Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Meagnaidh Cúigidh Uladh

Title
Guth na mBárd - Meagnaidh Cúigidh Uladh
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd



Meagnaidh Cúigidh Uladh.



Caibidil VIII.



Annso thíos tá dhá amhrán greannmhara
meignaidheachta: —



I.
Tháinig an samhradh is d'fhás an féar
Tháinig an geimhreadh is an sneachta géar
Tháinig mo ghrádh-sa le fáinne an lae
Is d'imthigh sí tráthnóna is m'airgead léithi.



II.
Bhíos 'mo fhear simplidhe
Agus i ngrádh le bliadhain
Acht b'fhearr liom-sa an bhean seo
Ioná bhfaca mé ariamh.



III.
Cha raibh mo ghrádh dubh
Cha raibh mo ghradh buidhe
Acht gruaig a cúil chruinne
Dáth-fhionn an róigh.



IV.
Bhí an talamh rígh-bheannuighthe
Ar a siubhalann sí,
Bhí mise rígh malluighthe,
Le mhuin mo chroidhe.



V.
Gheall mo ghrádh dhom-sa
Is gheall sí faoi dhó
Nach ndéanfadh sí mo mhalairt
Anois nó go deo.



VI.
Cha raibh margadh nó aonach
Nach mbéidheadh sí liom
Is i dtigh mór an leanna
Bhéidheadh a fonn-bhriocht.



VII.
Sgáirtfinn ar an ól
Is bhuailfinn an chlár,
Sgaoilfinn an t-airgead
Is sgaoilfeadh sise an grádh.



VIII.
Cha ritheann an t-airgead
Mar ritheann an grádh
An t-ór a bheith caithte
D'imthigh sí as go bráth.



IX.
Tháinig an samhradh
Is d'fhás an féar
Tháinig an geimhreadh
Is an sneachta géar.



X.
Tháinig mo ghrádh-sa
Le fáinne an lae
Is d'imthigh sí tráthnóna
Is m'airgead léithi.


L. 06


An Phlaiteann Nocht.



An Fonn “Cosa Buidhe Árda.”



O, cloisim an saoghal dá rádh
Gur gairid an spás má mháiream-na,
Go bhfeicimíd Laochradh Fáil,
Ag imtheacht gan snáth ar a mbaitheasaibh
An Caroline aerach árd,
An Jerry bhí tráth go faiseanta,
'S an Seana-translation breagh
I n-ainm na fláige caithfear iad.



Gach Johnny dá dtéigheann cois trágha,
Má fhanann tar lár na seachtmhaine ann,
Filleann fé réir na MA
'S gan scaille na ngrás de hata aige,
An Caroline, &c.



Lucht rothair a réidh-thiomáint,
Dia Luain, Dia Máirt, Dia Sathairnn,
Cleachtadh an mhaol gan scáith —
'Sé barra na ngnás i Sasana é.
An Caroline, &c.



Cois imeallaibh féir an Chláir
Tá oide de'n tsár-lucht taistil ann,
Is measann gach bhéith san áit
Gur buile fé ndeárr a chnáp-luime!
An Caroline, &c.



A leanbhaí gan chéill atá
D'bhur raide 'sna stáiribh magaidh seo,
I n-ainm Mhic Dé na ngrás
Bíodh “cobher” an bhárr bhur mbaitheas-sa.
An Caroline, &c.



Ná tuillid do Ghaedhlaibh Fháil
Scige lucht táire is tarcuisne;
Caithid birréad gach lá,
'S ná bacaidh le gnás an tSasanaigh.
An Caroline, &c.



Ceangal



Gach faráire dheighshíol Mheidhbhín mháithchumais,
Do chleachtann gan caidhpín coigthigheas fada
amuigh,
Raidhfear le feidhmdlighe seidhil mí i gcarcair dho
'S “cathbharra baintrighe meidhrighe” a chaitheamh
ann.



TÓRNA



TAGRA
Díolannach óg san Oifig againn a thugann
“Translation” ar hata do dheintear d'éadeach.
Deir sé linn go bhfuil sé féin ag cuimhneamh ar
bhuig a chaitheamh ar nós lucht an dlighe mar ná
fuil aon tseift eile le déanamh aige chun
faiseann nua a ghearradh amach dhó féin. Níl
aon teora le haos óg na haimsire seo.



“Airighim go bhfuil ag dul de'n chaitheamh a bhíodh
i ndiaidh “an mhaol gan scáith” i Sasana. Anois
an t-am againn-ne chun leanamhaint de. Go
dtuga Dia ciall dúinn.



Ceist, an “faraire” gach duine de shíol
Ghaedhil Ghluis, agus gan na mná d'áireamh?
Ní dóigh liom, pé scéal é, gur i bpríosún go
cheann mí badh chóir lucht séanta na gcaidhpíní a
chur acht ar saor-thuras go dtí Gleann na
nGealt.



B'é an Seanndraoi a thug “cathbharra
baintrighe meidhrighe” ar “Merry Widow Hat.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services