Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Meagnaidh Cúigidh Uladh
Title
Guth na mBárd - Meagnaidh Cúigidh Uladh
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd Meagnaidh Cúigidh Uladh. Caibidil VIII. Annso thíos tá dhá amhrán greannmhara meignaidheachta: — I. Tháinig an samhradh is d'fhás an féar Tháinig an geimhreadh is an sneachta géar Tháinig mo ghrádh-sa le fáinne an lae Is d'imthigh sí tráthnóna is m'airgead léithi. II. Bhíos 'mo fhear simplidhe Agus i ngrádh le bliadhain Acht b'fhearr liom-sa an bhean seo Ioná bhfaca mé ariamh. III. Cha raibh mo ghrádh dubh Cha raibh mo ghradh buidhe Acht gruaig a cúil chruinne Dáth-fhionn an róigh. IV. Bhí an talamh rígh-bheannuighthe Ar a siubhalann sí, Bhí mise rígh malluighthe, Le mhuin mo chroidhe. V. Gheall mo ghrádh dhom-sa Is gheall sí faoi dhó Nach ndéanfadh sí mo mhalairt Anois nó go deo. VI. Cha raibh margadh nó aonach Nach mbéidheadh sí liom Is i dtigh mór an leanna Bhéidheadh a fonn-bhriocht. VII. Sgáirtfinn ar an ól Is bhuailfinn an chlár, Sgaoilfinn an t-airgead Is sgaoilfeadh sise an grádh. VIII. Cha ritheann an t-airgead Mar ritheann an grádh An t-ór a bheith caithte D'imthigh sí as go bráth. IX. Tháinig an samhradh Is d'fhás an féar Tháinig an geimhreadh Is an sneachta géar. X. Tháinig mo ghrádh-sa Le fáinne an lae Is d'imthigh sí tráthnóna Is m'airgead léithi.
An Phlaiteann Nocht. An Fonn “Cosa Buidhe Árda.” O, cloisim an saoghal dá rádh Gur gairid an spás má mháiream-na, Go bhfeicimíd Laochradh Fáil, Ag imtheacht gan snáth ar a mbaitheasaibh An Caroline aerach árd, An Jerry bhí tráth go faiseanta, 'S an Seana-translation breagh I n-ainm na fláige caithfear iad. Gach Johnny dá dtéigheann cois trágha, Má fhanann tar lár na seachtmhaine ann, Filleann fé réir na MA 'S gan scaille na ngrás de hata aige, An Caroline, &c. Lucht rothair a réidh-thiomáint, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Sathairnn, Cleachtadh an mhaol gan scáith — 'Sé barra na ngnás i Sasana é. An Caroline, &c. Cois imeallaibh féir an Chláir Tá oide de'n tsár-lucht taistil ann, Is measann gach bhéith san áit Gur buile fé ndeárr a chnáp-luime! An Caroline, &c. A leanbhaí gan chéill atá D'bhur raide 'sna stáiribh magaidh seo, I n-ainm Mhic Dé na ngrás Bíodh “cobher” an bhárr bhur mbaitheas-sa. An Caroline, &c. Ná tuillid do Ghaedhlaibh Fháil Scige lucht táire is tarcuisne; Caithid birréad gach lá, 'S ná bacaidh le gnás an tSasanaigh. An Caroline, &c. Ceangal Gach faráire dheighshíol Mheidhbhín mháithchumais, Do chleachtann gan caidhpín coigthigheas fada amuigh, Raidhfear le feidhmdlighe seidhil mí i gcarcair dho 'S “cathbharra baintrighe meidhrighe” a chaitheamh ann. TÓRNA TAGRA Díolannach óg san Oifig againn a thugann “Translation” ar hata do dheintear d'éadeach. Deir sé linn go bhfuil sé féin ag cuimhneamh ar bhuig a chaitheamh ar nós lucht an dlighe mar ná fuil aon tseift eile le déanamh aige chun faiseann nua a ghearradh amach dhó féin. Níl aon teora le haos óg na haimsire seo. “Airighim go bhfuil ag dul de'n chaitheamh a bhíodh i ndiaidh “an mhaol gan scáith” i Sasana. Anois an t-am againn-ne chun leanamhaint de. Go dtuga Dia ciall dúinn. Ceist, an “faraire” gach duine de shíol Ghaedhil Ghluis, agus gan na mná d'áireamh? Ní dóigh liom, pé scéal é, gur i bpríosún go cheann mí badh chóir lucht séanta na gcaidhpíní a chur acht ar saor-thuras go dtí Gleann na nGealt. B'é an Seanndraoi a thug “cathbharra baintrighe meidhrighe” ar “Merry Widow Hat.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services