Ár n-arán laetheamhail tabhair dúinn indiu; maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a chiontuíghean i n-ár n-aghaidh; agus ná leig sinn i gcaithíbh, acht saor sinn ó olc. Amen. Go mbeanuighthear duit, a Mhuire, lán de ghrástaibh. Tá an Tighearna ad fhochair. Is beanuighthe thu idir mhnáibh, agus is beanuighthe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, guidh orainne na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis! Amen. An Chréidh. Creidim i nDia, an t-Athair Uile-chomhachtach, Cruth- uightheóir neimhe agus talmhan, agus i n-Íosa Críosd, a aon Mhac san, ár dTighearna, a gabhadh ó'n Spioraid Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh, d'fhuiling páis fé Phontius Pílait, do céasadh ar chrois, do fuair bás agus do h-adhlacadh, a chuaidh síos go h-ifrion, d'aiseírig an treas lá ó mharbhaibh, a chuaidh suas ar neamh, atá 'na shuídhe ar deasláimh Dé, an t-Athair Uile-chomhachtach. As san tiocfaidh ag tabhairt brei- theamhantais ar bheóibh agus ar mharbhaíbh. Creidim sa Spioraid Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitilicíghe
i gcumaoine na naomh, i maitheamhnachas na bpeacaidhe, i n-aiseirghe na colna, agus sa bheatha shíoruidhe. Amen. An Faoísdin Choitchian. Admhuighim do Dhia 'n uile chomhacht, do Mhuire naomhtha atá riamh 'n-a h-ógh, do Mhícheál naomhtha árdaingeal, do Naomh Eóin Baiste, do na h-Aspolaibh naomhtha, Peadair agus Pól, agus do na naoimh uile, gur pheacuígheas go mór agus go ró mhór, le smuineamh le briathar agus le gníomh, tré m' choir féin, tré m' choir féin, tré m' choir féin go ró mhór. Ar an adhbhar san athchuingim ar Mhuire naomhtha atá riamh ' na h-ógh, ar Mhícheál naomhtha árdaingeal, ar naomh Eóin Baiste, ar na h-Aspolaibh naomhtha Peadair agus Pól, agus ar na naoimh uile, guidhe chum an Tighearna Dia ar mo shon. Go dtugaidh Dia 'n uile chómhacht grásta agus trócaire agus maitheamhnachas am pheacaídhe dhom ar an saoghal so, agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht! Amen. Glóire do'n Athair, agus do'n Mhac, agus do'n Spioraid Naomh! Mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, agus mar a bheidh le saoghal na saoghal. Amen. Urnuighthe roimh na Gníomhartha. Ó, a Dhia shíoruidhe uile chómhachtaig! Tabhair dúinn breis creidimh agus dóchais agus carthanachta , agus chum go mb'fhiú sinn gach nídh a gheallan tu dhúinn d'fhághail, tabhair dúinn grásta chum gach nídh a órd- uíghean tu dhúinn do ghrádhughadh agus do chomhlíonadh, tré Íosa Críosd ár dtighearna. Amen.
Gníomh Creidimh. Ó, a Thighearna, creidim gach uile nídh a chreidean agus a chuinníghean ár naomh-mháthair, an Eaglais Chaitilicídhe Rómhánach, agus go h-áirighthe gach uile nídh atá ainimnighthe i gCréidh na n-Aspol, de bhrígh gur fhoilsíghis féin dúinn iad. Creidim go spisialta i n-aon Dia amháin i dtrí bpearsanaibh, an t-Athair, an Mac, agus an Spioraid Naomh. Creidim gur ghlac an Mac, le h-oibriúghadh ó'n Spioraid Naomh, colan daona, i mbroínn na Maighdine Muire; gur fhuiling sé bás ar chrann na croise ar ár son; gur eírigh sé an treas lá ó mharbhaíbh; go ndeachaidh sé suas ar neamh; go dtiocfaidh as san i ndeire an tsaoghail chum breitheamhantais do thabhairt ar gach n-aon do réir a n-oibreacha; go dtabharfidh sé an bheatha shíoruídhe mar luach saothair do na deagh dhaoine agus pianta síoruidhe ifrinn do na droch dhaoíne. Tá aigne dhiongbhálta agam, le congnamh do naomh- ghrásta, maireachtaint agus bás d'fhághail sa chrei- deamh so. Gníomh Dóchais. Ó, a Thighearna, tá mainghín agus dóchas láidir agam, tré d' mhór-thrócaire féin agus tré pháis agus bás ár Slánuightheóra Íosa Críosd, go dtabharfidh tú grásta agus trócaire agus maitheamhnachas am pheacaídhe dhom ar an saoghal so agus an bheatha shíoraídhe sa tsaoghal atá le teacht, de bhrígh gur gheallais iad do na daoínibh a chuirean a mainghín agus an dóchas go h-iomlán ionat, má dhéinid deaghoibreacha, nídh a gheallaimse dhuit anois do dhéanamh, le congnamh do naomh-ghrásta.
Gníomh grádh agus croídhe bhrúghadh. Ó, a Thighearna, grádhaim thú os cionn gach uile nídh, de bhrigh go bhfuilir ró ghrádhmhar ró thaithneamhach agus ró mhaith ionat féin. Tá grádh agam do m' chomharsain agus beidh do gnáth, mar mé féin, ar do shonsa. Tá grádh chomh mór san agam duit gur túisge a sgarfinn leis an saoghal go léir 'ná mar a sgarfinn leat. Agus de bhrígh go ndéinean an peacadh marbhthach anam an duine do sgarmhaint leat, tá cathúghadh agus dólás croidhe chomh mór san orm, tré fheirg do chur ort riamh leis an bpeacadh, go bhfuil aigne agam le congnamh do naomh grásta gan tuitim ann as so suas agus ócáidídhe an pheacadh do sheachaint go bráth airís. Úrnaithe roim Aifrion. Ó, a Athair ró thrócairigh a ghráidh chomh mór san an domhan go dtugais suas t'aon Mhac féin chum sinne shábháil, an t-É le h-úmhaluígheacht duitse agus ar ár son-ne na peacaig, d'íslig é féin fós go bás na croise, agus a leanan 'ghá ofráil féin go laetheamhail tré lámhaibh na sagart ar son na mbeó agus na marbh aithchimíd ort go h-úmhal creideamh fírinneach do chruthúghadh ionainn ionas go n-iompróchaimís sinn féin do ghnáth le h-iomad cráibhtheachta agus fhomóis i láthair ídhbirtha fhíornaomhtha a chod' fola agus feóla a déintear sa n-Aifrion, agus mar sin go dtiocfadh linn bheith ranpháirteach sa n-ídhbirt a chuir sé i gcrích ar chnuc Chalbherí. Ar aon íntinn le d' naomh Eaglais agus le n-a seirbhíseach, ag iaraidh impídhe na Maighdine Muire, Máthair Dé, na n-aingeal agus na naomh go léir, ofrálaimíd anois ídhbirt ró adhramhail an Aifrinn chum t' onóra agus chum do ghlóire, ag admháil do dheagh- mhéinne gan teóra, t' árdchómhachta os cionn gach créatúra, ár bhfíor úmhluigheacht féin duit agus ár
seasamh go h-iomlán ar do chongnamh ghrástamhail, ag tabhairt buidhchais duit i dtaobh do thabhartaisí uile agus chum maitheamnachais d'fhághail i n-ár bpeacaíbh. Ofrálaimíd é ar son síolradh an chreidimh Chaitili- cídhe, ar son ár n-athar ró naomhtha, an Pápa, ar son ár n-easboig, ár n-uachtarán, agus ar son cléire uile t' eaglaise naomhtha, ionus go dtreóróchaidís na fíoraoin i slígh a slánuighthe, ar son síthchána agus deaghmhéinne aimeasg gach pobuil agus gach stáit, ar son ríachtanaisí na cine daona agus go h-áirighthe ar son an phobuil atá anso láithreach, chum go bhfaighmís gach grásta atá riachtanach dúinn ar an saoghal so, aoíbhneas do-chríochnuighthe ar an saoghal eile agus suaineas síoruidhe do na fíoraonaibh d'imthigh rómhainn. Agus do réir mar a órduigh Íosa Críosd an uair a chuir sé ar bun agá shuipéar dhéanach an rún diamhar iongantach so a chómhachta a chríonachta & a mhaitheasa, ofrálaimíd an t-Aifrion i gcuimhniúghadh buidhchais an mhéud a dhein sé agus d'fhulaing sé le grádh dhúinn, ag déanamh cuímhniúghadh spisialta ar a ghéur pháis agus ar a bhás, ar a aiseírghe ghlórmhar agus ar a dhul suas ar neamh. Ó, a Dhia shíoruidhe uile chómhachtaig, (óir is duitse amháin is dual ídhbirt chómh mór san) gaibh léi go grástamhail chum na gcríoch so agus chum gach críche eile is taithneamhach le d' naomhthoil féin, agus chum go mbeadh sí níos taithneamhaíghe, ofrálaimíd duit í tríd an Íosa Críosd céadna, do Mhac dílis, ár dTighearna & ár Slánuightheór, ár n-árd shagart agus ár n-idhbirt, agus i n-ainim na Tríonóide ró naomhtha, an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoímh. Amen. (Na mion-ghníomhartha agus paidireacha eile ar leathanacha a 39-42.)
Liodán Íosa A Thighearna, dein trócaire orainn. A Chríosd, dein trócaire orainn. A Thighearna, déin trócaire orainn. A Íosa, éist linn. A Íosa, éist go ceannsa linn. A Dhia, a Athair na bhflathas, A Mhic Dé, a Shlánuightheóir an domhain, A Dhia, a Spioraid Naoímh, A Thríonóid Naomhtha, a aon Dia amháin, A Íosa, a Mhic Dé Bheó, A Íosa, a lonnradh an Athar, A Íosa, a Ghileacht soluis síoruidhe, A Íosa, a Rígh na glóire, A Íosa, a Ghrian an chirt, A Íosa, a Mhic na Maighdine Muire, A Íosa ró ghrádhmhar, A Íosa ró iongantach, A Íosa, a Dhia chómhachtaig, A Íosa, a Athair an tsaoghail atá le teacht, A Íosa, a Aingeal na mór chómhairle, A Íosa ró chómhachtaig, A Íosa ró fhoidhnig, A Íosa ró riaraig, A Íosa is mín uiríseal croídhe, A Íosa a thug grádh do'n gheanmnaídheacht, A Íosa a thug grádh dhúinne, A Íosa, a Dhia na síthchána, A Íosa, a Úghdar na Beatha, A Íosa, a Shampla gach sobhailce, A Íosa, a Chara dhílis na n-anam, A Íosa, a Dhia, A Íosa, a Chomairce, A Íosa, a Athair na mbocht, A Íosa, a Shaidhbhreas na bhfíoraon, A Íosa, a Dheagh-Aodhaire, Dein trócaire orainn.
A Íosa, a Fhíor-Sholus, A Íosa, a Eagna Shíoruidhe, A Íosa, a Mhaith gan teóra, A Íosa, a Shlígh agus a Bheatha, A Íosa, a Luathgháir na n-Aingeal, A Íosa, a Rígh na bhfáig, A Íosa, a Oide na n-aspol, A Íosa, a Theagasgóir na Soisgéalaídhe, A Íosa, a Neart na martear, A Íosa, a Sholus na gconfesóirí, A Íosa, a Gheanmnaídheacht maighdean, A Íosa, a Choróinn na naomh uile. Dein trócaire orainn. Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, ná daor sinn. Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, éist linn. Ó'n uile olc, Ó'n uile pheacadh, Ó t' fheirg féin, Ó chleasaibh an diabhail, Ó spioraid na drúise, Ó bhás shíoruidhe, Ó fhailígh do d' mheanmna, Tré rún diamhar t' Incholna Naomhtha, Tré bhrígh do bheirtha, Tré bhrígh do naoíndachta, Tré bhrígh do bheatha dhiadha, Tré bhrígh do shaothar, Tré bhrígh do pháise agus do bhuartha, Tré bhrígh do chroise augs do thréigin, Tré bhrígh do mhór fhulang, Tré bhrígh do bháis augs t' adhlacadh, Tré bhrígh t' aiseirghe, Tré bhrígh do dheasgabhála, Tré bhrígh do luathghára, Tré bhrígh do ghlóire. Saor sinn, a Thighearna.
A Uain Dé, a thógan peacaídhe an domhain, Ná daor sinn, a Thighearna Íosa. A Uain Dé, a thógan peacaídhe an domhain, Éist linn, a Thighearna Íosa. A Uain Dé, a thógan peacaídhe an domhain, Dein trócaire orainn, a Thigearna Íosa. A Íosa, éist linn. A Íosa, éist linn go ceannsa. Guidhmís. Ó, a Thighearna Íosa Críosd a dúbhairt "Iaraidh agus tá le fághail agaibh, loirgidh agus do gheabhaidh sibh, buailidh agus osgalóchar daoíbh;" aithchimíd ort go h-umhal go dtabharfá dhúinn tabharthas do ghrádh ró naomhtha, ionus go ngrádhóchaimís tu feasda le lán chroídhe, le gach briathar agus le gach gníomh, agus ná sgurfimís choídhche de d' mholadh-sa, atá beó ad Rígh ar shaoghal gan fórchean. Amen.
An Teagasg Críosdaidhe. Ceacht a h-aon. Ceisd. Cé dhein an domhan? Freagra. Dia. C. Cé h-é Dia? F. Cruthuightheoir agus árd thighearna neimhe agus talmhan, ró mhaith agus ró iomlán. C. Cá bhfuil Dia? F. Ta sé ins gach uile áit. C. Má tá Dia ins gach uile áit cad fá ná feici- míd é? F. De bhrígh gur fíor spioraid é agus ná fuil colan aige. C. An bhfeicean Dia gach uile nídh? F. Chíon. C. An bhfuil fios gach uile nídh ag Dia? F. Tá. C. An féidir le Dia gach uile nídh do dhéanamh? F. Is féidir. C. Cad fá gur chruthuig Dia sinn? F. Chum aithne do chur air agus é ghrádhúghadh ar an dtalamh so, agus chum séan síoruídhe do shealbhúghadh 'n dhiaigh so ar neamh. C. Cad a thuigean tú le neamh? F. Rígheacht glóire Dé. C. Conus is féidir dúinn Dia d' aithint ar an dtalamh so? F. Leis na fírinnídhe a mhúin Sé dhúinn d' fhoghluim. C. Cá bhfagham na fírinnídhe seo? F. Táid go h-áirighthe ansa Chré.
Ceacht a dó. C. Abair an Chré? F. "Creidim i nDia, &c." C. Cé dhein an Chré? F. An dá aspol déag. C. Cad d' admhuighmíd sa Chré? F. Na cínn-rúin diamhara agus alta ríachtanacha eile. C. Abair na cínn-rúin diamhara? F. Aondacht agus Tríonóid Dé, Incholna, bás agus aiseiríghe ár Slánuightheóra. C. Cad fá go dtugtar cínn-rúin diamhara ortha san? F. De bhrígh nách féidir aoinne a thagan chum bliagh- anta na tuigsiona do bheith sábhálta gan fios bunúsach do bheith aige ortha agus iad do chreideamhaint. C. Cad a chialuighean Aondacht Dé? F. Ná fuil ann acht aon Dia amháin. C. Cad a thuigean tu leis an dTríonóid? F. Tuigim, ansan aon Dia amháin sin go bhfuil trí pearsana diadha. C. Ca mhéid Dia ann mar sin? F. Ní'l acht aon Dia amháin. Ní féidír níos mó do bheith. C. Cá mhéid pearsa i nDia? F. Táid trí pearsana i nDia. C. Cé h-iad na trí pearsana iad san? F. An t-Athair, agus an Mac agus an Spioraid Naomh. C. An bhfuil an t-Athair 'na Dhia? F. Tá an t-Athair 'na Dhia. C. An bhfuil an Mac 'na Dhia? F. Tá an Mac 'na Dhia. C. An bhfuil an Spioraid Naomh 'na Dhia. F. Tá an Spioraid Naomh 'na Dhia? C. Ná fuil trí déithe ann mar sin? F. Ní'l. De bhrígh ná fuil acht aon nádúr amháin diadha ins na trí pearsanaibh diadha san ní'l ionta acht Dia amháin.
C. An bhfuil aon phearsa de na trí pearsanaibh diadha so níos eagnaíghe, níos seine ná níos mó cómhachta ná chéile? F. Ní'l, óir táid uile iomlán gan teóra. Ceacht a trí. C. Cad a chialuíghean Incholna? F. Gur ghlac Mac Dé colan daona chum rinne d' fhuasgailt agus do shábháil. C. Cad a thuigean tu le colan daona do ghlacadh? F. Nádúr an duine do ghlacadh, 'sé sin corp agus anam mar atá againne. C. Conus d' ainimníghean tú Mac Dé incholnuighthe? F. Íosa Críosd, Fuasgalóir agus Slánuightheóir an domhain. C. Cé h-é Íosa Críosd? F. Mac Dé, an dara Pearsa de'n Tríonoid ró naomhtha, do ghlac colan daona. C. Cár ghlac sé corp agus anam mar atá againne? F. I mbroínn na Maighdine Glórmhaire Muire. C. Conus sin? F. Ghaibh sí é ó'n Spioraid Naomh. C. Cá mhéid nádúr i n-Íosa Críosd? F. Dhá nádúr, nádúr diadha agus nádúr daona. C. Cad atá ceangailte orainn a chreideamhaint i dtaobh Íosa Críosd? F. Go bhfuil sé 'na fhíor Dhia agus 'na fhíor dhuine. C. Cá bhfiul Íosa Críosd anois? F. Sa mhéid gur Dia é tá sé ins gach uile áit, agus sa mhéid gur duine é tá sé ar neamh amháin agus i naomh-Shácramínt na h-altórach. C. Cad fá gur ghlac Mac Dé colan daona? F. Chum báis d' fhulang ar ár son. C. Cad fá gur fhuiling Críosd bás ar ár son? F. Chum cirt Dé do shásamh agus chum sinne do shábháil ó ifrion agus ó chómhachtaibh an diabhail. C. Cad fá go rabhmairne i gcómhachtaibh an diabhail? F. De bhrígh gur geineadh sinn i bpeaca.
C. Conus a tharla gur geineadh sinn i bpeaca? F. De bhrígh go ndeárnadh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair easúmhluígheacht i n-aghaidh Dé. C. Cé chuir cath ortha chum easumhluígheachta do dhéanamh i n-aghaidh Dé? F. An diabhal. C. Cad a thuigean tú leis an ndiabhal? F. Aon de na h-aingealaibh a dhíbir Dia as na flathasaibh. C. Cad a thuigean tú le h-aingealaibh? F. Spioraidí glana a cruthuigheadh chum Dia do adhradh ar neamh. C. Cad fá gur díbreadh aingil as na flathasaibh? F. De bhrígh gur dheineadar méirleachas i n-aghaidh Dé. C. An bhfuil aon chúram eile ar na h-aingiolaibh acht Dia d' adhradh? F. Tá. Chuir Dia uaidh go minic iad mar theachtairí chum daoíne, agus táid ceapaithe chum bheith d' ár gcuímhdeacht. C. Cad é an pionós a chuir Dia ar na h-aingiolaibh a dhíbir sé as na flathasaibh? F. Dhaor sé chum ifrinn iad. C. Chad a thuigean tú le h-ifrion? F. Áit 'na bhfuil pianta síoruídhe. C. An bhfuil aon dream eile daor chum ifrinn acht na diabhail? F. Tá, na daoíne a gheibhean bás 'na namhdaibh ag Dia. C. Cad é an luacht saothair a thug Dia do na h-aingiolaibh d' fhan dílis? F. Shocraidh sé iad go síoruídhe i nglóire. Ceacht a ceathair. C. Cad é an pionós a chuir Dia ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair? F. Dhaor sé chum báis iad. C. Ar chuir sé aon phionós eile ortha? F. Do chuir. Bhain sé dhíobh gach teidiol dá raibh acu chum flathais Dé, agus mórán eile tabharthaisí dár bronadh ortha.
C. Ar daoradh sinne mar a daoradh ár gcéad athair agus ár gcéad máthair? F. Do daoradh, de bhrígh gur thánamair ar an saoghal so ciontach sa pheaca chéadna. C. Conus ainimníghtear an peaca san? F. Peaca an tsínsir. C. Conus a gheibhmíd maitheamhnachas i bpeaca an sínsir? F. Tré mhór luacht bháis Chríosd do dhul chum sochair dúinn sa bhaiste. C. Ar ghlac Mac Dé colan daona gan maíl tar éis an pheaca a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair? F. Níor ghlac, go dtí tímpal cheithre mhíle blian 'na dhiaigh. C. Cad é an lá a rugadh Íosa Críosd? F. Lá Nollag. C. An fada a mhair sé ar an dtalamh so? F. Tímpal trí mblian ndéag ar fhichid. C. Conus a chríochnuig sé a bheatha? F. Fuair sé bás tárnálta ar chrois. C. Cad é an lá a fuair Críosd bás? F. Aoíne an Chéasda. C. Cá bhfuair sé bás? F. Ar chnuc Chalbherí. C. Cá ndeachaidh anam Chríosd tar éis a bháis? F. Chuaidh sé síos go h-ifrion. C. An ndeachaidh a anam go h-ifrion na ndamanta? F. Ní dheachaidh, acht go h-inead suainis ar a dtug- tar limbó. C. Cé h-iad a bhí i Limbó? F. Anamnacha na bhfíoraon a fuair bás roim Chríosd. C. Cad fá nár leigeadh go flathas Dé iad gan maíl tar éis a mbáis? F. De bhrígh go raibh flathas Dé dúnta i n-aghaidh gach uile dhuine chum gur osgail Críosd le n-a bhas e. C. Cá raibh corp Chríosd an fhaid a bhí a anam i Limbó? F. Bhí sé san uaig.
C. An fada d' fhan corp Chríosd san uaig? F. Cuid de thrí lá. C. Cad d' imthig ar chorp Chríosd an trímhadh lá? F. Do thóg sé é féin go glórmhar agus go do- mharbhthach ó mharbhaíbh. C. Cad é an lá d' eirig Críosd ó bhás? F. Domhnach Cásga. Ceacht a cúig. C. Cad é an fhaid d' fhan Críosd ar an dtalamh so tár éis na h-aiseiríghe? F. Dachad lá. C. Cad fá gur fhan sé ar talamh tar éis aiseirighthe dhó? F. Chum a thaisbeáint go soiléir gur aiseirig sé, agus chum na n-Aspol do theagasg. C. Cá ndeachaidh sé i gceann an dachad lá? F. Do chuaidh sé suas ar neamh. C. An ndeachaidh sé le n-a cholainn suas ar neamh? F. Do chuaidh agus tá sé n-a shuidhe ar deas láimh Dé. C. Cad a tuigtear le n-a rádh go bhfuil Críosd 'n-a shúidhe ar deas láimh Dé? F. Tuigtear gurab é Críosd, sa mhéid gur duine é an t-é is giora do Dhia ar neamh. C. Cá fada tar éis deasgabhála Chríosd gur chuir sé an Spioraid Naomh uaidh? F. Deich lá n-a dhiaig, 'sé sin, Domhnach Cíngíse. C. Cad fá gur chuir sé an Spioraid Naomh uaidh? F. Chum sinne do naomhúghadh, agus chum na n-Aspol neartúghadh chum an tSoisgéil, 'sé sin an dlígh nua, do chraobhsgaoíle. C. Cad a tuigtear leis an ndlígh nua? F. An dlígh a tugadh do na Críosdaidhthibh. C. Cad a tuigtear leis an sean dlígh? F. An dlígh a tugadh do na Iúduígheachaibh. C. Conus aithníghtear gur Críosdaidhthe sinn? F. Tré n-ár mbaiste, le dlígh Chríosd d' admháil, agus tré chómhartha na croise.
C. Conus a déintear cómhartha na croise? F. Curtar an lámh dheas ar an éadan, ansan ar an ucht, agus ansan ar an ngualainn chlé agus ansan ar an ngualainn ndeis, agus deirtear le n-a línn sin, "I n-ainim an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen." C. Cá bhfuil Críosdaidhthe fírinneacha le fághail? F. Sa teampal fírinneach amháin. C. Cad a tuigtear leis an dteampal fírinneach? F. Cómhchruinniúghadh na bhfíorchreidmhach uile. C. Conus ainimníghtear an teampal fírinneach? F. An Teampal Caitilicídhe Rómhanach. C. Cad fá go nglaoidhtear "Rómhánach" ar an dteampal bhfírinneach? F. Ó'n Róimh, mar is ann a chómhnuíghean ceann so fheicse an teampail. C. Cé h-é ceann sofheicse an teampail? F. An Pápa, fear-inid Íosa Críosd. C. Cé h-é ceann dofheicse an teampail? F. Íosa Críosd féin, moladh go deo leis! C. Cad fá go nglaoidhtear "Caitilicídhe" ar an dteampal bhfírinneach? F. De bhrígh go seasóchaidh an teampal fírinneach go deire an tsaoghail agus go sruthfidh ar feadh críocha an domhain uile. C. Cé h-iad atá ar an dtaobh amuich de'n team- pal? F. An mhuíntir nár baisteadh, an dream a thuitean fé chaindeal-bháth, agus an mhuíntir, tré na gcoir féin, a leanan go ceanntréan earáid creidimh. C. An bhfuil a thuile lasmuigh de'n teampal? F. Tá, an mhuíntir a dhiúltuíghean úmhlacht dhleaghthach, i neithibh spioradálta, do cheann sofheicse an team- pail. C. An féidir do'n teampal tuitim i n-earáid, ná dul amú? F. Ní féidir, óir do gheall Críosd go mbeadh sé féin agus a Spioraid bheanuighthe do ghnáth i n' fhochair agus ná buadhfadh dóirse ifrinn air.
Ceacht a sé. C. Cad a tuigtar le comaoíne na naomh? F. Go dtéidhean na h-úrnuighthe agus na deagh oibreacha a déintar sa teampal chum sochair do gach n-aon a bhainean leis an dteampal. C. Cad é an saidhbhreas spioradálta i n-a bhfuil páirt ag na daoíne a bhainean leis an Eaglais? F. Na Sácramintí, naomh-ídhbirt an aifrinn, úrnuighthe na h-Eaglaise, agus deagh-oibreacha na bhfíoraon. C. An leór do dhuine, chum bheith sábhálta, bheith 'na Chaitilicí Rómhánach? F. Ní leór. Ní foláir dó an peaca do sheachaint agus an mhaith do dhéanamh. C. Cad é an nídh peaca? F. Aon smuíneamh toilteamhail, briathar ná gníomh a deintear i n-aghaidh dlígh Dé. C. Cad é an nídh peaca marbhthach? F. Coir ró throm i n-aghaidh Dé, a bhainean grásta naomhuighthe de'n anam agus a thuilean ifrean. C. Cad é an nídh peaca sologhthach? F. Peaca is lugha coir 'ná peaca marbhthach, ná bainean grásta naomhuighthe de'n anam agus ná tuilean ifrean. C. Conus a ghortuíghean peaca sologhthach an t-anam? F. Le grádh Dé i n-ár n-anam do luígheadúghadh, agus le sinn do chlaonadh chum an peaca mhairbh. C. Cad is grásta ann? F. Tabhartas os cionn nádúra a thugan Dia féin dúinn chum sinn do naomhúghadh agus do neartúghadh chum flathas Dé do thuileamh. C. Cad a thuigean tú le grásta naomhuighthe? F. Na grásta a dheinean sinn i n-ár gcáirdibh ag Dia. C. An bhfuil grásta ríachtanach? F. Tá, de bhrígh, gan grásta, nách féidir dúinn flathas Dé do thuileamh.
Ceacht a seacht. C. Cá mhéid príomh pheacadh marbhthach ann? F. Seacht cínn. Cínn pheacaí marbhthacha a tugtar ortha. C. Abair na cínn pheacaí marbhthacha? F. Uabhar, saint, drúis, craos, fearg, formad, agus leisge. C. Cá dtéidhid an dream a gheibhean bás i bpeaca mharbhthach? F. Go h-ifrean ar feadh na síoruídheachta. C. Cad tá d'fhiachaibh orainn a dhéanamh má thuitimíd i bpeaca mharbhthach? F. Aithreachas fírinneach do ghlacadh agus dul chum faoísdine. C. Cad fá go rachaimís chuim faoísdine nuair a thuitimíd i bpeaca mharbhthach? F. Chum caradais Dé d'fhághail thar n-ais agus chum bheith do ghnáth olamh i gcóir an bháis. C. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh tar éis tuitim i bpeaca mharbhthach dúinn dá mba ná féadfimís dul chum faoísdine? F. Ba chóir dúinn aithreachas ró mhór do ghlacadh tré tuitim ann, agus an chuid is lugha dhe, dúil do bheith againn dul chum faoísdine. Ceacht a h-ocht. C. I n-éaghmais an pheaca do sheachaint cad é an mhaith atá ceangailte orainn do dhéanamh? F. Ní foláir dúinn aitheanta Dé agus na h-Eaglaise do choimeád. C. Abair na deich n-aitheanta? F. 1. Creid, a mhic, i nDia go glan. 2. Ná tabhair ainim Dé gan adhbhar. 3. Coimeád an tsaoíre mar is cóir. 4. Tabhair do t'athair agus do d' mháthair onóir. 5. Ná dein marbhadh.
F. 6. Ná dein drúis. 7. Ná dein guid. 8. Ná tabhair fiadhnaise bhréige i n-aon chúis. 9. Ná santuig fear ná bean nách leat féin. 10. Ná santuig clann duine eile, ná a áirnéis. C. Cad a cheanglan an chéad aithne orainn? F. Aon Dia amháin d' adhradh. C. Conus dhéinimíd Dia d' adhradh? F. Le creideamh, le dóchas, le carthanacht, le n-urnuighthe, agus le h-ídhbirt. C. Cad é an nídh creideamh? F. Sobhailce diadha le na gcreidimíd go daingion gach ar mhúin Dia dúinn. C. Cad é an nídh dóchas? F. Sobhailce diadha a bheir mainghín agus dóchas láidir dúinn go bhfagham an bheatha shíoruídhe agus na meodhain atá riachtanach chum a saothruighthe. C. Cad é an nídh carthanacht? F. Sobhailce diadha a bheir dúinn Dia do ghrádhúghadh os cionn gach uile nídh, ar a shon féin, agus ár gcómharsa mar sinn féin ar son Dé. C. Cé h-é ar gcómharsa? F. An chine daona uile, ár namhaid chómh maith le n-ár gcáirdibh, agus iad san mar an gcéadna nách d' ár gcreideamh. C. An gcoisgean an aithne seo orainn onóir do thabhairt do na naoímh? F. Ní choisgean, de bhrígh ná tugaimíd dóibh an árd onóir is dual do Dhia féin. C. Cad é an deifrígheacht atá idir an onóir a thugaimíd do na naoímh agus an onóir a thugaimíd do Dhia féin? F. Is ar Dhia amháin d' iaraimíd grásta agus trócaire, agus ní iaraimíd ar na naoimh acht a n-impídhe do chur suas chum Dé ar ár son. C. Cad fá go n-onóraimíd taise na naomh? F. De bhrígh go rabhdar a gcuirp roime seo 'na dteampail ag an Spioraid Naomh agus go bhfaghaid siad onóir an lá déanach ar neamh.
C. Cad fá go leigimíd sinn féin ar ár nglúinibh i lathair íomhághtha Chríosd agus na naomh? F. Chum ár smuínte do shocrúghadh ar fhlathas Dé agus chum sinn féin do spreagadh chum aithris do dhéanamh ar na naoimh i n-ár mbeatha. Ceacht a naoí. C. Cad a cheanglan an dara h-aithne orainn? F. Ár móide agus ár ngealamhna dlistineacha do choimeád. C. Cad a choisgean an dara h-aithne orainn? F. Gach dearbhadh neamh-cheart; bréige; miona móra; easgainídhe; diamhasladh; agus focail naomhaithiseacha. C. An coir ró mhór leabhar eithig do thabhairt? F. Coir ró sganramhail iseadh é, mar glaodhtar ar Dhia chum fiadhnaise dhéanamh go bhfuil an nídh a deirtar fíor, agus gan ann go fiosach acht bréag. C. Cad a cheanglan an trímhadh h-aithne orainn? F. An Domhnach do chaitheamh i n-úrnuighthe agus i ngnóthaíbh diadha eile. C. Cad iad na gnothaí diadha eile iadsan? F. Aifrean d'éisteacht, beith ag éisteacht le teagasg, agus ag léighe leabhar chríosdamhla. C. Cad a choisgean an trímhadh h-aithne orainn? F. Gach uile obair shaothruightheach gan riachtanas agus brise lae an Tighearna go naomh-aithiseach. C. Cad d'órduighean an ceathramhadh aithne? F. Grádh agus uraim agus onóir do thabhairt d' aithreachaibh agus do mháithreachaibh agus d'uachtaránaibh. C. Cad a choisgean an cúigmhadh aithne orainn? F. Gach dunmharbhadh toiltheamhail, troid agus imreas. C. Cad eile a choisgean an cúigmhadh aithne? F. Gach anchaint tharcaisneach, fuath, fearg agus rún díoghaltais. C. Cad a choisgean an sémhadh aithne? F. Gach cómhluadar mígheanmnaídhe le fear, nó le bean, nách le duine féin. C. Cad eile a choisgean an aithne seo? F. An uile amharc, nó focal, nó gníomh, mígheanmnaídhe.
C. Cad a choisgean an seachtmhadh aithne? F. Aon nídh de chuid duine eile do thógáil nó do choimeád go h-aindleaghthach; agus gach díogbháil dá ndéintear do'n chómharsa 'na strus. C. Cad tá d'fhiachaibh orainn a dhéanamh an tan a bhíon cuid duine eile go neamhdhlistineach againn? F. Ní foláir dúinn é thabhairt thar n-ais má's féidir dúinn é, nó ní maithfar an peaca dhúinn. C. Cad a choisgean an t-ochtmhadh aithne? F. Gach fiadhnaise neamhfhírinneach, breitheamhntas anoban, bréaga, cúlchaint, agus tromaídheacht. C. Cad tá d'fhiachaibh ar an muintir a mhasluíghean clú a gcómharsan? F. Ní foláir dóibh a ndíothal do dhéanamh ar an gclú do chasadh, nó ní mhaithfar an peacadh dhóibh. C. Cad a choisgean an naomhadh aithne? F. Gach smuíneamh toiltheamhail drúise, dúil mhíghean- mnaídhe, agus dlúthócáidí, nó fáthana, chum smuínte truailighthe. C. Cad a choisgean an deichmhadh h-aithne? F. Gach dúil neamhdhlisdineach i gcuid ár gcómharsan. Ceacht a deich. C. An bhfuil sé ceangailte orainn mar an gcéadna aitheanta na h-Eaglaise do choimeád? F. Tá, óir "an t-é ná h-éistean leis an Eaglais," adeir Críosd, "creidig gurab ionan é agus an págánach nó an poiblicánach." C. Cá mhéid aithne thug an Eaglais dúinn? F. Sé h-aitheanta :- 1. Aifrion d'éisteacht gach Domhnach agus lá saoire. 2. Trosgadh agus tréighnas do dhéanamh ar na laethanta órduighthe. 3. Faoísdin do dhéanamh i n-ár bpeacaíbh, an chuid is lúgha dhé, uair sa mbliain. 4. Corp Críosd do ghlacadh um Cháisg nó tímpal na Cásga.
5. A gceart féin do dhíol leis an Eaglais. 6. Gan pósadh do dhéanamh sa n-aimsir choisgithe, ná ins na glúinibh toirmisgthe gaoíl. C. Cad é an nídh lá trosgaidh? F. Lá ná ceaduighthear dúinn do chaitheamh acht aon bhéile amháin, agus ar a mbíon feóil toirmisgthe orainn. C. Cad a tuigtear le laethibh tréighnais? F. Laethe 'n gcoisgtar feóil orainn acht ar ar féidir linn ár ngnáth-bhéilídhe do chaitheamh. C. An leór dúinn dul uair sa mblain chum faoís- dine? F. Ní leór. Tá faoísdin ghnáthach ríachtanach do gach uile dhuine, acht tá ceangailte orainn fé phéin pheacadh mhairbh gan bheith bliain iomlán gan faoísdin. C. Cá bhfuil sé d' fhiachaibh orainn comaoíne do ghlacadh um Cháisg? F. I n-ár bpróiste féin. Ceacht a h-aondéag. C. Cad é an nídh guidhe chun Dé. F. Tógáil ar gcrathacha suas chum Dé, chum buídhchais do bhreith leis, chum é do mholadh, agus chum a thabhar- thaisí d' iaraidh. C. Cá huair ba chóir dúinn úrnuithe do rádh? F. Ba choir ná beadh i n-ár mbeatha, atá ídhbirtha do Dhia, acht aon úrnuithe amháin chómhnuightheach; acht tá d'fhiachaibh orainn úrnuithe do dhéanamh go h-áirighthe ar maidin agus um thráthnóna, agus i n-am gach catha agus gach guaise. C. Cad iad na h-úrnuighthe is mó a chómhairlighthar dúinn do rádh? F. An Phaidir, an t-Ave Maria, agus an Chré. C. Cé an Phaidir? F. Íosa Críosd, moladh go deó leis! C. Cé dhein an t-Ave Maria? F. Do dhein an t-Aingiol Gábriel agus Naomh Eilís an chéad chuid dé, agus do dhein an Eaglais an chuid eile.
C. An bhfuil sé dleaghthach onóir do thabhairt do'n Mhaighdean Ghlórmhar? F. Tá go cinte, de bhrígh gur thug Dia féin onóir di agus "go ndéarfid cineacha an domhain gur bean- uighthe í." C. Cad í an onóir a bheirimíd di? F. Onóraimíd í os cionn na naomh uile de bhrígh gurab í máthair Chríosd í, acht ní thugaimíd di an onóir is dual do Dhia. Ceacht a dódhéag. C. Cad a thuigean tu le sácramínt? F. Cómhartha sofheicse a cheap Críosd chum grásta thabhairt dúinn. C. Cad as go bhfuil cómhachta ag na sácramíntí chum grásta thabhairt dúinn? F. As mórluachd bheatha Chríosd agus a bháis, a chuirid chum sochair d'ár n-anamnachaibh. C. Cá mhéid Sácramínt ann? F. Seacht Sácramíntí. 1. Baiste. 2. Dul fé láimh Easboig. 3. Corp Chríosd. 4. Aithríghe. 5. Ola dhéanach. 6. Órd beanuighthe. 7. Pósadh. C. Cad é an nídh Baiste? F. Sácramínt a ghlanan sinn ó pheaca an t-sínsir, agus a dhéinean Críosdaithe agus clann Dé dhínn. C. Conus is cóir d'fhear no do mhnaoí baiste thabhairt do leanbh i n-am ríachtanais? F. Bas uisge do dhortadh ar cheann an leinbh, agus a rádh le n-a línn sin, "Baistim thu i n-ainim an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh." C. Cad é an nídh dul fé láimh easboig? F. Sacramínt do neartuighean sinn i n-ár gCrei- deamh.
C. Conus is cóir bheith olamh chum sácramínt dul-fé- láimh-easboig do ghlacadh? F. Fios aitheanta ár gCreidimh do bheith againn agus bheith ar staid na ngrást. C. Cad é an deifrígheacht atá idir shácramínt dul fé láimh easboig agus sácramínt an bhaistí? F. Tá, go ndéinean an baiste Críosdaithe agus clann Dé dhínn, agus go ndéinean dul fé láimh easboig Críosdaithe níos iomláine dhínn, agus saighdiúrí cróga d' ár Slánuightheóir Íosa Críosd. C. An bfuil dul fé láimh easboig ríachtanach? F. Ar a shon gur féidir duine do shábháil i n' éagh- mais, bheadh duine ciontach i bpeaca ró mhór a thabharfadh failígh ann. C. Cad é an pionós a cuireadh an Eaglais i dtusach aimsire ar na h-aithreacha nó ar na máithreach a leigfadh dá gclaínn bás d'fhághail gan an sácramínt sin? F. Aithríghe trí mblian. Agus taisbeanan san dúinn gur mór an peaca failígh do thabhairt sa tsácramínt sin an uair is féidir é fhághail. C. Cad é an tairbhe a dhéinean an sácramínt sin dúinn? F. Neartuíghean sé i n-ár gcreideamh sinn, tugan sé misneach dúinn chum ár gcreidimh d' adamháil os árd agus do chosnamh i n-aghaidh namhad, agus chum ár ndualgas do chómhlíonadh gan náire ar bith. C. An dtugan sé aon tairbhe eile dhúinn? F. Tugan, de bhrígh gur leis a ghlacaimíd an Spioraid Naomh mar aon le na thíodhlaicídhe, agus séala bean- uighthe an Tighearna i n-ár n-anam, chum go mbeidhmis 'nár saighdiúirí chrodha ag ár Slánuightheóir Íosa Críosd. C. Ná tugan an Baiste an Spioraid Naomh agus a thíodhlaicí dhúinn? F. Tugan, acht ní chómh h-iomlán leis an sácramínt seo é. C. An féidir do dhuine an sácramínt dul fe láimh easboig do ghlacadh thar aon uair amháin? F. Ní féidir, agus is peaca ró mhór é ghlacadh go fiosach an dara h-uair.
C. Cad fá go mbuailean an t-easbog buile bhais sa leacain ar an t-é a curtar fé láimh easboig? F. Chum a chur i dtuisgint dó gur cóir dó bheith olamh chum gach masla agus tarcaisne d' fhulang ar son an chreidimh. Ceacht a trídéag. C. Cad é an nídh Sácramínt Chorp Críosd? F. Fuil agus feóil anam agus Díacht ár Slánuigh- theóra Íosa Críosd, fé ghné aráin agus fíona. C. An bhfuil arán agus fíon i Sácramínt na h-altórach? F. Ní'l, de bhrígh go n-athruíghthar substaint an aráin agus an fhíona i bhfuil agus i bhfeóil ár Slánuightheóra Íosa Críosd, tré bhrígh na bhfocal le n-a ndeintear an coisreacadh. C. Conus is féidir an t-arán agus an fíon d' athrúghadh i bhfuil agus i bhfeóil Críosd? F. Le cómhachtaibh agus tré mhórmhaitheas Dé, ná fuil aon nídh doicheamhail ná dodhéanta dhó. C. Cad a thuigean tú le ídhbirt? F. Gníomh Dia d'adhradh, le n' adhmhuíghmíd cómhachta Dé go h-iomlán os ár gcoinn agus ár spleádhchas féin go fórlíonta leis. C. Cad í an ídhbirt atá sa dlígh nua? F. Ídhbirt an aifrinn. C. An bhfuil ídhbirt an aifrinn bun os cionn le h-ídhbirt na croise? F. Ní'l, de bhrígh gurab é an Slánuightheóir céadna d 'ídhbir é féin go fuilteach ar an gcrois atá anois 'ghá ídhbirt féin ar ár n-altóiríbh, ar modh neamhfhuilteach. C. Cad iad na h-adhbhair ar a n-abartar an t-aif- rion? F. Chum glóire thabhairt do Dhia, chum buidhchais do bhreith leis i dtaobh a thabharthaisí, agus chum a ghrasta agus a thrócaire d'iaraidh. C. Cad é an fáth eile go ndeirtear an t-aifrion? F. Chum páise agus báis ár Slánuightheóra do chur i gcuímhne dhúinn.
C. Conus is ceart dúinn bheith olam chum cumaoíne? F. Ní foláir dúinn bheith ar staid na ngrást, creideamh beó do bheith againn, dóchas laidir, agus teasghrádh carthanachta. Agus is éigion beith ar céad- longan ó mheadhan oídhche roim ré. C. Cad is ceart dúinn a dhéanamh tar éis cumaoíne? F. Is ceart duinn suím aimsire do chaitheamh ag breith buídhchais le Dia agus ag rádh úrnuighthe. C. An peaca mór cumaoíne do ghlacadh ar droch staid? F. Is peaca ró chritheaglach é, óir "an t-é d' ithean agus d' ólan ar droch staid," adeir naomh Pól, "ithean sé agus ólan sé breitheamhantas, 'sé sin, damnúghadh dho féin." Ceacht a ceathairdéag. C. Cad é an nídh Sácramínt na h-aithríghe? F. Sácramínt le na maithtear dúinn na peacaídhe a dhéinimíd tar éis ár mbaisdí. C. Cad iad na cómhachda le na maithtear peacaídhe? F. Leis na cómhachda d' fhág Críosd agá eaglais. C. Cá uair d' fhág sé na cómhachda san agá eaglais? F. Go h-áirighthe nuair a dúbhairt sé le n-a Aspolaibh, "Glacaidh an Spioraid Naomh; pé peacaídhe a mhaithfidh sibh táid maithte." C. Cad í an tslígh is feár chum deaghfhaoísdine do dhéanamh? F. Ar dtúis ní foláir dúinn grásta Dé d'iaraidh chum í dhéanamh mar is cóir; an dara nídh, sgrúdadh dúthrachtach orainn féin do dhéanamh, i dtaobh aitheanta Dé agus na h-Eaglaise, chum fios d' fhághail cad ann, nó cá mhéid uair, a pheacuíghmair, le smuíneamh le briathar le gníomh nó le failíghe; an trímhadh nídh, sinn féin do spreagadh chum doilghís croídhe fá fhearg do chur ar Dhia; agus ansan, rún daingean do ghlacadh gan an peacadh do dhéanamh airís, acht ár mbeatha do leasúghadh. C. Cad é an nídh croídhe bhrúghadh? F. Doilgheas croídhe agus fuath don pheaca os cionn gach uile nídh, de bhrígh go gcuirean sé fearg ar Dhia.
C. Cad é an módh is feár chum sinn féin do spreag- adh chum croídhe bhrúghadh? F. A chuímhneamh gur chuireamair fearg ar Dhia a thuilean ár ngrádh go h-iomlán. C. Cad is cóir dúinn a dhéanamh i n-am faoísdine? F. Is cóir dúinn beanacht an tsagairt d' iaraidh; "adhmhuighim do Dhia, &c," do rádh, go dtí na focail "tré m' choir féin, &c"; sinn féin do dhaoradh i n-ár bpeacaí; ansan na peacaí d' ínsint go fírinneach: ansan "ar an adhbar san athchuingim, &c," do radh; agus éisdeacht go h-úmhal le cómhairle an tsagairt, agus ár gcathúghadh d' athnuachaint le línn é thabhairt na h-aspolóide dhúinn. C. Cad is cóir a mheas do'n t-é a cheilfadh peaca marbhthach i n-a faoísdin? F. Tuitean sé i gcoir uathbhásach, agus i n-inead maitheamhnachais d' fhághail cuirean sé suas níos mó fearg Dé. C. Cad is ceart dúinn a dhéanamh tar éis faoísdine? F. Buídhchas do bhreith le Dia, agus ár mbreitheamh- nachas aithríghe do chúiteamh. C. An ndéanfadh an breitheamhnachas aithríghe a chuirean an sagart orainn sásamh i n-ár bpeacaí i ngach uile chás? F. Ní dhéanfadh: acht is féidir dúinn a dteastuíghean dé do dhéanamh suas le gníomharthaibh aithríghe uainn féín, agus le toradh logha, agus ba chóir dhúinn fíor- thaithíghe dhéanamh de na gníomharthaibh sásaimh seo. C. An iad na beódha amháin a fhéadan cúiteamh do thabhairt 'n-a bpeacaí le gníomharthaibh sásaimh? F. An mhuíntir a gheibhean bás ar staid na ngrást agus ná bíon leórghíomh iomlán déanta acu 'n-a bpeacaíbh ar an saoghal so, fuilingid siad an leór- gníomh iomlán i bPurgadóireacht. C. Cad a thuigean tu le Purgadóireacht? F. Pianós ar an saoghal eile, d' fhuilingean an mhuíntir a gheibhean bás ar staid na ngrást agus gan ceart Dé do bheit cúitighthe acu go h-iomlán 'na bpeacaí.
C. Cad é an creideamh Caitiliceach i dtaobh Purga- dóireachta? F. Go bhfuil a leithéid de staid ann, agus go bhfuasgaltar na h-anamnacha a bhíon ann le h-urnuighthe agus le deaghoibreacha na gCríosdaidhthe. C. Cad a thuigean tu le logha? F. Réidhteach ó'n bpianós aimsire d' fhanan go minic i ndiaigh an pheaca tar éis maitheamhnachais d' fhághail ansa choir. C. Cé thugan amach logha? F. An Eaglais. C. An maithean logha peacaí? F. Ní mhaithean. Ní foláir na peacaí do bheith maithte sul ar féidir toradh an logha d' fhághail. Ceacht a cúigdéag. C. Cad is Ola déanach ann? F. Sácramínt a cuireadh ar bun chum nirt agus furtachta thabhairt do dhaoínibh le línn báis dóibh. C. Cad a thuigean tu le h-Órd beanuighthe? F. Sácramint a bheir easboig, sagairt, agus cléir eile, do'n eaglais. C. Cad a thuigean tú le pósadh? F. Sácramínt a bheir grásta do'n lánmhain pósta chum beith grádhach dílis dá chéile agus a gclann do thabairt suas go riaghalta críosdamhail. C. An féidir na sacramintí ghlacadh an athuair? F. Is féidir acht amháin Baiste, dul fé laimh easboig, agus Órd Beanuighthe. C. Cad fá nach féidir iad san do ghlacadh an athuair? F. Mar cuirid siad cómhartha, no séaladh, spiora- dálta sa n-anam, nách féidir go bráth do chur as clódh. Ceacht a sédéag. C. Cá uair a bhearfidh Dia breitheamhntas orainn? F. Gan stad tar éis ás mbáis, agus lá an bhreith- eamhntais generalta. C. An eireóchaid ár gcuirp uile an lá déanach? F. Eireóchaidh, le h-órdughadh Dé.
C. Cé bhéarfidh breitheamhntas orainn an lá déanach? F. Íosa Críosd. C. Cad fá go dtabharfidh sé breitheamhntas orainn an lá san, tar éis breitheamhntais do thabhairt orainn gan stad tar éis ár mbáis? F. Chum a chirt do thaisbeáint os cómhair an domhain, chómh maith agus do thaisbeáin sé a thrócaire. C. Cad déarfidh Críosd leis an ndream maluighthe an lá déanach? F. "Imthíghidh uaim, a dhream mhaluighthe, go teine shíoruidhe, do h-olmhuígheadh do'n diabhal agus dá aingiolaibh." C. Cad déarfidh Críosd leis na deaghdhaoínibh an lá déanach? F. "Gluaisíg liomsa, a dhream bheanuighthe seo m' Athar, agus glacaig an rígheacht atá olamh daoíbh." C. Cá rachaidh an dream maluighthe an lá déanach? F. Curfar, idir chorp agus anam, iad go pianta síoruídhe. C. Cá rachaid na deagh dhaoíne an lá déanach? F. Rachaid le n-a gcuirp glórmhara domharbhthacha, go flathas Dé. C. Cad a chialuighean "amen"? F. Bíodh mar sin.
APPENDIX C. An bhfuil gach pearsa fé leith, de na trí pear- sanaibh, 'na Dhia? F. Tá, go fíor. C. Nách sin trí deithe fé leith ann? F. Ní h-eadh acht trí pearsana fé leith i n-aon Dia amháin. C. Conus san? F. Mar ní'l ins na trí pearsanaibh acht aon nádúr amháin diadha. C. An féidir dúinn an nídh sin do thuigsint? F. Ní féidir, acht tá sé ceangailte orainn a chrei- deamhaint gur fíor é. C. Conus is féidir dúinn a chreideamhaint gur fíor é muna féidir dúinn é thuigsint? F. Is 'mó rud is fíor nách féidir linn a thuigsint, agus is 'mó rud a chreidimíd nách féidir linn a thuig- sint. C. Cá bh' fhios dúinn an fíor go bhfuil trí pearsan i nDia? F. Mar d' fhoilsigh Dia féin dúinn é. C. Ciacu de na trí pearsanaibh a ghlac colan daona? F. An Mac. C. Cad a ghlac sé? F. Corp agus anam daona. C. Cá 'r ghlac se colan daona? F. I mbroínn na Maighdine Muire. C. Conus? F. Le h-oibriúghadh ó'n Spioraid Naomh. C. Cathain? F. Lá fhéile Muire, an cúigmhadh lá fichid do Mhárta, naoi gcéad déag bliaghan ó shin.
C. Cathain a rugadh é? F. Oídhche Nodlag, trí rátha ó'n Márta san. C. Cad é an ainim a tugadh air? F. Íosa Críosd. C. An bhfuil an dara pearsa de'n Tríonóid 'na Dhia agus 'na dhuine ó sin? F. Tá. C. Conus is féidir Dia agus duine bheith i n-aon phearsain amháin? F. Ní féidir an nídh sin do thuigsint. C. An bhfuil sé ceangailte orainn é chreideamhaint? F. Tá. C. Cá bh' fhios dúinn an fíor é? F. D' fhoilsig Dia dhúinn é. C. Cad chuige gur ghlac Mac Dé colan daona? F. Chum báis d' fhulang ar ár son. C. Cathain a fuair sé bás? F. Aoíne an Chéasda. C. An 'mó nádúr i n-Íosa Críosd? F. Dhá nádúr, nádúr Dé agus nádúr duine. C. Nuair a fuair sé bás ar sgar a anam le n-a chorp? F. Do sgar. C. Ar sgar nádúr Dé le n-a anam? F. Níor sgar. C. Ar sgar nádúr Dé le n-a Chorp? F. Níor sgar. C. Conus d' aiseirig sé ó'n mbás? F. Thug sé a chorp agus a anam chum a chéile airís, le n-a chómhacht féin, agus ansan bhí sé glórmhar do- mharbhthach, ag eirghe dhó as an uaig. C. Cad a tuigtar le deasgabháil ár Slánuightheóra? F. A ghabháil ar deasláimh Dé. C. Cad é brígh na bhfocal san, "ar deasláimh Dé." F. Go bhfuil ag Íosa Críosd, sa mhéid gur Dia é, na cómhachta céadna atá ag an Athair Síoruidhe, agus sa mhéid gur duine é gurab é is giora do Dhia ins na flathais.
C. Cad chuige gur fhuiling Críosd bás ar ár son-ne? F. Chum sinn do shaoradh ó ifrion agus ó chómhachtaibh an diabhail. C. Cad do bheir sinn i gcómhachtaibh an diabhail? F. Peacadh an sínsir. C. Conus a thárla sinne bheith ciontac i bpeacadh an tsínsir? F. Óir, an easumhluígheacht a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair, do chuir sé an peacadh ortha féin agus ar a sliocht, agus mar gheall ar sin do geineadh agus do rugadh sinn i bpeacadh. C. Ar chuaidh aoinne de shliocht Adam agus Ébha saor ó'n bpeacadh san? F. Do coimeádadh an Mhaigdean Mhuire saor uaidh, óir bhí sí le bheith 'na máthair ag Mac Dé. C. Ar rugadh aon duine eile saor uaidh? F. Do rugadh, Naomh Eóin Baiste. Do glanadh é ó pheacadh an tsínsir agus é i mbroínn a mháthar. C. Cé chuir an eaglais ar bun? F. Íosa Críosd. C. Conus aithníghtear an eaglais a chuir Críosd ar bun ó gach eaglais eile? F. Táid cheithre cómharthaídhe sofheicse ar eaglais Chríosd. C. Cad iad na cheithre cómharthaídhe iad san? F. Aondacht, naomhthacht, caitiliceacht agus aspol- aitheacht. C. Cad a chialuighean aondacht na h-eaglaise? F. Nár chuir Críosd ar bun acht aon eaglais amháin, gur thug dhi aon chreideamh amháin, agus gur chuir sé os a cionn ar an saoghal so aon cheann sofheicse amháin. C. Cé hé ceann sofheicse na h-eaglaise? F. An Pápa. C. Cad a chialuighean naomhthacht na h-eaglaise? F. Gur naomhtha an t-É chuir ar bun í, gur naomhtha a teagasg, gur naomhtha iad a sácramíntí, agus go bhfuilid daoine naomhtha le fághail i gcómhnuíghe inti.
C. Cad a chialuíghean caitiliceacht na h-eaglaise? F. Gur sheasaimh sí gan chlaodhclódh ó chuir Críosd ar bun í go dtí indiu, agus go seasóchaidh sí go deire an tsaoghail, agus go leathfar í ar fuid an domhain uile. C. Cad a chialuíghean aspolaitheacht na h-eaglaise? F. Gurab í an eaglais chéadna inidu í a chraobh- sgaoíleadar na h-aspoil ar dtúis, agus gur bh' í an eaglais chéadna í an uile lá i gcaitheamh na h-aimsire sin. C. An mhuíntir a rugadh agus do tógadh i gcreideamh eile, agus go dtuigid 'na n-aigne, i láthair Dé, gurab é an creideamh fírinneach atá acu, an bhfuilid na daoíne sin geártha amach ó'n eaglais? F. Ní 'lid. Bainid na daoíne sin le h-anam na h-eaglaise agus táid siad páirteach i gcomaoíne na naomh, ar shlígh, agus i n-a lán de shaidbhreas spiora- dálta na h-eaglaise, bíodh gan a fhios san do bheith acu féin. C. An 'mó sórd peacadh ann? F. Dhá shórd; peacadh an tsínsir agus peacadh ghnímh. C. An 'mó sórd peacadh gnímh ann? F. Dhá shórd; peacadh marbhthach agus peacadh sologh- thach. C. An 'mó cuma 'na ndeintear peacadh? F. Cheithre chuma; le smuíneamh le briathar le gníomh agus le faílíghe. C. An peacadh gach droch smuíneamh? F. Ní h-eadh muna dtugtar toil dó. C. Cad iad na coínghíl atá ríachtanach chum gnímh do bheith 'na pheacadh? F. Ní foláir é bheith toilteamhail agus é bheith i n- aghaidh dlíghe Dé. C. Conus a deintear peacadh le briathar? F. Le focal peacamhail nó le caint pheacamhail. C. Cad a thuigean tú le dlígh Dé? F. Aitheanta Dé agus na h-eaglaise.
C. Cad í an aithne a bristear le smuíneamh drúiseamhail? F. An naoimhadh aithne d'aitheantaibh Dé. C. Cad í an aithne a bristear le gníomh drúise, nó le focal drúiseamhail? F. An sémhadh aithne d'aitheantaibh Dé. C. Cad í an aithne a bristear le leabhar éithig do thabhairt? F. An dara h-aithne agus an t-ochtmhadh aithne. C. Conus a bhrisean leabhar éithig an dara h-aithne? F. Mar nuair a thugan duine an leabhar tugan sé Dia mar uradh leis, go bhfuil an fhírinne aige dá ínnsint, agus más éitheach atá aige dá ínsint i n-inead na fírinne, cuirean sé an t-éitheach san i leith Dé, agus sin diamhasla. C. Conus a bhrisean sé an t-ochtmhadh aithne? F. Leis an mbréig féin. C. Cad í an aithne bhrisfadh duine a shéanfadh a chreideamh? F. An chéad aithne, agus an dara h-aithne. Agus brisean sé an t-ochtmhadh aithne leis, mar séanan sé os cómhair daoíne an nídh an chreidean sé 'n-a chroídhe agus sin bréag. C. Cad í an aithne bhrisfadh duine d'íosfadh feóil De h-Aoíne? F. An dara h-aithne d'aitheantaibh na h-eaglaise. C. Cad í an aithne a bhrisfadh duine d'fhanfadh breis agus bliaghain gan dul chum faoísdine? F. An trímhadh aithne d'aitheantaibh na h-eaglaise agus bheadh an aithne briste aige chomh luath agus beadh an bhliaghain iomlán caithte aige. C. Cad í an aithne a bhrisfadh an t-é dhéanfadh díobháil d'á chómharsain 'na chuid? F. An seachtmhadh aithne. C. Cad í an aithne bhrisfadh duine dhéanfadh díobháil d'á chómharsain 'na phearsain? F. An cúigmhadh aithne.
C. Cad í an aithne a bhrisfadh duine a chuirfadh é féin ar meisge? F. An chúigmhadh aithne. C. Conus san? F. Deinean sé díobháil d'á phearsain féin, mar bainean sé dhé féin an mheabhair agus an chial a thug Dia dhó, agus sin peacadh trom i n-aghaidh Dé. C. Cad a tuigtar le col? F. Gaol nó cómhgas a dheinean cosg ar phósadh. C. Cad é an gaol a dheinean cosg ar phósadh? F. Trí ghlúine gaoíl, ag cómhreamh ó'n bpréimh. C. Cá bhfuil an phréamh? F. An lánmha ó's shíolraidh na trí ghlúine gaoíl. C. Ainimnigh na trí ghluine? F. Clann na lánmhan an chéad ghlúin; Clann na clainne sin, an dara glúin; A gclann san, an trímhadh glúin. C. Cad é an deifrígheacht atá idir ghaol agus cómhgas? F. Sa ghaol sroisean gach glúin ar thaobh na trí ghlúine ar an dtaobh eilé. Sa chómhgas sroisid dá ghlúin ar thaobh aoinne amháin ar an dtaobh eile. Tá cómhgas idir fhear agus gaolta a mhná, nó idir mhnaoí agus gaolta a fir, acht tá gaol idir aon bheirt atá laistig de na trí ghlúinibh. C. An bhfuil cómhgas spioradálta ann? F. Tá. An t-é sheasuighean chum baistí le leanbh, tá cómhgas spioradálta idir é agus an leanbh; agus tá cómhgas spioradálta idir an mháthais-baistí agus an leanbh. C. Cad a thuigean tú le pósadh fé cheilt? F. Pósadh ná deintear os cómhair na h-eaglaise. C. Cad iad na paidreacha áirighthe is gnáth le daoínibh do rádh ar maidin agus isdoidhche? F. "Ár n-Athair atá ar neamh," agus "Go mbean- úighthear duit, a Mhuire," agus Crédh na n-Aspol, agus "Admhuíghim do Dhia." Agus ba mhaith an rud an Choróinn Mhuire do rádh leis.
C. Cé chúm an phaidir sin, "Ár n-Athair atá ar neamh"? F. Íosa Críosd féin, moladh go deo leis! C. Cad chuige gur chúm sé an phaidir sin? F. Chum a mhúine dhúinne conus is ceart dúinn ár n-athchuingí do chur chum Dé. C. Cá mhéid athchuinge sa phaidir sin? F. Seacht n-athchuinge. C. Abair iad? F. Iaraimíd ar Dhia, ar dtúis, go gcuirfadh sé i n-ár gcroídhthibh uile a ainim do naomhughadh, 'sé sin glóire agus onóir do thabhairt d'á ainim ró naomhtha. Sa dara h-athchuinge iaraimíd ar Dhia go dtiocfadh a rígheacht, 'sé sin le rádh, go mbeadh rígheacht agus buadh ar an bpeacadh ag grásta De i n-ár gcroídhe go h-iomlán ar an saoghal so, ionus go bhfaighmís rígheacht na bhflathas ar an saoghal eile. Sa trímhadh h-athchuinge iaraimí ar Dhia grásta thabhairt do'n chine daona uile ionus go ndéanfí a thoil naomhtha ar an saoghal so go h-iomlán, fé mar a dheínid na naoimh agus na h-aingil a thoil ar neamh. Sa cheathrmhadh athchuinge iaraimíd ar Dhia gach nídh atá i n-easnamh orainn i dtaobh anama agus chuirp. Sa chúigmhadh athchuinge iaraimíd ar Dhia ár bpeacaí do mhaitheamh dúinn, agus geallaimíd dó go maithfimíd féin do'n uile dhuine gach gníomh a déantar i n-ár n-aghaidh. Sa sémhadh athchuigne iaraimíd ar Dhia sinn do choimeád le n-a ghrástaibh ó gach contabhairt peacadh. Sa seachtmhadh athchuinge iaraimíd ar Dhia sinn do shaoradh ó an uile olc agus go mór mór ó'n bpeacadh.
C. Cad iad na tíodhlaicí a thugan dul fé láimh easboig dúinn? F. Seacht tíodhlaicí an Spioraid Naoímh. C. Abair iad? F. Eagna, Tuigsint, Cómhairle, Neart, Fios, Cráibh- theacht, Eagla an Tíghearna. C. Cad is Eagna ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a thugan neamhshuím dúinn i neithibh saoghalta agus speóis i ngnó ár n-anama. C. Cad is Tuigsint ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, tré n-a dtuigimíd go soiléir fírinní ár gcreidimh, agus tré n-a ndeinimíd dá réir. C. Cad is Cómhairle ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a sheólan sinn chum glóire thabhairt do Dhia, agus chum leas ár n-anama do dheánamh. C. Cad is neart ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a thugan misneach spioradálta dúinn chum gach buairt agus trioblóid saoghalta d' fhulang ar son Críosd, agus chum buadh do bhreith ar namhaid ár n-anama. C. Cad is Fios ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, le n-a n-aithnímíd an tslígh chóir chum Dé, ionus go leanfimís í, agus le na n-aithnímíd an tslígh atá aímhleasta, ionus go seach- nóchaimís í. C. Cad is Cráibhtheacht ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a bheir dúinn gach nídh a thabharfadh glóire agus onóir do Dhia do dhéanamh go h-éasga agus go h-úmhal. C. Cad is eagla an Tighearna ann? F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, trí n-a gcrith- níghmíd le h-eagla roimh aon nídh do dhéanamh a chuirfad fearg ar Dhia.
Teachtaireacht an Aingil. V. Tháinig Aingeal an Tighearna le sgéala chum Muire. R. Agus do ghaibh sí gein ó'n Spioraid Naomh. Go mbeannuíghthear duit, a Mhuire, &c. V. Féuch, mise cailín an Tighearna. R. Go ndéintear liom do réir t' fhocail. Go mbeanuíghthear duit, a Mhuire, &c. V. Agus do ghlac Mac Dé colan daona. R. Agus do chómhnuig sé 'nár measg. Go mbeanuighthear duit, a Mhuire, &c. V. Guidh orainn, a naomh Mhathair Dé. R. Ionus go mb' fhiú sin geallamhna Chríosd d' fhághail. An Ghuídhe. Guidhmíd thu, a Thighearna, do ghrásta do dhortadh go líonmhar i n-ár n-anamnacha, ionus, tar éis fios d' fhághail dúinn, tré theachtaireacht an aingil, ar theacht Íosa Críosd, do Mhic, i gcolan daona, go dtiocfadh linn sroisint chum glóire a aiseiríghe tré neart a pháise agus a chroise naomhtha, tré Íosa Críosd ár dTighearna. - Amen. Go dtugaidh Dia cabhair agus congnamh i gcómhnuighe dhúinn. Agus do dtugaidh Dia suaineas síoruídhe do na fióraonaibh d'imthig rómhainn. Amen.
An Salbhé Regína. Go mbeannuighthear dhuit, a Bhanríoghan Naomhtha, a Mháthair na Trótaire. Go mbeannuighthear dhuit! Is tu ár mbeathadh, ár mísleacht, agus ár ndóchas. Is ort-sa do sgreaduimíd, clann bhocht díbeartha Ébha. Is chugat-sa suas a chuirimíd ár n-osna, ag caoi agus ag gol sa ghleann so na ndeór. Iompuigh orrainn dá bhrí sin, a comairce caomh-uasal, do shúile atá lán de thruagh, agus nuair a bheidh deire le n-ár ndíbirt, tabhair radharc dúínn ar thora do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire ró-thrócuireach, ró-ghrádhmhar, ró-mhilis. V. Guidh orrainn, a Naomh Mháthair Dé. R. Ionas go mb'fhiú sinn toradh geallamhna Chríost d'fhághail. Na Mion-Gníomhartha. Dólás mar gheall ar Pheacaíbh. A Thigharna Dia atá go ró mhaith, tá cathú orm mar gheall ar mo pheacaíbh. Maith dhom iad, agus tabhair congnamh dom chun gan iad do dhéanamh airís. Gníomh Creidimh. A Dhia na Glóire, creidim ionat-sa, agus creidim gach nídh d'á múinean an Eaglais dúinn, mar do thuguis-si dhi an fhírinne do mhúineadh. Gníomh Dóchais. A Dhia na Glóire, is ort-sa atá mo sheasamh, is asat- sa atá mo mhainghin agam, go dtabharfaidh tú grásda agus trócaire agus maitheamhnachas i m' peacaidhe dhom ar an saoghal so agus radharc ort féin sa tsaoghal atá le teacht. An radharc san go dtugair dúinn, a Thiagharna. Amen.
Gníomh Gradh. A Dhia na Glóire, mo grádh thu! Mo grádh thu os cionn gach uile nidh, mar is tú amháin is maith. Agus mo grádh mo chomharsa mar me féin ar do shonsa. Ag Eighrí ar Maidin duit abair le Dia na Glóire. A Dhia na Glóire, mo ghrádh thu! Do thugais saor ó'n oidhche mé agus táim buidheach díot. Bheirim mé féin suas indiu duit idir chorp agus anam. Go dtugaidh do ghrásda dhom mo smaointe go léir agus mo ghníomhartha go léir do dhul chun onóra dhuit-se agus chún sochair dom anam. Trí Íosa Críost ár dTiagharna. Amen. Abair Let' Aingeal Coimhdeachda. A Aingil Dé, mo grádh thu. Mo grádh Dia a chuir me mar chúram ort. Comhairlidh me, díon me stiú- raidh me, cimeád ar mo leas me, indiu agus ó indiu go dtí lá mo bháis, agus tabhair suas dom Shlanuigh- theoir me an lá son. Altú roim Biadh. A Thiagharna Dia! Cuir do bheannacht orrainn féin agus ar do thabharthaisdíbh, trí Íosa Críost ár dTiagharna. Amen. Altú tar éis Bídh. Bheirimíd buidheachas na beathadh so dhuit, a Dhia Mhuair an uile chomhacht, agus i dtaoibh do thabhar- thaisdí go léir, agus beannacht Dé le h-anman na marbh, go dtugaidh Dia suaimhneas síoraidhe dhóibh. Amen.
Le linn dul a codladh dhuit, abair. A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, tugaim suas díbh mo chroidhe agus m'anam. A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, bidhidh ag cabhrughadh liom le linn mo bháis. A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, go dtugadh suas m'anam dibh í síothcháin Dé. Isteach i do láimh féin go nglacair mo sprid, a Thiagharna. M'anam go nglacair uaim, a Thiagharna Íosa. Liodán na Maighdine Muire. Cuirimíd sinn féin fé d'chomairce, a naomh Mháthair Dé. Ná diúltuig d'ár n-úrnuighthe i n-am ár riachtanais acht ó'n uile bhaoghal saor sinn, a Mhaighdean ghlórmhar bheanuighthe. A Thighearna, dein trócaire orainn. A Chríosd, dein trócaire orainn. A Thighearna, dein trócaire orainn. A Chríosd, éist linn. A Chríosd, éist go ceannsa linn. A Dhia, a Athair na bhflathas, dein trócaire orainn. A Mhic Dé, a fhuasgalóir an domhain, dein trócaire orainn. A Dhia, a Spioraid Naoimh, dein tróaire orainn. A Thríonóid naomhtha, a aon Dia amháin, dein trócaire orainn.
A Naomh Mhuire, A Naomh Mháthair Dé, A Naomh Mhaighdean na maighdean, A Mháthair Chríosd, A Mháthair na ngrásda ndiadha, A Mháthair ró ghlan, A Mháthair ró gheanmnaíghe, A Mháthair gan truailiúghadh, A Mháthair gan toibhéim A Mháthair gheanmhail, A Mháthair iongantach, A Mháthair ár gCruthuightheóra, A Mháthair ár Slánuightheóra, A Mhaighdean ró eagnaídhe, A Mhaighdean ró onórach, A Mhaighdean chlúmhail, A Mhaighdean chómhachtach, A Mhaighdean cheannsa, A Mhaighdean dílis, A Sgáthán an chirt, A Chathaoír na h-eagna, A Chúis ár luathghára, A Shoítheach Spioradálta, A Shoítheach onóra, A Shoítheach cráibhtheachta fé leith, A Rós dhiamhair, A Thúr Dáibhid, A Thúr eabhuir, A Thig óir, A Árc na Conartha, A Gheata na bhflathas, A Réultan na maidhne, A Shláinte na n-easlán, A Chumaraídhe na bpeacach, A Shólás na ndobrónach, A Chongnamh na gCríosdaithe, A Bhanríghin na n-aingeal, A Bhanríghin na n-árdathar, A Bhanríghin na bhfáig, Guidh orainn.
A Bhanríghin na n-Aspol, A Bhanríghin na Martir, A Bhanríghin na gConfesóirí, A Bhanríghin na Maighdean, A Bhanríghin na naomh uile, A Bhanríghin a gabhadh gan peaca an tsínsir, Guidh orainn. A Bhanríghin na Coróinneac Muire ró naomhtha, guidh orainn. A Uain Dé a thógan peacaidhe an domhain, ná daor sinn, a Thighearna. A Uain Dé a thógan peacaidhe an domhain, deónuig eisteacht linn, a Thighearna. A Uain Dé a thógan peacaidhe an domhain, dein trócaire orainn, a Thighearna. A Thighearna, dein trócaire orainn, A Chríosd, dein trócaire orainn, A Thighearna, dein trócaire orainn. Guidhmíd thu, a Thighearna, do ghrásta do dhorta, &c. (Mar atá thuas.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services