Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Teagasc Críostaighe

Title
An Teagasc Críostaighe
Author(s)
Ua Cathain, Uilliam,
Translator
Ní fios.
Compiler/Editor
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair
Composition Date
1920
Publisher
Brún agus Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Na Paidreacha Miona



I n-Ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Sprioraid
Naoimh. Amen.



Ár n-Athair atá ar Neamh, go naomhuíghthear t'ainim;
go dtagaidh do rígheacht; go ndéantar do thoil ar
an dtalamh mar a déantar ar neamh. Ár n-arán
laetheamhail tabhair dúinn indiu; maith dhúinn ár
gcionta mar mhaithimídne do chách a chiontuíghean i n-ár
n-aghaidh; agus ná leig sinn i gcaithíbh, acht saor sinn ó
olc. Amen.



Go mbeanuighthear duit, a Mhuire, lán de ghrástaibh.
Tá an Tighearna ad fhochair. Is beanuighthe thu idir
mhnáibh, agus is beanuighthe toradh do bhroinne, Íosa.



A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, guidh orainne na
peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis! Amen.



An Chréidh.



Creidim i nDia, an t-Athair Uile-chomhachtach, Cruth-
uightheóir neimhe agus talmhan, agus i n-Íosa Críosd,
a aon Mhac san, ár dTighearna, a gabhadh ó'n Spioraid
Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh, d'fhuiling páis fé
Phontius Pílait, do céasadh ar chrois, do fuair bás
agus do h-adhlacadh, a chuaidh síos go h-ifrion,
d'aiseírig an treas lá ó mharbhaibh, a chuaidh suas ar
neamh, atá 'na shuídhe ar deasláimh Dé, an t-Athair
Uile-chomhachtach. As san tiocfaidh ag tabhairt brei-
theamhantais ar bheóibh agus ar mharbhaíbh. Creidim sa
Spioraid Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitilicíghe


L. 4


i gcumaoine na naomh, i maitheamhnachas na bpeacaidhe,
i n-aiseirghe na colna, agus sa bheatha shíoruidhe.
Amen.



An Faoísdin Choitchian.



Admhuighim do Dhia 'n uile chomhacht, do Mhuire
naomhtha atá riamh 'n-a h-ógh, do Mhícheál naomhtha
árdaingeal, do Naomh Eóin Baiste, do na h-Aspolaibh
naomhtha, Peadair agus Pól, agus do na naoimh uile,
gur pheacuígheas go mór agus go ró mhór, le smuineamh
le briathar agus le gníomh, tré m' choir féin, tré m'
choir féin, tré m' choir féin go ró mhór. Ar an adhbhar
san athchuingim ar Mhuire naomhtha atá riamh ' na h-ógh,
ar Mhícheál naomhtha árdaingeal, ar naomh Eóin Baiste,
ar na h-Aspolaibh naomhtha Peadair agus Pól, agus ar
na naoimh uile, guidhe chum an Tighearna Dia ar mo shon.



Go dtugaidh Dia 'n uile chómhacht grásta agus
trócaire agus maitheamhnachas am pheacaídhe dhom ar
an saoghal so, agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal
atá le teacht! Amen.



Glóire do'n Athair, agus do'n Mhac, agus do'n
Spioraid Naomh!



Mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, agus mar a bheidh
le saoghal na saoghal. Amen.



Urnuighthe roimh na Gníomhartha.



Ó, a Dhia shíoruidhe uile chómhachtaig! Tabhair dúinn
breis creidimh agus dóchais agus carthanachta , agus
chum go mb'fhiú sinn gach nídh a gheallan tu dhúinn
d'fhághail, tabhair dúinn grásta chum gach nídh a órd-
uíghean tu dhúinn do ghrádhughadh agus do chomhlíonadh,
tré Íosa Críosd ár dtighearna. Amen.


L. 5


Gníomh Creidimh.



Ó, a Thighearna, creidim gach uile nídh a chreidean
agus a chuinníghean ár naomh-mháthair, an Eaglais
Chaitilicídhe Rómhánach, agus go h-áirighthe gach uile
nídh atá ainimnighthe i gCréidh na n-Aspol, de bhrígh
gur fhoilsíghis féin dúinn iad. Creidim go spisialta
i n-aon Dia amháin i dtrí bpearsanaibh, an t-Athair, an
Mac, agus an Spioraid Naomh. Creidim gur ghlac an
Mac, le h-oibriúghadh ó'n Spioraid Naomh, colan
daona, i mbroínn na Maighdine Muire; gur fhuiling
sé bás ar chrann na croise ar ár son; gur eírigh sé an
treas lá ó mharbhaíbh; go ndeachaidh sé suas ar neamh;
go dtiocfaidh as san i ndeire an tsaoghail chum
breitheamhantais do thabhairt ar gach n-aon do réir a
n-oibreacha; go dtabharfidh sé an bheatha shíoruídhe mar
luach saothair do na deagh dhaoine agus pianta síoruidhe
ifrinn do na droch dhaoíne.



Tá aigne dhiongbhálta agam, le congnamh do naomh-
ghrásta, maireachtaint agus bás d'fhághail sa chrei-
deamh so.



Gníomh Dóchais.



Ó, a Thighearna, tá mainghín agus dóchas láidir agam,
tré d' mhór-thrócaire féin agus tré pháis agus bás ár
Slánuightheóra Íosa Críosd, go dtabharfidh tú grásta
agus trócaire agus maitheamhnachas am pheacaídhe dhom
ar an saoghal so agus an bheatha shíoraídhe sa tsaoghal
atá le teacht, de bhrígh gur gheallais iad do na daoínibh
a chuirean a mainghín agus an dóchas go h-iomlán
ionat, má dhéinid deaghoibreacha, nídh a gheallaimse
dhuit anois do dhéanamh, le congnamh do naomh-ghrásta.


L. 6


Gníomh grádh agus croídhe bhrúghadh.



Ó, a Thighearna, grádhaim thú os cionn gach uile nídh,
de bhrigh go bhfuilir ró ghrádhmhar ró thaithneamhach agus
ró mhaith ionat féin. Tá grádh agam do m' chomharsain
agus beidh do gnáth, mar mé féin, ar do shonsa. Tá
grádh chomh mór san agam duit gur túisge a sgarfinn
leis an saoghal go léir 'ná mar a sgarfinn leat.
Agus de bhrígh go ndéinean an peacadh marbhthach anam
an duine do sgarmhaint leat, tá cathúghadh agus dólás
croidhe chomh mór san orm, tré fheirg do chur ort riamh
leis an bpeacadh, go bhfuil aigne agam le congnamh
do naomh grásta gan tuitim ann as so suas agus
ócáidídhe an pheacadh do sheachaint go bráth airís.



Úrnaithe roim Aifrion.



Ó, a Athair ró thrócairigh a ghráidh chomh mór san an
domhan go dtugais suas t'aon Mhac féin chum sinne
shábháil, an t-É le h-úmhaluígheacht duitse agus ar
ár son-ne na peacaig, d'íslig é féin fós go bás na
croise, agus a leanan 'ghá ofráil féin go laetheamhail
tré lámhaibh na sagart ar son na mbeó agus na marbh
aithchimíd ort go h-úmhal creideamh fírinneach do
chruthúghadh ionainn ionas go n-iompróchaimís sinn
féin do ghnáth le h-iomad cráibhtheachta agus fhomóis
i láthair ídhbirtha fhíornaomhtha a chod' fola agus feóla
a déintear sa n-Aifrion, agus mar sin go dtiocfadh
linn bheith ranpháirteach sa n-ídhbirt a chuir sé i gcrích
ar chnuc Chalbherí.



Ar aon íntinn le d' naomh Eaglais agus le n-a
seirbhíseach, ag iaraidh impídhe na Maighdine Muire,
Máthair Dé, na n-aingeal agus na naomh go léir,
ofrálaimíd anois ídhbirt ró adhramhail an Aifrinn chum
t' onóra agus chum do ghlóire, ag admháil do dheagh-
mhéinne gan teóra, t' árdchómhachta os cionn gach
créatúra, ár bhfíor úmhluigheacht féin duit agus ár


L. 7


seasamh go h-iomlán ar do chongnamh ghrástamhail, ag
tabhairt buidhchais duit i dtaobh do thabhartaisí uile
agus chum maitheamnachais d'fhághail i n-ár bpeacaíbh.



Ofrálaimíd é ar son síolradh an chreidimh Chaitili-
cídhe, ar son ár n-athar ró naomhtha, an Pápa, ar son
ár n-easboig, ár n-uachtarán, agus ar son cléire uile
t' eaglaise naomhtha, ionus go dtreóróchaidís na
fíoraoin i slígh a slánuighthe, ar son síthchána agus
deaghmhéinne aimeasg gach pobuil agus gach stáit, ar
son ríachtanaisí na cine daona agus go h-áirighthe ar
son an phobuil atá anso láithreach, chum go bhfaighmís
gach grásta atá riachtanach dúinn ar an saoghal so,
aoíbhneas do-chríochnuighthe ar an saoghal eile agus
suaineas síoruidhe do na fíoraonaibh d'imthigh rómhainn.



Agus do réir mar a órduigh Íosa Críosd an uair a
chuir sé ar bun agá shuipéar dhéanach an rún diamhar
iongantach so a chómhachta a chríonachta & a mhaitheasa,
ofrálaimíd an t-Aifrion i gcuimhniúghadh buidhchais an
mhéud a dhein sé agus d'fhulaing sé le grádh dhúinn,
ag déanamh cuímhniúghadh spisialta ar a ghéur pháis
agus ar a bhás, ar a aiseírghe ghlórmhar agus ar a dhul
suas ar neamh.



Ó, a Dhia shíoruidhe uile chómhachtaig, (óir is duitse
amháin is dual ídhbirt chómh mór san) gaibh léi go
grástamhail chum na gcríoch so agus chum gach críche
eile is taithneamhach le d' naomhthoil féin, agus chum go
mbeadh sí níos taithneamhaíghe, ofrálaimíd duit í tríd
an Íosa Críosd céadna, do Mhac dílis, ár dTighearna
& ár Slánuightheór, ár n-árd shagart agus ár n-idhbirt,
agus i n-ainim na Tríonóide ró naomhtha, an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoímh. Amen.



(Na mion-ghníomhartha agus paidireacha eile ar
leathanacha a 39-42.)


L. 8


Liodán Íosa



A Thighearna, dein trócaire orainn.
A Chríosd, dein trócaire orainn.
A Thighearna, déin trócaire orainn.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist go ceannsa linn.
A Dhia, a Athair na bhflathas,
A Mhic Dé, a Shlánuightheóir an domhain,
A Dhia, a Spioraid Naoímh,
A Thríonóid Naomhtha, a aon Dia amháin,
A Íosa, a Mhic Dé Bheó,
A Íosa, a lonnradh an Athar,
A Íosa, a Ghileacht soluis síoruidhe,
A Íosa, a Rígh na glóire,
A Íosa, a Ghrian an chirt,
A Íosa, a Mhic na Maighdine Muire,
A Íosa ró ghrádhmhar,
A Íosa ró iongantach,
A Íosa, a Dhia chómhachtaig,
A Íosa, a Athair an tsaoghail atá le teacht,
A Íosa, a Aingeal na mór chómhairle,
A Íosa ró chómhachtaig,
A Íosa ró fhoidhnig,
A Íosa ró riaraig,
A Íosa is mín uiríseal croídhe,
A Íosa a thug grádh do'n gheanmnaídheacht,
A Íosa a thug grádh dhúinne,
A Íosa, a Dhia na síthchána,
A Íosa, a Úghdar na Beatha,
A Íosa, a Shampla gach sobhailce,
A Íosa, a Chara dhílis na n-anam,
A Íosa, a Dhia,
A Íosa, a Chomairce,
A Íosa, a Athair na mbocht,
A Íosa, a Shaidhbhreas na bhfíoraon,
A Íosa, a Dheagh-Aodhaire,



Dein trócaire orainn.


L. 9


A Íosa, a Fhíor-Sholus,
A Íosa, a Eagna Shíoruidhe,
A Íosa, a Mhaith gan teóra,
A Íosa, a Shlígh agus a Bheatha,
A Íosa, a Luathgháir na n-Aingeal,
A Íosa, a Rígh na bhfáig,
A Íosa, a Oide na n-aspol,
A Íosa, a Theagasgóir na Soisgéalaídhe,
A Íosa, a Neart na martear,
A Íosa, a Sholus na gconfesóirí,
A Íosa, a Gheanmnaídheacht maighdean,
A Íosa, a Choróinn na naomh uile.



Dein trócaire orainn.



Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, ná daor sinn.
Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, éist linn.



Ó'n uile olc,
Ó'n uile pheacadh,
Ó t' fheirg féin,
Ó chleasaibh an diabhail,
Ó spioraid na drúise,
Ó bhás shíoruidhe,
Ó fhailígh do d' mheanmna,
Tré rún diamhar t' Incholna Naomhtha,
Tré bhrígh do bheirtha,
Tré bhrígh do naoíndachta,
Tré bhrígh do bheatha dhiadha,
Tré bhrígh do shaothar,
Tré bhrígh do pháise agus do bhuartha,
Tré bhrígh do chroise augs do thréigin,
Tré bhrígh do mhór fhulang,
Tré bhrígh do bháis augs t' adhlacadh,
Tré bhrígh t' aiseirghe,
Tré bhrígh do dheasgabhála,
Tré bhrígh do luathghára,
Tré bhrígh do ghlóire.



Saor sinn, a Thighearna.


L. 10


A Uain Dé, a thógan peacaídhe an domhain,
Ná daor sinn, a Thighearna Íosa.
A Uain Dé, a thógan peacaídhe an domhain,
Éist linn, a Thighearna Íosa.
A Uain Dé, a thógan peacaídhe an domhain,
Dein trócaire orainn, a Thigearna Íosa.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist linn go ceannsa.



Guidhmís.



Ó, a Thighearna Íosa Críosd a dúbhairt "Iaraidh agus
tá le fághail agaibh, loirgidh agus do gheabhaidh sibh,
buailidh agus osgalóchar daoíbh;" aithchimíd ort go
h-umhal go dtabharfá dhúinn tabharthas do ghrádh ró
naomhtha, ionus go ngrádhóchaimís tu feasda le lán
chroídhe, le gach briathar agus le gach gníomh, agus ná
sgurfimís choídhche de d' mholadh-sa, atá beó ad Rígh
ar shaoghal gan fórchean. Amen.


L. 11


An
Teagasg Críosdaidhe.



Ceacht a h-aon.



Ceisd. Cé dhein an domhan?
Freagra. Dia.



C. Cé h-é Dia?
F. Cruthuightheoir agus árd thighearna neimhe agus
talmhan, ró mhaith agus ró iomlán.



C. Cá bhfuil Dia?
F. Ta sé ins gach uile áit.



C. Má tá Dia ins gach uile áit cad fá ná feici-
míd é?
F. De bhrígh gur fíor spioraid é agus ná fuil colan
aige.



C. An bhfeicean Dia gach uile nídh?
F. Chíon.



C. An bhfuil fios gach uile nídh ag Dia?
F. Tá.



C. An féidir le Dia gach uile nídh do dhéanamh?
F. Is féidir.



C. Cad fá gur chruthuig Dia sinn?
F. Chum aithne do chur air agus é ghrádhúghadh ar an
dtalamh so, agus chum séan síoruídhe do shealbhúghadh
'n dhiaigh so ar neamh.



C. Cad a thuigean tú le neamh?
F. Rígheacht glóire Dé.



C. Conus is féidir dúinn Dia d' aithint ar an
dtalamh so?
F. Leis na fírinnídhe a mhúin Sé dhúinn d' fhoghluim.



C. Cá bhfagham na fírinnídhe seo?
F. Táid go h-áirighthe ansa Chré.




L. 12


Ceacht a dó.



C. Abair an Chré?
F. "Creidim i nDia, &c."



C. Cé dhein an Chré?
F. An dá aspol déag.



C. Cad d' admhuighmíd sa Chré?
F. Na cínn-rúin diamhara agus alta ríachtanacha
eile.



C. Abair na cínn-rúin diamhara?
F. Aondacht agus Tríonóid Dé, Incholna, bás agus
aiseiríghe ár Slánuightheóra.



C. Cad fá go dtugtar cínn-rúin diamhara ortha
san?
F. De bhrígh nách féidir aoinne a thagan chum bliagh-
anta na tuigsiona do bheith sábhálta gan fios bunúsach
do bheith aige ortha agus iad do chreideamhaint.



C. Cad a chialuighean Aondacht Dé?
F. Ná fuil ann acht aon Dia amháin.



C. Cad a thuigean tu leis an dTríonóid?
F. Tuigim, ansan aon Dia amháin sin go bhfuil trí
pearsana diadha.



C. Ca mhéid Dia ann mar sin?
F. Ní'l acht aon Dia amháin. Ní féidír níos mó do
bheith.



C. Cá mhéid pearsa i nDia?
F. Táid trí pearsana i nDia.



C. Cé h-iad na trí pearsana iad san?
F. An t-Athair, agus an Mac agus an Spioraid
Naomh.



C. An bhfuil an t-Athair 'na Dhia?
F. Tá an t-Athair 'na Dhia.



C. An bhfuil an Mac 'na Dhia?
F. Tá an Mac 'na Dhia.



C. An bhfuil an Spioraid Naomh 'na Dhia.
F. Tá an Spioraid Naomh 'na Dhia?



C. Ná fuil trí déithe ann mar sin?
F. Ní'l. De bhrígh ná fuil acht aon nádúr amháin
diadha ins na trí pearsanaibh diadha san ní'l ionta
acht Dia amháin.


L. 13


C. An bhfuil aon phearsa de na trí pearsanaibh diadha
so níos eagnaíghe, níos seine ná níos mó cómhachta
ná chéile?



F. Ní'l, óir táid uile iomlán gan teóra.



Ceacht a trí.



C. Cad a chialuíghean Incholna?
F. Gur ghlac Mac Dé colan daona chum rinne d'
fhuasgailt agus do shábháil.



C. Cad a thuigean tu le colan daona do ghlacadh?
F. Nádúr an duine do ghlacadh, 'sé sin corp agus
anam mar atá againne.



C. Conus d' ainimníghean tú Mac Dé incholnuighthe?
F. Íosa Críosd, Fuasgalóir agus Slánuightheóir an
domhain.



C. Cé h-é Íosa Críosd?
F. Mac Dé, an dara Pearsa de'n Tríonoid ró
naomhtha, do ghlac colan daona.



C. Cár ghlac sé corp agus anam mar atá againne?
F. I mbroínn na Maighdine Glórmhaire Muire.



C. Conus sin?
F. Ghaibh sí é ó'n Spioraid Naomh.



C. Cá mhéid nádúr i n-Íosa Críosd?
F. Dhá nádúr, nádúr diadha agus nádúr daona.



C. Cad atá ceangailte orainn a chreideamhaint i
dtaobh Íosa Críosd?
F. Go bhfuil sé 'na fhíor Dhia agus 'na fhíor dhuine.



C. Cá bhfiul Íosa Críosd anois?
F. Sa mhéid gur Dia é tá sé ins gach uile áit,
agus sa mhéid gur duine é tá sé ar neamh amháin
agus i naomh-Shácramínt na h-altórach.



C. Cad fá gur ghlac Mac Dé colan daona?
F. Chum báis d' fhulang ar ár son.



C. Cad fá gur fhuiling Críosd bás ar ár son?
F. Chum cirt Dé do shásamh agus chum sinne do
shábháil ó ifrion agus ó chómhachtaibh an diabhail.



C. Cad fá go rabhmairne i gcómhachtaibh an diabhail?
F. De bhrígh gur geineadh sinn i bpeaca.


L. 14


C. Conus a tharla gur geineadh sinn i bpeaca?
F. De bhrígh go ndeárnadh ár gcéad athair agus ár
gcéad mháthair easúmhluígheacht i n-aghaidh Dé.



C. Cé chuir cath ortha chum easumhluígheachta do
dhéanamh i n-aghaidh Dé?
F. An diabhal.



C. Cad a thuigean tú leis an ndiabhal?
F. Aon de na h-aingealaibh a dhíbir Dia as na
flathasaibh.



C. Cad a thuigean tú le h-aingealaibh?
F. Spioraidí glana a cruthuigheadh chum Dia do
adhradh ar neamh.



C. Cad fá gur díbreadh aingil as na flathasaibh?
F. De bhrígh gur dheineadar méirleachas i n-aghaidh
Dé.



C. An bhfuil aon chúram eile ar na h-aingiolaibh acht
Dia d' adhradh?
F. Tá. Chuir Dia uaidh go minic iad mar theachtairí
chum daoíne, agus táid ceapaithe chum bheith d' ár
gcuímhdeacht.



C. Cad é an pionós a chuir Dia ar na h-aingiolaibh
a dhíbir sé as na flathasaibh?
F. Dhaor sé chum ifrinn iad.



C. Chad a thuigean tú le h-ifrion?
F. Áit 'na bhfuil pianta síoruídhe.



C. An bhfuil aon dream eile daor chum ifrinn acht
na diabhail?
F. Tá, na daoíne a gheibhean bás 'na namhdaibh ag Dia.



C. Cad é an luacht saothair a thug Dia do na
h-aingiolaibh d' fhan dílis?
F. Shocraidh sé iad go síoruídhe i nglóire.



Ceacht a ceathair.



C. Cad é an pionós a chuir Dia ar ár gcéad athair
agus ar ár gcéad mháthair?
F. Dhaor sé chum báis iad.



C. Ar chuir sé aon phionós eile ortha?
F. Do chuir. Bhain sé dhíobh gach teidiol dá raibh
acu chum flathais Dé, agus mórán eile tabharthaisí dár
bronadh ortha.


L. 15


C. Ar daoradh sinne mar a daoradh ár gcéad athair
agus ár gcéad máthair?
F. Do daoradh, de bhrígh gur thánamair ar an saoghal
so ciontach sa pheaca chéadna.



C. Conus ainimníghtear an peaca san?
F. Peaca an tsínsir.



C. Conus a gheibhmíd maitheamhnachas i bpeaca an
sínsir?
F. Tré mhór luacht bháis Chríosd do dhul chum sochair
dúinn sa bhaiste.



C. Ar ghlac Mac Dé colan daona gan maíl tar éis
an pheaca a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad
mháthair?
F. Níor ghlac, go dtí tímpal cheithre mhíle blian 'na
dhiaigh.



C. Cad é an lá a rugadh Íosa Críosd?
F. Lá Nollag.



C. An fada a mhair sé ar an dtalamh so?
F. Tímpal trí mblian ndéag ar fhichid.



C. Conus a chríochnuig sé a bheatha?
F. Fuair sé bás tárnálta ar chrois.



C. Cad é an lá a fuair Críosd bás?
F. Aoíne an Chéasda.



C. Cá bhfuair sé bás?
F. Ar chnuc Chalbherí.



C. Cá ndeachaidh anam Chríosd tar éis a bháis?
F. Chuaidh sé síos go h-ifrion.



C. An ndeachaidh a anam go h-ifrion na ndamanta?
F. Ní dheachaidh, acht go h-inead suainis ar a dtug-
tar limbó.



C. Cé h-iad a bhí i Limbó?
F. Anamnacha na bhfíoraon a fuair bás roim Chríosd.



C. Cad fá nár leigeadh go flathas Dé iad gan maíl
tar éis a mbáis?



F. De bhrígh go raibh flathas Dé dúnta i n-aghaidh gach
uile dhuine chum gur osgail Críosd le n-a bhas e.



C. Cá raibh corp Chríosd an fhaid a bhí a anam i
Limbó?
F. Bhí sé san uaig.


L. 16


C. An fada d' fhan corp Chríosd san uaig?
F. Cuid de thrí lá.



C. Cad d' imthig ar chorp Chríosd an trímhadh lá?
F. Do thóg sé é féin go glórmhar agus go do-
mharbhthach ó mharbhaíbh.



C. Cad é an lá d' eirig Críosd ó bhás?
F. Domhnach Cásga.



Ceacht a cúig.



C. Cad é an fhaid d' fhan Críosd ar an dtalamh so
tár éis na h-aiseiríghe?
F. Dachad lá.



C. Cad fá gur fhan sé ar talamh tar éis aiseirighthe
dhó?
F. Chum a thaisbeáint go soiléir gur aiseirig sé,
agus chum na n-Aspol do theagasg.



C. Cá ndeachaidh sé i gceann an dachad lá?
F. Do chuaidh sé suas ar neamh.



C. An ndeachaidh sé le n-a cholainn suas ar neamh?
F. Do chuaidh agus tá sé n-a shuidhe ar deas láimh Dé.



C. Cad a tuigtear le n-a rádh go bhfuil Críosd 'n-a
shúidhe ar deas láimh Dé?
F. Tuigtear gurab é Críosd, sa mhéid gur duine é
an t-é is giora do Dhia ar neamh.



C. Cá fada tar éis deasgabhála Chríosd gur chuir
sé an Spioraid Naomh uaidh?
F. Deich lá n-a dhiaig, 'sé sin, Domhnach Cíngíse.



C. Cad fá gur chuir sé an Spioraid Naomh uaidh?
F. Chum sinne do naomhúghadh, agus chum na n-Aspol
neartúghadh chum an tSoisgéil, 'sé sin an dlígh nua,
do chraobhsgaoíle.



C. Cad a tuigtear leis an ndlígh nua?
F. An dlígh a tugadh do na Críosdaidhthibh.



C. Cad a tuigtear leis an sean dlígh?
F. An dlígh a tugadh do na Iúduígheachaibh.



C. Conus aithníghtear gur Críosdaidhthe sinn?
F. Tré n-ár mbaiste, le dlígh Chríosd d' admháil,
agus tré chómhartha na croise.


L. 17


C. Conus a déintear cómhartha na croise?
F. Curtar an lámh dheas ar an éadan, ansan ar an
ucht, agus ansan ar an ngualainn chlé agus ansan ar
an ngualainn ndeis, agus deirtear le n-a línn sin,
"I n-ainim an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naoimh. Amen."



C. Cá bhfuil Críosdaidhthe fírinneacha le fághail?
F. Sa teampal fírinneach amháin.



C. Cad a tuigtear leis an dteampal fírinneach?
F. Cómhchruinniúghadh na bhfíorchreidmhach uile.



C. Conus ainimníghtear an teampal fírinneach?
F. An Teampal Caitilicídhe Rómhanach.



C. Cad fá go nglaoidhtear "Rómhánach" ar an
dteampal bhfírinneach?
F. Ó'n Róimh, mar is ann a chómhnuíghean ceann
so fheicse an teampail.



C. Cé h-é ceann sofheicse an teampail?
F. An Pápa, fear-inid Íosa Críosd.



C. Cé h-é ceann dofheicse an teampail?
F. Íosa Críosd féin, moladh go deo leis!



C. Cad fá go nglaoidhtear "Caitilicídhe" ar an
dteampal bhfírinneach?
F. De bhrígh go seasóchaidh an teampal fírinneach go
deire an tsaoghail agus go sruthfidh ar feadh críocha
an domhain uile.



C. Cé h-iad atá ar an dtaobh amuich de'n team-
pal?
F. An mhuíntir nár baisteadh, an dream a thuitean
fé chaindeal-bháth, agus an mhuíntir, tré na gcoir
féin, a leanan go ceanntréan earáid creidimh.



C. An bhfuil a thuile lasmuigh de'n teampal?
F. Tá, an mhuíntir a dhiúltuíghean úmhlacht dhleaghthach,
i neithibh spioradálta, do cheann sofheicse an team-
pail.



C. An féidir do'n teampal tuitim i n-earáid, ná
dul amú?
F. Ní féidir, óir do gheall Críosd go mbeadh sé
féin agus a Spioraid bheanuighthe do ghnáth i n' fhochair
agus ná buadhfadh dóirse ifrinn air.


L. 18


Ceacht a sé.



C. Cad a tuigtar le comaoíne na naomh?
F. Go dtéidhean na h-úrnuighthe agus na deagh
oibreacha a déintar sa teampal chum sochair do gach
n-aon a bhainean leis an dteampal.



C. Cad é an saidhbhreas spioradálta i n-a bhfuil
páirt ag na daoíne a bhainean leis an Eaglais?



F. Na Sácramintí, naomh-ídhbirt an aifrinn, úrnuighthe
na h-Eaglaise, agus deagh-oibreacha na bhfíoraon.



C. An leór do dhuine, chum bheith sábhálta, bheith 'na
Chaitilicí Rómhánach?
F. Ní leór. Ní foláir dó an peaca do sheachaint
agus an mhaith do dhéanamh.



C. Cad é an nídh peaca?
F. Aon smuíneamh toilteamhail, briathar ná gníomh a
deintear i n-aghaidh dlígh Dé.



C. Cad é an nídh peaca marbhthach?
F. Coir ró throm i n-aghaidh Dé, a bhainean grásta
naomhuighthe de'n anam agus a thuilean ifrean.



C. Cad é an nídh peaca sologhthach?
F. Peaca is lugha coir 'ná peaca marbhthach, ná
bainean grásta naomhuighthe de'n anam agus ná tuilean
ifrean.



C. Conus a ghortuíghean peaca sologhthach an t-anam?
F. Le grádh Dé i n-ár n-anam do luígheadúghadh,
agus le sinn do chlaonadh chum an peaca mhairbh.



C. Cad is grásta ann?
F. Tabhartas os cionn nádúra a thugan Dia féin
dúinn chum sinn do naomhúghadh agus do neartúghadh
chum flathas Dé do thuileamh.



C. Cad a thuigean tú le grásta naomhuighthe?
F. Na grásta a dheinean sinn i n-ár gcáirdibh ag
Dia.



C. An bhfuil grásta ríachtanach?
F. Tá, de bhrígh, gan grásta, nách féidir dúinn
flathas Dé do thuileamh.


L. 19


Ceacht a seacht.



C. Cá mhéid príomh pheacadh marbhthach ann?
F. Seacht cínn. Cínn pheacaí marbhthacha a tugtar
ortha.



C. Abair na cínn pheacaí marbhthacha?
F. Uabhar, saint, drúis, craos, fearg, formad, agus
leisge.



C. Cá dtéidhid an dream a gheibhean bás i bpeaca
mharbhthach?
F. Go h-ifrean ar feadh na síoruídheachta.



C. Cad tá d'fhiachaibh orainn a dhéanamh má thuitimíd
i bpeaca mharbhthach?
F. Aithreachas fírinneach do ghlacadh agus dul chum
faoísdine.



C. Cad fá go rachaimís chuim faoísdine nuair a
thuitimíd i bpeaca mharbhthach?
F. Chum caradais Dé d'fhághail thar n-ais agus chum
bheith do ghnáth olamh i gcóir an bháis.



C. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh tar éis tuitim i
bpeaca mharbhthach dúinn dá mba ná féadfimís dul chum
faoísdine?



F. Ba chóir dúinn aithreachas ró mhór do ghlacadh tré
tuitim ann, agus an chuid is lugha dhe, dúil do bheith
againn dul chum faoísdine.



Ceacht a h-ocht.



C. I n-éaghmais an pheaca do sheachaint cad é an
mhaith atá ceangailte orainn do dhéanamh?
F. Ní foláir dúinn aitheanta Dé agus na h-Eaglaise
do choimeád.



C. Abair na deich n-aitheanta?
F. 1. Creid, a mhic, i nDia go glan.
2. Ná tabhair ainim Dé gan adhbhar.
3. Coimeád an tsaoíre mar is cóir.
4. Tabhair do t'athair agus do d' mháthair onóir.
5. Ná dein marbhadh.


L. 20


F. 6. Ná dein drúis.
7. Ná dein guid.
8. Ná tabhair fiadhnaise bhréige i n-aon chúis.
9. Ná santuig fear ná bean nách leat féin.
10. Ná santuig clann duine eile, ná a áirnéis.



C. Cad a cheanglan an chéad aithne orainn?
F. Aon Dia amháin d' adhradh.



C. Conus dhéinimíd Dia d' adhradh?
F. Le creideamh, le dóchas, le carthanacht, le
n-urnuighthe, agus le h-ídhbirt.



C. Cad é an nídh creideamh?
F. Sobhailce diadha le na gcreidimíd go daingion
gach ar mhúin Dia dúinn.



C. Cad é an nídh dóchas?
F. Sobhailce diadha a bheir mainghín agus dóchas
láidir dúinn go bhfagham an bheatha shíoruídhe agus na
meodhain atá riachtanach chum a saothruighthe.



C. Cad é an nídh carthanacht?
F. Sobhailce diadha a bheir dúinn Dia do ghrádhúghadh
os cionn gach uile nídh, ar a shon féin, agus ár
gcómharsa mar sinn féin ar son Dé.



C. Cé h-é ar gcómharsa?
F. An chine daona uile, ár namhaid chómh maith le
n-ár gcáirdibh, agus iad san mar an gcéadna nách d'
ár gcreideamh.



C. An gcoisgean an aithne seo orainn onóir do
thabhairt do na naoímh?
F. Ní choisgean, de bhrígh ná tugaimíd dóibh an árd
onóir is dual do Dhia féin.



C. Cad é an deifrígheacht atá idir an onóir a
thugaimíd do na naoímh agus an onóir a thugaimíd do
Dhia féin?
F. Is ar Dhia amháin d' iaraimíd grásta agus
trócaire, agus ní iaraimíd ar na naoimh acht a
n-impídhe do chur suas chum Dé ar ár son.



C. Cad fá go n-onóraimíd taise na naomh?
F. De bhrígh go rabhdar a gcuirp roime seo 'na
dteampail ag an Spioraid Naomh agus go bhfaghaid
siad onóir an lá déanach ar neamh.


L. 21


C. Cad fá go leigimíd sinn féin ar ár nglúinibh i
lathair íomhághtha Chríosd agus na naomh?
F. Chum ár smuínte do shocrúghadh ar fhlathas Dé
agus chum sinn féin do spreagadh chum aithris do
dhéanamh ar na naoimh i n-ár mbeatha.



Ceacht a naoí.



C. Cad a cheanglan an dara h-aithne orainn?
F. Ár móide agus ár ngealamhna dlistineacha do
choimeád.



C. Cad a choisgean an dara h-aithne orainn?
F. Gach dearbhadh neamh-cheart; bréige; miona móra;
easgainídhe; diamhasladh; agus focail naomhaithiseacha.



C. An coir ró mhór leabhar eithig do thabhairt?
F. Coir ró sganramhail iseadh é, mar glaodhtar ar
Dhia chum fiadhnaise dhéanamh go bhfuil an nídh a deirtar
fíor, agus gan ann go fiosach acht bréag.



C. Cad a cheanglan an trímhadh h-aithne orainn?
F. An Domhnach do chaitheamh i n-úrnuighthe agus i
ngnóthaíbh diadha eile.



C. Cad iad na gnothaí diadha eile iadsan?
F. Aifrean d'éisteacht, beith ag éisteacht le teagasg,
agus ag léighe leabhar chríosdamhla.



C. Cad a choisgean an trímhadh h-aithne orainn?
F. Gach uile obair shaothruightheach gan riachtanas agus
brise lae an Tighearna go naomh-aithiseach.



C. Cad d'órduighean an ceathramhadh aithne?
F. Grádh agus uraim agus onóir do thabhairt d'
aithreachaibh agus do mháithreachaibh agus d'uachtaránaibh.



C. Cad a choisgean an cúigmhadh aithne orainn?
F. Gach dunmharbhadh toiltheamhail, troid agus imreas.



C. Cad eile a choisgean an cúigmhadh aithne?
F. Gach anchaint tharcaisneach, fuath, fearg agus rún
díoghaltais.

C. Cad a choisgean an sémhadh aithne?
F. Gach cómhluadar mígheanmnaídhe le fear, nó le
bean, nách le duine féin.



C. Cad eile a choisgean an aithne seo?
F. An uile amharc, nó focal, nó gníomh, mígheanmnaídhe.


L. 22


C. Cad a choisgean an seachtmhadh aithne?
F. Aon nídh de chuid duine eile do thógáil nó do
choimeád go h-aindleaghthach; agus gach díogbháil dá
ndéintear do'n chómharsa 'na strus.



C. Cad tá d'fhiachaibh orainn a dhéanamh an tan a
bhíon cuid duine eile go neamhdhlistineach againn?
F. Ní foláir dúinn é thabhairt thar n-ais má's féidir
dúinn é, nó ní maithfar an peaca dhúinn.



C. Cad a choisgean an t-ochtmhadh aithne?
F. Gach fiadhnaise neamhfhírinneach, breitheamhntas
anoban, bréaga, cúlchaint, agus tromaídheacht.



C. Cad tá d'fhiachaibh ar an muintir a mhasluíghean
clú a gcómharsan?
F. Ní foláir dóibh a ndíothal do dhéanamh ar an gclú
do chasadh, nó ní mhaithfar an peacadh dhóibh.



C. Cad a choisgean an naomhadh aithne?
F. Gach smuíneamh toiltheamhail drúise, dúil mhíghean-
mnaídhe, agus dlúthócáidí, nó fáthana, chum smuínte
truailighthe.



C. Cad a choisgean an deichmhadh h-aithne?
F. Gach dúil neamhdhlisdineach i gcuid ár gcómharsan.



Ceacht a deich.



C. An bhfuil sé ceangailte orainn mar an gcéadna
aitheanta na h-Eaglaise do choimeád?
F. Tá, óir "an t-é ná h-éistean leis an Eaglais,"
adeir Críosd, "creidig gurab ionan é agus an
págánach nó an poiblicánach."



C. Cá mhéid aithne thug an Eaglais dúinn?
F. Sé h-aitheanta :-



1. Aifrion d'éisteacht gach Domhnach agus lá
saoire.



2. Trosgadh agus tréighnas do dhéanamh ar na
laethanta órduighthe.



3. Faoísdin do dhéanamh i n-ár bpeacaíbh, an chuid
is lúgha dhé, uair sa mbliain.



4. Corp Críosd do ghlacadh um Cháisg nó tímpal
na Cásga.


L. 23


5. A gceart féin do dhíol leis an Eaglais.



6. Gan pósadh do dhéanamh sa n-aimsir choisgithe,
ná ins na glúinibh toirmisgthe gaoíl.



C. Cad é an nídh lá trosgaidh?
F. Lá ná ceaduighthear dúinn do chaitheamh acht aon
bhéile amháin, agus ar a mbíon feóil toirmisgthe
orainn.



C. Cad a tuigtear le laethibh tréighnais?
F. Laethe 'n gcoisgtar feóil orainn acht ar ar
féidir linn ár ngnáth-bhéilídhe do chaitheamh.



C. An leór dúinn dul uair sa mblain chum faoís-
dine?
F. Ní leór. Tá faoísdin ghnáthach ríachtanach do gach
uile dhuine, acht tá ceangailte orainn fé phéin pheacadh
mhairbh gan bheith bliain iomlán gan faoísdin.



C. Cá bhfuil sé d' fhiachaibh orainn comaoíne do
ghlacadh um Cháisg?
F. I n-ár bpróiste féin.



Ceacht a h-aondéag.



C. Cad é an nídh guidhe chun Dé.
F. Tógáil ar gcrathacha suas chum Dé, chum buídhchais
do bhreith leis, chum é do mholadh, agus chum a thabhar-
thaisí d' iaraidh.



C. Cá huair ba chóir dúinn úrnuithe do rádh?
F. Ba choir ná beadh i n-ár mbeatha, atá ídhbirtha do
Dhia, acht aon úrnuithe amháin chómhnuightheach; acht tá
d'fhiachaibh orainn úrnuithe do dhéanamh go h-áirighthe
ar maidin agus um thráthnóna, agus i n-am gach catha
agus gach guaise.



C. Cad iad na h-úrnuighthe is mó a chómhairlighthar
dúinn do rádh?
F. An Phaidir, an t-Ave Maria, agus an Chré.



C. Cé an Phaidir?
F. Íosa Críosd, moladh go deó leis!



C. Cé dhein an t-Ave Maria?
F. Do dhein an t-Aingiol Gábriel agus Naomh Eilís
an chéad chuid dé, agus do dhein an Eaglais an chuid
eile.


L. 24


C. An bhfuil sé dleaghthach onóir do thabhairt do'n
Mhaighdean Ghlórmhar?
F. Tá go cinte, de bhrígh gur thug Dia féin onóir di
agus "go ndéarfid cineacha an domhain gur bean-
uighthe í."



C. Cad í an onóir a bheirimíd di?
F. Onóraimíd í os cionn na naomh uile de bhrígh
gurab í máthair Chríosd í, acht ní thugaimíd di an onóir
is dual do Dhia.



Ceacht a dódhéag.



C. Cad a thuigean tu le sácramínt?
F. Cómhartha sofheicse a cheap Críosd chum grásta
thabhairt dúinn.



C. Cad as go bhfuil cómhachta ag na sácramíntí chum
grásta thabhairt dúinn?
F. As mórluachd bheatha Chríosd agus a bháis, a chuirid
chum sochair d'ár n-anamnachaibh.



C. Cá mhéid Sácramínt ann?
F. Seacht Sácramíntí.



1. Baiste.
2. Dul fé láimh Easboig.
3. Corp Chríosd.
4. Aithríghe.
5. Ola dhéanach.
6. Órd beanuighthe.
7. Pósadh.



C. Cad é an nídh Baiste?
F. Sácramínt a ghlanan sinn ó pheaca an t-sínsir,
agus a dhéinean Críosdaithe agus clann Dé dhínn.



C. Conus is cóir d'fhear no do mhnaoí baiste
thabhairt do leanbh i n-am ríachtanais?
F. Bas uisge do dhortadh ar cheann an leinbh, agus
a rádh le n-a línn sin, "Baistim thu i n-ainim an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."



C. Cad é an nídh dul fé láimh easboig?
F. Sacramínt do neartuighean sinn i n-ár gCrei-
deamh.


L. 25


C. Conus is cóir bheith olamh chum sácramínt dul-fé-
láimh-easboig do ghlacadh?
F. Fios aitheanta ár gCreidimh do bheith againn agus
bheith ar staid na ngrást.



C. Cad é an deifrígheacht atá idir shácramínt dul
fé láimh easboig agus sácramínt an bhaistí?
F. Tá, go ndéinean an baiste Críosdaithe agus
clann Dé dhínn, agus go ndéinean dul fé láimh easboig
Críosdaithe níos iomláine dhínn, agus saighdiúrí cróga
d' ár Slánuightheóir Íosa Críosd.



C. An bfuil dul fé láimh easboig ríachtanach?
F. Ar a shon gur féidir duine do shábháil i n' éagh-
mais, bheadh duine ciontach i bpeaca ró mhór a thabharfadh
failígh ann.



C. Cad é an pionós a cuireadh an Eaglais i dtusach
aimsire ar na h-aithreacha nó ar na máithreach a
leigfadh dá gclaínn bás d'fhághail gan an sácramínt
sin?
F. Aithríghe trí mblian. Agus taisbeanan san
dúinn gur mór an peaca failígh do thabhairt sa
tsácramínt sin an uair is féidir é fhághail.

C. Cad é an tairbhe a dhéinean an sácramínt sin
dúinn?
F. Neartuíghean sé i n-ár gcreideamh sinn, tugan
sé misneach dúinn chum ár gcreidimh d' adamháil os
árd agus do chosnamh i n-aghaidh namhad, agus chum ár
ndualgas do chómhlíonadh gan náire ar bith.



C. An dtugan sé aon tairbhe eile dhúinn?
F. Tugan, de bhrígh gur leis a ghlacaimíd an Spioraid
Naomh mar aon le na thíodhlaicídhe, agus séala bean-
uighthe an Tighearna i n-ár n-anam, chum go mbeidhmis
'nár saighdiúirí chrodha ag ár Slánuightheóir Íosa Críosd.



C. Ná tugan an Baiste an Spioraid Naomh agus a
thíodhlaicí dhúinn?
F. Tugan, acht ní chómh h-iomlán leis an sácramínt
seo é.



C. An féidir do dhuine an sácramínt dul fe láimh
easboig do ghlacadh thar aon uair amháin?
F. Ní féidir, agus is peaca ró mhór é ghlacadh go
fiosach an dara h-uair.


L. 26


C. Cad fá go mbuailean an t-easbog buile bhais sa
leacain ar an t-é a curtar fé láimh easboig?
F. Chum a chur i dtuisgint dó gur cóir dó bheith
olamh chum gach masla agus tarcaisne d' fhulang ar
son an chreidimh.



Ceacht a trídéag.



C. Cad é an nídh Sácramínt Chorp Críosd?
F. Fuil agus feóil anam agus Díacht ár Slánuigh-
theóra Íosa Críosd, fé ghné aráin agus fíona.



C. An bhfuil arán agus fíon i Sácramínt na
h-altórach?
F. Ní'l, de bhrígh go n-athruíghthar substaint an aráin
agus an fhíona i bhfuil agus i bhfeóil ár Slánuightheóra
Íosa Críosd, tré bhrígh na bhfocal le n-a ndeintear an
coisreacadh.



C. Conus is féidir an t-arán agus an fíon d'
athrúghadh i bhfuil agus i bhfeóil Críosd?
F. Le cómhachtaibh agus tré mhórmhaitheas Dé, ná fuil
aon nídh doicheamhail ná dodhéanta dhó.



C. Cad a thuigean tú le ídhbirt?
F. Gníomh Dia d'adhradh, le n' adhmhuíghmíd cómhachta
Dé go h-iomlán os ár gcoinn agus ár spleádhchas féin
go fórlíonta leis.



C. Cad í an ídhbirt atá sa dlígh nua?
F. Ídhbirt an aifrinn.



C. An bhfuil ídhbirt an aifrinn bun os cionn le
h-ídhbirt na croise?
F. Ní'l, de bhrígh gurab é an Slánuightheóir céadna
d 'ídhbir é féin go fuilteach ar an gcrois atá anois
'ghá ídhbirt féin ar ár n-altóiríbh, ar modh neamhfhuilteach.

C. Cad iad na h-adhbhair ar a n-abartar an t-aif-
rion?
F. Chum glóire thabhairt do Dhia, chum buidhchais do
bhreith leis i dtaobh a thabharthaisí, agus chum a ghrasta
agus a thrócaire d'iaraidh.

C. Cad é an fáth eile go ndeirtear an t-aifrion?
F. Chum páise agus báis ár Slánuightheóra do chur i
gcuímhne dhúinn.


L. 27


C. Conus is ceart dúinn bheith olam chum cumaoíne?
F. Ní foláir dúinn bheith ar staid na ngrást,
creideamh beó do bheith againn, dóchas laidir, agus
teasghrádh carthanachta. Agus is éigion beith ar céad-
longan ó mheadhan oídhche roim ré.



C. Cad is ceart dúinn a dhéanamh tar éis cumaoíne?
F. Is ceart duinn suím aimsire do chaitheamh ag
breith buídhchais le Dia agus ag rádh úrnuighthe.



C. An peaca mór cumaoíne do ghlacadh ar droch
staid?
F. Is peaca ró chritheaglach é, óir "an t-é d' ithean
agus d' ólan ar droch staid," adeir naomh Pól, "ithean
sé agus ólan sé breitheamhantas, 'sé sin, damnúghadh
dho féin."



Ceacht a ceathairdéag.



C. Cad é an nídh Sácramínt na h-aithríghe?
F. Sácramínt le na maithtear dúinn na peacaídhe
a dhéinimíd tar éis ár mbaisdí.



C. Cad iad na cómhachda le na maithtear peacaídhe?
F. Leis na cómhachda d' fhág Críosd agá eaglais.



C. Cá uair d' fhág sé na cómhachda san agá eaglais?
F. Go h-áirighthe nuair a dúbhairt sé le n-a Aspolaibh,
"Glacaidh an Spioraid Naomh; pé peacaídhe a mhaithfidh
sibh táid maithte."



C. Cad í an tslígh is feár chum deaghfhaoísdine do
dhéanamh?
F. Ar dtúis ní foláir dúinn grásta Dé d'iaraidh
chum í dhéanamh mar is cóir; an dara nídh, sgrúdadh
dúthrachtach orainn féin do dhéanamh, i dtaobh aitheanta
Dé agus na h-Eaglaise, chum fios d' fhághail cad ann,
nó cá mhéid uair, a pheacuíghmair, le smuíneamh le
briathar le gníomh nó le failíghe; an trímhadh nídh, sinn
féin do spreagadh chum doilghís croídhe fá fhearg do
chur ar Dhia; agus ansan, rún daingean do ghlacadh gan
an peacadh do dhéanamh airís, acht ár mbeatha do
leasúghadh.

C. Cad é an nídh croídhe bhrúghadh?
F. Doilgheas croídhe agus fuath don pheaca os cionn
gach uile nídh, de bhrígh go gcuirean sé fearg ar Dhia.


L. 28


C. Cad é an módh is feár chum sinn féin do spreag-
adh chum croídhe bhrúghadh?
F. A chuímhneamh gur chuireamair fearg ar Dhia a
thuilean ár ngrádh go h-iomlán.



C. Cad is cóir dúinn a dhéanamh i n-am faoísdine?
F. Is cóir dúinn beanacht an tsagairt d' iaraidh;
"adhmhuighim do Dhia, &c," do rádh, go dtí na focail
"tré m' choir féin, &c"; sinn féin do dhaoradh i n-ár
bpeacaí; ansan na peacaí d' ínsint go fírinneach:
ansan "ar an adhbar san athchuingim, &c," do radh;
agus éisdeacht go h-úmhal le cómhairle an tsagairt,
agus ár gcathúghadh d' athnuachaint le línn é thabhairt
na h-aspolóide dhúinn.



C. Cad is cóir a mheas do'n t-é a cheilfadh peaca
marbhthach i n-a faoísdin?
F. Tuitean sé i gcoir uathbhásach, agus i n-inead
maitheamhnachais d' fhághail cuirean sé suas níos mó
fearg Dé.



C. Cad is ceart dúinn a dhéanamh tar éis faoísdine?
F. Buídhchas do bhreith le Dia, agus ár mbreitheamh-
nachas aithríghe do chúiteamh.



C. An ndéanfadh an breitheamhnachas aithríghe a
chuirean an sagart orainn sásamh i n-ár bpeacaí i
ngach uile chás?
F. Ní dhéanfadh: acht is féidir dúinn a dteastuíghean
dé do dhéanamh suas le gníomharthaibh aithríghe uainn
féín, agus le toradh logha, agus ba chóir dhúinn fíor-
thaithíghe dhéanamh de na gníomharthaibh sásaimh seo.



C. An iad na beódha amháin a fhéadan cúiteamh do
thabhairt 'n-a bpeacaí le gníomharthaibh sásaimh?
F. An mhuíntir a gheibhean bás ar staid na ngrást
agus ná bíon leórghíomh iomlán déanta acu 'n-a
bpeacaíbh ar an saoghal so, fuilingid siad an leór-
gníomh iomlán i bPurgadóireacht.



C. Cad a thuigean tu le Purgadóireacht?
F. Pianós ar an saoghal eile, d' fhuilingean an
mhuíntir a gheibhean bás ar staid na ngrást agus gan
ceart Dé do bheit cúitighthe acu go h-iomlán 'na
bpeacaí.


L. 29


C. Cad é an creideamh Caitiliceach i dtaobh Purga-
dóireachta?
F. Go bhfuil a leithéid de staid ann, agus go
bhfuasgaltar na h-anamnacha a bhíon ann le h-urnuighthe
agus le deaghoibreacha na gCríosdaidhthe.



C. Cad a thuigean tu le logha?
F. Réidhteach ó'n bpianós aimsire d' fhanan go minic
i ndiaigh an pheaca tar éis maitheamhnachais d' fhághail
ansa choir.

C. Cé thugan amach logha?
F. An Eaglais.

C. An maithean logha peacaí?
F. Ní mhaithean. Ní foláir na peacaí do bheith
maithte sul ar féidir toradh an logha d' fhághail.

Ceacht a cúigdéag.



C. Cad is Ola déanach ann?
F. Sácramínt a cuireadh ar bun chum nirt agus
furtachta thabhairt do dhaoínibh le línn báis dóibh.



C. Cad a thuigean tu le h-Órd beanuighthe?
F. Sácramint a bheir easboig, sagairt, agus cléir
eile, do'n eaglais.



C. Cad a thuigean tú le pósadh?
F. Sácramínt a bheir grásta do'n lánmhain pósta
chum beith grádhach dílis dá chéile agus a gclann do
thabairt suas go riaghalta críosdamhail.



C. An féidir na sacramintí ghlacadh an athuair?
F. Is féidir acht amháin Baiste, dul fé laimh easboig,
agus Órd Beanuighthe.



C. Cad fá nach féidir iad san do ghlacadh an athuair?
F. Mar cuirid siad cómhartha, no séaladh, spiora-
dálta sa n-anam, nách féidir go bráth do chur as clódh.



Ceacht a sédéag.



C. Cá uair a bhearfidh Dia breitheamhntas orainn?
F. Gan stad tar éis ás mbáis, agus lá an bhreith-
eamhntais generalta.



C. An eireóchaid ár gcuirp uile an lá déanach?
F. Eireóchaidh, le h-órdughadh Dé.


L. 30


C. Cé bhéarfidh breitheamhntas orainn an lá déanach?
F. Íosa Críosd.



C. Cad fá go dtabharfidh sé breitheamhntas orainn
an lá san, tar éis breitheamhntais do thabhairt orainn
gan stad tar éis ár mbáis?



F. Chum a chirt do thaisbeáint os cómhair an domhain,
chómh maith agus do thaisbeáin sé a thrócaire.



C. Cad déarfidh Críosd leis an ndream maluighthe
an lá déanach?
F. "Imthíghidh uaim, a dhream mhaluighthe, go teine
shíoruidhe, do h-olmhuígheadh do'n diabhal agus dá
aingiolaibh."



C. Cad déarfidh Críosd leis na deaghdhaoínibh an
lá déanach?
F. "Gluaisíg liomsa, a dhream bheanuighthe seo m'
Athar, agus glacaig an rígheacht atá olamh daoíbh."



C. Cá rachaidh an dream maluighthe an lá déanach?
F. Curfar, idir chorp agus anam, iad go pianta
síoruídhe.



C. Cá rachaid na deagh dhaoíne an lá déanach?
F. Rachaid le n-a gcuirp glórmhara domharbhthacha,
go flathas Dé.



C. Cad a chialuighean "amen"?
F. Bíodh mar sin.


L. 31


APPENDIX



C. An bhfuil gach pearsa fé leith, de na trí pear-
sanaibh, 'na Dhia?
F. Tá, go fíor.



C. Nách sin trí deithe fé leith ann?
F. Ní h-eadh acht trí pearsana fé leith i n-aon Dia
amháin.



C. Conus san?
F. Mar ní'l ins na trí pearsanaibh acht aon nádúr
amháin diadha.



C. An féidir dúinn an nídh sin do thuigsint?
F. Ní féidir, acht tá sé ceangailte orainn a chrei-
deamhaint gur fíor é.



C. Conus is féidir dúinn a chreideamhaint gur fíor
é muna féidir dúinn é thuigsint?
F. Is 'mó rud is fíor nách féidir linn a thuigsint,
agus is 'mó rud a chreidimíd nách féidir linn a thuig-
sint.



C. Cá bh' fhios dúinn an fíor go bhfuil trí pearsan i
nDia?
F. Mar d' fhoilsigh Dia féin dúinn é.



C. Ciacu de na trí pearsanaibh a ghlac colan
daona?
F. An Mac.



C. Cad a ghlac sé?
F. Corp agus anam daona.



C. Cá 'r ghlac se colan daona?
F. I mbroínn na Maighdine Muire.



C. Conus?
F. Le h-oibriúghadh ó'n Spioraid Naomh.



C. Cathain?
F. Lá fhéile Muire, an cúigmhadh lá fichid do Mhárta,
naoi gcéad déag bliaghan ó shin.


L. 32


C. Cathain a rugadh é?
F. Oídhche Nodlag, trí rátha ó'n Márta san.



C. Cad é an ainim a tugadh air?
F. Íosa Críosd.



C. An bhfuil an dara pearsa de'n Tríonóid 'na Dhia
agus 'na dhuine ó sin?
F. Tá.



C. Conus is féidir Dia agus duine bheith i n-aon
phearsain amháin?
F. Ní féidir an nídh sin do thuigsint.



C. An bhfuil sé ceangailte orainn é chreideamhaint?
F. Tá.



C. Cá bh' fhios dúinn an fíor é?
F. D' fhoilsig Dia dhúinn é.



C. Cad chuige gur ghlac Mac Dé colan daona?
F. Chum báis d' fhulang ar ár son.



C. Cathain a fuair sé bás?
F. Aoíne an Chéasda.



C. An 'mó nádúr i n-Íosa Críosd?
F. Dhá nádúr, nádúr Dé agus nádúr duine.



C. Nuair a fuair sé bás ar sgar a anam le n-a
chorp?
F. Do sgar.



C. Ar sgar nádúr Dé le n-a anam?
F. Níor sgar.



C. Ar sgar nádúr Dé le n-a Chorp?
F. Níor sgar.



C. Conus d' aiseirig sé ó'n mbás?
F. Thug sé a chorp agus a anam chum a chéile airís,
le n-a chómhacht féin, agus ansan bhí sé glórmhar do-
mharbhthach, ag eirghe dhó as an uaig.



C. Cad a tuigtar le deasgabháil ár Slánuightheóra?
F. A ghabháil ar deasláimh Dé.



C. Cad é brígh na bhfocal san, "ar deasláimh Dé."
F. Go bhfuil ag Íosa Críosd, sa mhéid gur Dia é, na
cómhachta céadna atá ag an Athair Síoruidhe, agus sa
mhéid gur duine é gurab é is giora do Dhia ins na
flathais.


L. 33


C. Cad chuige gur fhuiling Críosd bás ar ár son-ne?
F. Chum sinn do shaoradh ó ifrion agus ó chómhachtaibh
an diabhail.



C. Cad do bheir sinn i gcómhachtaibh an diabhail?
F. Peacadh an sínsir.



C. Conus a thárla sinne bheith ciontac i bpeacadh an
tsínsir?
F. Óir, an easumhluígheacht a dhein ár gcéad athair
agus ár gcéad mháthair, do chuir sé an peacadh ortha
féin agus ar a sliocht, agus mar gheall ar sin do
geineadh agus do rugadh sinn i bpeacadh.



C. Ar chuaidh aoinne de shliocht Adam agus Ébha saor
ó'n bpeacadh san?
F. Do coimeádadh an Mhaigdean Mhuire saor uaidh,
óir bhí sí le bheith 'na máthair ag Mac Dé.



C. Ar rugadh aon duine eile saor uaidh?
F. Do rugadh, Naomh Eóin Baiste. Do glanadh é ó
pheacadh an tsínsir agus é i mbroínn a mháthar.



C. Cé chuir an eaglais ar bun?
F. Íosa Críosd.



C. Conus aithníghtear an eaglais a chuir Críosd ar
bun ó gach eaglais eile?
F. Táid cheithre cómharthaídhe sofheicse ar eaglais
Chríosd.



C. Cad iad na cheithre cómharthaídhe iad san?
F. Aondacht, naomhthacht, caitiliceacht agus aspol-
aitheacht.



C. Cad a chialuighean aondacht na h-eaglaise?
F. Nár chuir Críosd ar bun acht aon eaglais amháin,
gur thug dhi aon chreideamh amháin, agus gur chuir sé os
a cionn ar an saoghal so aon cheann sofheicse amháin.



C. Cé hé ceann sofheicse na h-eaglaise?
F. An Pápa.



C. Cad a chialuighean naomhthacht na h-eaglaise?
F. Gur naomhtha an t-É chuir ar bun í, gur naomhtha
a teagasg, gur naomhtha iad a sácramíntí, agus go
bhfuilid daoine naomhtha le fághail i gcómhnuíghe inti.


L. 34


C. Cad a chialuíghean caitiliceacht na h-eaglaise?
F. Gur sheasaimh sí gan chlaodhclódh ó chuir Críosd ar
bun í go dtí indiu, agus go seasóchaidh sí go deire an
tsaoghail, agus go leathfar í ar fuid an domhain uile.



C. Cad a chialuíghean aspolaitheacht na h-eaglaise?
F. Gurab í an eaglais chéadna inidu í a chraobh-
sgaoíleadar na h-aspoil ar dtúis, agus gur bh' í an
eaglais chéadna í an uile lá i gcaitheamh na h-aimsire
sin.



C. An mhuíntir a rugadh agus do tógadh i gcreideamh
eile, agus go dtuigid 'na n-aigne, i láthair Dé, gurab
é an creideamh fírinneach atá acu, an bhfuilid na
daoíne sin geártha amach ó'n eaglais?



F. Ní 'lid. Bainid na daoíne sin le h-anam na
h-eaglaise agus táid siad páirteach i gcomaoíne na
naomh, ar shlígh, agus i n-a lán de shaidbhreas spiora-
dálta na h-eaglaise, bíodh gan a fhios san do bheith
acu féin.



C. An 'mó sórd peacadh ann?
F. Dhá shórd; peacadh an tsínsir agus peacadh
ghnímh.



C. An 'mó sórd peacadh gnímh ann?
F. Dhá shórd; peacadh marbhthach agus peacadh sologh-
thach.



C. An 'mó cuma 'na ndeintear peacadh?
F. Cheithre chuma; le smuíneamh le briathar le gníomh
agus le faílíghe.



C. An peacadh gach droch smuíneamh?
F. Ní h-eadh muna dtugtar toil dó.



C. Cad iad na coínghíl atá ríachtanach chum gnímh do
bheith 'na pheacadh?
F. Ní foláir é bheith toilteamhail agus é bheith i n-
aghaidh dlíghe Dé.



C. Conus a deintear peacadh le briathar?
F. Le focal peacamhail nó le caint pheacamhail.



C. Cad a thuigean tú le dlígh Dé?
F. Aitheanta Dé agus na h-eaglaise.


L. 35


C. Cad í an aithne a bristear le smuíneamh
drúiseamhail?
F. An naoimhadh aithne d'aitheantaibh Dé.



C. Cad í an aithne a bristear le gníomh drúise, nó
le focal drúiseamhail?
F. An sémhadh aithne d'aitheantaibh Dé.



C. Cad í an aithne a bristear le leabhar éithig do
thabhairt?
F. An dara h-aithne agus an t-ochtmhadh aithne.



C. Conus a bhrisean leabhar éithig an dara h-aithne?
F. Mar nuair a thugan duine an leabhar tugan sé
Dia mar uradh leis, go bhfuil an fhírinne aige dá
ínnsint, agus más éitheach atá aige dá ínsint i n-inead
na fírinne, cuirean sé an t-éitheach san i leith Dé, agus
sin diamhasla.



C. Conus a bhrisean sé an t-ochtmhadh aithne?
F. Leis an mbréig féin.



C. Cad í an aithne bhrisfadh duine a shéanfadh a
chreideamh?
F. An chéad aithne, agus an dara h-aithne. Agus
brisean sé an t-ochtmhadh aithne leis, mar séanan sé os
cómhair daoíne an nídh an chreidean sé 'n-a chroídhe agus
sin bréag.



C. Cad í an aithne bhrisfadh duine d'íosfadh feóil De
h-Aoíne?
F. An dara h-aithne d'aitheantaibh na h-eaglaise.



C. Cad í an aithne a bhrisfadh duine d'fhanfadh breis
agus bliaghain gan dul chum faoísdine?
F. An trímhadh aithne d'aitheantaibh na h-eaglaise
agus bheadh an aithne briste aige chomh luath agus beadh
an bhliaghain iomlán caithte aige.



C. Cad í an aithne a bhrisfadh an t-é dhéanfadh díobháil
d'á chómharsain 'na chuid?
F. An seachtmhadh aithne.



C. Cad í an aithne bhrisfadh duine dhéanfadh díobháil
d'á chómharsain 'na phearsain?
F. An cúigmhadh aithne.


L. 36


C. Cad í an aithne a bhrisfadh duine a chuirfadh é féin
ar meisge?
F. An chúigmhadh aithne.



C. Conus san?
F. Deinean sé díobháil d'á phearsain féin, mar
bainean sé dhé féin an mheabhair agus an chial a thug
Dia dhó, agus sin peacadh trom i n-aghaidh Dé.



C. Cad a tuigtar le col?
F. Gaol nó cómhgas a dheinean cosg ar phósadh.



C. Cad é an gaol a dheinean cosg ar phósadh?
F. Trí ghlúine gaoíl, ag cómhreamh ó'n bpréimh.



C. Cá bhfuil an phréamh?
F. An lánmha ó's shíolraidh na trí ghlúine gaoíl.



C. Ainimnigh na trí ghluine?
F. Clann na lánmhan an chéad ghlúin;
Clann na clainne sin, an dara glúin;
A gclann san, an trímhadh glúin.



C. Cad é an deifrígheacht atá idir ghaol agus
cómhgas?
F. Sa ghaol sroisean gach glúin ar thaobh na trí
ghlúine ar an dtaobh eilé. Sa chómhgas sroisid dá
ghlúin ar thaobh aoinne amháin ar an dtaobh eile. Tá
cómhgas idir fhear agus gaolta a mhná, nó idir mhnaoí
agus gaolta a fir, acht tá gaol idir aon bheirt atá
laistig de na trí ghlúinibh.



C. An bhfuil cómhgas spioradálta ann?
F. Tá. An t-é sheasuighean chum baistí le leanbh,
tá cómhgas spioradálta idir é agus an leanbh; agus
tá cómhgas spioradálta idir an mháthais-baistí agus
an leanbh.



C. Cad a thuigean tú le pósadh fé cheilt?
F. Pósadh ná deintear os cómhair na h-eaglaise.



C. Cad iad na paidreacha áirighthe is gnáth le
daoínibh do rádh ar maidin agus isdoidhche?



F. "Ár n-Athair atá ar neamh," agus "Go mbean-
úighthear duit, a Mhuire," agus Crédh na n-Aspol, agus
"Admhuíghim do Dhia." Agus ba mhaith an rud an
Choróinn Mhuire do rádh leis.


L. 37


C. Cé chúm an phaidir sin, "Ár n-Athair atá ar
neamh"?
F. Íosa Críosd féin, moladh go deo leis!



C. Cad chuige gur chúm sé an phaidir sin?
F. Chum a mhúine dhúinne conus is ceart dúinn ár
n-athchuingí do chur chum Dé.



C. Cá mhéid athchuinge sa phaidir sin?
F. Seacht n-athchuinge.



C. Abair iad?
F. Iaraimíd ar Dhia, ar dtúis, go gcuirfadh
sé i n-ár gcroídhthibh uile a ainim do naomhughadh,
'sé sin glóire agus onóir do thabhairt d'á ainim ró
naomhtha.



Sa dara h-athchuinge iaraimíd ar Dhia go dtiocfadh
a rígheacht, 'sé sin le rádh, go mbeadh rígheacht agus
buadh ar an bpeacadh ag grásta De i n-ár gcroídhe
go h-iomlán ar an saoghal so, ionus go bhfaighmís
rígheacht na bhflathas ar an saoghal eile.



Sa trímhadh h-athchuinge iaraimí ar Dhia grásta
thabhairt do'n chine daona uile ionus go ndéanfí a
thoil naomhtha ar an saoghal so go h-iomlán, fé mar a
dheínid na naoimh agus na h-aingil a thoil ar neamh.



Sa cheathrmhadh athchuinge iaraimíd ar Dhia gach
nídh atá i n-easnamh orainn i dtaobh anama agus
chuirp.



Sa chúigmhadh athchuinge iaraimíd ar Dhia ár bpeacaí
do mhaitheamh dúinn, agus geallaimíd dó go maithfimíd
féin do'n uile dhuine gach gníomh a déantar i n-ár
n-aghaidh.



Sa sémhadh athchuigne iaraimíd ar Dhia sinn
do choimeád le n-a ghrástaibh ó gach contabhairt
peacadh.



Sa seachtmhadh athchuinge iaraimíd ar Dhia sinn
do shaoradh ó an uile olc agus go mór mór ó'n
bpeacadh.


L. 38


C. Cad iad na tíodhlaicí a thugan dul fé láimh
easboig dúinn?
F. Seacht tíodhlaicí an Spioraid Naoímh.



C. Abair iad?
F. Eagna, Tuigsint, Cómhairle, Neart, Fios, Cráibh-
theacht, Eagla an Tíghearna.



C. Cad is Eagna ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a thugan neamhshuím
dúinn i neithibh saoghalta agus speóis i ngnó ár
n-anama.



C. Cad is Tuigsint ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, tré n-a dtuigimíd
go soiléir fírinní ár gcreidimh, agus tré n-a ndeinimíd
dá réir.



C. Cad is Cómhairle ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a sheólan sinn
chum glóire thabhairt do Dhia, agus chum leas ár
n-anama do dheánamh.



C. Cad is neart ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a thugan misneach
spioradálta dúinn chum gach buairt agus trioblóid
saoghalta d' fhulang ar son Críosd, agus chum buadh
do bhreith ar namhaid ár n-anama.



C. Cad is Fios ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, le n-a n-aithnímíd
an tslígh chóir chum Dé, ionus go leanfimís í, agus le
na n-aithnímíd an tslígh atá aímhleasta, ionus go seach-
nóchaimís í.



C. Cad is Cráibhtheacht ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, a bheir dúinn gach
nídh a thabharfadh glóire agus onóir do Dhia do dhéanamh
go h-éasga agus go h-úmhal.



C. Cad is eagla an Tighearna ann?
F. Tíodhlaice ó'n Spioraid Naomh, trí n-a gcrith-
níghmíd le h-eagla roimh aon nídh do dhéanamh a chuirfad
fearg ar Dhia.


L. 39


Teachtaireacht an Aingil.



V. Tháinig Aingeal an Tighearna le sgéala chum
Muire.



R. Agus do ghaibh sí gein ó'n Spioraid Naomh.
Go mbeannuíghthear duit, a Mhuire, &c.



V. Féuch, mise cailín an Tighearna.



R. Go ndéintear liom do réir t' fhocail.
Go mbeanuíghthear duit, a Mhuire, &c.



V. Agus do ghlac Mac Dé colan daona.



R. Agus do chómhnuig sé 'nár measg.
Go mbeanuighthear duit, a Mhuire, &c.



V. Guidh orainn, a naomh Mhathair Dé.



R. Ionus go mb' fhiú sin geallamhna Chríosd d'
fhághail.



An Ghuídhe.



Guidhmíd thu, a Thighearna, do ghrásta do dhortadh go
líonmhar i n-ár n-anamnacha, ionus, tar éis fios d'
fhághail dúinn, tré theachtaireacht an aingil, ar theacht
Íosa Críosd, do Mhic, i gcolan daona, go dtiocfadh
linn sroisint chum glóire a aiseiríghe tré neart a pháise
agus a chroise naomhtha, tré Íosa Críosd ár dTighearna. -
Amen.



Go dtugaidh Dia cabhair agus congnamh i gcómhnuighe
dhúinn. Agus do dtugaidh Dia suaineas síoruídhe do
na fióraonaibh d'imthig rómhainn. Amen.


L. 40


An Salbhé Regína.



Go mbeannuighthear dhuit, a Bhanríoghan Naomhtha, a
Mháthair na Trótaire. Go mbeannuighthear dhuit! Is
tu ár mbeathadh, ár mísleacht, agus ár ndóchas. Is
ort-sa do sgreaduimíd, clann bhocht díbeartha Ébha.
Is chugat-sa suas a chuirimíd ár n-osna, ag caoi agus
ag gol sa ghleann so na ndeór. Iompuigh orrainn
dá bhrí sin, a comairce caomh-uasal, do shúile atá
lán de thruagh, agus nuair a bheidh deire le n-ár
ndíbirt, tabhair radharc dúínn ar thora do bhroinne,
Íosa, a Mhaighdean Mhuire ró-thrócuireach, ró-ghrádhmhar,
ró-mhilis.



V. Guidh orrainn, a Naomh Mháthair Dé.



R. Ionas go mb'fhiú sinn toradh geallamhna Chríost
d'fhághail.



Na Mion-Gníomhartha.



Dólás mar gheall ar Pheacaíbh.



A Thigharna Dia atá go ró mhaith, tá cathú orm mar
gheall ar mo pheacaíbh. Maith dhom iad, agus tabhair
congnamh dom chun gan iad do dhéanamh airís.



Gníomh Creidimh.



A Dhia na Glóire, creidim ionat-sa, agus creidim
gach nídh d'á múinean an Eaglais dúinn, mar do
thuguis-si dhi an fhírinne do mhúineadh.



Gníomh Dóchais.



A Dhia na Glóire, is ort-sa atá mo sheasamh, is asat-
sa atá mo mhainghin agam, go dtabharfaidh tú grásda
agus trócaire agus maitheamhnachas i m' peacaidhe
dhom ar an saoghal so agus radharc ort féin sa
tsaoghal atá le teacht. An radharc san go dtugair
dúinn, a Thiagharna. Amen.


L. 41


Gníomh Gradh.



A Dhia na Glóire, mo grádh thu! Mo grádh thu os
cionn gach uile nidh, mar is tú amháin is maith. Agus
mo grádh mo chomharsa mar me féin ar do shonsa.



Ag Eighrí ar Maidin duit abair le
Dia na Glóire.



A Dhia na Glóire, mo ghrádh thu! Do thugais saor
ó'n oidhche mé agus táim buidheach díot. Bheirim mé
féin suas indiu duit idir chorp agus anam. Go
dtugaidh do ghrásda dhom mo smaointe go léir agus
mo ghníomhartha go léir do dhul chun onóra dhuit-se
agus chún sochair dom anam. Trí Íosa Críost ár
dTiagharna. Amen.



Abair Let' Aingeal Coimhdeachda.



A Aingil Dé, mo grádh thu. Mo grádh Dia a chuir
me mar chúram ort. Comhairlidh me, díon me stiú-
raidh me, cimeád ar mo leas me, indiu agus ó indiu
go dtí lá mo bháis, agus tabhair suas dom Shlanuigh-
theoir me an lá son.



Altú roim Biadh.



A Thiagharna Dia! Cuir do bheannacht orrainn
féin agus ar do thabharthaisdíbh, trí Íosa Críost ár
dTiagharna. Amen.



Altú tar éis Bídh.

Bheirimíd buidheachas na beathadh so dhuit, a Dhia
Mhuair an uile chomhacht, agus i dtaoibh do thabhar-
thaisdí go léir, agus beannacht Dé le h-anman na
marbh, go dtugaidh Dia suaimhneas síoraidhe dhóibh.
Amen.


L. 42


Le linn dul a codladh dhuit, abair.



A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, tugaim suas díbh mo
chroidhe agus m'anam.



A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, bidhidh ag cabhrughadh liom
le linn mo bháis.



A Íosa, a Mhuire, a Ióseph, go dtugadh suas m'anam
dibh í síothcháin Dé.



Isteach i do láimh féin go nglacair mo sprid, a
Thiagharna.



M'anam go nglacair uaim, a Thiagharna Íosa.



Liodán na Maighdine Muire.



Cuirimíd sinn féin fé d'chomairce, a naomh Mháthair
Dé. Ná diúltuig d'ár n-úrnuighthe i n-am ár riachtanais
acht ó'n uile bhaoghal saor sinn, a Mhaighdean ghlórmhar
bheanuighthe.



A Thighearna, dein trócaire orainn.
A Chríosd, dein trócaire orainn.
A Thighearna, dein trócaire orainn.
A Chríosd, éist linn.
A Chríosd, éist go ceannsa linn.
A Dhia, a Athair na bhflathas, dein trócaire orainn.
A Mhic Dé, a fhuasgalóir an domhain, dein trócaire
orainn.
A Dhia, a Spioraid Naoimh, dein tróaire orainn.
A Thríonóid naomhtha, a aon Dia amháin, dein trócaire
orainn.


L. 43


A Naomh Mhuire,
A Naomh Mháthair Dé,
A Naomh Mhaighdean na maighdean,
A Mháthair Chríosd,
A Mháthair na ngrásda ndiadha,
A Mháthair ró ghlan,
A Mháthair ró gheanmnaíghe,
A Mháthair gan truailiúghadh,
A Mháthair gan toibhéim
A Mháthair gheanmhail,
A Mháthair iongantach,
A Mháthair ár gCruthuightheóra,
A Mháthair ár Slánuightheóra,
A Mhaighdean ró eagnaídhe,
A Mhaighdean ró onórach,
A Mhaighdean chlúmhail,
A Mhaighdean chómhachtach,
A Mhaighdean cheannsa,
A Mhaighdean dílis,
A Sgáthán an chirt,
A Chathaoír na h-eagna,
A Chúis ár luathghára,
A Shoítheach Spioradálta,
A Shoítheach onóra,
A Shoítheach cráibhtheachta fé leith,
A Rós dhiamhair,
A Thúr Dáibhid,
A Thúr eabhuir,
A Thig óir,
A Árc na Conartha,
A Gheata na bhflathas,
A Réultan na maidhne,
A Shláinte na n-easlán,
A Chumaraídhe na bpeacach,
A Shólás na ndobrónach,
A Chongnamh na gCríosdaithe,
A Bhanríghin na n-aingeal,
A Bhanríghin na n-árdathar,
A Bhanríghin na bhfáig,



Guidh orainn.


L. 44


A Bhanríghin na n-Aspol,
A Bhanríghin na Martir,
A Bhanríghin na gConfesóirí,
A Bhanríghin na Maighdean,
A Bhanríghin na naomh uile,
A Bhanríghin a gabhadh gan peaca an tsínsir,
Guidh orainn.



A Bhanríghin na Coróinneac Muire ró naomhtha, guidh
orainn.
A Uain Dé a thógan peacaidhe an domhain, ná daor
sinn, a Thighearna.
A Uain Dé a thógan peacaidhe an domhain, deónuig
eisteacht linn, a Thighearna.
A Uain Dé a thógan peacaidhe an domhain, dein
trócaire orainn, a Thighearna.
A Thighearna, dein trócaire orainn,
A Chríosd, dein trócaire orainn,
A Thighearna, dein trócaire orainn.
Guidhmíd thu, a Thighearna, do ghrásta do dhorta, &c.
(Mar atá thuas.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services