Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge. Ag cruinniughadh de Chumann na nDéantú i mBéal Feirste an tseachtmhain so ghabh tharainn bhí Uachtarán Choláiste na Trionóide i láthair 's thosaigh ag clamhsán go raibh £14,000 dá gcaitheamh ar son múinteachais na Gaedhilge ins na sgoileannaibh. Ní raibh mórán muinighne againn as An Traeleach ariamh, acht go deimhin shíleamar nach ndéanfadh sé é féin chomh suarach sin as comhair an phobail 's go dtosóchaidh sé ag caitheamh droch-mheasa ag cruinniughadh de'n tseort so ar Chonnradh na Gaedhilge. Ní raibh aon duine i láthair acht an Traeleach féin, nach raibh fhios aige gurab é Connradh na Gaedhilge a chuir tús ar an obair a bhí i láimh ag lucht an chruinnighthe. Bhí a fhios aca go léir — agus ag An Traeleach freisin — gurab é Connradh na Gaedhilge a chuir croidhe misneach agus spreacadh ins na daoinibh, agus a chuir os a gcomhair in gach uile chúinne sa tír, chomh riachtanach 's bhí sé cuidiughadh le déantúisíbh na hÉireann. Agus i n-a theannta sin bhí a fhios aca, muna mbeadh an Connradh, nach mbeadh pighinn de'n £14,000 so le fágháil le haghaidh Gaedhilge nó rud ar bith eile. Buidheachas le Dia, tá an obair ag dul ar aghaidh agus deantúisí na tíre ag dul chun cinn, acht is suarach an tslighe a cheap Uachtarán Choláiste na Trionóide le cur leis — droch-mheas a chaitheamh ar an gConnradh a chuir tús ar an obair chum déantúis na hÉireann d'aithbheochan. Ní bheadh aon locht ag an Traeleach Gaedhilg bheadh dhá múineadh do pháistíbh a labhras an teanga, acht í bheith i n-a dréimire mar adéarfá chum Béarlóirí a dhéanamh dhíobh; acht bheadh sé i n-aghaidh an teanga a mhúineadh do pháiste ar bith labhrann Gaedhilg cheana. Béarlóirí is eadh atá ag tastáil ó Uachtarán Choláiste na Trionóide; acht ó thárla gur le Béarlóiríbh a dhéanamh de mhuintir na hÉíreann a cuireadh a Choláiste ar bun, is deacair locht fághail ar an Uachtarán. Rinne a Choláiste a h-obair go maith; tá na Béarlóirí tiugh go leor anois dá bharr — agus leis an mBéarla tá an bochtanas, an imirce thar lear, an eitinn 's an ghealtacht againn. Tá mór-mhaoin ag Coláiste na Trionóide — ní gábhadh dhúinn anois trácht ar a bhfuair sí é. Tá i n-gar do £100,000 sa mbliadhain ag teacht isteach chuici; 's n-a dhiaidh sin níor chorruigh sí cos nó lámh le déantúisíbh na tíre a chur ar aghaidh, 's cosg a chur leis an imirce; leis an méid seo maoine, ní dhéarnadh an Choláiste dada chum oideachas a sgaipeadh i measg na ndaoine a bhéarfadh eolas dóibh na galair gránda so a sheachaint; ní raibh uaithi acht sinn a dheanamh gallda, is dóigh linn. Bhí Iolsgoileanna na hEorpa ag déanamh stuidéir ar theanga na nGaedheal, ní raibh Coláiste na Trionóide acht ag caitheamh droch-mheas uirthi; agus anois ba mhaith le n-a hUachtarán go ndeanfadh an Iolsgoil nuadh an cleas céadna, mar níl amhras ar bith nárbh é sin ughdar cainnte an Traeligh i mBéal Feirsde an tseachtmhain so tharainn. Acht an Choláiste nach bhfuil i n-a diaidh i nÉirinn acht rian an aineólais; a chaith a ham agus a maoin chum intleacht na nGaedheal a mhúchadh; nár thóig méar ariamh le leas nó corr- ughadh a chur ar cheirdeacht nó ar déantúisíbh na tíre — Coláiste nach raibh de bhaint aici le saoghal na ndaoine chomh n-oiread 's dá mbeadh sí i nAifric Theas; agus a bhfuil uirthi mar Uachtarán, fear nach dtuigeann an bhrígh, an mhaith agus an éifeacht atá i n-oideachas dhátheangach — níl baoghal ar bith go leanfaidh an Iolsgoil nuadh an chomhairle a bhí an Traeleach ag iarraidh a chur i gcéill dóibh i n-a chaint i mBéal Feirste.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services